Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Goilleann sé go mór ar go leor daoine it bothers a lot of people
" Goilleann sé go mór ar go leor daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den Chumann, go mbíonn mórchuid airgid ag dul isteach i gcistí an Chumainn, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh i rith mhíonna fada an tsamhraidh.
ag goilleadh go mór ar greatly vexing
" Bhí easpa urlabhra an easpaig seo, a mbíodh go leor le rá aige fá chúrsaí eile, ag goilleadh go mór ar fhear na súile nimhe.
go ngoilleann seo go mór ar Ó Céidigh that this really bothers Ó Céidigh
" Chaill an comhlacht an conradh go hAerfort Dhún na nGall ní ba luaithe i mbliana agus is léir go ngoilleann seo go mór ar Ó Céidigh.
Ghoill sé sin ar chuid acu That hurt some of them
Ghoill an cinneadh faoin loisceoir chomh mór sin ar UNESCO UNESCO were so troubled by the decision regarding the incinerator
" Ghoill an cinneadh faoin loisceoir chomh mór sin ar UNESCO gur scríobh siad chuig an rialtas anuraidh ag lorg eolais agus tugadh neamhaird orthu ar feadh sé mhí.
ghoill sé go mór ar a bpobal féin it greatly distressed their own community
" Thosaigh sé roimh an Nollaig le goid £26m ón Northern Bank ach ba mheasa i bhfad marú brúidiúil Robert McCartney mar gur ghoill sé go mór ar a bpobal féin.
ghoill sé go mór ar it really upset
" An fhírinne lom, ghoill sé go mór ar “Dickie Mul”, ach ní raibh an dara rogha aige.
ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht their leaving upset Poor Balor
" Cuid acu, ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht agus cuid eile níor ghoill.
go ngoilleann sé go mór ar Liam that it really bothers Liam
" ” Easpa measaIs léir go ngoilleann sé go mór ar Liam nach raibh meas ceart ag an chuid is mó de phobal na hÉireann ar chuid amhránaíochta Uí Éanaí.
goilleann sé ar it bothers
" Mar threibh uaibhreach mhaorga, goilleann sé ar na *Tūhoe* an chaoi ar chaith na póilíní leo.
uafás iad a ghoilleann ar a horror which hurts
" An bhfuil sé de cheart againn na pictiúir seo a bhaint anuas mar sin nó an bhfuil siad mar chuid shuntasach d’oidhreacht fhuilteach an tuaiscirt ? An cóir iad a shábháíl nó an uafás iad a ghoilleann ar an intinn agus a choinníonn an nimh beo i gcuisle daoine agus ar cheart dúinn a bheith réidh leo? Dar leis an ealaíontóir áitiúil Peadar Seoighe, atá ag obair ar an cheathrú pictiúr i lár eastát tithíochta protastúnach i nDoire go bhfuil daoine sásta go bhfuil athrú ag teacht ar a dtimpeallacht.
ghoill ar hurt
" Níorbh é sin amháin a ghoill ar mhuintir Imazighen a nglaotar Caibíl, nó Kabyle na hAilgéire orthu, áfach.
Ghoill sé ar it hurt
" Ghoill sé ar John W Henry, gan amhras, nuair a chonaic sé na sráideanna bochta thart an pháirc sacair galánta atá aige anois – a leithéid de chodarsnacht! Agus imreoirí a faigheann pá gan insint do gnáthdhaoine.
ghoilleann ar hurts
" An t-aon rud amháin a ghoilleann ar réiteoir ná cinneadh mícheart a dhéanamh a athraíonn treo cluiche i bhfabhar foireann amháin.
ghoill ar hurt
" Cosgrave agus rialtas Chumann na nGael a scantrú le dlí a thabhairt isteach i 1925 chun deireadh a chur le colscaradh, rud a ghoill ar an mionlach Protastúnach agus a chruthaigh go raibh bunús leis an mana a bhí ag Aontachtóirí Uladh go mba ionann *‘Home Rule’* agus *‘Rome Rule’*.
ag goilleadh go róghéar ar hurting too severely
" Tá múscailt de dhíth má táimid chun an pholaitíocht a athnuachan i gceart, ach ní dóigh liom go bhfuil an cheist seo ag goilleadh go róghéar ar mhuintir Theach Laighean.
ag goilleadh ar thuairim is affecting about
" Dar le taighde a rinneadh sa bhliain 2007, tá SAD ag goilleadh ar thuairim is 20% de bhunadh na hÉireann, agus léirigh an staidreamh gurb iad na mná a bhíonn thíos leis níos mó ná na fir.
Má ghoilleann sé ar aos óg if it pains the youth
" Má ghoilleann sé ar aos óg Thoraí an t-oileán a fhágáil le slí bheatha úr a leanúint, tá an scéal amhlaidh ar fud an domhain.
ag goilleadh ar hurting
" Ach sílim féin go bhfuil sé ag goilleadh ar dhaoine go bhfuil an saol níos deacra ná mar a bhí.
Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais it hurt the member states of the Commonwealth
" Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais go linn bhuí na gcaolán nuair a shínigh an Taoiseach, Éamon de Valera, leabhar an chomhbhróin faoi bhás Adolf Hitler i mí na Bealtaine 1945, cé nach raibh i gceist ach nósmhaireacht taidhleoireachta.
cé gur ghoill sé ar although it hurt
" Léiríonn ceannlíne ar chéad leathanach an *Daily Telegraph* in Sydney an lá dár gcionn a dhú-naimhdí is a bhí leagan phreas Murdoch: *Kick This Mob Out!* É sin ráite, ní mheastar go raibh cuimsiú claonta phreas Murdoch freagrach as treascairt an pháirtí, cé gur ghoill sé ar dhaoine go leor, orthu siúd a chreideann go bhfuil preas saor mar mhír lárnach i dtír dhaonlathach.
má ghoill an torann cáinteach ar if the disapproving noise hurt
" Ach má ghoill an torann cáinteach ar Scarlett Johansson, príomhaisteoir an scannáin, ní raibh sé le haithint uirthi.
ghoill sé go mór ar it really hurt
" Tá sé intuigthe, mar sin, gur ghoill sé go mór ar mhuintir na hAstráile nuair a d’fhógair Holden coicís roimh an Nollaig go gcuirfear deireadh lena dhéantúsaíocht gluaisteán san Astráil faoin mbliain 2017.
ghoill cuid de na heaspaí thuasluaite ar some of the above mentioned lacks hurt
" easpa suime:** Ní haon áibhéil a rá ach gur ghoill cuid de na heaspaí thuasluaite ar réamhtheachtaí an nuachtáin nua, a bheagán nó a mhórán.
Ghoill sé go háirithe ar it particularly hurt
" Ghoill sé go háirithe ar rannpháirtithe na bpobalbhreitheanna go raibh an cháinaisnéis dian ar na daoine is leochailí sa tsochaí, iad siúd a fhaigheann leas sóisialach agus teaghlaigh ar pá íseal.
a ghoill go mór ar which greatly disturbed
" D’éirigh leis na stáit na rialacha sin a mhaolú tar éis 1976, agus más ea, méadaíodh líon na ndaoine a cuireadh chun báis, rud a ghoill go mór ar Stevens.
ag goilleadh go mór ar greatly bothering
" Tá sé ag goilleadh go mór ar fheilméaraí na Tasmáine go bhfuil comhlachtaí móra mar McDonald’s ag ceannach glasraí ó thíortha eile agus tá feachtas tosaithe acu chun a míshásamh a chur in iúl go láidir.