Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
céimithe graduates
" Níl céimithe na linne seo ag lorg postanna a bhfanfaidh siad iontu ar feadh 35-40 bliain sula dtéann siad ar pinsean.
céimithe graduates
" Thogh céimithe Ollscoil na hÉireann agus Choláiste na Tríonóide iad.
iarchéim post-graduate (course)
" Chinn sí ar chúrsa iarchéime sa mhargaíocht a dhéanamh sa Choláiste Náisiúnta um Chaidreamh Tionsclaíoch i Ranalach ach fiú leis an cháilíocht sin bhí deacrachtaí aici fostaíocht a fháil.
céimithe graduates
" Cé gur éagórach amach is amach an tslí nach n-aithnítear céimithe ó ollscoileanna áirithe, ar nós Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, caithfear a rá gur minic gurb iad Seanadóirí na n-ollscoileanna an t-aon ghuth neamhspleách sa Seanad.
céimí graduate
" Mar a tharlaíonn sé, is céimí de chuid Ollscoil Creighton é Keough féin, arb as Iowa ó dhúchas é.
céimithe i dTeicneolaíocht an Eolais IT graduates
" ) Baineann an t-ionad feidhm as céimithe i dTeicneolaíocht an Eolais ó Magee, campas áitiúil Ollscoil Uladh.
chéimithe ollscoile university graduates
" D'eascair an smaoineamh ó eagras darbh ainm An Comhchaidreamh, eagras do mhic léinn agus do chéimithe ollscoile.
ag críochnú iarchéime finishing a post-graduate degree
" Bhíos díreach ag críochnú iarchéime i gColáiste na Tríonóide nuair a ghabh an *wanderlust* seo mé.
líon na mac léinn iarchéime the number of post-graduate students
" Tá an tAire Éadóchais, Noelle Ó Díomásaigh, ag iarraidh comhchoibhneas a chruthú idir feabhas naíonraí áirithe agus líon na mac léinn iarchéime a fhaigheann céad onóracha sa chéim dochtúireachta.
céimí graduate
" "Cuireann sé Tuaisceart Éireann i gcuimhne dom go pointe," a deir Cochrane, ar céimí de chuid Ollscoil na Ríona, Béal Feirste é, agus duine a scríobhann go rialta don iris *Fortnight *a fhoilsítear sa Tuaisceart.
mac léinn iarchéime post-graduate student
" Ach, nuair a d'fhill mé ar an choláiste, in Ollscoil Berkeley, d’fhreastail mé ar rang Gaeilge arís – agus, de bharr gur mac léinn iarchéime a bhí ionam, bhí deontas ar fáil dom le teanga a fhoghlaim i rith an tsamhraidh.
céimí graduate
" ” Meiriceánach eile ======= Cad é mar a tharla sé gur thug O’Toole aghaidh ar Londain? A bhuíochas sin le Gael-Mheiriceánach eile, céimí de chuid Notre Dame as Nua-Eabhrac agus Bostún.
mac léinn iarchéime post-graduate student
" Ach, nuair a d'fhill mé ar an choláiste, in Ollscoil Berkeley, d’fhreastail mé ar rang Gaeilge arís – agus, de bharr gur mac léinn iarchéime a bhí ionam, bhí deontas ar fáil dom le teanga a fhoghlaim i rith an tsamhraidh.
chúrsa oiliúna na gcéimithe graduate training course
" “Bhí mé ag obair le hAIB ar feadh deich mí agus fuair mé taithí an-mhaith ag plé le hiasachtaí corparáideacha agus tugadh deis dom dul ar chúrsa oiliúna na gcéimithe, ach thuig mé nach raibh mé ag baint mórán sásaimh as an obair.
ar fáil do mhic léinn iarchéime available to post-graduate students
" ” Ní haon ionadh, mar sin, go ndeir an Coileánach go mbeidh sé fós ar fáil do mhic léinn iarchéime, fiú agus é éirithe as.
trian de chéimithe a third of graduates
" Fágann trian de chéimithe an tuaisceart gach bliain agus ní philleann 75% acu sin.
vótóirí iarchéime post-graduate voters
" Cuid acu trí liosta vótóirí iarchéime ollscoile; cuid eile ó phainéil éagsúla atá in ainm is a bheith ionadaíoch ar shochaí na hÉireann; agus aon duine dhéag a roghnaíonn Taoiseach an lae.
gach aon chéimí every single graduate
" Siúr téann gach aon chéimí sa tír ag sciáil uair sa bhliain ar a laghad anois, ach ní gach lá a fhaigheann bean deich ndearbhán breise leis na *Corn Flakes*.
ó chéimithe Gaeilge, from Irish language graduates,
" Glacfar le hiarratais ó chéimithe Gaeilge, ó chainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil leibhéal na hArdteistiméireachta bainte amach acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí thuasluaite, ach ar féidir leo léiriú i dtástáil phraiticiúil go bhfuil ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus an Bhéarla acu.
céimithe an chúrsa the course graduates
" Cheana féin tá cúrsa aistriúcháin Europus, a reáchtáiltear i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, ag baint leibhéal na máistreachta (MSc) amach agus tá céimithe an chúrsa in ardphostanna teanga ar fud na tíre agus na hEorpa.
tar éis dóibh a gcéimeanna a bhaint amach. after they had graduated.
" D'imir siad peil agus iad ar an ollscoil, agus lean siad orthu ag imirt nuair a fuair siad postanna i Learpholl tar éis dóibh a gcéimeanna a bhaint amach.
an chéim a bhaint amach to graduate
" ” Tar éis na hArdteiste, chuaigh Liam ar aghaidh go Coláiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile agus, cé nach scoláire mór a bhí ann, dar leis féin, d’éirigh leis an chéim a bhaint amach agus post a fháil láithreach ag múineadh i nGaelscoil, Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i ndeisceart na cathrach céanna sin.
céimí graduate
" ** ** **Ceannródaí**Rugadh Julian Opie i Londain agus is céimí é de chuid choláiste ealaíne Goldsmiths, áit ar bhain sé aitheantas amach dó féin go luath ina ghairm as ucht a chuid ceannródaíochta.
céimí graduate
" Chuaigh oifigigh de chuid an RPF go Meiriceá le go gcuirfí traenáil speisialta orthu chomh maith agus is céimí de chuid an choláiste mhíleata in Fort Leavenworth, Kansas é Paul Kagame.
iarchéimeanna post-graduate degrees
"iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
saothraíonn céimithe ollscoile university graduates earn
" Dé réir an ECFE, saothraíonn céimithe ollscoile thart ar 50 faoin chéad níos mó ná iad siúd nach bhfuil oideachas tríú leibhéal bainte amach acu (Foinse: *OECD Factbook,* 2008).
chéimithe graduates
" Tá daoine ag cailleadh a bpostanna agus tá easpa postanna á gcruthú do chéimithe nua.
ceimí graduate
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
líon na gcéimithe the number of graduates
" Sa chéad dhá bhliain tar éis bhuaileadh na géarchéime, thit líon na gcéimithe a fhanann ina gcontae féin ó 41% go 28% i gcás Thír Chonaill agus ó 17% go 9% i gcás Ros Comáin.
ag céimniú amach as na forais tríú leibhéal graduating from third level institutions
" Ach mar is gnách sna tionscadail dhigiteacha in Éirinn, tá fadhb ann: ní hionann na scileanna atá acu siúd a bhíonn ag céimniú amach as na forais tríú leibhéal is na scileanna atá de dhíth ar na fostóirí san earnáil seo.
céimithe ollscoile university graduates
" ) - Seisear Seanadóir atá tofa ag céimithe ollscoile (triúr ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann agus triúr ó Choláiste na Tríonóide.
céimithe graduates
" Is gairid go mbeidh céimithe sa tír seo, a bhreathnós orthu féin ina gcroí is ina gcnámha mar Éireannaigh, ag tabhairt aghaidh ar an saol go hilteangach agus iad ag saothrú i mbun gach cineál gnó.
céimithe ó roinnt de na forais tríú leibhéal graduates from some of the third level institutes
" Níl aon vótaí ach (i) ag céimithe ó roinnt de na forais tríú leibhéal, na coláistí de chuid an NUI agus TCD, agus (ii) ag polaiteoirí, ’sé sin Comhairleoirí Contae agus baill an Oireachtais.
céimí leighis a graduate in medicine
" Ag an am seo bhí Bashar, céimí leighis de chuid Ollscoil na Damaisce, ina radharceolaí i Londain, gan taithí ar bith aige ar arm ná ar rialtas.
bhain sí céim amach she graduated
" D’fhreastail sí ar ‘BRIT School for Performing Arts and Technology’ agus bhain sí céim amach i 2006.
i ndiaidh di a céim a bhaint after she graduated
" Amhráin Adele ===== Ceithre mhí i ndiaidh di a céim a bhaint, chroch a cara físeán di suas ar an suíomh idirlín ‘*MySpace*’ agus í ag canadh.
céimí ollscoile of uni graduates
" ) Samhlaigh mura mbeadh ar na ceadta céimí ollscoile ag tabhairt faoi dhíol is tacú teicneolaíochta in ionaid glaonna ar fud na cruinne.