
‘*I only have the cúpla focal*,’ ar seisean, ‘*and that’s both of them*!’
Fós ní raibh ceoltóir ná amhránaí ná damhsóir as Éirinn feicthe agam, ach Meiriceánaigh agus Ceanadaigh le Fraincis ag saothrú leo
go tréan ar na stáitsí móra, piontaí leanna fágtha ar tháblaí ina aice láimhe acu, agus iad uilig le bodhráin ina nglac agus iad á mbualadh
go tréan agus go mírithimeach chun cuma Éireannach a chur orthu féin dar leo.