Pota Focal Intergaelic
geld | gild | goad | god | goid
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bonn óir gold medal
" Bronnfar bonn óir ar an bheirt Cheanadach, Jamie Sale agus David Pelletier, rud a fhágfaidh go mbeidh comhbhuaiteoirí i gceist i mbliana.
leis an bpota óir ar linne é tráth den saol with the pot of gold which was once ours
" In Éirinn na linne seo, áfach, is iad na *sans culottes *atá fágtha gan snáth ina mbrístí agus na huaisle móra - Tony O'Reilly, George Soros agus a chairde - atá ag imeacht leo ina gcóistí geala leis an bpota óir ar linne é tráth den saol.
bonn óir gold medal
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
bonn óir gold medal
" Bronnadh an gradam Bainisteoir na Bliana san NBA air i 1994 nuair a bhí sé leis na Atlanta Hawks, agus bhí sé i gceannas ar fhoireann na Stát Aontaithe nuair a d'éirigh leo bonn óir a bhaint i gCluichí Oilimpeacha na bliana 1996 in Atlanta.
éide agus fáinní óir gold vestments and rings
" " Agus "an fhearg fhíréin" mar spreagadh aige, scríobhann Breslin go bhfuil sé i bhfábhar sagart pósta agus baineann, deir gur chaith Críost cuaráin agus "ní éide agus fáinní óir", agus deir go bhfuil "miosúr maith Críostaíochta" ag teastáil ón Eaglais Chaitliceach.
Aimsíodh ór gold was found
" Aimsíodh ór i Victoria in 1851 agus faoin mbliain 1854 bhí breis is 25,000 mianadóir i mBallarat.
chiste óir gold chest
" Ní raibh uathu, a dúirt sé, ach a sciar féin den chiste óir.
agus páirceanna orthu mar a bheadh paistí glasa agus óir ann with a patchwork of green and gold fields on them
" Ansin chuaigh muid isteach faoin tír, ar bhóthar gleoite a chasann trasna droimníní, agus páirceanna orthu mar a bheadh paistí glasa agus óir ann.
ór gold
" Gan mórán amhrais, is í Páirc Náisiúnta Kruger príomháis na tíre ó thaobh na turasóireachta de.
snáithe óir gold thread
" Maidin Lá Nollag beidh muifléad faoi chrann Nollag Mhic Cárthaigh, ceann breá fada, agus na focail cháiliúla sin bróidnithe air le snáithe óir: *I am one of those who is vaguely interested in Irish*.
bonn óir a gold medal
" Bhain Ronnie Delaney bonn óir i gcluichí Oilimpeacha Mhelbourne agus bhí Elvis ag barr na gcairteacha le “Heartbreak Hotel”.
go ngnóthóidís an bonn óir that they would win the gold medal
" Agus, mar bharr ar an donas, theip glan ar an fhoireann Cheanadach a roghnaigh Gretzky do Torino nuair a chreid pobal Cheanada go ngnóthóidís an bonn óir.
ocht mbonn óir eight gold medals
" Bhuaigh mé féin ocht mbonn óir sna comórtais seo go dtí gur éirigh mé as a bheith ag iomaíocht iontu.
bonn óir gold medal
" Is é an t-éacht nó mórghníomh spóirt is faide siar i mo chuimhne-se ná an t-am a bhuaigh Ronnie Delaney an bonn óir sa rás 1,500 méadar ag na Cluichí Oilimpeacha in Melbourne sa bhliain 1956.
ag cuardach óir. gold prospecting.
" D’oibrigh sé mar aoire agus mar shiopadóir, agus bíodh sé ag cuardach óir.
an t-ór, the gold,
" Seo é an t-ór, seo é an rud ceart.
bonn óir gold medal
" Bhuaigh Katie bonn óir ag Craobhchomórtas Eorpach Dhornálaíocht na mBan trí huaire as a chéile agus bhuaigh sí ceann ag an gCraobhchomhórtas Domhanda in 2006.
dhá dheilbhín órga draíochta two little magic gold statues
" * Dála Tim Rice agus Andrew Lloyd Webber, bíonn Menken agus Schwartz ag obair as lámh a chéile go minic agus bronnadh dhá dheilbhín órga draíochta orthu roimhe seo.
ar na plátaí órga on the gold plates
" Bhí lúireach agus dhá chloch bhua – ar a tugadh Urim agus an Thummim – curtha san áit chéanna agus d’úsáid Smith na rudaí seo leis an téacs a bhí scríofa ar na plátaí órga a aistriú ó Éigiptis go Béarla.
bonn óir agus ceann airgid a gold and silver medal
" Sa bhliain 1906, bhuaigh Peter O’Connor bonn óir agus ceann airgid in Aithin na Gréige sna comórtais léime, agus thapaigh sé an deis buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann.
óir, gold
" Tá go leor acmhainní luachmhara nádúrtha – ar nós diamant, óir, copair agus ábhair a úsáidtear le micrishliseanna a dhéanamh – le fáil i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, nó an tSáír mar a tugadh ar an tír.
bhoinn óir gold medals
" Ba chuma linne faoi bhoinn óir! Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
bonn óir gold medals
" Má cuireadh fáilte ó chroí roimh an bhfoireann Éireannach, samhlaigh an fháilte a cuireadh roimh fhoireann na Síne, a thóg 51 bonn óir léi, agus roimh fhoireann na Stát Aontaithe, a bhain 36 bonn óir.
Bonn óir gold medal
" Bonn óir? Go deas, ach nuacht na seachtaine seo caite is ea é.
ceithre bhonn óir déag 14 gold medals
" Bhuaigh foireann na hAstráile 46 bonn ag na Cluichí i mbliana, ceithre bhonn óir déag san áireamh.
Óir gold
" Inseoidh tú do cheann scríbe do stiúrthÓir na mbus, agus aimseoidh seisean mionbhus duit a ghabhfas an bealach céanna leat.
Fiabhras Buí yellow/gold fever
" In 1848 bhuail an Fiabhras Buí California nuair a fuarthas ór sna haibhneacha agus sna sléibhte.
bpota óir pot of gold
" Os a choinne sin, beidh ar Foinse a bpota óir a roinnt leis an Indo.
bonn óir gold medal
" Tá an-deiseanna agam féin ach deirim gur cheart go mbronnfaí an bonn óir ar an duine óg, mar ní thuigeann daoine a dheacra atá sé fás suas.
ór gold
" “An té a déarfas leat go gcuirfidh an fhearthain isteach ar do shláinte ar aon bhealach, b’fhiú dó lámh a chur ina bhás féin” a d'fhógair sé go mórtasach is é ag cur geall ar chapaill lá rásaí.
bonn oir a gold medal
" (Ghnóthaigh feachtas leigheas coisctheach na Sandanistas bonn oir ón WHO chomh maith).
taisce náisiúnta óir national gold reserve
" ) Theith Black Jack Schramme agus a bhuíon, le taisce náisiúnta óir an Chongó, trasna na teorann go Ruanda 1967.
Ghoirt an Óir the gold fields
" Saibhreas na Gaeilge ar Ghoirt an Óir ================== Is léir ón taighde atá déanta ag Noone agus Doyle, chomh maith le staraithe eile, go raibh Gaeilge ag cuid mhaith de na hinimircigh Éireannacha sa naoú haois déag: tá fianaise ann go raibh Gaeilge ag daoine a bhí gar don choirpeach aitheanta Ned Kelly.
luach an óir the value of gold
" Faoi chóras Bretton Woods bhí luach gach airgeadra ceangailte le luach an dollair a bhí, é féin, ceangailte le luach an óir.
bonn óir na hEorpa a European gold medal
"bonn óir na hEorpa buaite ag Katie trí huaire as a chéile agus Craobh an Domhain in 2006.
dath an óir gold
" Is cinnte … go mbuafadh sí bonn, dath an óir is dóigh, ag na cluichí Oilimpeacha dá mbeadh dornálaíocht na mban ina spórt Oilimpeach.
an fuadar óir gold rush
" Mheall an fuadar óir sna 1850í oibrithe Síneacha go leor chun na hAstráile ach tugadh íde na muc is na madraí dóibh le linn círéibeacha ciníocha sna láithreacha tochailte óir.
láithreacha tochailte óir gold digging sites
" Mheall an fuadar óir sna 1850í oibrithe Síneacha go leor chun na hAstráile ach tugadh íde na muc is na madraí dóibh le linn círéibeacha ciníocha sna láithreacha tochailte óir.
a sciobann a bhfuil d’ór is de thúis is de mhiorra againn who swipe all our gold, incense and myrrh
" An Triúr Saoithe— a sciobann a bhfuil d’ór is de thúis is de mhiorra againn sa tír seo abhaile go dtí Aingeal an Bháis sa Ghearmáin —nó an Triúracht mar is fearr aithne orthu.
slat d'órshnáithe yards of gold braid
" Mar shampla, i ndiaidh di an t-albam pages a dhéanamh, chaith sí gúna déanta as páipéar ar a raibh scór ceolfhoirne an albaim air agus é ceangailte le chéile ag Sharon Costello Desmond, a bhain úsáid as 250 slat d'órshnáithe.
ná fiú oiread is uinge den ór nor even an ounce of the gold
" ** Benedictus: Ach níor liom féin ruainne ar bith den éadach sin, ná fiú oiread is uinge den ór.
mósáic óir ón 6ú aois a gold mosaic from the sixth cent.
" Tá ríchathaoir an Phápa Gréagóir Mór (580) le feiceáil ann fosta chomh maith le mósáic óir ón 6ú aois a léiríonn Críost agus na naoimh Primus agus Felicianus ar a dhá thaobh.
bonn ór a gold medal
" ” Scairteadh Seodra fén bhFannléas ========== Crann, duilleoga, bonn ór, íomhánna sainiúla an scríbhneora Joysúil.
chaitheadh Joyce na boinn órga sin J. would throw those gold coins
" Theastaigh uaidh an léitheoir a bhodhrú le mionsonraí éigiallta agus díreach nuair a bheadh sé ar tí géilleadh don tuirse, chaitheadh Joyce na boinn órga sin ar an leathanach.
Tá óir ar fáil sna cnoic úd there’s gold in dem dar hills
" Tá óir ar fáil sna cnoic úd gan aon amhras agus tá acmhainní aiceanta na hÉireann mar a bhíodh an Yukon tráth.
bonn óir gold medal
" Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí spóirt, rinne Rob Heffernan éacht nuair a bhain sé an bonn óir i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain.
Chaith sé isteach tiachóg óir he flung a small bag of gold in
" Chaith sé isteach tiachóg óir a thit isteach ina bróig.
scaoil sé dhá spaga óir he let two small bags of gold
" Os rud é go raibh fuinneoga na beirte ab’ óige dúnta scaoil sé dhá spaga óir síos an poll deataigh acu, ach thit ceann acu isteach i stoca a bhí crochta den chlabhar ag triomú ansin cois tine! Taisí Naomh na Tarrthála ============ Bhog sé go Myra níos déanaí ina shaol áit ar déanadh easpag de.
shinc, ar ór is ar ola zinc, gold and oil
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
a gcéad bhonn óir their first gold medal
" Nuair a bhain an Airgintín a gcéad bhonn óir ag cluichí Oilimpeacha 1936 i mBeirlín, bhí beirt Chaomhanach, Roberto agus Diego Cavanagh agus fear darbh ainm Luis Duggan ar an fhoireann seachtair.
boinn óir gold medals
" Tá Noel Burke ar dhuine de na déantóirí boghanna is fearr ar domhan agus tá boinn óir bainte aige i roinnt mhaith comórtas idirnáisiúnta.
óir of gold
" Mura dtáinig sé ar aon phóta óir ann, tháinig sé ar shaibhreas go leor de chineál eile, ag blaiseadh na staire in éineacht le lá folláin faoin aer úr aige.
bonn óir a gold medal
" Tá Colm Mac Séalaigh ag meá cé a d’fhéadfadh bonn óir nó eile a chrochadh leo as na Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo agus cé mar a chruthóidh foireann na hÉireann i Euro 2012 an mhí seo.