Tá súil agam nach bhfeicfidh Mar Is Dual aon chuid de riamh, agus tá mé cinnte go gcaithfear gach aon phingin rua den chreach sin go céillí agus go ciallmhar agus ar son na cúise.
Labhair sé go ciúin is go céillí:
“An fúinne nó fúthu féin a bhí siad ag magadh, a fheara? An duine a bhíonn ag magadh faoi dhaoine eile, is minic faoi féin, i ndáiríre, a bhíonn sé ag magadh, má éisteann tú go cúramach leis an fhothéacs…”
“Fothéacs mo thóin!” arsa Ó Clarion, agus é ag revvvveáil inneall na cathaoireach.