Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dea-thoil goodwill
" Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin trying not to choke on her own goodwill (i.e. it's not genuine)
" " "Tá an t-ádh oraibh mar sin," arsa Nell agus í ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin.
teachtaireacht dhea-mhéine a message of goodwill
" Fuair muid teachtaireacht dhea-mhéine ó Mháire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann le gairid inar ghuigh sí rath is séan ar ár saothar.
dea-thoil goodwill
" Agus an obair mhór a rinne muid le muintir Dhún na nGall agus leis na hóstáin, go bhfuil sé sin uilig imithe anois agus go bhfuil go leor den dea-thoil, go háirithe i gcás turasóirí as Baile Átha Cliath a bhí ag fanacht i dTír Chonaill ar laethanta saoire agus ag caitheamh airgid sa gceantar, caillte.
Dea-thoil goodwill
" Dea-thoil na foirne agus na mac léinn i leith na Gaeilge.
dea-mhéin goodwill
" Spléachadh ar dhialann an Aire Easláinte, Micí Ó Máirtín, a fuair sé, le caoinchead agus le dea-mhéin an Aire fhadaraíonaigh féin.
dea-mhéin goodwill
" Tá muid ag brath go mór ar fhocal béil agus dea-mhéin daoine ar suim leo an teanga.
pé dea-thoil whatever goodwill
" Dochar ======= Ní hamháin nár chabhraigh an stocaireacht speisialta ar leith seo ar son úinéir báid amháin le misneach iascairí eile Éireannacha, ach creideann an tUasal Doyle go ndearna stocaireacht an Rialtais dochar freisin do pé dea-thoil a bhí sa Choimisiún i leith iascairí na hÉireann.
dea-mhéin goodwill
" Is cinnte gur dúshlán a bheas ann dó na ranna stáit a mhealladh le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil go forleathan agus le dea-mhéin.
Dea-thoil goodwill
" Dea-thoil an rialtais áitiúil.
a lán dea-thola a lot of goodwill
" Ar nós na Gaeilge, tá a lán dea-thola ann i leith na hiomána i gCumann Lúthchleas Gael ach tá cur chuige ar iarraidh.
dhea-thoil goodwill
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an eagraíocht? An leor iad? Is eagraíocht dheonach í Na Gaeil Óga, mar sin braitheann muid ar dhea-thoil ár mball agus ar bhailiúcháin a dhéantar ó am go chéile.
ag brath ar dhea-thoil an Rialtais depending on the goodwill of the Government
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Feachtas?*** An laige is mó a bhaineann le Feachtas ná go bhfuil muid ag brath ar dhea-thoil an Rialtais chun maoiniú ceart a thabhairt dúinn, rud nár tharla go dtí seo.
dea-thoil goodwill
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?***Tá sé mar fhís agam go mbeidh dea-chaighdeán Gaeilge agus dea-thoil i leith na teanga ag gach páiste a théann tríd an gcóras oideachais; go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn rialta ag na húdaráis; go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí agus go mbeidh méadú mór ar líon agus ar ról na meán Gaeilge.
easpa dea-thola lack of goodwill
" ” Chuir an naimhdeas agus an easpa dea-thola a bhí i gceist i gcás daoine áirithe sna meáin, go háirithe sna meáin chlóite, iontas ar Ó Ciardha agus ar an dream eile a bhí i mbun TG4.
dea-mhéin goodwill
" Bhí dea-mhéin ann don Dubai Investment Corporation nuair a bhí siad ag iarraidh an club a cheannach mar go mbíonn muid ag amharc ar Liverpool FC ar stáisiún teilifíse Arabach gach seachtain sna tithe tábhairne anseo agus thuig muid go raibh suim acu sa chlub le fada.
dea-thoil goodwill
" Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
ag teacht i dtír ar an dea-thoil taking advantage of the goodwill
" **Imeachtaí eile**Le cois na n-imeachtaí a bhfuil baint dhíreach acu le Seachtain na Gaeilge, bíonn eagraíochtaí agus tionscadail eile ag teacht i dtír ar an dea-thoil i leith na teanga a bhíonn i gceist le linn choicís na féile.
dea-thoil goodwill
" Dar ndóigh, níl mé ag maíomh go dtosóidh gach duine sa tír ag labhairt Gaeilge mar gheall ar go bhfuil Des Bishop ag déanamh amhlaidh – ní dóigh liom go bhféadfadh duine ar bith an mhíorúilt theangeolaíoch sin a bhaint amach – ach is cosúil go gcruthóidh “In the Name of the Fada” dea-thoil sa bhreis i leith na teanga i measc mhuintir na hÉireann.
dea-mhéin breise more goodwill
" **“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasfear níos fabhraí a chothú dí.
meas as cuimse extreme goodwill
" Is iomaí polaiteoir in Éirinn a bheadh in éad leis sin! Agus ní ina thír féin amháin a bhfuil meas as cuimse ar an bhfear beag féasógach seo a mhúnlaigh cumhacht dhomhanda as tír a bhí, mar a déarfá, ‘ag forbairt’.
dea-mhéin breise more goodwill
" Sa Dáil ag an am dúirt an tAire Richie Ryan, a bhí freagrach as na hathruithe a chur i bhfeidhm, go raibh an Rialtas “lán-mhuiníneach go musclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Gaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasféar níos fabhraí a chothú di.
Caoinfhulaingt dhea-mhéiniúil goodwill and tolerance
" Anois céard déarfá! Más amhlaidh atá, tá cás íontach láidir déanta ag na ‘Irish language broadcasters’ céanna le gearradh siar mór millteach a dhéanamh ar uaireanta craolta na gcraoltóirí céanna! Mura bhfuil aon tionchar rathúil ar chraolacháin i nGaeilge ó thaobh cur le líon na gcainteoirí Gaeilge nó ó thaobh a bheith úsáideach do fhoghlaimeoirí na teanga, is deacair an cás a dhéanamh go mba cheart €60 milliún in aghaidh na bliana d’airgead poiblí a thabhairt do na craoltóirí céanna le cláracha i nGaeilge a chraoladh! Caoinfhulaingt na Gaeilge: ============ ‘Caoinfhulaingt dhea-mhéiniúil na Gaeilge in RTÉ’ an ceannteideal atá ar an tarna chuid den tuarascáil.
ag brath ar chearta seachas ar dhea-thoil dependent on rights rather than on goodwill
" Tá sé thar am go mbeadh coinníollacha lóistín na Gaeilge in RTÉ ag brath ar chearta seachas ar dhea-thoil mhuintir an tí agus nach ligfí don ‘landlady’ lóistéir na Gaeilge a bhrú isteach sa seomra ar chúl an tí, as amharc an náisiúin.
teacht i dtír ar an dea-thoil sin capitalize on that goodwill
" Ach níl mórán muiníne aige go bhfuil an stát ná an earnáil dheonach in ann teacht i dtír ar an dea-thoil sin.