Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
grúdlann brewery
" Déanann grúdlann Guinness urraíocht ar Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na hÉireann agus tá a gcuid fógraí ina thaobh an-chliste agus éifeachtach ar fad.
ghrúdlanna breweries
" Ma aithníonn tú an t-ainm, b'fhéidir go bhfuil eolas éigin agat ar Pilsner Urquell, an bheoir is fearr ar domhan, b'fhéidir … ach ná ceap gur leithscéal dom an Ghaeilge le cuairt a thabhairt ar ghrúdlanna iontacha na tíre! Maidir liom féin anois, bhuel tá bliain go leith thar a bheith sásúil caite agam anseo, buíochas leis an nGaeilge.
grúdlanna breweries
" Ar ndóigh, ó na hainmneacha amháin is léir gur Ghearmánaigh an dream uilig a chuir tús leis na grúdlanna seo.
grúdlann brewery
" Thóg sé cuan nua leis an iascaireacht a fhorbairt sa cheantar, agus chuaigh sé i mbun roinnt mhaith tionscal, monarcha cnáibe agus grúdlann ina measc.
ó ghrúdlanna from the breweries
" Is cuma más diúgaire nó duine den lucht gnó thú, beidh suim agat sa scéal is déanaí ó ghrúdlanna Miller agus Coors - nó SABMiller agus Molson Coors mar is beaichte a rá.
ré na ngrúdlann beag era of the small breweries
" " ré na ngrúdlann beagD'fhéadfaí a rá gur cuireadh tús le ré na ngrúdlann beag leis an mbeoir seo sa bhliain 1985 nuair a grúdaíodh leagan de Samuel Adams Boston Lager ó sheanoideas mar chomóradh ar Patriot’s Day, ar lá saoire oifigiúil in Massachusetts é, i mí Aibreáin na bliana sin.
doirse na grúdlainne doors of the brewery
" Gach Aoine, idir 5 -7 pm, osclaítear doirse na grúdlainne chun seans a thabhairt don phobal an bheoir a bhlaiseadh mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach.
grúdlann a bhfuil sé de dhánacht aici a brewery which has the audacity
" " Tá an ghluaiseacht seo le feiceáil fiú in Éirinn anois, le leithéidí an Galway Hooker Brewery i Ros Comáin, grúdlann a bhfuil sé de dhánacht aici sampla na micribheoracha Meiriceánacha a leanúint agus an fód a sheasamh i gcoinne na n-ollbhrándaí Éireannacha mar Guinness agus Smithwicks.
ghrúdlann brewery
" Chun a shaol a ceiliúradh, d'ordaigh a dheartháireacha beoir speisialta ón ghrúdlann le grianghraf de James i measc na sléibhte ar an lipéad agus fuair muid uilig buidéal de tar éis na sochraide.
grúdlann brewry
" ”* Imeachtaí deireanach? Fír gnó ag baint úsáid as CP Learphoill ar a son féin, argóint faoi bhogadh go páirc imeartha úr, cáin faoi cheangal le grúdlann, conspóid faoi bhainisteoir agus faoi imreoirí as tíortha eile.
ghrúdlann brewry
" Bolscaireacht den chineál nach dtiocfadh leo é a cheannach: cuairt ríoga ar an ghrúdlann agus ansin Uachtarán Mheiriceá ag ól dheoch náisiúnta na hÉireann.
ngrúdlann brewery
" Chuaigh mé isteach ag obair i ngrúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath nuair a bhí mé ceithre bliana déag d’aois.
Tá smacht ag na pótairí ar an ghrúdlann the drunkards rule the brewery
" Tá smacht ag na pótairí ar an ghrúdlann ach ní dhéarfaidh duine ar bith: “Tá tú ar meisce.