Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an caimileon fealltach agus gránna seo this insidious and ugly chameleon
" Tá sé beo bríomhar agus borradh faoi, an caimileon fealltach agus gránna seo.
naimhdeas gránna ugly hostility
" Chomh luath is a bhíothas cinnte de go raibh Osama Bin Laden, Al Qada agus an Taliban (go hindíreach) freagrach as na hionsaithe ar an 11 Meán Fómhair, bhí naimhdeas gránna le feiceáil ar an toirt i gcoinne na nArabach Meiriceánach, daoine de shliocht Meánoirthearach, agus daoine a raibh cuma Arabach nó Mheánoirthearach orthu, naimhdeas a bhí marfach go rómhinic.
gránna ugly
" Siúd faoi dhéin an óstáin sinn, an Howard Johnson, agus as sin caol díreach go dtí an lárionad siopadóireachta atá láimh linn, é gránna go maith ar an dtaobh amuigh, galánta istigh.
gránna ugly
" 'Tá sé sin gránna, glonnmhar agus déistineach!' Agus chuir siad stop leis.
deochanna gránna horrible drinks
" Aontaíonn siad ar fad gur duine uasal é; gur cainteoir maith é; gur spreag sé iad; gur chuir sé iad ag traenáil go dian, gan trócaire; go ndeir agus go ndéanann sé rudaí aisteacha; go n-ullmhaíonn sé iad ar fheabhas le haghaidh cluichí móra sa chaoi is nach ngéilleann siad go deireadh an chluiche; go gcuidíonn sé leo ar bhealaí éagsúla ina saol pearsanta; gur féidir labhairt leis agus nithe a phlé leis; go mbíonn a theach i gcónaí ar oscailt dóibh; go gcailleann sé guaim air féin uaireanta; go dtugann sé deochanna gránna dóibh le n-ól uaireanta; agus go ndéanfadh rud ar bith ar son fhoireann na Mí.
ag spalpadh Gaeilge ghránna/ghnéasach rattling away in ugly/sexy Irish
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? An fhís atá agam féin ná go mbeidh vaimpír álainn baineann ag siúl shráideanna na cathrach istoíche ag baint plaiceanna as daoine agus, in áit vaimpír a dhéanamh astu, go dtosnóidh siad ag spalpadh Gaeilge ghránna/ghnéasach agus nach fada go mbeidh pobal iomlán na cathrach claochlaithe.
Gránna ugly
" "Gránna," a dúirt sé faoin radharc - Príosún Walton, an seaniarnród, na dugaí sa cúlra.
feallanna gránna ugly fouls
" B'fhéidir go m'fhearr le cuid againn cluiche taispeántais ná scliúchais agus troid agus feallanna gránna.
an phéist ghránna seo this ugly worm
" Scaip an phéist ghránna seo go tapa ó ríomhaire go ríomhaire agus chuir sí cuid mhaith ríomhairí as feidhm.
caimiléireacht ghránna ugly dishonesty
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
gránna ugly
" Is ceantar gránna é, ach bíonn miongháire ar mo bhéal i gcónaí agus mé ag tiomáint thar bráid ar mhótarbhealach an M53 nuair a fheicim an fógra mór "Rossmore", agus smaoiním ar a mhacasamhail i nGleann Cholm Cille.
na rudaí gránna the ugly things
" "Foghlaimíonn tú na rudaí gránna faoin saol i bhfad róluath agus tú ag freastal ar scoil chónaithe.
gránna ugly
" Iasc gránna ba dh'ea an liús, nár de dhúchas na háite chor ar bith é ach gailliasc isteach.
gránna horrible
" Mhínigh mé gur fear bóthair mé agus gur ghearr go mbeinn féin ag súil le déirc agus d'imigh siad leo tar éis maslaí gránna a chaitheamh liom.
maslaí gránna horrible insults
" Mhínigh mé gur fear bóthair mé agus gur ghearr go mbeinn féin ag súil le déirc agus d'imigh siad leo tar éis maslaí gránna a chaitheamh liom.
fáilte ghránna an ugly welcome
" Cé gur bhailigh an Chomhairle Contae seancharranna sa cheantar ar phraghas reasúnta i mí Lúnasa, tá an líne carranna seo ann go fóill, ag cur fáilte ghránna roimh chuairteoirí.
aghaidh ghránna ollghnó idirnáisiúnta an Iarthair the ugly face of Western mass business
" Ar thaobh amháin, ba é seo aghaidh ghránna ollghnó idirnáisiúnta an Iarthair ar cuma leis faoi nósanna nó cultúr aon dream eile.
Gallphoic ghránna ugly English dandies
" " Seo mar a thosaíonn an dán "Bealtaine 1916": I Sasana i gcéin ó Éirinn bhúidh Do chaitheas-sa tréimhse i ngéibhinn dlúth Ag Gallphoic ghránna sáite i ndaorbhroid De dheascaibh mo ghrá do Chlár geal Éibhir Mar bhí mo dhúil ó thús mo shaoil I saoirse, i gclú 's i sóchas Gael.
hionsaithe dainséaracha gránna dangerous and ugly attacks
" Tá neart samplaí eile dá leithéid agus ní léir go bhfuil CLG ag déanamh a dhíchill chun deireadh a chur leis na hionsaithe dainséaracha gránna seo a tharlaíonn chomh minic sin.
gránna ugly
" Tugtar ainmhí gránna go minic ar an mbuaf ach deir lucht taighde go dtéann siad i gcion ort tar éis tamaill - go háithrid má bhreathnaíonn tú isteach sna súile orthu.
gránna ugly
" Faoi lathair, tá an rian taobh theas de Stáisiún Uí Chonghaile, ar an droichead gránna thar an Life, mar scrogall don chóras iomlán.
mhinicíocht na gcalaoiseanna gránna the frequency of ugly fouls
" Níl a fhios agam an meallann na cluichí sin mórán lucht tacaíochta breise don chluiche i ngeall ar mhinicíocht na gcalaoiseanna gránna, na himeartha ciniciúla agus an easpa sportúlachta a bhíonn le feiceáil, ach dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa pheil Ghaelach, tá an-seirbhís á tabhairt dóibh ag na cainéil teilifíse ó thuaidh agus ó dheas.
eachtraí neamhspórtúla agus gránna unsporting and ugly incidents
" Gné thábhachtach eile den fhíseán ná gur féidir féachaint siar ar eachtraí neamhspórtúla agus gránna a tharlaíonn ar pháirc na himeartha agus is cúis le drochghortú uaireanta.
bhalla gránna ugly wall
" Rachaidh an dara duais chuig Comhairle Contae Dhún na nGall as an bhalla gránna, déanta as coincréit, a thóg siad ar thaobh amháin de Dhroichead an Mhinistir i lár an Ghleanna.
aeróg ghránna ugly aeriel
" Cé go raibh sé i láthair ag an ócáid, chuir sé in iúl dúinn nach raibh an rialtas sásta pingin rua a thabhairt dúinn! Seo ag am nuair a bhí siad ag caitheamh €8 milliún ar an aeróg ghránna sin ar Shráid Uí Chonaill.
fíricí gránna unsavory facts
" Drochdhuine ======= Cuirtear i gcuimhne dom radharc i leabhar Frank McCourt, *’Tis*, ina gcuireann sé síos ar an dóigh, agus é ina mhúinteoir i ngairmscoil i Staten Island, ar úsáid sé McCarthy chun fíricí gránna a léiriú mar gheall ar charachtar, ar drochdhuine é, i leabhar cáiliúil Nathaniel Hawthorne, *The Scarlet Letter*.
gránna ugly
" Amanna, bíonn sé gránna go leor leis an meascán de thurasóirí ar meisce, striapacha agus gadaithe.
gránna ugly
" Amanna, bíonn sé gránna go leor leis an meascán de thurasóirí ar meisce, striapacha agus gadaithe.
gránna horrible, terrible
" Tá siad ag déanamh roinnt *gigs *gránna nach mbeadh suim agamsa iontu.
gránna ugly
" Tríd is tríd bhí an méid a tharla gránna agus náireach mar ócáid spóirt agus léirigh sé taobh de na cluichí Gaelacha a nochtar ó am go ham agus nach féidir a chosaint.
gránna ugly
" An t-aon smál atá ar an radharc álainn seo ná Ionad Georges Pompidou, foirgneamh uafásach, gránna atá cosúil le rud éigin as drochscannán todhchaíoch agus nach luíonn leis an gcuid eile den chathair in aon chor.
gránna ugly
" An t-aon smál atá ar an radharc álainn seo ná Ionad Georges Pompidou, foirgneamh uafásach, gránna atá cosúil le rud éigin as drochscannán todhchaíoch agus nach luíonn leis an gcuid eile den chathair in aon chor.
ní bhacfainn lena leithéid de rud gránna I wouldn't bother with such an ugly thing
" Agus dúnmharú—ní bhacfainn lena leithéid de rud gránna go deo arís.
a dúnmharaíodh go gránna who were horribly murdered
" B’amhlaidh a rinne na meáin chumarsáide, cuir i gcás, sa raic a tharraing an t-amhrán “Suffer Little Children” a scríobhadh faoin gcúigear páistí a dúnmharaíodh go gránna i Manchain sna seascaidí.
níos táirí agus níos gránna more degrading and more ugly
" ” Gan amhras, tagtar i dtír go minic ar dhaoine leochaileacha sna cláracha seo agus is in olcas atá siad ag dul – tá na bobanna a bhuailtear ar dhaoine ag éirí níos táirí agus níos gránna le gach sraith nua a chuirtear amach.
teachtaireachtaí gránna do-ghlactha unacceptable, ugly messages
" Go minic, seoltar teachtaireachtaí gránna do-ghlactha chuig daoine.
tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna his ugly face was transformed
" Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2007 dó.
an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna a lot of kangaroos, snakes and ugly spiders
" Lár na hAstráile Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom.
gránna ugly
" Nach gránna an barr é nuair a bhíonn sé aibí le haghaidh an fhómhair.
gránna le feáchaint air ugly to look at
" Chuir grúpaí éagsúla in éadan an fheachtais, cuid acu den tuairim go raibh an saothar gránna le feáchaint air agus gur scrios sé áilleacht nádúrtha an cheantair.
go n-éireoidh siad as an nós gránna sin that they'll give up that ugly habit
" Tá súil agam go n-éireoidh siad as an nós gránna sin feasta.
polaitíocht ghránna ugly politics
" Go deimhin, polaitíocht ghránna a bhí i gceist agus deirtear liom go bhfuil sí sa chóras ollscolaíochta ar fad.
ghnúis ghráiciúil ghránna shapeless ugly face
" Ní chuirfidh duine ar bith biogóideacht nó seicteachas i mo leith, go háirithe crúbachán cúngaigeantach colach cunúil de chunús, mar atá ionat, mar is léir ó do ghnúis ghráiciúil ghránna.
rudaí gránna horrible things
" Thosaigh sé ag déanamh bulaíochta uirthi agus ag rá rudaí gránna léi.
bhalla gránna coincréite ugly concrete wall
" eagrán mhí Lúnasa, 2005) ar bhalla gránna coincréite a thóg Comhairle Chontae Dhún na nGall ar thaobh amháin de Dhroichead an Mhinistir i lár an Ghleanna.
bhfírinne ghránna ugly truth
" *”Is léir, mar sin, go bhfuil CFD cumhachtach go leor leis an bhfírinne ghránna taobh thiar d’íomhá mhuirneach an phanda a cheilt ar an bpobal neamhamhrasach.
gránna ugly
" Ag Bun Glas, áit a bhfuil carrchlós ar láthair ard i gceist – thuas 165 méadar in airde – agus radharc iontach de na beanna, bhí ardán gránna déanta as adhmad tógtha ar imeall na mbeann.
ardán gránna ugly platform
" Ag Bun Glas, áit a bhfuil carrchlós ar láthair ard i gceist – thuas 165 méadar in airde – agus radharc iontach de na beanna, bhí ardán gránna déanta as adhmad tógtha ar imeall na mbeann.
gníomh gránna horrible deed
" B'ansin a dhéanadh sé an gníomh gránna agus é as amharc an tslua.
ghránna horrible
" Agus cad faoi phictiúir ghránna Hoyte Van Hoytem, máistir an éadóchais, an débhrí, agus na rómánsaíochta, de réir mar a oireann.
ghránna gháifeach ugly, horrendous
" Gonorrhoea Lectem an t-ainm atá ar an ghalar teagmhálach seo (fuaimnithe mar ‘gonna re-elect ’em’, cé nach bhfuil baint dá laghad ag an ghalar le cúrsaí polaitíochta ná toghcháin – i ndáiríre! i ndáiríre píre!) Faightear an galar seo go furasta agus tá mórán daoine ag fulaingt cheana féin ón drochaicíd ghránna gháifeach seo.
go míofar gránna in an atrocious manner
" D’fhuadaigh an státchóras iad de shráideanna na tíre iad agus caitheadh go míofar gránna leo.
Gránna ugly
" Lorg Láidir an Duine Faraor, chonaic muid rud nua, saorga, Gránna i mbliana fosta, thuas ar an Mhullach Dhubh.
gránna ugly
" Ghlac sé deich mbliana an socrú mór a fháil idir na seacht stát is fiche agus is iomaí chomhghéilleadh gránna atá ann.
ghránna horrible
" Níl sé fíor! Níl ann ach líomhain ghránna agus ráfla.
gránna horrible
" Is fiú a lua chomh maith go bhfuil an dearcadh ann gur gránna an radharc iad go feiceálach ar dhroim na talún agus go gcuireann an torann a dhéanann na muilte isteach ar dhaoine agus ar ainmhithe araon.
gránna horrible
" Bíonn imreoirí ag tabhairt maslaí dá gcéilí comhraic, ag rá rudaí tarcaisneacha lena chéile, ag iarraidh cur as dá chéile i slite gránna, gairgeacha.
gránna ugly
" Ach cad é atá i gclocha buí ach rian gránna millteanach, déanta ag daoine gan meas ar bith acu ar an timpeallacht? Thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ ar an milleadh seo.
ghránna horrible
" Ach in ainneoin an reo anama sin agus gach uafás seaca eile, is éacht scríofa agus aisteorachta é go gcoiméadann an bhean ghránna seo ribe beag dár gcomhbhá suas chomh fada leis na teidil chreidiúna deiridh.
cleasa gránna dirty tricks
" Anuas ar an méid sin, tá líomhaintí tromchúiseacha curtha ina leith, le beirt bhan ag maíomh go ndearna sé éigniú orthu le linn dó fanacht sa tSualainn, cé go bhfuil sé ráite ag a lucht tacaíochta nach bhfuil iontu ach cleasa gránna chun go sciobfaí uaidh a dhea-ainm agus a chlú.
thar a bheith gránna really vile
" Cé go bhfuil scéal an iarshagairt Tony Walsh thar a bheith gránna, is fíor go dtáinig mí-úsáid den chineál chéanna chun cinn i measc sagairt Chaitliceacha Rómhánacha ar fud an domhain.
áit ghruama agus ghránna a grim and ugly place
" Cé go raibh áthas orainn Latharna a bhaint amach, dúirt an leabhar taistil a bhí againn gur "áit ghruama agus ghránna" a bhí ann.
gránna horrible
" Ba mhinic a chuir sé rudaí gránna i mo leith.
gránna horrible looking
gránna ugly
" Tá an t-ádh orainn in Éirinn nár tháinig aon pháirtí gránna náisiúnach den eite dheis ar an tsaol ar nós Pháirtí na Saoirse san Ostair.
shalachar is gránna the worst dirt
" Ag Santú Scéil ======== Bíodh sin mar atá, is cinnte nach fada uainn an chéad ‘sárurghaire’ ins an tír seo mar go bhfuil na nuachtáin thablóideacha ag baint na sála dá chéile ag iarraidh teacht ar an shalachar is gránna faoi mhórphearsain áirithe.
gránna unsightly
" Graffiti atá ansin ó Samhradh 2009! Roimh sin, tá an líne carraigeacha atá péinteáilte buí, geal, feiceálach agus gránna ón fhothrach séipéil go dtí imeall na n-aillte ansin go fóill.
gránna ugly
" Cuireann ‘Mná an IRA’ ar TG4 déistin orm faoin mbealach a bhronnann sé dlisteanacht ar chogadh seicteach gránna na bProvos.
ag daoine gránna by horrible people
" An Dubh ina Gheal ======== Bíodh nach bhfuil an bhagairt de bheith á chiapadh ag daoine gránna ar líne chomh coitianta céanna le cibearbhulaíocht, is ann don chontúirt fós.
ghránna choireacha horrible, criminal
" Thiocfadh sé idir mé agus codladh na hoíche dá bhfeicfeadh duine ar bith de bhunadh an oileáin na pictiúir dhamanta ghránna choireacha sin.
gránna horrible
" Is ar an tsiocair seo atá comhairlí cathracha ag súil go mbeidh ioncam fógraíochta in ann an bhearna seo a líonadh, d’ainneoin barúil chuid den phobal go bhfuil an toradh gránna.
os comhair an impiriúlachais ghránna against horrible imperialism
" (Scríobh an saineolaí cultúir Carl Schorske mar shampla ina leabhar iontach mar gheall ar Vín de chuid Freud agus Klimt gur shlánú intleachtúil an náisiúnachas ann ós rud é gur sheas an bhrionglóid Grossdeutsch an fód os comhair an impiriúlachais ghránna in 1848).
na huirlisí troda is troime agus is gránna the heaviest and most gruesome weapons
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
rudaí gránna scríofa orthu rotten things written on them
" Chonaic mé roinnt bratach le rudaí gránna scríofa orthu.
gránna agus mímhacánta horrible and dishonest
" D’admhaigh sé gur falcaire agus gur bhréagadóir a bhí ann, go mbíodh sé ag maistíneacht ar iomaitheoirí agus ar dhaoine eile, go raibh sé neamhthrócaireach, gránna agus mímhacánta.
aon ionsaí, bog ná gránna any attack, intense or not
" Is é leas cách nach bhfoilseofaí aon ionsaí, bog ná gránna, faoi ainm cleite (ná faoi ainm dílis) a dhéanfadh beag is fiú d’éinne.
smachtbhannaí gránna déistineacha horrible dirty sanctions
" Tá bainc na hÉireann (tá a fhios agaibh na bainc sin a cheannaigh muid tamall ó shin?) ag ullmhú liosta mór fada smachtbhannaí gránna déistineacha.
drochnósanna gránna leithleacha drabhlásacha sloppy, selfish, horrible, bad habits
" “Tá bainc na hÉireann i ndiaidh na drochnósanna gránna leithleacha drabhlásacha a bhí acu a chaitheamh i dtraipisí.
iompar gránna despicable behavior
" Uirísle === Cineál eile iompar gránna atá tagtha chun cinn le déanaí is ea seile a chaitheamh le himreoir eile.
gránna horrible
" Tá a fhios agam go bhfuil Benidorm gránna mar áit, ach sin an áit ina bhfuil na hóstáin saor, agus ní bhíonn sé róchallánach san fhómhar agus san earrach.
toisc cuma chomh gránna sin a bheith ar an gcarr because the car looked so ugly
" Ach ní raibh mé ag éisteacht i gceart leis in aon chor – toisc cuma chomh gránna sin a bheith ar an gcarr! Anois, tá ’s againn ar fad an nath cainte, ní hionann i gcónaí cófra is a lucht.
Deir daoine rudaí gránna liom people say horrible things to me
" Deir daoine rudaí gránna liom sa tsráid.
Ní gá go mbeadh muilte gaoithe aon dath níos gránna turbines wouldn’t have to be any uglier
" Ní gá go mbeadh muilte gaoithe aon dath níos gránna ná mar atá cuaillí aibhléise, nó go deimhin bóithre.
an dá éacht ghránna úd those two horrible acts
" Agus doirteadh go leor fola idir an dá éacht ghránna úd.
Ba ghránna an mhaise dóibh it ill became them
" Ba ghránna an mhaise dóibh a leithéid a dhéanamh, ach, mar a scríobh Phillips ag an am, bhí an t-ár riachtanach “*…to infuse an universal terror*” le cos a bhualadh ar fhrithsheasmhacht an mhuintir dhúchais.
Ba ghránna agus ba uafásach it was a terrible and dreadful
" Ba ghránna agus ba uafásach an rud é an cinedheighilt, nó apartheid.
is gránna ar domhan most horrible in the world
" Seo an pháirc peile is gránna ar domhan, déarfainn, mar tá sé sáite i lár oibreacha ceimiceach agus bhí sé go maith go raibh an taobh eile den scéal ann.
Bhullaí Ghránna lousy bully
" Táthar ag rá cheana féin go bhfuil deireadh le feachtas uachtaránachta an Ghobharnóra Christie, agus go bhfuil a íomhá athruithe go tubaisteach ó cheann an Fhir Ghnímh go ceann an Bhullaí Ghránna.
deighilt ghránna an ugly division
"deighilt ghránna sa tír sin idir iad siúd atá báúil leis an Rúis agus iad siúd atá ar son dlúthnasc a chothú leis an AE.
fhógraí gránna, feiceálacha horrible glaring adverts
" Mar bharr ar an sparán teann a caitheadh le poiblíocht, tá carn mór airgid caite ar fhógraí gránna, feiceálacha, ar mhuin mhairc a chéile, agus tá siad go forleathan san iarthar anois.
ná gránna nor disagreeable
" Ní raibh sé grod ná gránna le duine ar bith, ariamh, go bhfios dom, agus is túisce an gáire chun a bhéil ná a dhath eile.
na heachtraí is measa agus is gránna the worst and most horrible incidents
" Ar an mblag, sonraítear na heachtraí is measa agus is gránna agus bíonn foréigean agus imeaglú luaite go minic sna 60,000 scéalta atá foilsithe ar an suíomh gréasáin ó bunaíodh é in 2012.
gránna horrible
" Dar leis ní rabhadar crua go leor agus ba léir gurb é a bhí i gceist aige ‘ciniciúil’, ‘gránna’, neamhthrócaireach nó ceann éigin de na téarmaí sin a úsáidtear sa Bhéarla le cur síos a dhéanamh ar imreoirí áirithe nár mhaith leis an bhfreasúra teagmháil leo le linn cluiche.
deachtóir gránna horrible dictator
" Bhí an deachtóir gránna Saddam Hussein caite as oifig agus bhí pairlimint daonlathach ina suí san ardchathair.
mbeadh a leithéid mícheart agus gránna such would be improper and horrible
" Chuir an fhógairt an lasóg sa bharrach ar an toirt mar gur mheas daoine go leor go mbeadh a leithéid mícheart agus gránna.
rudaí gránna nasty things
"rudaí gránna ráite ag an iar-Uachtarán Richard Nixon faoi na hÉireannaigh i dtéipeanna a cuireadh ar fáil don phobal le gairid.
gránna ugly
" Tá imní agus fearg ar Tony Birtill mar go bhfuil rudaí gránna, aisteacha agus míchuí á gcur i mbaill áilleachta timpeall Ghleann Cholm Cille.