Pota Focal Intergaelic
germ | goirm | gor | gorb | gore
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gorm turcaide turquoise
" Bhí na ballaí clúdaithe le plaisteach bán garbh, agus bhí solas gorm turcaide ann.
cé acu a théann léine ghlas le briste gorm whether a green shirt goes with blue trousers
" Bhí an saol ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá cé acu a théann léine ghlas le briste gorm.
oibrí coiléir ghoirm blue collar worker
" Teachtaireacht shoiléir ======= Deir Berlusconi gur oibrí coiléir ghoirm é, fiontraí, agus fear a thuigeann na feirmeoirí agus na ceardaithe.
na Cruacha Gorma the Blue Stack Mountains
" Ritheann abhainn na Finne fríd an ghleann seo atá ag síneadh aniar ó na Cruacha Gorma go dtí Alt na Péiste ar an taobh thoir, agus Cnoc na hAmaid agus na Sídhe Rothaí ar an taobh ó thuaidh.
na Cruacha Gorma The Blue Stack Mountains
" Tugann siad cuairt ar na Cruacha Gorma agus ar Ghleann Bheatha chomh maith.
bhuachaillí na héide goirme the boys in blue
" Agus, dár ndóigh, ná déanaimis dearmad ar iompar "ainmhí" na nGardaí a chuir alltacht ar an bpobal ar 6 Bealtaine 2002, nuair a thug scata de bhuachaillí na héide goirme bascadh ceart do dhream mac léinn a bhí ag léirsiú i lár Bhaile Átha Cliath.
bratach ghorm blue flag
" Tá "bratach ghorm" ag an trá seo mar aitheantas ar ghlaineacht na háite, agus ar shábháilteacht na trá.
imir bheag ghorm a hint of blue
" Bhí craiceann geal bán orthu agus imir bheag ghorm ann.
chnoic ghorma Fhánada the blues hills of Fanad
" An lá dár gcionn, chuaigh muid ó dheas go Bun Cranncha, a bhfuil tránna an-fhada ann os comhair chnoic ghorma Fhánada.
Mo ghoirm thú! Bravo!
" AÓF: Mo ghoirm thú! *Tá Éamon Ó Donnchadha le cloisteáil ar an dlúthdhiosca *Seachrán Sí (CD 135) a d'eisigh Cló Iar-Chonnachta (www.
an cine gorm i gcoitinne black people in general
" Ach dá mbeadh cead ag an lucht geal drugaí a úsáid, mar shampla EPO, druga a mhéadaíonn ar líon na gceall dearg san fhuil, b'fhéidir go mbeidís in ann dul in iomaíocht le muintir na hAfraice agus an cine gorm i gcoitinne.
ar nós daoine gorma like black people
" Ní haon duine mise a dhéanann faillí sna daoine a chuidigh liom in am an ghátair, na daoine a d’oibrigh ó dhubh go dubh ar nós daoine gorma.
don chine gorm for black people
" Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d'fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B'fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin.
ag caitheamh bairéad gorm wearing blue berets
" Agus iad ar mhisean thar lear, bhíodh sé chomh dócha lena athrach go mbíodh na saighdiúirí ag caitheamh bairéad gorm, ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad.
seanadóir gorm a black senator
" Má thoghtar Ford, beidh seanadóir gorm i ndeisceart na Stát Aontaithe den chéad uair ó aimsir an chogaidh chathartha.
na seancheantair Ghorma the old black areas
" **Seancheantair Ghorma**Is é tuaisceart Manhattan an chuid is caoile den oileán agus ó na Clabhstraí ó dheas leathnaíonn sé amach go dtí na seancheantair Ghorma – Washington Heights agus Harlem.
mar chroílár na siamsaíochta goirme. as the centre of black entertainment.
" Anseo atá an Apollo Theater, a d’oscail do Ghormaigh i 1934 agus a bhfuil cáil dhomhanda air sa lá atá inniu ann mar chroílár na siamsaíochta goirme.
an t-aon duine gorm the only black person
" Ach diaidh ar ndiaidh, a dúirt Henry, tháinig sé ar an tuiscint go raibh daoine ag stánadh air, ní mar gheall ar gur aithin siad a aghaidh ón teilifís, ach mar gheall ar gurbh é an t-aon duine gorm sa chathair.
daoine gorma black people
" Deir Mind fosta go bhfuil saol na nÉireannach thall chomh deacair is atá sé do na mionlaigh shofheicthe, is é sin, na daoine gorma agus daoine ón Áis.
soiscéalaí an chine ghoirm a black evangelist
" Fir agus mná den traidisiún Críostaí atá faoi chaibidil aige agus aithneoidh léitheoirí cuid de na hainmneacha: Dietrich Bonhoeffer, ministir Protastúnach a mharaigh na Naitsithe de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh; Dorothy Day, bean thar a bheith spéisiúil a chomhbhunaigh an nuachtán an *Catholic Worker* agus Máirtín Liútar Cing, soiscéalaí an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe a feallmharaíodh.
iarrthóir óg gorm. young black candidate
" DaonlathaighÓ thaobh na nDaonlathach de, níl aon dabht ach go bhfuil beirt chun tosaigh go náisiúnta – Hillary Clinton, bean an iar-uachtaráin Bill Clinton, agus Barack Obama ó Illinois, an t-iarrthóir óg gorm.
uachtarán gorm a black president
" Tá seans iontach maith ann go mbeidh uachtarán gorm ag muintir na Stát Aontaithe i gceann bliana.
ó aimsir an cheannaire ghoirm since the time of the black leader
" Má tharlaíonn a leithéid, ardófar ceisteanna nár ardaíodh i Meiriceá ó aimsir an cheannaire ghoirm Martin Luther King.
ag cur thar maoil le hoibrithe gorma. overflowing with black workers.
" Níorbh fhada go raibh cathracha déantúsaíochta mar Detroit, Michigan, Paterson agus Nua-Gheirsí ag cur thar maoil le hoibrithe gorma.
na mílte ealaíontóir gorm thousands of black artists
" I Nua-Eabhrac déantar trácht ar an "*Harlem Renaissance*" – uair a tháinig na mílte ealaíontóir gorm go dtí an ceantar sin chun bualadh lena chéile agus chun leas a bhaint as áiseanna na cathrach.
os cionn na léine goirme, over the blue shirt
" Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!” Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic sé an folt gruaige ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh sé ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh sé ar a sháil le chuile “Breast thú!” mar bheannacht aige.
Mormannach gorm a black Mormon
" Mura bhfuil Mormannach gorm feicthe agat riamh, tá cúis mhaith leis sin: ní raibh a leithéid ann go dtí 1978.
glacadh le huachtarán mná nó gorm, to accept a female or black president,
" Is cosúil gur thuig an páirtí go mbeadh muintir na Stát Aontaithe sásta glacadh le huachtarán mná nó gorm, ach ní le huachtarán Mormannach! Creideamh sách nua is ea an Mormannachas, ar cuireadh tús leis i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
cloigíní gorma bluebells
" Nuair a bhí mé féin ann, bhí na cloigíní gorma agus na plúiríní sneachta spleodrach i measc na gcrann.
pobail mhóra ghorma large black communities
" I stáit mar Georgia, Alabama, agus South Carolina – a bhfuil pobail mhóra ghorma iontu – níor tharla sé riamh go raibh an oiread céanna daoine gorma ag clárú mar thoghthóirí ó aimsir na gcearta sibhialta amach.
dhaoine gorma black people
" Dúirt siad liom go bhfuil siad ann do dhaoine bochta, do dhaoine gorma agus do dhaoine gan charr.
drong fear gorm a gang of black men
" Ba í an t-aon duine geal a bhí ann agus “Cousin” ab ainm don díoltóir ticéad! Dúirt sí go raibh uirthi dul amach sa sneachta lena mún a dhéanamh mar go raibh drong fear gorm ag crochadh thart taobh amuigh de leithreas na mban.
gorm black (person)
" Agus iarrthóir óg gorm i gceist, ní nach ionadh gur roghnaíodh téamaí mar "*Change you can believe in*” d'oícheanta deireanacha an choinbhinsiúin.
fráma tiúbach gorm blue tubular frame
" Rinneadh gach tír, seachas an Bhreatain – (a léiríodh mar spás bán, tagairt gan amhras, do sceipteachas frith-Eorpach na tíre sin) a léiríú i bhfoirm míreanna móra crochta ar fráma tiúbach gorm déanta as miotal agus gi nár tháínig tír ar bith slán ó ghéíre Cerný, tháinig roinnt tíortha amach níos fearr ná an chuid eile! Ní raibh muintir na Bulgáire róshásta go raibh a dtír léirithe mar leithreas Turcach – an cineál a seasfaidh tú ann - agus cháin ionadaí na tíre, Betina Joteva, go dóite é ag rá: ‘Ní thig liom glacadh le leithreas ar léarscáil mo thíre.
duine gorm black person
" Mar sin i measc ár dtionóntaí bhí fear darbh ainm Naguriganda, an chéad duine gorm a bhí mar mhac léinn leighis i gCorcaigh, mura bhfuil dearmad orm.
gculaith dhorcha ghorm a dark blue suit
" “Is lóchrann dóchais sibh don saol mór mar caitheann muid samplaí coincréiteacha a bheith againn mar tá na teoiricí uilig againn ach is tearc iad na heiseamláir ar éirigh leo sa saol réadúil,” arsa Ging agus é ar a shuaimhneas i gculaith dhorcha ghorm.
fear gorm a black man
" Ach b'shin roimh an 4ú Samhain, 2008, nuair a bhain Barack Hussein Obama, fear gorm a tógadh in Hawai'i, an teach bán amach.
bhratach na Léine Goirme the Blueshirt flag
" Bhailigh sé a chuid cairde uilig le chéile agus mhionnaigh siad go sollúnta faoi bhratach na Léine Goirme go ndéanfaidís Brian a chrá go dtí go n-éireodh sé as.
daoine gorma black people
" Tá ceangal láidir le blianta idir an BNP agus cuid de na fir bhuí i Learpholl, ach bhí cnámh spairne eadarthu i gcónaí mar tá daoine gorma ina mbaill den Ord Oráisteach anseo agus in áiteanna eile.
Gorma Black
" Tharla seo cheana féin, mar shampla, in Irvington agus Orange, dhá cheantar Gorma i Nua-Gheirsí atá buailte ar a chéile, agus nach bhfuil otharlann iontu le roinnt blianta anois.
gcine gorm black people
" Cé gurb íad na Stáit Aontaithe an tír is mó ar Chríocha Mheirceá lena samhlaímid an ciníochas agus an cos ar bolg ar an gcine gorm, tá tíortha eile ar an mór-roinn sin ina ndearnadh, agus ina ndéantar fós, éagóir agus leatrom ar dhreamanna eitneacha mionlaigh.
saighdiúr gorm black soldiers
" pdf) Lonnú Cambacuá Nuair a treascraíodh José Artigas, ceannaire Uragua, i 1820 chuaigh sé ar deoraíocht ó thuaidh go Paragua in éineacht le 250 saighdiúr gorm, idir fhir is mhná.
Thír na bhFear Gorm Morocco, the Maghreb
" Sliocht Thír na bhFear Gorm === Mothaíonn dreamanna áirithe inimirceach gur fo-aicme san Ollainn iad.
goirme blue
" San áit a mbeifí ag súil le goirme na farraige, tá an tAigéan Atlantach ina mheascán de dhathanna gan choinne - buí, oráiste, agus dearg san áireamh.
gorm nó bundúchasach black or native
" Táimid ag caint ar réamhchlaontaí i gcoinne dhuine ar bith atá bocht, gorm nó bundúchasach; réamhchlaontaí a théann siar go dtí gur ghabh máirnéalaigh Phortaingéileacha cuan is caladh na Brasaíle i 1501.
gcúirt na Léine Goirme in the Blue Shirt camp
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
léinte gorma blue shirts
" Bhí sé doiligh go leor cur suas leis na léinte gorma, ach anois tá daoine ann le léinte bándearga! Ní chaitheann a leath acu carbhait agus tá an leath eile ag iarraidh aos bearrtha ribí gruaige a chur as gnó.
dhathanna gorma agus glasa blues and greens (colours)
" Meascán de dhathanna gorma agus glasa atá sa mhórsceir agus is léir ón spéir gur órgánach beo mór millteach í.
Fear tanaí gorm black thin man
" Fear tanaí gorm é Moisés, cónaí air sa favela (bailecheantar bocht) díreach taobh thiar den cheap árasán ina bhfuil cónaí ormsa.
ag amharc ar mhúscán gorm watching blue mould
" Ar ndóigh bhí cuid acu chomh leamh le bheith ag amharc ar mhúscán gorm ag fás ar phíosa aráin.
daoine gorma black people
" Ní ba chrua fós a bhí an saol ag cineálacha áirithe daoine: homaighnéasaigh, Giúdaigh, daoine gorma, agus ar ndóigh, mná.
lucht na léinte gorma the blue shirts
" Ní mó ná sásta a bhí lucht na léinte gorma le fear na léinte bándeirge.
ag tabhairt eolais faoin chine gorm giving information about the black people
" Bhí clár eolais sa tseanreilig i lár chathair Bhoston ag tabhairt eolais faoin chine gorm agus faoin gcaoi nach gcuirtí sa reilig sin iad mar bhí ceann dóibh féin i dtuaisceart an bhaile sa seanam.
faoi stair an chine ghoirm about the history of the Blacks
" Ghlaoigh sí láithreach ar a cara Hayden (nach bhfuil Gaeilge aige), a bhí trasna na reilige agus i mbarr a gutha ghlaoigh as Béarla "A Hayden - níl Gormaigh ar bith sa reilig seo!" Ní phléitear cine i Meiriceá go poiblí, agus is é an t-ábhar is conspóidí i Meiriceá go fóill é, déarfainn, ach bhí Ána agus a comhdhaltaí ag foghlaim faoi stair an chine ghoirm le déanaí ar scoil, óir is é Feabhra "Mí Stair an Chine Ghoirm" i Meiriceá.
formhór mór na ndaoine gorma a facthas most of the black people who were seen
" As an am seo amach b'iad sclábhaithe formhór mór na ndaoine gorma a facthas san Eoraip agus sa domhan nua.
dhaoine gorma mar fho-chine black people as an untermenschen
" Níor fada gur thosaigh daoine geala ag breathnú ar dhaoine gorma mar fho-chine.
nach chomh maith sin a chaitear le hinimircigh ghorma that black immigrants aren’t treated so well
" Ní dhéanfar iontas de nach chomh maith sin a chaitear le hinimircigh ghorma atá sa tír in aghaidh an dlí.
an fáth go gcuireann muid daoine gorma why we call black people (blue coloured people)
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
ná daoine gorma is black people/ blue people
" Deir Rolston gur thug na Lochlannaigh blamadr ar dhaoine gorma a fuair siad ar ruathair ar chósta thuaidh na hAfraice agus an bhunchiall atá le blamadr ná daoine gorma.
ar an chine ghorm for black people
" Is ón tsean-Lochlannais míle bliain ó shin a thagann an téarmaíocht atá againn inniu ar an chine ghorm.
Gorm agus geal black and white
" Gorm agus geal, buí agus uaithne =========== Tharraing mé grianghraf ag cearnóg Campo Grande a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: dathanna na Brasaíle á gcur ar aghaidh mhná gile, a raibh cúpla bliain le cois an trí scór aici, ag fear gorm nach raibh an scór féin bainte amach aige.
fear gorm nach raibh an scór féin bainte amach aige a black man who hadn’t reached his twenties
" Gorm agus geal, buí agus uaithne =========== Tharraing mé grianghraf ag cearnóg Campo Grande a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: dathanna na Brasaíle á gcur ar aghaidh mhná gile, a raibh cúpla bliain le cois an trí scór aici, ag fear gorm nach raibh an scór féin bainte amach aige.
mórchuid de lucht gorm na háite sin most of the black people there
" Bhí mórchuid de lucht gorm na háite sin ina sclábhaithe go dtí 150 bliana ó shin, ach fiú má saoradh iad i ndiaidh cogadh cathartha na tire in 1865, níor coscadh an ciníochas.
is annamh a fheictear daoine Gorma black people are seldom seen
" Dá réir sin, is annamh a fheictear daoine Gorma i mbailte áirithe, agus chomh hannamh céanna a fheictear daoine Geala i mbailte eile.
cheanglaíonn go rómhinic an cine Gorm black people are too often linked
" Ní cabhair ar bith iad na meáin, a cheanglaíonn go rómhinic an cine Gorm le dronganna agus drugaí.
minic a bhreathnaítear ar fhear Gorm atá ag siúl ar an tsráid mhícheart a black man who is walking on the wrong street is often seen
" Is é bun agus barr an scéil ná gur minic a bhreathnaítear ar fhear Gorm atá ag siúl ar an tsráid mhícheart mar amhrasán i mbun coire, seachas mar chuairteoir soineanta ar an gceantar.
bhí pobal gorm an bhaile the town’s black people were
" Más ea, ámh, bhí pobal gorm an bhaile ag tosú ag agóidíocht agus rinneadh scéal náisiúnta den eachtra.
faoin chine ghorm about black people
" Is ó Ghana an t-ealaíontóir Lynette Yiadom-Boakye a dhéanann portráidí bunaithe ar dhaoine samhailte a spreagann ceisteanna faoin chine ghorm agus an léiriú atá déanta orthu sna míndána.
Déad Ghoirm Bluetooth
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
chomh gorm so blue
" Agus na súile… iad chomh gorm agus chomh glé leis an lus gormáin nó le droim na farraige i mbrothall an tsamhraidh, nó le droim locha in uaigneas an tsléibhe lá geal seaca sa gheimhreadh.
meirgí gorma blue banners
" Ná habraimis rud ar bith faoin dath dubh, nó fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i mí Mheán Fómhair.
i measc an chine ghoirm amongst the blacks
" Tá an céatadán de dhaoine óga a chríochnaíonn oideachas bunscoile ag dul in airde, cé go bhfuil a dhá n-oiread níos airde i measc an chine ghil is atá sé i measc an chine ghoirm.
saorfhear de chuid an chine ghoirm a free black man
" Claochlú an tSaoir ina Dhaor ========== I Nua-Eabhrach réamhchogaidh na bliana 1841 tá cónaí ar Solomon Northup – saorfhear de chuid an chine ghoirm, saor adhmaid snasta, bheidhlíní oilte clasacacha.
i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm in light of the what the Black people went through
" Agus creidim, i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm, mar a ríomhtar í i ’*12 Years a Slave*’, nár mise an t-aon chriticeoir saolta i Cineworld Shráid Pharnell go dtáinig na mothúcháin aniar aduaidh air.
ag guairdeall thart le daoine Gorma hanging around with Black people
" "Cuireann sé as dom", arsa seisean (i measc rudaí eile) "go bhfuil tú ag guairdeall thart le daoine Gorma.
In ainneoin uachtarán Gorm despite a Black president
" In ainneoin uachtarán Gorm a bheith sa Teach Bán, is léir go bhfuil ciníochas beo beathaíoch i Meiriceá go fóill.
is ionann craiceann Gorm coirpeachas Black skin and criminality are synonymous
" Faraor, i súile an phobail Ghil, is ionann craiceann Gorm coirpeachas.
uachtarán gorm a black president
" Dealraíonn sé go bhfuil seans ann go mbeidh uachtarán gorm sa Teach Bán den chéad uair riamh.
Más stócach gorm thú a chaitheann cochall if you’re a black hood wearing youth
" Más stócach gorm thú a chaitheann cochall, tá tú ag siúl ar thanaí i roinnt áiteanna i Meiriceá.