Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go réidh easily, without question
" Ach sílim chomh maith go dtiocfaidh athrú bunúsach sa dóigh a gcleachtaíonn daoine a gcultúr agus sa dóigh a n-úsáideann siad na meáin; nach nglacfaidh daoine go réidh le cibé rud a chuireann craoltóirí agus lucht tráchtála srl.
go mall réidh slowly, steadily
" D'éirigh na mogaill ar shúile Joan go mall réidh agus níor dhúirt sí focal ach lámh Aifric a fháisceadh.
Go réidh take it easy
" * Glactar leis go coitianta go dtarlóidh cibé athruithe aeráide atá i ndán dúinn de bharr thionchar an tí ghloine Go réidh, de réir a chéile.
go raibh a chuid réidh until his meal was ready
" Thiocfadh Feargal isteach tráthnóna agus chuirfeadh sé a shoc sa pháipéar go raibh a chuid réidh, agus ní thabharfadh sé faoi deara gur chaith sí am agus saothar ag glanadh.
ag tógáil rudaí go réidh taking things easy
" Bhí níos mó foinn ar Eoin bheith ag seinm ceoil agus ag tógáil rudaí go réidh.
go réidh unhurriedly
" Thosaigh sé ag seinnt go réidh cúramach ach go tobann d’éalaigh sé ón bhfonn.
séidim go mall réidh, I blow slowly and smoothly,
" Agus gach lá ar feadh leathuair an chloig ar a laghad séidim go mall réidh, seinnim go cúthaileach.
an saol a thógáil go réidh dhuit féin. to take life easy.
" Peadar: Tá sé in am a’dsa anois, a Pheaitín, an saol a thógáil go réidh dhuit féin.
réidh go fóill ready yet
" Ní fhágann sin ach Clinton mar iarrthóir, dáiríre, rud a chuirfidh áthas ar Phoblachtánaigh, a cheapann (agus an ceart acu, b'fhéidir) nach bhfuil Meiriceá réidh go fóill d'iarrthóir mná, go háirithe bean chéile fir chonspóidigh.
go deas réidh. nice and slowly.
" Luíonn luas an scéil trí chéile le sceitheadh a rún agus déantar ar an *dénouement *go deas réidh.
go nádúrtha réidh naturally and easily
" **Dúil mhór**Tugann an leabhar léargas ar an dúil mhór a bhí ag Sylvia Plath san ealaín ó aimsir a hóige, agus ar an dóigh éasca a n-aistríodh sí idir an scríbhneoireacht agus an líníocht, ag meascadh an dá rud go nádúrtha réidh lena chéile.
cúrsaí a thógáil go réidh to take things easy
" Tá mé breá sásta cúrsaí a thógáil go réidh agus deiseanna a thapú de réir mar a thagann siad chun cinn.
go bhfuair siad réidh le that they got rid of
" BuaMá ghlacann an DUP leis an fhoclaíocht sin, beidh siad ábalta a rá go bhfuil an bua acu, is é sin, go bhfuair siad réidh le "Seanóirí na Sceimthlitheoireachta" – ar mór-eileamh dá gcuid é – agus mar sin, do dtig leo muinín a bheith acu as Sinn Féin.
go deas réidh in a measured fashion
" An fhorbairt a bheadh le déanamh, chaithfí a dhéanamh go deas réidh agus le dea-thoil an cheantair.
go réidh easily
" Bhí an dá thaobh den Fheabhal, an abhainn fhairsing álainn, a shníonn a bealach go réidh trí chroílár chathair Dhoire, dubh le daoine idir Chéad-Airí Tionóil, an Taoiseach, duaiseoir Nobel, maithe móra Choimisiún na hEorpa agus slua ollmhór de mhuintir ghealgháireach na cathrach, iad uilig i láthair ag oscailt oifigiúil an droichid coisithe nua, a bhfuil an t-ainm Droichead na Síochana tugtha ag an phobal air.
go breá réidh nice and easy
" D’ainneoin fadhb aitheanta na nua-Naitsithe a bheith sa Ghearmáin, in Oirthear na tíre ach go háirithe, ghlac die Polizei - na póilíní go breá réidh leis gur ar bhithiúnaigh eachtrannacha amháin a bhí an fhreagracht iomlán as na dúnmharuithe brúidiúla seo.
bhuaigh go réidh won easily
" An t-aon léas beag dóchais ar an lá áfach do mhuintir Átha Cliath ná taispeántas na foirne mionúire a bhuaigh go réidh agus go sciliúil ar fhoireann Chill Chainnigh.
cúrsaí a ghlacadh go réidh to take things handy
" Bhí mé ag caint le Ó Bama, ach níl seisean sásta iarraidh ar Brennan cúrsaí a ghlacadh go réidh.
go bhfaighfí réidh le Gaeilge éigeantach that mandatory Irish would be scrapped
" B’é ceann de na geallúintí a rinne Fine Gael agus an Lucht Oibre sa bhfeachtas ná go bhfaighfí réidh le Gaeilge éigeantach sna scrúduithe stáit agus sa státseirbhís.
níl an chosúlacht air go bhfuil sé réidh it doesn’t seem as if he’s ready
" " Oide agus Sraith Físeán ========== Ach má tá buille nó dhó faighte aige le cúpla bliain anuas níl an chosúlacht air go bhfuil sé réidh leis na maidí a scaoileadh le sruth.
ghlacaimid léi go réidh díograiseach we accept it easily and with fervour
" Is minic a ghlacaimid léi go réidh díograiseach gan tuiscint a bheith againn ar an chaoi a n-athróidh sí an saol.