Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cárta grafach graphics card
" Má tá cluichí le bheith á n-imirt ar an ríomhaire is fiú cárta grafach neamhspleách (le tuairim is 32 MB cuimhne) a fháil in áit na gceann atá mar chuid den mhicreaphróiseálaí féin.
grafach graphic
" Ansin anuraidh d'fhoilsigh muid an chéad úrscéal grafach Éireannach, *An Sclábhaí* agus tá an-rath air.
dearadh grafach graphic design
" Thosaigh sí ag foghlaim dearadh grafach leis an chomhlacht sin agus ag freastal ar an London College of Printing, áit ar chaith sí ceithre bliana.
dhearthóir grafach graphic designer
" ie )agus do dhearthóir grafach.
dearthóirí grafacha ilmheán multimedia graphic designers
" hu)- suíomh a mbaineann a lán dearthóirí grafacha ilmheán úsáid as.
ealaíontóir grafach graphic artist
" Measann Work at Home Success, eagraíocht teileachomaitéireachta Mheiriceánach, gur seo na postanna is oiriúnaí: cuntasóir, colúnaí, scríbhneoir scripteanna fógraíochta, eagarthóir, taighdeoir, scríbhneoir teicniúil, athscríobhaí, aistritheoir, teicneoir seirbhísithe ríomhairí, riarthóir bunachar sonraí, ealaíontóir grafach, dearthóir suíomh gréasáin, gníomhaire eastáit, agus gníomhaire taistil.
úrscéalta grafacha graphic novels
" Ach feileann sé, mar a fheileann scéalta na hÉireann, don *genre *seo, na húrscéalta grafacha, agus ní gá go mbeadh an oiread sin téacs ann.
mar chártaí grafacha crua-earraí as hard-ware graphics cards
" Ach tá iomaitheoirí ag Havok, agus tá roinnt de na bogearraí a chuireann fisic i bhfeidhm i gcluichí anois á gcur ar fáil mar chártaí grafacha crua-earraí.
dearthóir grafach graphic designer
" Is cinnte go mbaintear barraíocht úsáide as an fhocal “ildánach” ach is focal é atá deacair a sheachaint i gcás Nikki Ragsdale: amhránaí sean-nóis, ceoltóir, dearthóir grafach agus léitheoir lámh.
saindearthóirí grafacha specialist graphic designers
" Tá íomhá dheas thall a rinne grúpa saindearthóirí grafacha ón gcoláiste chun an coincheap a léiriú.
comhéadain ghrafacha graphic interfaces
" Ní hamháin go bhfaigheann tú torthaí níos fearr tar éis duit rud éigin a chuardach, ach tá cuma níos fearr orthu freisin toisc go bhfuil comhéadain ghrafacha acu ina dtaispeántar gach rud i bhfoirm íomhánna deasa.
i bhfoirm dheas ghrafach, in nice graphic form,
" Is suíomhanna iad seo ina dtaispeántar eolas i bhfoirm dheas ghrafach, in ionad mar dhlúthliosta téacs.
an saghas seo cuardaigh ghrafaigh this type of graphic search
" Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
sraithe grafaigh graphic stream
" Tá tuar na fola ann freisin - sa chaoi a n-aistríonn ainmneacha Warren Beatty agus Faye Dunaway ón mbán don fhuildhearg, sula measctar amach as deireadh na sraithe grafaigh sin go beola fhuildearga Faye Dunaway in CU ollmhór.
úrscéal grafach graphic novel
" Tagann scéal Julian Assange agus WikiLeaks, an eagraíocht a bhunaigh sé, díreach as úrscéal grafach.
baineadh feidhm as íomhánna grafacha scéiniúla frighteningly graphic images were used
" Anuas air sin, mhaoinigh siad fógraí sna meáin inar baineadh feidhm as íomhánna grafacha scéiniúla le rabhadh a thabhairt do chaiteoirí faoin gcineál dochair a dhéanann tobac don cholainn.
an doirteadh fola grafach graphic bloodletting
" Ach ní shásódh aon rud eile fear Oxford ach síniú aitheantais Tarantino – an doirteadh fola grafach.