Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
má ghortaítear imreoir if a player is hurt
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
gortaithe injured
" Ach ar an 12 Deireadh Fómhair rinneadh ionsaí ar dhá chlub oíche ar an oileán a d'fhág 192 duine marbh agus breis is 300 gortaithe.
a ghortaítear go fisiciúil who is physically injured
" Is annamh a íoctar níos mó ná £250,000 le duine a ghortaítear go fisiciúil ach ní raibh aon leisce ar ghiúiré £300,000 a bhronnadh ar Phroinsias de Rossa de bharr alt a scríobhadh faoi sa *Sunday Independent*.
gortaithe hurt
" "Mothaíonn muintir na háite gortaithe faoin mhéid a tharla agus ba mhaith liom labhairt le Shipman go pearsanta faoin chás, faoin fáth ar mharaigh sé daoine a bhí cairdiúil leis, daoine a chuir a muinín ann.
ní ghortaítí éinne no-one would be hurt
" Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin.
gortaíodh go dona é he was seriously injured
" Buaileadh sa bhrollach é agus gortaíodh go dona é.
gortaithe go dona badly injured
" Ní raibh ach £13 ina sparán, mar aon le rudaí beaga pearsanta, agus shíl sí ag an am nach raibh sí gortaithe go dona.
Gortaíodh a bhean his wife was injured
" Gortaíodh a bhean i dtimpiste san áit oibre ag an am, rud a chiallaigh nach bhféadfadh sí dul ar ais ag obair, agus ba bheag seans go n-éireodh leis féin post lánaimseartha a fháil.
á ngortú being injured
" Tá daoine ag fáil bháis agus á ngortú mar gheall orthu, sibhialtaigh agus páistí san áireamh, agus na mílte foirgneamh scriosta acu.
gortú hurt
" Cultúir bhriste ======= Agus tú ag caint le Gearóid, is léir go bhfuil gortú ann, an gortú a bhaineann leis na glúnta a chaith bunús a saoil i lár cogaíochta anseo in Éirinn, nó in áiteanna eile sa domhan a bhfuil cultúir bhriste iontu.
gortú dá chois an injury to his leg
" (Cé gur imir Caoimhín sa Chraobh i '78, le cead speisialta bhainisteoir Manchester United, bhí gortú dá chois ag cur as dó agus ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr.
gortú injury
" Agus dá mbeadh gortú ag cur as dóibh leanadh siad orthu ag traenáil agus ag imirt ar eagla go gcaillfidís a n-áit ar an bhfoireann.
gortaithe injuries
" Sa chás seo, tá fear óg i mbaol - i mbaol gortaithe agus i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt.
gortaíodh cara leis go dona a friend of his was seriously injured
" Mar atá a fhios ag an tsaol mhór anois, maraíodh Bert McCartney (33) (agus gortaíodh cara leis go dona) ar an 30 Eanáir i ndiaidh scliúchais a tharla idir é féin agus baill de chuid an IRA i dteach tábhairne i lár Bhéal Feirste.
a ghortú to hurt
" Shíl siad go mbeadh siad ábalta an Bhreatain a ghortú níos mó ná mar a bhí siad; níor thuig siad diongbháilteacht na n-aontachtaithe ó thuaidh agus ní bhfuair siad a sáith tacaíochta ón taobh eile den teorainn d’fheachtas ionsaitheach in áit feachtais chosanta.
dá ngortófaí duine if someone were injured
" Maíonn siad gur orthusan a thitfeadh an fhreagracht dá ngortófaí duine a bheadh ag spaisteoireacht ar a gcuid talún.
a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca who could be too easily hurt
" Duine ceanúil mothálach a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca.
a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca who could be too easily hurt
" Duine ceanúil mothálach a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca.
gortaithe go dona badly hurt
" Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.
gortaithe go dona badly hurt
" Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.
chun iad a náiriú agus a ghortú. to shame and to hurt them.
" Cruthaítear scéalta bréagacha gan bhunús faoi dhaoine, chun iad a náiriú agus a ghortú.
gortaithe san éadan, injured in the face,
" Lean muid na deora trasna na habhann go Vermorkbrufoss Vest (WI 5), áit ar bhuail muid le hAlbanach a bhí gortaithe san éadan, in ainneoin clogad a bheith air.
gortaithe agus leonta hurt and wounded
" Ar nós 1955, bhí muintir Átha Cliath gortaithe agus leonta anois.
áit ar ghortaigh sé a rúitín go dona, where he hurt his ankle badly,
" Bhog Seán go St Albans ansin, áit ar ghortaigh sé a rúitín go dona, agus d’éirigh sé as an sacar agus gan é ach seacht mbliana déag.
gortaithe go dona. badly injured.
" Go hádhúil, ní bhfuair an gasúr bás ach chaill sé súil san ionsaí a d’fhág Aidan Wallace marbh agus triúr eile gortaithe go dona.
gortaithe. injured.
" Go dtí seo tá 153 saighdiúir de chuid na Breataine i ndiaidh bás a fháil sa chogadh (65 san Afganastáin) agus tá na mílte eile gortaithe.
gur ghortaigh mé daoine leochaileacha. that I hurt vulnerable people
" Bhí aiféala an domhain orm gur ghortaigh mé daoine leochaileacha.
gortaithe, injured
" Tá an chosúlacht ar an scéal gur tháinig lagtrá ar chúrsaí peile ó thuaidh le cúpla bliain anuas de bhrí go raibh cuid mhaith imreoirí tábhachtacha gortaithe, i gContae Thír Eoghain ach go háirithe.
gur gortaíodh í that she was injured
" Bhí neart fola ar an bhóthar in aice léi, agus mheas mé gur gortaíodh í nuair a bhuail an leoraí í ar dtús.
a gortaíodh go dona ar na mallaibh who were badly injured recently
" Tugadh áit lárnach freisin sa pharáid do bheirt fhear óga aeracha a gortaíodh go dona ar na mallaibh nuair a rinneadh ionsaí orthu i lár Sydney de bharr iad a bheith ag siúl agus greim láimhe acu ar a chéile.
Gortaíodh go dona é he was badly injured
" Gortaíodh go dona é ach ní bhfuair sé bás.
inar gortaíodh in which were injured
" Rinneadh ionsaithe buama ar Paddy’s Pub agus an Club Sari inar maraíodh 202 duine as 22 tír éagsúil, agus inar gortaíodh na céadta eile, cuid acu dóite go dona.
de bharr gortaithe due to injury
" Cé go bhfuil fuinneamh nua ag foireann na tíre don bhliain seo amach romhainn, tá easnamh mór sa champa gan leithéidí Sarahjane Belton, Patrique Kelly agus Germaine Healy atá tar éis éirí as an rugbaí de bharr gortaithe.
gortaíodh was/were hurt
" Infheisteoirí ‘bochtaithe’ a déarfas tú is dóigh in áit infheisteoirí ‘bochta’ is dóigh, ach is cinnte gur gortaíodh daoine nach raibh an t-uafás gustail riamh acu.
ghortaigh injured
" Mar sin féin, níor mharaigh roicéid Hamas duine ar bith in Iosrael idir sin agus an 27ú Mí na Nollag nuair a thionscain Iosrael an t-ionsaí fíochmhar a mharaigh mile trí chéad duine agus a ghortaigh go dona na mílte eile.
gortaíodh were hurt
" Maraíodh 34 agus gortaíodh 174 mairnéalach Meiriceánach nuair a d’ionsaigh Iosrael an long USS Liberty ar an 8 Meitheamh, 1967.
Gortaíodh were hurt
" Gortaíodh lucht seachadta na bpizza san eachtra chéanna.
gortaíodh were injured
" Tharla pléascadh ar an mbád an lá dár gcionn inar maraíodh cúigear agus inar gortaíodh beagnach gach duine eile ar bord, cuid mhór acu dóite go dona.
gortú meiteatarsach metatarsal
" An t-aon drochscéal a tháinig as an gcluiche deiridh ná gur bhain gortú meiteatarsach dá leathchúlaí láir Rónán Ó Fallúin, imreoir an-mhaith agus an-tábhachtach don fhoireann, agus ní fios go fóill an mbeidh sé in ann a áit a ghlacadh i gcoinne Aontroma sa chéad bhabhta den chraobhchomórtas i bPáirc an Chrócaigh ar 7 Meitheamh.
gortú millteanach terrible hurt
" Thuig mé fosta gur threisigh mé féin agus daoine eile an gortú millteanach nuair nár chreid mé an scéal uafáis an chéad iarraidh.
Gortaíodh injured
" Gortaíodh Damien Fleming go dona agus tá sé san otharlann go fóill ag am a scríofa seo.
ghortú to hurt
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
gortaíodh were hurt
" Ba é toradh an fhoréigin seo go léir, de réir an eolais a d’eisigh údaráis na Síne, ná gur maraíodh 184 agus gortaíodh breis is 1500.
Gortaítear are injured
gortaíodh were injured
" Cogadh Craorag Cailleadh agus gortaíodh na mílte le linn an fheachtais ar an gcosán, a chuaigh trí thaobh tíre an-gharbh.
Gortaíodh tú you were hurt
" SMM: Gortaíodh tú blianta ó shin agus chuaigh sé sin idir tú féin an chaid.
gortaithe hurt
" Is measa an t-imreoir a dhéanann iarracht cic pionóis a thuilleamh trí thitim bhréige nó a ligeann air féin go bhfuil sé gortaithe le súil go bhfaighidh a chéile comhraic fainic nó níos measa ón réiteoir.
gortaíodh were hurt
" Iompar a Insíos go Leor Le linn na trioblóide, gortaíodh deichniúr póilín ach is éigean an cheist a chur, cén fáth nach raibh an PSNI in ann stad a chur leis an rúscadh sular thosaigh sé.
Gortaíodh was injured
" Gortaíodh a bhean go dona sa phléascán agus tá sé ag tabhairt aire di ó shin ach is éigin a léiriú go bhfuil ag éirí leis an pholaitíocht.
ghortaithe glúine knee injuries
" Gabhfaidh sé rite le hAnnraoi Ó Sibhleáin a bheith chomh maith riamh arís tar éis a ghortaithe glúine i mbliana agus é os cionn tríocha bliain d’aois.
ghortú hurting
" “Tá bealaí eile ann an t-easnamh a ghearradh gan daoine bochta a ghortú,” ar sé, agus bheadh sé mar a gcéanna ó dheas ar ndóigh.
gortaíodh were injured
" Cé gur tréimhse an-fhada í sin, ní raibh ceist Arm na hAstráile sa chogadh ina cnámh spairne polaitiúil ná ina mórábhar i mbéal an phobail abhus go dtí le déanaí, in ainneoin gur maraíodh 21 saighdiúir agus gortaíodh tuairim is 150 acu ann.
á ngortú being injured
" Cogadh uafásach ina raibh na mílte de mhuintir Vítneam á marú agus á ngortú agus na mílte de shaighdiúirí óga as Meiriceá á gcur sall ansan ar mhaithe, i ndáiríre, leis an maorlathas agus leis an gcos ar bolg.
nár gortaíodh were not injured
" Is cuma céard iad na scéalta atá inste nó atá cloiste agaibh, is féidir liomsa a rá libh nár gortaíodh ach beirt Gharda an t-am ar fad a raibh sé seo ag dul ar aghaidh; fear amháin a gortaíodh nuair a thit sé isteach i gclaí luath maidin amháin.
ghortóidh shall hurt
" Tá sé de bhuntáiste ag Sinn Féin go mbeidh siad sa fhreasúra san am a mbeidh rialtas Fhine Gael/Lucht Oibre ag cur ciorruithe i bhfeidhm a ghortóidh bunús gach duine ó dheas.
Gortaíodh were injured
ní móide go ngortófar é it's hardly going to be hurt
" Fanann an rón beag leis an máthair agus snámhann sé thar na tonnta ar dhroim a mháthar, dá bhrí sin, ní móide go ngortófar é má fhanann sé lena mháthair.
gortaithe injured
" Beag beann ar an gcaoi a scarann eán an róin ghlais nó eán an róin bhig lena mháthair, tagann siad chugainn nuair a bhíonn siad gortaithe nó lag mar gheall ar an deighilt sin.
gortóidh siad sinn they’ll hurt us
" Tá comhdhearcadh ann gur gá ciorruithe, ‘buiséad cothromaithe’ agus go gcaithfidh muid a bheith deas le lucht an rachmais nó gortóidh siad sinn agus tá an comhdhearcadh sin ag na páirtithe ó thuaidh, agus ag Sinn Féin féin chomh maith le cách.
gortaithe injured
" Imreoirí gortaithe agus imreoirí eile imithe in áiteanna ar fud an domhain faoi deara an tsáinn ina bhfuilimid.
gortaithe injured
" Ta Ali Abdullah al Saleh i Saudi anois, é gortaithe agus dóite tar éis ionsaí RPG ar a lárionad i Sa’ana ar an 3ú Meitheamh le linn na coimhlinte atá sa tír idir an dream Shi’ite a bhfuil ceangal acu le al Qaeda, agus iad siúd atá ag iarraidh cearta an daonlathais a bhaint amach.
bhfuilid gortaithe they’re injured
" Ní hé go bhfuilid gortaithe nó go bhfuil a bpoist ná cúraimí clainne á gcoinneáil sa bhaile.
gortú láimhe a hand injury
" Cuireadh dul chun cinn agus pleananna Dhaithí ar gcúl áfach de bharr gortú láimhe agus d’fhill sé ar Choláiste Eoin chun staidéar a dhéanamh don Ardteistiméireacht.
beag beann ar éinne a ghortófar no matter who’s hurt
" Bean inste na fírinne loime, caol díreach amach, beag beann ar éinne a ghortófar.
ghortaigh injured
" Ní thaithníonn sé liom go bhfuil TG4 ceangailte le sraith teilifíse, a thugann le fios gur laochra iad na mná seo, a bhí sásta tacú le feachtas buamála a mharaigh agus a ghortaigh na mílte daoine neamhurchóideacha le linn na cogaíochta ó thuaidh.
gortú de bharr róníocháin san áireamh included injury from excess washing
" Smaoinigh mé ar mo bheartas árachais; an raibh gortú de bharr róníocháin san áireamh ann?! I ndeireadh an sciúrtha, d’ordaigh sí dom an t-uisce fuar ón dabhach a chaitheamh tharam féin le mias beag plaistic.
gortaithe injured
" Chun cúrsaí a dhéanamh níos measa, bhí a chuid fadhbanna féin ag duine de laochra Shasana, Wayne Rooney, an fear óg de bhunadh na hÉireann; bhí sé gortaithe agus bhí fadhbanna pearsanta dá chuid féin aige siúd chomh maith.
gortaithe injured
" Tá mé ar an fhoireann faoí 18 bliana anois ach níor imir mé leo i mbliana mar bhí mé gortaithe.
Gortaíodh were hurt
" Gortaíodh roinnt mac léinn a rinne stáidéar i gcoláistí Tvind eile san Eoraip de bharr easpa cúraim le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta.
gortaíodh were wounded
" Thit 32 saighdiúir Astrálacha sa ghleo san Afganastáin agus gortaíodh sa bhreis ar dhá chéad duine eile acu.
gortaithe go dona hurt badly
" Tuigim an duine lag go rímhaith mar bhí mé mór le níos mó ná duine amháin a bhí gortaithe go dona agus a bhí lagaithe go mór ag an saol.
sciar líonmhar a gortaíodh a fair number who were hurt
" Smacht in Ionad na hAinrialach =========== Tá an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin.
gortaithe injured
" (Is léir go bhfuil an Constábla Ceannais Matt Baggot thar foras (*out of his depth*) agus é ag déileáil leis na scliúchais ina bhfuil corradh le cead oifigeach dá chuid gortaithe ach sin scéal eile).
gortaithe go dona hurt too badly
" Ní raibh mé gortaithe go dona, ach nuair a chonaic daoine eile an grianghraf ar Facebook bhí imni orthu.
Ghortaigh sé sin that hurt
" Ghortaigh sé sin Ó Drisceoil déarfainn agus ní dhearna sé maith don fhoireann ach oiread dar liom, cé nach gceapfá sin i ndiaidh an bhua i gcoinne na Breataine Bige.
ag titim gortaithe falling injured
" Is ina dhiaidh sin, áfach, a thit an lug ar an lag ar fhoireann na hÉireann nuair a thosaigh imreoirí ag titim gortaithe ar nós coirce roimh an speil.
gortaíodh was injured
" Is cinnte gur gortaíodh aghaidh an Chamarúnaigh go dona, ach maíonn “foinsí inimirce” gurb é an fear féin atá freagrach.
nár gortaíodh oiread is duine amháin not a single person was injured
" Is mó an teist ar lucht eagraithe an dúshláin nár gortaíodh oiread is duine amháin ar na cnoic ainneoin na doininne.
gortaíodh eisean he was injured
" An duine deireanach sa charr le Raouf, iriseoir eile darb ainm Hamid al-Barbary, gortaíodh eisean ach gabhadh é i ndiaidh cúpla lá agus scaoileadh ar na saighdiúirí curtha síos dó.
gortaithe is araile injured and so on
" Bhí brú orainn uair nó dhó i rith an tsamhraidh foireann a chur chun páirce nuair a bhí daoine ar saoire, ag obair, gortaithe is araile ach tháinig cuid de na peileadóirí i gcabhair orainn nuair ba ghá.
Ghortaigh sé sin ana-mhór it really hurt me
" Ghortaigh sé sin ana-mhór nuair a bhíos ocht mbliana déag ach ina dhiaidh sin níor chuir sé isteach ná amach orm.
gortú nár chuir isteach orm an injury which hasn’t bothered me
" 2 mhíle? Aontaíonn mo láirig gur mise a rith an maratón, agus anois tá mo rúitín ag cur as dom freisin, gortú nár chuir isteach orm le cúig bliana.
de dheasca a ghortaithe due to injury
" B’éigean dó éirí as an imirt ag aois seacht mbliana fichead de dheasca a ghortaithe.
Fáth an Ghortaithe the cause of the injury
" Fáth an Ghortaithe ======= Pléadh an gortú seo ag comhdháil a d’eagraigh Cumann Lúthchleas Gael i mí Eanáir 2013.
ag plé le gortaithe coiriúla dealing with criminal damages
" I ndeireadh na dála, thug binse fiosraithe a bhí ag plé le gortaithe coiriúla £53,000 di mar chúiteamh agus mar fhaoiseamh.
Gortaíodh an mháthair go dona the mother was badly injured
" Gortaíodh an mháthair go dona agus bhí sí gan mhothú ar feadh cúpla lá sular tháinig sí chuici féin agus tháinig ar an fhírinne.
ghortaigh (it) hurt, injured
" Thit cara le Tony Birtill ar a’ Mhònadh Ruadh in Albain ar na mallaibh, titim a ghortaigh go dona é agus a thug a bhás.
gortú fadtréimhse longterm injury
" D’amharc Colm Mac Séalaigh le deireanas ar an gcith a d’fhliuch saol imeartha na spórt páirce, an gortú fadtréimhse.