Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fonn drabhláis in the mood to go on the tear
" * Tá an bhliain istigh, tá na scrúduithe thart agus tá fonn drabhláis ar Chian agus ar Dhónall.
fonn drabhláis in the mood to go on the tear
" Tá an bhliain istigh, tá na scrúduithe thart agus tá fonn drabhláis ar Chian agus ar Dhónall.
dul ar mo sheachaint go on the run
" B'fhéidir gur cheart dom dul ar mo sheachaint.
ar bun going on
" Agus, ar shlí, ba nádúrtha agus ba láidre a raibh ar siúl i bPáirc Semple ná a bhí ar bun ar Shráid Uí Chonaill.
sna beanna going out of her mind (lit. on the cliffs, about to jump over)
" Bhí a máthair sna beanna ag an diabhal rud agus ní thiocfadh leat amharc ar a hathair ach an oiread.
ag cnádán complaining, going on and on
" Bhí a hathair ag cnádán ó d'fhógair Mark go raibh sé féin agus Ruth le pósadh.
ar an fhód on the go
" Tá cuimhne agam gur fhoghlaim muid 'Na Buachaillí Álainn' ar an bhunscoil fosta agus níl a fhios agam cá háit faoi Dhia a dtáinig sí trasna air sin nó ní raibh Clannad ar an fhód san am sin.
as loic ar na geallúintí for going back on the promises
" Ba léir ó na cláracha raidió le linn na bliana go raibh an pobal an-díomách leis an rialtas as loic ar na geallúintí a rinneadar roimh an toghchán deireanach.
Théinn ann go rialta I used to go there on a regular basis
" Théinn ann go rialta, agus d’fhreastail mé ar ranganna oíche de chuid Gaelchultúr ((www.
Théinn ann go rialta I used to go there on a regular basis
" Théinn ann go rialta, agus d’fhreastail mé ar ranganna oíche de chuid Gaelchultúr ((www.
ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh taking in everything that was going on
" Shuífeadh siad ansin i rith na hoíche agus gloiní oráiste as a gcomhair agus gan bogadh astu agus iad ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh.
a chuaigh ar an drabhlás who went on the tear
" Beidh siad míshásta go bhfuil an mac eile a chuaigh ar an drabhlás ag fáil duaiseanna nach bhfuair siadsan.
chuaigh a n-áit chónaithe le thine. when their living quarters went on fire.
" ” Lena chois sin, tá Craobh Phádraig Mhic Phiarais ag obair i gcomhar le Coiste Áitiúil Oileán Acla le cuimhneachán a eagrú ar an tragóid a tharla i gCathair Cheann Tulaich ar 16 Meán Fómhair 1937, áit ar maraíodh deichniúr de mhuintir Acla nuair chuaigh a n-áit chónaithe le thine.
go dotharraingtsiarach in a way that couldn't be gone back on
" Chuir sé agallamh ar dtús ar an Taoiseach, Parthalán Ó Hernia, agus d’fhiafraigh sé de cad chuige nár chuir sé a sheanchara dílis Liamó Fitzo ar an ticéad i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, mar a gheall sé dó go sollúnta agus go poiblí agus go dotharraingtsiarach aimsir an olltoghcháin dheiridh: “Bhuel, a Bhaloir, *loike, ya know*, caithfidh mé mo chos is fearr a chur chun tosaigh chun an lámh in uachtar a fháil ar an dream eile, agus ní mór dúinn ar fad seasamh gualainn le gualainn, ár dtóin leis an ghaoth agus ár mbolg leis an fharraige chun ár gcloigeann a choinneáil os cionn uisce agus ár srón a fháil thar an líne ar dtús.
ag dul ar aghaidh thíos staighre. going on downstairs.
" Bhíodh muidinne thuas sa leaba ag éisteacht leis seo ag dul ar aghaidh thíos staighre.
dul ar mhalairt slí go on a diversion
" D’inis sé dom go mbeadh an teorainn druidte ar feadh tamaill agus go mbeadh orm dul ar mhalairt slí trí Mhagh.
dul suas ar stáitse to go up on the stage
" Chuireamar drámaí éagsúla ar siúl agus ní raibh aon eagla orm dul suas ar stáitse agus aird an tslua a tharraingt orm féin.
go ngabhfadh an fhoireann eile ar an ionsaí. that the other team would go on the attack.
" Bheadh contúirt ag baint leis sin mar go mbeadh baol ann go mbéarfaí orm, go gcaillfinn an liathróid agus go ngabhfadh an fhoireann eile ar an ionsaí.
Dá fhaide a leanann an feachtas ar aghaidh, the longer the campaign goes on
" Dá fhaide a leanann an feachtas ar aghaidh, is mó is cúis leis an marbhántacht i leith Thoghchán 2008, is dócha.
Ar aghaidh leis on he went
" Cén chríoch a bhí lena chomhrá le hObama? Caidé eile ach “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chuig Hilarious Hillary.
dul chun cinn leis. go on with it
" Ach bheartaigh siad mar sin féin dul chun cinn leis.
áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga. a place where he went about intensive study on the language
" ”Seal sa Ghaeltacht I mí an Mhárta anuraidh chuir Bishop faoi i dTír an Fhia i Leitir Móir, i nGaeltacht Chonamara - áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga.
go raibh na coireanna seo fós ar siúl that the crimes were still going on
" Deirtear go raibh na coireanna seo fós ar siúl le linn na mblianta a chaith mise sa scoil sin.
Lean Barry leis lena chaint san aer Barry went on with his waffle
" Lean Barry leis lena chaint san aer faoi “áilleacht na háite” agus “na comharsana cneasta”.
chuadar ar stailc. they went on strike.
" Níor thaitin na rialacha leis na himreoirí agus chuadar ar stailc.
ar aghaidh leat mar sin. go on so
" Ian: An mé? Bhuel, ar aghaidh leat mar sin.
ar tí a bheith ar siúl about to be going on
" Agus na Cluichí Oilimpeacha ar tí a bheith ar siúl i mBéising i mí Lúnasa, ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú le cearta daonna mhuintir na Tibéide a chur chun cinn.
go raibh go leor idir lámha aige. he had alot going on
" Ba léir go raibh go leor idir lámha aige.
de réir mar a théann siad anonn in aois as they go on in years
" Tagraíonn an teideal *An áit a n-ólann an t-uan an bainne *don fhonn a thagann ar dhaoine, de réir mar a théann siad anonn in aois, filleadh ar a n-áit dhúchais.
Gabhaigí ar bhur nglúine go on your knees
" Théadh duine inteacht amach agus scairteadh ag doirse mhuintir na háite, “Gabhaigí ar bhur nglúine agus fosclaigí bhur súile agus ligigí isteach Bríd.
ar siúl 'on the go'
" Déanaimid talamh slán de go mbíonn corbadh agus caimiléireacht ar siúl i réimse na polaitíochta.
fós beo still on the go
" Ar scor ar bith, as go brách le Balor chun seal a chaitheamh ag súilnimheáil thart ar imeachtaí an tsamhraidh atá fós beo ar fhód glas na hÉireann.
bhordáil to (go on) board
" Nuair a theipeann ar iarracht a thugann sé féin agus compánach dá chuid dul i bhfolach ar leoraí atá ar tí an bád farantóireachta a bhordáil, socraíonn sé nach bhfuil an dara rogha aige ach snámh trasna.
ar siúl going on
" Agus na rudaí seo ar siúl, mhol Obama plean spreagtha don tír a chosnódh an rialtas $787 mbilliún dollar.
thug sé an sliabh air féin he went on the run
" com) ar an 13 Deireadh Fómhair, déanann sé cur síos ar an saol nua atá aige ó thug sé an sliabh air féin - an ceo maidine nuair a dhúisíonn sé, an t-iora rua go cruógach ag cur lena stóras bia sula dtitfidh codladh an gheimhridh air nó an tseanbhean a casadh air agus a thug torthaí agus glasraí dó ag rá ‘go mbeidís ag teastáil uaidh’ agus cuma uirthi gur thuig sí cé a bhí ann.
bhí ag tarlú was going on
" Anois, ina dhiaidh, bhí mé in ann gáire a dhéanamh, ach ag an am níor thuig mé céard a bhí ag tarlú.
ar an bhfód on the go
" Seo an ghlúin ar a dtugtar ‘dúchasaigh digiteacha’ agus tá siad ag brath ar an teicneolaíocht atá thart fá 40 bliain ar an bhfód! Tá sé uilig ráite i bhfís amháin ar YouTube (http://www.
tuairimí a dhéanamh dá mbarúil going on guesses
" Má theastaíonn ó Chumann Múinteoirí na hÉireann cás a dhéanamh do mhaoiniú san oideachas, ba cheart é sin a rá amach glan in ionad tuairimí a dhéanamh dá mbarúil, tuairim nach dtagann leis an tsochtheangeolaíocht mar is eol do lucht an réimse sin eolais.
ligint le sruth let it go on the tide
" Le scéal fada a dhéanamh gearr, bhí an smaoineamh ag roinnt againn, ar ghoill an tuarascáil orainn, ‘Sochraid na Gaeltachta’ a eagrú, ag tosnú i gCarna agus ár mbealach a dhéanamh aniar le cósta, ag bailiú isteach sa chónra iarsmaí de chultúr na Gaeltachta ar an mbealach aniar agus sa deireadh an cónra a ligint le sruth ag Cladach na Gaillimhe.
An Rud(d) a Théann i bhFad what goes on a long time
" An Rud(d) a Théann i bhFad, Téann sé i bhFuaire ================ Fad is a bhí tacaíocht do Rudd ag dul in olcas, léirigh na pobalbhreitheanna go raibh an-mheas ag muintir na hAstráile ar a leasphríomhaire, Gillard.
imithe ar ruathar aonair gone on a solo run
" Fós féin, tháinig a chuid cainte aniar aduaidh ar dhíograiseoirí Gaeilge de chuid an pháirtí, ar nós Dinny McGinley agus an chosúlacht ar an scéal go raibh ceannaire an pháirtí imithe ar ruathar aonair ar an cheist.
ar an bhfód ‘on the go’, extant
" Is é an Christkindelmärik in Strasbourg an margadh Nollag is sine ar an bhfód sa Fhrainc.
ar an bhfód in business, on the go
" ie) agus chun freagra na ceiste seo a aimsiú: Cén t-achar blianta atá Cló Iar-Chonnacht ar an bhfód anois? ============== Nasc anseo: <http://www.
dul ar a dteitheadh go on the run
" Scar sí leis an bhfear seo, ach níorbh mhór do Assange agus dá mháthair dul ar a dteitheadh ar feadh cúig bliana ón gcultas.
is é píobaire an aon phoirt é he goes on about the one thing
" Sa chéad líne den dán deir Hanrahan *“We’ll all be rooned”*, agus is é píobaire an aon phoirt é an duine céanna.
ar an bhfód on the go, in operation
" (Gáire) **SMM: Cé chuimhnigh ar Ghaillimh le Gaeilge a chur ar bun an chéad lá, nó bhí Gael-Taca ar an bhfód ó dheas agus b’fhéidir gurbh shin é a spreag sibh?** BNC: Níl a fhios agam.
dul ar líne go on line
" Níl le déanamh ag an té atá gafa le cultúr na gceiliúrán ach dul ar líne le teacht ar ainmneacha na ndaoine cáiliúla ar bronnadh urghairí orthu.
ar an fhód le breis is on the go for more than
" Ba sa bhliain 1980 a bunaíodh an tÚdarás le teacht i gcomharbacht ar an áisíneacht forbartha ghnó Gaeltarra Éireann a bhí ar an fhód le breis is scór bliain roimhe sin.
ar an bhfód on the go
" Deir siad gur fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, agus anseo in A Coruña tá cumann peile, ar Ghailísigh uilig iad lucht a bhunaithe, ar an bhfód le bliain go leith.
an méid sin scimmearacht ar siúl so much skimming going on
" Tá *AIB* freisin tar éis feidhmchláirín a sheoladh agus is fiú go mór a leithéid go háirithe ó tá an méid sin scimmearacht ar siúl: caithfidh tú do chuntas bainc a sheiceáil go minic minic.
ar an bhfód on the go
" Tá FundIt ar an bhfód le bliain anois agus leathmhilliún euro ardaithe ann chun 143 tograí a mhaoiniú.
mórán ólacháin ar bun a lot of drinking going on
" Cé go raibh an áit breac le tinte cnámh, agus go raibh mórán ólacháin ar bun, agus go raibh an farraige mhór i ngiorracht don slua, ba shéimh agus ba bhéasach mar a chaith gach duine lena chéile.
rud faoi leith ar siúl something special going on
" Cruthúnas é go bhfuil rud faoi leith ar siúl i gCeanada, agus go bhfuil fíbín áirid faoi ghníomhairí Gaeilge na tíre sin.
imithe ar a seachaint gone on the run
" Gabhadh triúr den ghrúpa agus cuireadh “amhasóireacht” ina leith – coir is deacair a shainmhíniú - agus tá na baill eile, a bhí páirteach san eachtra, imithe ar a seachaint.
Tá sé ar an bhfód le fada it’s on the go for a long time
" Tá sé ar an bhfód le fada anois agus na seirbhísí atá ar fáil uathu: leathanaigh uathúla, feathal do gach imeacht, seirbhísí soghluaiste, teagmhálaithe a allmhairiú, imeachta a roinnt ar do líonraí sóisialta, athmheabhrú r-phost a chur chucu siúd atá cláraithe, staitisticí a scagadh agus rannpháirthithe a chlárú ar an lá.
thoiligh mé dul ar when I accepted going on
" Ait an Mac an Saol ======== "Nuair a thoiligh mé dul ar an Bhord, shíl mé gur cailís nimhe a bhí ann ach chuaigh mé féin agus Martina Anderson isteach chuig an chéad chruinniú agus malairt eile cultúir a bhí ann.
Nár loic tú ar an ghealltanas didn’t you go back on the promise
" Gheall tú faoiseamh dúinn agus ansin dúirt tú ‘Nein!’ Nach fíor sin? Nár loic tú ar an ghealltanas a thug tú d’Enda bocht?” “Bhuel, a Bhaloir, níor loic mé ar rud ar bith; agus ní nein a dúirt mé ach nine – thug mé nine as ten d’Éirinn as an tsáriarracht atá á déanamh agaibh leis an déine seo.
a bhí ar an fhód which was on the go
" Ciorru Faoi Choim ======== Cuireadh deireadh fosta le Scéim Labhairt na Gaeilge, a bhí ar an fhód ó thús na dtríochadaí agus ar a dtugtaí Scéim na Deich bPuntaí tráth dá raibh.
nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis who didn’t ‘go on about’ how he was treated
" Ba dhuine umhal ciúin é Norman nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis tar éis na gcluichí i Meicsiceo.
ar bun a thugann cúiteamh on the go which assists
" Agus sa Danmhairg tugtar aitheantas oifigiúil don dochar a dhéantar do luach tithe agus tá scéim ar bun a thugann cúiteamh do shealbhóirí tithe.
sula dtéann siad ar camchuairt before they go on circuit
" Is iondúil go n-úsáideann complacht drámaíochta deis an dráma a léiriú ina mbaile féin sula dtéann siad ar camchuairt.
mbíodh ceachtanna ag dul ar aghaidh lessons were on the go
" “Yeah, bhí an ceol i gcónaí sa teach sa mhéid is go mbíodh ceachtanna ag dul ar aghaidh an t-am ar fad - rinne muid gach rud ó bhailé go dtí an bosca ceoil.
gach mire ag dul ar aghaidh thart orm all the craziness going on around me
" Bhí mé ag iarraidh a bheith cinnte nár cailleadh mé i mionsonraí an tionlacain agus gach mire ag dul ar aghaidh thart orm, mar sin bhí mé cinnte go dtosóinn leis an chanadh le bheith cinnte nach gcaillfí an guth.
rian nua atá ag gabháil ar new track(s) going on
" Cé nach féidir leo coinneáil suas go fóill leis an 10,000 rian nua atá ag gabháil ar an tseirbhís chuile lá, agus níl mar sin ach aon trian de na rianta ar fáil ar ardchaighdeán d’úsáideoirí Premium go fóill.
ar bun le hionann is on the go for up to
" Tá an 'tionscnamh' seo (mar a thugann an t-údar air) ar bun le hionann is 90 bliain anois: *“.
clár oibre frith-Ghaeilge ag an údar the author has an anti-Irish bias going on
" ”* Is léir go bhfuil clár oibre frith-Ghaeilge ag an údar, áfach, agus baineann an ghangaid d'údarás oibiachtúil an tsaothair, dar liom.
fós faoi lán seoil still on the go
" Nuair a thosaigh mé le Ericsson cuireadh ar obair mé ar fhoireann ollmhór idirnáisiúnta a bhí ag obair ar an tionscnamh AXE-N a tosaíodh seacht mbliana roimhe sin, agus a bhí fós faoi lán seoil.
dul ar an idirlíon to go on the internet
" Turas Siar ==== **SMM: Mothaím go bhfuil sibh ag déanamh iarrachta sibh féin, dul ar an idirlíon.
bhíonn ar bun goes on
" Rud eile a bhíonn ar bun le linn chluichí de réir dealraimh ná liathróidí a ‘athchúrsáil’.
is é a mhalairt a bheadh ar bun the opposite is going on
" Bhí imreoir eile, babhta, ‘ag tabhairt aire’ d’imreoir ar an bhfoireann eile, rud a bhí an-deas agus spórtúil shíl mé féin mar go hiondúil is é a mhalairt a bheadh ar bun.
Tá tochailt leanúnach ar siúl there’s a continual dig going on
" Tá tochailt leanúnach ar siúl san eaglais faoi láthair agus tá cuid de na hiarsmaí seo le feiceáil inniu.
iniúchadh anama ar siúl soul searching going on
" Bhí an t-uafás díospóireachta, mionscrúdú agus iniúchadh anama ar siúl le blianta beaga anuas maidir leis na tuairiscí éagsúla ar mhí-úsáid páistí (agus daoine fásta) sna forais éagsúla a bhí in Éirinn san am atá thart, tithe “na ngealt”agus na scoileanna ceartúcháin ina measc.
díospóireacht ag dul ar aghaidh a debate going on
" Le linn dom bheith á léamh seo, bhí díospóireacht ag dul ar aghaidh ar an phósadh comhghnéis sa Tionóil.
ar rothar le himeacht thart ar cuairt to go visiting on a bike
" D’fhágadh sé an teach ar rothar le himeacht thart ar cuairt chuig cairde agus ar mhaithe lena shláinte.
ar súil fud fad na tíre going on up and down the country
" Cuirimse i gcuimhne dó go bhfuil neart féilte, ceardlanna agus ceolchoirmeacha ar súil fud fad na tíre a thugann outlet don stíl i rith na bliana.
ar siúl ina dtír dhúchais going on in their native country
" Ós rud é gurb ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) a fuarthas roinnt mhaith de na hairm, na hacmhainní is an oiliúint a lig d’fhórsaí míleata Ghuatamala ár a dhéanamh ar mhuintir na tíre, tá sé sách oiriúnach gur ar na Stáit Aontaithe a thug na mílte Guatamalach aghaidh agus iad ag iarraidh teitheadh ón sléacht is ó na héagóracha a bhí ar siúl ina dtír dhúchais.
nach mbíodh tada ar siúl nothing used to be going on
" Cheaptaí nach mbíodh tada ar siúl sna ceantair Ghaeltachta ach bás seanchaillí is mná óga ag pósadh.
cogadh cathartha ag leanacht ar aghaidh civil war going on
" Agus tá an cogadh cathartha ag leanacht ar aghaidh sa tSiria le dhá bhliain anuas.
ag dul ar an seinnteoir dlúthdhiosca going on the cd player
" Bhí barúil agam riamh anall gur mar sin a bhí sé - labhraím Gaeilge ar bhonn laethúil, bíonn comhráite fada teasaí idir mé féin agus mo chairde ar ghnóthaí Chumann Lúthchleas Gael, bíonn Liam Ó Maonlaí agus Skara Brae agus Dervish ag dul ar an seinnteoir dlúthdhiosca sa charr, bím ag breathnú go minic ar TG4 agus olaím Guinness.
mbeadh cur agus cúiteamh ar siúl there’d be a discussion going on
" Ní chraolann BBC NI cluichí ceannais na hÉireann mura bhfuil foireann Ultach ag imirt agus tá mé cinnte go mbeadh cur agus cúiteamh ar siúl i dTeach Craolacháin i mBéal Feirste i gceist dá mbeadh Muineacháin, An Cabhán nó Tír Chonall ag dul fá choinne Sam (dá éadóiche é an chéad bheirt!).
gluaiseacht pobail éigint ar siúl some community thing going on
" Nuair a chífeá ar an lá agus nuair a chloisfeá na scéalta ina dhiaidh san go ngaibh naomhóg trí Shráid Uí Chonaill aníos agus go raibh an Mackerel Céilí Band ann agus go raibh muintir na Gaeltachta ann, cuid acu nach raibh aon spéis acu i gcúrsaí caide ach go mbraitheadar go raibh gluaiseacht pobail éigint ar siúl timpeall an ama san.
chuas ar aiste bia I went on a diet
" Chaith mé an drogall ar leataobh, cheannaíos éadaí agus bróga reatha maithe, chuas ar aiste bia, agus chloígh mé le cleachtadh rialta do mharatón.
an rachaidís ar saoire iontach would they go on a wonderful holiday
" Fiafraíodh de dhaoine an rachaidís ar saoire iontach dá mbeadh orthu gach físeán agus gach pictiúir a scriosadh ag an deireadh, chomh maith le piolla a ghlacadh a ghlanfadh gach cuimhne de as a n-intinn.
dul ar chlár le go on a program with
" Rás Putin ina Chúlóg ar Each ============= Ba bhreá le Balor dul ar chlár le *Miss Panti*, ach beidh air dul sa scuaine.
ar bun i seomraí nuachta na tíre going on in the country’s newsrooms
" Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre.
agus mé ar cuairt go while on a visit to
" Chuir mé aithne ar chuid den phobal Éireannach seo agus mé ar cuairt go Buenos Aires an mhí seo caite agus b'ábhar iontais agus lúcháire dom é.
chuaigh sí amach ar stuaicín an bháid she went out on the bow of the boat
" Arsa an scéalaí anois: 'Fuair sí an máilin olann a bhí aici agus chuaigh sí amach ar stuaicín an bháid.
ar an bhfód on the go
" Is iontach go bhfuil an tionscal ar an bhfód agus ní fios cé na teangacha eile a ndíolfar cláir is seirbhísí eile leo amach anseo.
leis an tóir atá aige ar going on the interest he has in
" Tá Colm ag obair i nGaillimh, agus an t-ádh leis gurb eisean an t-aon duine againn nár fhág ar an mbád bán – cé gur beag seans go dtarlóidh sé sin leis an tóir atá aige ar chúrsaí spóirt sa mbaile!Is léir gur theaghlach mór Gaeilge a bhí i muintir Uí Chuív ach, b’fhéidir go mbeadh róshimpliú i gceist anseo, ach is cosúíl go bhfuil daoine óga sa Ghaeltacht ag déanamh neamhairde ar an Ghaeilge ach ní sin mar a bhí Muireann.
neart ar siúl plenty going on
" Bíonn neart ar siúl i gcónaí agus is breá le bean Indreabháin brí agus beocht na cathrach.
an maireann siad go beo ceolmhar i dtólamh are they still on the go musically
" **SMM: An mbíonn tú ag gabháil don cheol ar aon bhealach go fóill? Cad é faoi Lonta Fhear Manach, an maireann siad go beo ceolmhar i dtólamh?** Séamas Mac Annaidh: Ní mhaireann mar ghrúpa, ach bíonn cuid acu ag seinm le grúpaí eile nó leo féin.
bheith ar an saol on the go
" ie sain-ionad amach dó féin le linn do na nuachtáin sheachtainiúla Foinse agus Gaelscéal a bheith ar an saol agus, mar a léirítear thuas, chuaigh an iris mhíosúil ó neart go neart i rith an ama sin.
ndeachaigh muid ar an rúidbhealach we went on the runway
" – (stadann, ag machnamh, tosaíonn ag caint arís) - Is é an fáth a ndeachaigh muid ar an rúidbhealach, le barr frustrachais.
ar an bhfód available, on the go
" Is trua a deir sé, nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.
ar bun going on
" Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag coinneáil súil ar a raibh ar bun sa Dáil ar an 18 Samhain, an lá stairiúil ar ghlac an IMF ceannas ar dhúnghaois gheilleagair na tíre.
ag faire an scéil watching what’s going on
" Tá Bearnaí Ó Doiblin ag faire an scéil.
chuaigh sí siar ar ráiteas réamhthoghcháin she went back on a pre-election statement
" Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an dóigh a bhfuil Príomh-Aire na hAstráile ag snámh in aghaidh easa ó chuaigh sí siar ar ráiteas réamhthoghcháin a bhí tugtha aici.
atá ar an bhfód is on the go
" Tá Roseanne Smith ag tógáil ceann do Pinterest atá ar an bhfód le tamall gairid, suíomh atá bunaithe ar shainspéiseanna níos mó ná ar aon ní eile.
cuid dá bhfuil ar siúl some of what’s going on
" Is doiligh glacadh le cuid dá bhfuil ar siúl.