Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag brath go huile is go hiomlán depending totally
" Leis an gcaint ar fad ar spásárthaigh ag dul go Mars le cúpla mí anuas, cheapfadh aon duine go raibh an réalteolaíocht ag brath go huile is go hiomlán ar roicéid agus róbónna.
díriú go huile is go hiomlán anois to concentrate entirely now
" Thug an Taoiseach féin sonc cliathánach dó ar fhoilsiú Thuarascáil Quigley nuair a dúirt go raibh súil aige go mbeadh an tAire Cullen ábalta díriú go huile is go hiomlán anois ar na nithe uilig atá faoina chúram, mar gur cinnte go raibh neart oibre le déanamh.
sáite go huile is go hiomlán totally immersed
" Marc: C *Seán Ó Tuairisc (FF)* Oibrí crua agus fear macánta ach sáite go huile is go hiomlán sa pholaitíocht áitiúil.
ag feidhmiú go huile is go hiomlán functioning totally
" Cé go mbíodh an Roinn Oideachais ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol, tá siad i ndiaidh a admháil le déanaí nach bhfuil ach 3% dá bhfoireann riaracháin ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois.
ag brath fós go huile is go hiomlán still depending entirely
" Ach is beag éifeacht a bheidh aige ar an bpobal áitiúil atá ag brath fós go huile is go hiomlán ar an bhfarraige, agus a mhaireann gan uisce píoba agus gan leictreachas, agus, bhí an chuma ar an scéal, gan oideachas oifigiúil ar bith.
dírithe go huile is go hiomlán totally focussed
" Uaireanta croitheann sí a ceann siar lena gruaig fhada chatach a bhogadh óna bogha agus uaireanta eile tagann meangadh áthais chun a béil ach, tríd síos, dírithe go huile is go hiomlán ar an gceol a bhíonn sí.
thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol. the bottom totally fell out of his life.
" Timpeall an ama a thit a phósadh le Gael-Mheiriceánach rua-ghruagach, as a chéile, chaill sé a phost agus thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol.
ag brath go huile is go hiomlán totally depending on
" Leoga, tá pleananna ann tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil in Éirinn a bheas ag brath go huile is go hiomlán ar bhreoslaí iontaise.
dírithe go huile is go hiomlán totally focused
" Cleachtadh ar maidin Roinnt blianta ó shin nuair a bhí cónaí orm in árasán in aice le Sráid Uí Chonaill, chaithinn uair an chloig gach maidin dírithe go huile is go hiomlán ar chanadh.
dírithe go huile is go hiomlán ar a chuid paidreacha. totally focussed on his prayers.
" Tá hata d’éadach garbh ar an tábla taobh leis agus tá sé ina sheasamh agus é dírithe go huile is go hiomlán ar a chuid paidreacha.
tumann siad isteach go huile is go hiomlán sa saol gnó. they submerge themselves in the business world.
" Cuid de na daoine seo atá ar a sócúlacht, tumann siad isteach go huile is go hiomlán sa saol gnó.
bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile. most of them are submerged totally and utterly in the cult of football
" Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile.
go huile is go hiomlán gafa totally and utterly taken up with
" Sna blianta tosaigh, bhíodh Irial ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, ach anois tá sé go huile is go hiomlán gafa le hobair bhainistíochta – rud nach gcuireann aiféala ar bith air mar gheall ar gur “léiriú ar scála difriúil í an obair so.
nach bhfuil sin go huile is go hiomlán fíor. that that isn't completely and utterly true
" ”Cé go maíonn Myers nach mbraitheann sé “searbhas ar bith” mar gheall ar an eachtra anois de bhrí gur “mothúchán amaideach í an tseirbhe”, is léir óna chuid cainte nach bhfuil sin go huile is go hiomlán fíor.
Tá sé go huile is go hiomlán ar mire. it is completly and utterly nuts.
" Tá sé go huile is go hiomlán ar mire.
theip go huile is go hiomlán failed entirely
" Tá ag éirí go hiontach linn in áiteanna áirithe, abair, i gCeatharlach mar shampla, tá an-ráchairt ar na cúrsaí ansin, agus ansin theip go huile is go hiomlán orainn i Muineachán.
sheachaint go huile is go hiomlán to entirely avoid
" Éiríonn leis na húdair béarlagair traidisiúnta na gramadaí a sheachaint go huile is go hiomlán sa *QuickGuide™ Irish Grammar*.
gafa go huile agus go hiomlán leis an domhan Ioslamach entirely preoccupied with the Islamic world
" De bhrí go raibh an tUachtarán Bush gafa go huile agus go hiomlán leis an domhan Ioslamach, níor léirigh sé mórán spéise ina sean-namhaid – iar-Chumannaigh na Síne agus na Rúise.
go huile is go hiomlán sa chéad seo caite in the last century entirely
" Cén réiteach a bhí ag an gcóras caipitleach ar an bhfadhb seo, más ea? Braithim féin gur athraigh tionscal na fógraíochta an dearcadh coiteann a bhíodh suas i leith an ghrá go huile is go hiomlán sa chéad seo caite.
go huile is go hiomlán gafa leis captivated entirely with it
" Ó shin i leith tá na buachaillí s’againne go huile is go hiomlán gafa leis.
go bhfuil mé gafa go huile is go hiomlán I’m completely captivated
" Níl aon amhras ach go bhfuil mé gafa go huile is go hiomlán ag an teicneolaíocht.
go huile is go hiomlán entirely
" Deir sé gurbh é an deis a fuair sé freastal ar an Ollscoil i gCambridge an rud a cabhraigh leis scaoileadh leis an ngalar go huile is go hiomlán.
a dtáirgiúlacht go huile is go hiomlán their productive capacity entirely
" Mar sin de, níl éinne ag séanadh go bhfuil gá le méid áirithe feirmeacha gaoithe, cé nach féidir a bheith ag brath ar a dtáirgiúlacht go huile is go hiomlán.
ag brath go huile is go hiomlán depending entirely
" An Síneadh Láimhe Riachtanach =============== Bhí agus tá na meáin Ghaeilge éagsúil go maith ó na meáin Bhéarla sa mhéid is go bhfuil muid ag brath go huile is go hiomlán ar dhéirc an stáit.
ag plé go huile is go hiomlán dealing entirely
" Chuala mé ansin go dtiocfadh leat céim a bhaint amach sa Léann Cheilteach agus a bheith ag plé go huile is go hiomlán leis an Ghaeilg, le litríocht na Gaeilge, cúrsaí Ceilteacha, achan rud eile.
bunaithe go huile agus go hiomlán ar ádh based wholly and entirely on luck
" An t-ádh dearg is dóigh a deirim leis ach ní de thaisme amháin a bhaineann tú an méid seo amach gan aon agó a d’fhiosraigh mé: “Déanta na fírinne bíonn daoine ag rá go bhfuil sé bunaithe go huile agus go hiomlán ar ádh, ach ní mar a shíltear a bhítear, mar chreid uaimse tá níos mó scil ag baint leis thar aon ní eile.