Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go nuige seo so far
" Níor éirigh le hÚdarás na Gaeltachta aon mhonarcha a bhunú sa pharóiste go nuige seo ach, bíodh sin mar atá, ní luaitear mórán bochtanais leis an bparóiste ach oiread.
go nuige seo up to now
" Tionchar Uí Dhálaigh Maidir le hAntaine Ó Dálaigh, iarlaoch agus iarchaptaen an Chláir, níl aon amhras faoin tionchar atá aige ar fhoireann Átha Cliath go nuige seo.
go nuige seo up to the present
" An rud ba chonspóidí a rinne an t-Uachtarán Obama go nuige seo, ámh, ná pacáiste sábhála ar luach leaththrilliún dollar a mholadh agus a eagrú do bhancanna agus comhlachtaí cairr Mheiriceá.
go nuige seo up to now
" Meabhraíonn na focail seo dúinn ar ndóigh nach bhfuil an iománaíocht éagosúil ar fad le cath, go háirithe i súile an té atá ag feiceáil chluiche iománaíochta don chéad uair! Is é an tionchar is mó a bheas ag an riail nua, murab ionann agus an staid a bhí ann go nuige seo, nach mbeidh aon rogha feasta ag an iománaí sinsir maidir le clogad a chaitheamh.
go nuige seo up to the present
" Más fairsing ildánach an corpus scannán atá sa mhála cheana féin ag Jane Campion, is mó an cháil mar ealaíontóir/griangrafadóir poiblí atá gnóite ag Sam Taylor Wood go nuige seo – ’sé ‘*Nowhere Boy*’ a céad fadscannán siúd.
go nuige seo up to now
" Ina choinne sin, ní mór a admháil go bhfuil buaite ag Ciarraí faoi gach córas a trialladh go nuige seo.
go nuige seo up to the present
" Níl mórán le tabhairt faoi deara go nuige seo.
Go nuige seo up to now
" Go nuige seo, táimid tar éis níos mó ná 800 rón a scaoileadh saor agus ar an meán, faighimid níos mó ná 2,000 glaoch guaise in aghaidh na bliana.
go nuige seo up to the present
" I bhfianaise a bhfuil bainte amach acu go nuige seo, an bhfuil sé róluath a bheith ag súil go dtabharfaidh ár gcuid dornálaithe amaitéaracha roinnt bonn abhaile tar éis na gCluichí Oilimpeacha i Londain in 2012?
go nuige seo up to the present
" Bhí an-ráchairt ar an albam agus díoladh sa bhreis ar 40,000 cóip ar fud na cruinne go nuige seo.
go nuige seo up to the present
" Cluiche na Bliana go nuige seo.
go nuige seo up to now
" Seachas Gary Mag Uidhir sa chúl, níor imir aon duine d’imreoirí Átha Cliath de réir a chumais nó de réir an chumais a bhí léirithe aige go nuige seo.
go nuige seo up to now
" Cé nach léir dúinn fós cén chuma a bheas ar chúrsaí na tíre sin go hinmheánach, tá pictúir níos soiléire againn anois ar an seasamh a thógfaidh iar-chomhghuaillithe na Siria (seasamh iad siúd a bhí sásta tacú le al-Assad go nuige seo ar mhaithe lena leas féin sa réigiún, ba chirte a rá) an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe, abair.
go nuige seo i mbliana up to now this year
" Tinreamh Ard agus Teas Ard ========== Is fada go deimhin ó bhí samhradh chomh breá is a bhí againn go nuige seo i mbliana.
tá seodra a bhí i bhfolach go nuige seo ann there are long hidden jewels in it
" Cuimsithe sa leabhar seo tá focail, stair agus cúlra os cionn ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ina measc amhráin a bhfuil eolas go forleathan orthu (Úna Bhán, Bean Sléibhe ag Caoineadh a Mic, An Bonnán Buí, An Draighneán Donn, fágaim, ach tá seodra a bhí i bhfolach go nuige seo ann chomh maith.
ná mar a shíleamar go nuige seo than we previously thought
" B’fhéidir go raibh na Gaeil níos zenúla ná mar a shíleamar go nuige seo san am anallód: ‘Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat’; ‘Is binn béal ina thost’.
stair na peile Gaelaí go nuige seo the history of Irish football up to the present
" B'fhéidir nach n-aontóidh gach duine leis seo, agus b’fhéidir nach dtaitneoidh sé le cuid mhaith daoine, ach sílimse go n-aithneofar amach anseo gurb í foireann Átha Cliath na linne seo an fhoireann peile is fearr a bhí riamh ann i stair na peile Gaelaí go nuige seo.