Pota Focal Intergaelic
gal | godal | gogal | gol | aol
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúil goals
" ** Na cúil a bheith mar chuaillí 150 slat óna chéile, dhá chuaille 8 dtroithe ar airde, trasnán eatarthu agus iad 10 dtroithe óna chéile.
ag rith i dtreo an chúil running towards the goal
" Is é sin, in ionad imreoirí peile a thaispeáint ag rith i dtreo an chúil, d'fhéadfaí leagan moillithe a thaispeáint, agus anailís a dhéanamh ar an eachtra sin sa chluiche.
ceann scríbe polaitiúil political goal
" Ní scoirfidh an IRA go dtí go bhfuil ceann scríbe polaitiúil - é éiginnte faoi láthair - bainte amach.
os comhair an chúil beagnach nearly in front of the goal
" Ach bhí fiche iarracht ar fóirín ag Áth Cliath an oíche sin agus dá bhfaighidís a leath díobh (go minic bhí an t-imreoir os comhair an chúil beagnach) thabharfadh sé misneach dóibh a gcuid iarrachtaí a neartú.
níos mó cúl more goals
" Go deimhin, tá níos mó cúl scóráilte aige ná imreoir ar bith sa Bhreatain - 474 in 882 cluiche.
cúl goal
" Feicimid uaireanta foirne agus imreoirí ag imirt go mímhacánta agus ag baint úsáide as imirt gharbh chun stop a chur leis an bhfoireann eile i slite nach bhfuil ceadaithe de réir rialacha nó go ndéantar "feall gairmiúil" d'aon turas ar imreoir eile sa chás go bhfuil baol ann go scóralfadh sé cúl.
i bhfad ónár gcúl féin far from our own goal
" Déan feall i bhfad ónár gcúl féin".
gur cuireadh cúl ar ceal that a goal was disallowed
" Déanann sé anailís ar an gcluiche agus taispeánann sé go raibh mí-ádh ar Aontroim gur cuireadh cúl ar ceal go luath sa chluiche , cúl nach raibh mórán mícheart leis dar leis.
cúl goal
" Nuair a scóráil Mikey Sheehy an cúl úd i gcoinne Átha Cliath i 1978, chuir sé Paddy Cullen, cúl báire Átha Cliath, i gcomparáid le bean a bheadh ag rith i dtreo na cistine agus boladh dóite an chíste atá san oigheann á fháil aici.
cúl dána, sotalach a ghnóthú earn a bold, arrogant goal
" É fós sna déaga ar nós Setanta, bearradh lom gruaige aige ("skinhead" a thugtaí ar a leithéid, agus bhí sé an-neamhchoitianta i measc imreoirí peile agus iománaíochta san am), rinne Jimmy Barry rud nach bhfuil déagóir in ainm is a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann: cúl dána, sotalach a ghnóthú a bhuafadh an chraobh i gcoinne rogha na coitiantachta.
os comhair an chúil in front of the goal
" Chuardaigh mé é i measc na gcorp a bhí i línte os comhair an chúil.
cúl órga golden goal
" Sa sacar tá cúl órga agus ciceanna éirice in úsáid ach ní thaitníonn an córas sin le mórán.
cúl goal
" Sa sacar tá cúl órga agus ciceanna éirice in úsáid ach ní thaitníonn an córas sin le mórán.
chinn scríbe goal, destination
" Ainneoin go bhfeiceann muid fearg ar phoblachtánaigh nuair nach bhfaigheann siad a mianta, bíonn a fhios agat gur cuma leo, ar dhóigh, mar go bhfuil an traein ag bogadh i dtreo an chinn scríbe atá siad ag iarraidh a bhaint amach, is cuma cén casadh atá sa bhealach.
sprioc mí-réadúil unrealistic goal
" Chomh maith leis sin, is dócha gur sprioc mí-réadúil é do stiúrthóir an oibiachtúlacht a bhaint amach.
sprioc goal
" Chomh maith leis sin, is dócha gur sprioc mí-réadúil é do stiúrthóir an oibiachtúlacht a bhaint amach.
nó cúl a scóráil or to score a goal
" Mar a dúirt mé le linn m’óráide ag an ócáid ar an 14 Bealtaine, tháinig cuid mhór daoine chuig ranganna Gaeilge thar na blianta, daoine a raibh baint acu leis an rince Gaelach nó le Cumann Lúthchleas Gael ach fuair siad amach go raibh sé i bhfad níb fhusa coiscéim damhsa a fhoghlaim, nó cúl a scóráil sa pheil, ná greim a fháil ar ghramadach na Gaeilge! Luigh Seán isteach ar fhoghlaim na Gaeilge le díograis agus, dá bharr sin, tá an ghramadach agus an comhrá ar a thoil aige.
go bhfuil siad ar thairseach a gceann scríbe that they are on the threshold of their goal/destination
" Caithfidh siad cur ina luí ar a lucht tacaíochta agus ar a mbaill “gurbh fhiú an braon fola”, go bhfuil siad ar thairseach a gceann scríbe.
chúl an fhreasúra the opposition's goal
" Bhí sé tapa agus sciliúil agus dheineadh sé ruathar aonair i dtreo chúl an fhreasúra gan fuacht gan faitíos.
neart cúl plenty of goals
" Tá sé ag imirt níos fearr le tamall anuas agus tá muid ag súil le neart cúl uaidh an séasúr seo, go háirithe nuair atá ag teip ar na tosaithe eile cúil a aimsiú.
cúl goal
" D’aimsigh Cian Mac Giolla Bhríde as Coláiste Eoin an cúl agus bhí baint ag a chomhscoláirí as Coláiste Eoin, Seán Ó Seanáin agus Joe Ó Meachair, leis an gcomhimirt a chríochnaigh leis an sliotar i gcúl na heangaí.
a cuid cúl agus a bua iontach its goals and its great victory
" Chuaigh foireann na Brasaíle i bhfeidhm orm féin, agus ar leath an domhain, déarfainn, lena stíl, a scil, a himreoirí sárchumasacha, a cuid cúl agus a bua iontach.
níos mó cúl a fháil ná an freasúra to get more goals than the opposition
" Sílim féin go raibh meon speisialta ag an bhfoireann sin ina leith féin; an cur chuige a bhí acu ná dul ar an ionsaí mar bhealach cosanta agus níos mó cúl a fháil ná an freasúra.
go scórálfaidís níos mó cúl that they would score more goals
" Is dóigh liom gur chreid an fhoireann úd go scórálfaidís níos mó cúl ná an freasúra cuma cé mhéad cúl a scaoilfidís féin isteach (agus ní raibh mórán díobh sin ann le fírinne).
an cúl úd that goal
" Is cuimhin féin go maith ar an áit a rabhas ag féachaint ar an gcluiche sin nuair a scóráil Schillaci an cúl úd ar son na hIodáile a chuir an Phoblacht s’againne amach as Corn an Domhain.
in ainneoin gur scóráil siad sé chúl despite the fact that the scored six goals
" Ó bhíos i mo ghasúr, bhí gean agam ar mhuintir na nDéise de bharr Chraobh na hÉireann 1963, nuair a bhuail Cill Chainnigh iad in ainneoin gur scóráil siad sé chúl, más buan mo chuimhne, ach, go mí-ámharach do Phort Láirge, scóráil Eddie Keher 0-14.
trí chúl three goals
" Murach gur scóráil Maigh Eo trí chúl sa chéad leath, bheadh an Corn á bhronnadh ag leathama ag Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael ar chaptaen Chiarraí chun pobal na hÉireann a scaoileadh as a bpian! Ó shin, tá daoine caillte le trua do Mhaigh Eo agus ag cuartú léas sóláis in áit éigin.
ag scóráil cúil scoring a goal
" Bhí mé an-óg ag an am, gan dabht, ach tá cuimhne nó cineál pictiúrtha i mo cheann den laoch mór ag scóráil cúil i gcluiche ceannais Chorn an Bhóthar Iarainn i gcoinne fhoireann Laighean ar a raibh cuid mhaith *Dubs*.
níos tábhachtaí ná an ceann scríbe féin, more important that the goal itself,
" Tá siad ann sna paraimíleataigh a chreideann gurb í an choimhlint an rud is tábhachtaí, níos tábhachtaí ná an ceann scríbe féin, de réir dealraimh.
sa chúl in goal
" Is ansin a bhídís ag traenáil agus ag imirt ina n-óige, ag fáil máistreachta ar an gcamán agus ar an sliotar agus a máthair bhocht sa chúl toisc nach ligfeadh sí dóibh a ndeirfiúr óg a chur ann ar eagla go mbuailfidís í! Bhí *mum* an-lárnach sa scéal agus ba léir gur bean spraoi agus íobartha in éineacht í, agus cócaire maith freisin! Lean an clár Setanta agus ansin Aisake go dtí an Astráil agus chonaic muid iad i mbun traenála le cumann peile na hAstráile i Melbourne.
na cuaillí difriúla the different goal-posts
" Do bhaill agus do lucht leanúna CLG, b’aisteach agus ba choimhthíoch an radharc iad na cuaillí difriúla a bhaineann le rugbaí agus an limistéar imeartha laghdaithe a fheiceáil.
cúl gan choinne an unexpected goal
" Scóráil Áth Cliath cúl gan choinne agus lámh ag imreoir Ciarraíoch ann.
an sprioc chéanna the same goal
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
roghnaíodh é mar chúl báire! he was chosen as a goal-keeper
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
an sprioc the aim, the goal
" Níor bhain *Lá Nua* amach an sprioc 8,000 cóip laethúil a chuir siad rompu ina bPlean Gnó i 2003 agus is deacair teacht ar an nuachtán sa chuid is mó de ghnáthshiopaí na tíre.
cúil a aimsiú to score goals
" Beidh buiséad mór le caitheamh aige agus an-deis aige cúil a aimsiú dá pháirtí agus don rialtas.
cúl eile another goal
" Is mar sin a chasann rothaí móra an tsaoil! Maith nó olc, tá an ceol ar ais i mo shaol toisc an uirlis nua seo agus leis an ngné nua seo de mo shaol, tá ocras nua ann leis (cúl eile d’fhoireann an Úill!).
cúil goals
" Agus tagann na cúil iontacha go tiubh chomh maith.
cúl a goal
" Dá mbeadh Balor ag fáil €80,000 in aghaidh na seachtaine, mar atá cuid de na himreoirí sin, ní bheadh sé ag caoineadh, fiú mura dtiocfadh leis cúl a scóráil ó cheann ceann shéasúr an tsacair.
chúil goal
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
aimsiú finding (goal)
" Ní raibh mórán tráchta ar na deiseanna a bhí ag na hÉireannaigh le linn an chluiche, agus a chaitheadar uathu, le cúil a aimsiú agus an cluiche a bhuachan.
bháire goal
" Nach é calaois a bheadh i gceist ag Mícheál dá dtarraingeodh imreoir geansaí, nó cos, nó camán, nó clogad imreora eile, nó dá leagfadh imreoir go fealltach imreoir eile a bheadh ag déanamh ar a bháire féin? An ionann sin is a rá gur falcairí agus lúbairí a bhíonn ag imirt na peile agus na hiománaíochta? Tá súil agam nach ea.
chúl goal
" Eisean sa chúl!” Ag deireadh an lae agus muid ar an mbealach abhaile, dúirt mé liom féin nach ndéanfainn arís é, go raibh mé ró-aosta.
cúl cinniúnach deciding goal
" Bíodh go raibh orthu fanacht go dtí an lá deiridh maidir lena n-áit a chinntiú i gCorn an Domhain, is léir go ndeachaigh pearsantacht mhealltach luaineach Maradona i bhfeidhm ar a chuid imreoirí ón mbealach a ndearna siad ceiliúradh leis tar éis do Mario Bolatti an cúl cinniúnach cáiliúcháin a aimsiú in aghaidh Uragua.
dhúnfort goal
" D’éirigh le foireann na Mí, mar is dual dóibh, ionsaí déanach a dhéanamh ar dhúnfort Lú, agus le teann díocais agus díograise, an liathróid a chur thar líne chúil Lú.
chúl goal(s)
" Sa chéad ghrianghraf tá Dan agus Justin Mac Cárthaigh, bainisteoir na foirne, ag comóradh a mbua ar Luimneach i gcluiche ceannais na Mumhan in 2007, cluiche inar aimsigh Ó Seanacháin trí chúl agus trí chúilín agus a chinntigh go bhfaigheadh sé gradam Iománaí na Bliana ina dhiaidh sin.
cúl an bhua a bhaint to get the winning goal
" Mar a dúirt Seamus Brennan, go ndéana Dia grásta air, is “iománaíocht sinsir” an cluiche polaitiúil ag an leibhéal seo, agus d'fhág na Glasaigh ródhéanach é le cúl an bhua a bhaint.
gcúl an chúil back of the goal
" Is breá liom a bheith in ann an liathróid a chur isteach i gcúl an chúil (hó! hó!), ach is tábhachtaí go mór a bheith in ann an trioblóid… an liathróid atá i gceist agam – a thabhairt ar aghaidh do dhuine éigin eile.
cúil goals
" Tá cuid againn fliuch báite cheana féin – b’éigean eangacha a chrochadh ar na cúil agus brait a chur timpeall na páirce.
ar thóir na gcúl looking a goal
" Spás cruthaithe do na tosaithe againne mar go raibh an freasúra go dtí sin ag ionsaí an chúil againne ar thóir na gcúl.
i mbéal báire in the goal mouth
" Ach ní hamhlaidh a tharla in ainneoin cúl de chineál nach bhfacthas riamh roimhe ná ó shin, cúl a léirigh dánacht agus clisteacht imreora amháin de chuid Átha Cliath, Ollie Freeney, nuair a chuir sé an pheil i gcúl eangach Chiarraí ó chic saor 21 slat amach agus seisear de chosantóirí Chiarraí i mbéal báire.
os comhair an chúil in front of the goal
" Is í an riail atá i gceist agam, an riail a bhaineann leis an gcomhthreomharán beag a bhíonn marcáilte os comhair an chúil sna cluichí Gaelacha agus a dtugann gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha freisin an ‘chearnóg bheag’ air.
an cúl the goal
" Toisc go mbíodh cead ag na tosaithe a bheith istigh sa ‘chearnóg’ agus ionsaí (de réir rialach) a dhéanamh ar an gcúl báire, b’éigean do na lánchúlaithe an cúl báire a chosaint trí na tosaithe a choinneáil amach as an ‘gcearnóg’ ar ais nó ar éigean.
gar don chúl near the goal
" Agus is mar gheall air sin a tugadh isteach riail na cearnóige bige: chun cosaint a thabhairt don chúl báire agus deireadh a chur ag an am céanna leis an bprácás agus leis an chipeadraíl a bhíodh ag tarlú gar don chúl.
maoir chúil umpires at the goal
" In ainneoin sin áfach, d’éirigh deacrachtaí móra ar fáth éigin nach bhfuil an-soiléir, domsa ar aon nós, in a lán cluichí móra i dtaca le cumas réiteoirí, maoir chúil agus maoir líne riail na ‘cearnóige bige’ a chur i bhfeidhm.
cúl goal
" Tubaiste 9/11 nó cúl Ray Houghton i gcoinne na Sasanach b'fhéidir atá mar chlochmhílte do ghlúin níos óige.
sa chúl in goal
" Seachas Gary Mag Uidhir sa chúl, níor imir aon duine d’imreoirí Átha Cliath de réir a chumais nó de réir an chumais a bhí léirithe aige go nuige seo.
ag scaoileadh an iomarca cúl letting too many goals
" Tá Gaillimh ag feabhsú ach ag scaoileadh an iomarca cúl isteach agus ní móide go mbeidh an chuid eile sách maith le Páirc an Chrócaigh a bhaint amach ar 9 Meán Fómhair.
nach scórálfaí aon chúl that no goal would be scored
" Ag úsáid an idirlín, leag mé geall de €2 ar mhórán gach cluiche nach scórálfaí aon chúl.
ghluaiseacht sciobtha i dtreo cúl an fhreasúra rapid movement towards the opposition’s goal
" Is acu atá an leagan agus an stíl peile is taitneamhaí le bheith ag breathnú air agus cuireann siad scór mór suas de bharr na béime a chuireann siad ar ghluaiseacht sciobtha i dtreo cúl an fhreasúra agus de bharr feabhas na dtosach atá acu.
mar chúil as a goal area
" Bata leadóige nó camán, liathróid leadóige agus cipíní crainn a bhíodh ann don chruicéad, geataí tosaigh na dtithe nó an bhearna idir dhá chuaille BSL mar chúil do na cluichí móra peile agus iomána.
cúl an bhua á sholáthar aigesiúd he providing the winning goal
" Bhuadar Corn an UEFA i 2002, cúl an bhua á sholáthar aigesiúd.