Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
goimh venom
" Rug Ainbhlinn ar an Pheann Luaidhe bocht agus rinne é a ghriogadh, a ghalrú agus a ghoin le goimh.
an ghoimh sting
" Anois, nach agam atá fuascailt gach faidhbe?" "Bíonn an ghoimh i gcónaí sa choinníoll aige," arsa Áine léi féin.
cneasú thar ghoimh a pretence/a scab on an unhealed wound
" Ní bheadh sa tseal beag suaimhnis seo ach cneasú thar ghoimh.
Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin despite the venom and the bitterness between those two parties
" Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin, ní bheadh sé dodhéanta acu comhghéilleadh áirithe a dhéanamh ar a bpolasaithe ar an bhonn gurb é an leas coitianta agus náisiúnta é go mbunófaí rialtas buanseasmhach.
greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean. humour which took the sting from the violence.
" Tá foréigean an chait agus é sa tóir ar an luchóg beagnach osréalach agus tá greann fíorchliste in amthomhas na ngeáitsí agus sna cleasa líníochta, greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean.
an ghoimh a bhaint as to remove the badness
" Bítear ag súil leis an ghoimh a bhaint as nithe diúltacha agus an bhéim a chur ar an ghné dhearfach.
cneasú thar ghoimh surface healed only
" An cneasú thar ghoimh Ainneoin go mbíonn gach duine ag caint ar an fheabhas atá tagtha ar an tuaisceart agus ar Bhéal Feirste ach go háirithe - "nach iontach na bialanna galánta atá agaibh ansin" - ba é an rud a léirigh an ruaille buaille san Europa nuair a thug íobartaigh agus ionadaithe na n-íobartach ón dá thaobh, náisiúnaíoch agus aontachtach, aghaidh ar a chéile a fhad is a bhí an móramh tostach balbh, thug sé le fios go bhfuil gangaid faoin dromchla, go bhfuil an seicteachas beo beathaíoch ar thaobh amháin.
goimh mharfach deadly spleen
" Thug sé aghaidh amach le barr faitís faoina bheirt mhac i ndiaidh do dhrong dílseoirí theacht isteach i gceantar na n-Ard/The Heights i gCúil Raithin, buidéil, bataí agus casúir ar iompar acu agus goimh mharfach orthu.
gan bheann ar an ngoimh paying no attention to the cold
" Thug muid faoin gceol gan bheann ar an ngoimh.
Goimh bad blood
" Goimh? ==== Ná déanaimis dearmad ach an oiread gur rialaíodh in éadan Oifig an Choimisinéara Faisnéise, Emily O'Reilly, i dTuarascáil na bliana 2009, mar nach rabhthas ag cloí a bheag nó a mhór leis an scéim teanga a haontaíodh leo.
goimh a bitter cold
" An sruthán ina bhúir, goimh san aer moch, fear ag scoilteadh adhmaid le tua balbh, mada lena ais ’s a shróin le gaoth.
goimh cess
" Tá leigheas an tslaghdáin ann, sólás don té a mbeadh piñata sna hailt air, agus úsáidtear ina ungadh é uaireanta dá mbeadh goimh, cealg nó dó craicinn ar dhuine.
an cneasú thar ghoimh a mere semblance of healing
" B’fhéidir go bhfuil an cneasú thar ghoimh a bhí orthu, Éireannaigh, tar éis cneasú níos gaire do chnámh an scéil ná mar a chneasaigh riamh roimhe.
a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh who carry a wound barely hidden
" Tá go leor ar m’aithne ag siúl thart a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh mar gheall ar eachtra thromchúiseach a thit amach nuair a bhí siad ag fás aníos.
goimh aisteach iontu they possess a strong spite
" Smacht in Ionad na hAinrialach =========== Tá an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin.
ní d’easpa goimhe it’s not for lack of venom
" Mura dtarlaíonn an tríú cogadh mór i mbliana, ní d’easpa goimhe agus súil thar a chuid ag an Iarthair nach dtarlóidh sé.
aon ghoimh ina dtaobh siúd any bitterness towards those
" An rud ba mhó a chuaigh i gcionn ar dhaoine ná an dóigh nár léirigh Mandela aon ghoimh ina dtaobh siúd a choinnigh é féin agus a chine faoi chois.
ghoimh a bhaint to remove the venom
" Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid.