Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
talamh bán fallow land, grass-land
" Braitear an iarsmaíocht Ind-Eorpaise seo fán 'Life Chianda', mar a thagair an Direánach don abhainn, bíodh nach talamh bán ar fad an taobh sin tíre, tá againn, mar shampla, Glas Tuathail, Glas Naíon agus eile.
sifín a stalk of hay/grass
" " Bhí smál ag teacht ar an phictiúr sin a bhí ag Bróna di féin ina suí i gcluain bhláthanna agus sifín ina béal.
Mair, a chapaill, agus gheobhair féar live horse and you will get grass
" Mar a deir an seanfhocal: "Mair, a chapaill, agus gheobhair féar"! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
babhláil féir grass bowling
" Ina ionad sin is cosúil go mbreathnaíonn an stát air seo mar chaitheamh aimsire (caitheamh aimsire atá beagán beag ait freisin) atá ag saoránaigh áirithe, caitheamh aimsire atá ar an leibhéal céanna le babhláil féir nó damhsa salsa.
ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach thinking about the possibilities of life out on grass
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
feachtas i measc an ghnáthphobail a grass-roots campaign
" Eagraíocht darb ainm West Against Racism Network (WARN), feachtas i measc an ghnáthphobail atá lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste, a d'eagraigh an cruinniú.
bhrobh blade of grass
" Agus cén áit a bhfuil an tÁras úr le tógáil? Cén áit eile ach ar Oileán Ghabhla! Is cuma sa tsioc léi nach mbeidh focal Gaeilge le cluinstean thart uirthi ar Ghabhla as siocair nach bhfuil duine ar bith ina chónaí ann; dar léi go mbeidh sí ábalta teanga ársa na nGael a shú isteach ó na clocha agus ón bhrobh.
cruit féir a hump of grass
" Bhí cruit féir i lár an chabhsa a bhí ag imeacht uaidh sa dorchadas mar a bheadh péist lúbach ghlas ann.
orlach féir an inch of grass
" ráflarumour beirttwo (biscuits go callánachnoisily seanbhitseachold bitch an chailleach sinthat hag orlach féiran inch of grass Dom mo chuid airgid ar ais.
lomadh féir the cutting of grass
" Chuala mé ina dhiaidh sin gur ghlac sé le cuid mhór seirbhísí eile saor in aisce – lomadh féir agus bearradh gruaige ina measc; agus chuala mé ráfla, cé nach raibh ann ach ráfla, nár íoc sé pingin as tonna aoiligh a fuair sé cúig bliana déag ó shin.
síolta úra féir new seeds of grass
" Is rud gearrshaolach agus leochaileach é lúbra den chineál seo, a mbíonn daoine ag siúl air, ach tá féar curtha againn a bhíonn in úsáid ar na páirceanna móra peile sa tír agus cuideoidh sin le saol níos faide a thabhairt dó – é sin agus na cuairteoirí a gcuid buataisí móra siúlóide a fhágáil sa bhaile!” D’oibrigh grúpa pobail áitiúil i dteannta leis an chomhairle contae agus English Heritage leis an seanphatrún a leanúint agus na síolta úra féir a chur.
ar bhruach féir on a grass embankment
" Tá sé suite ar bhruach féir i gcarrchlós an tí tábhairne The Fir Tree in Croxteth Park, Learpholl.
ar an bhféar on the grass
" Ach theip air, agus thuirling sé ar an bhféar in aice láimhe.
ar féarach on the grass, retired
" Measann muid fós gur áit í atá an-oiriúnach mar áit le teaghlach a thógáil – agus tá an tseanlánúin seo ar mhuin na muice agus ár saol ar féarach á chaitheamh againn in Canberra! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann.
cíb mountain grass
" Bhí siad seal ar sodar, seal ar cosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus ghleanntáin sléibhe, seal ar an N5 agus seal ar an M50, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí i dtuairisceoirí polaitiúla ó stáisiúin raidió agus ó stáisiúin teilifíse agus ó stáisiúin de gach sórt agus aicme, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog.
cíbe mountain grass
" , le fás éagsúlacht lusanna, an ceannbhán, an néalphortach, an fhraochóg, agus mórán cineálacha féir, cíbe agus fiataíola fosta.
fiataíola vetch, and, tall grass
" , le fás éagsúlacht lusanna, an ceannbhán, an néalphortach, an fhraochóg, agus mórán cineálacha féir, cíbe agus fiataíola fosta.
puinn féir no grass
" Caithfidh sé gur daoine seiftiúla iad an Masai a bhfuil scileanna ársa in úsáid acu mar ní raibh puinn féir le feiceáil sa cheantar ina raibh siad lonnaithe, dar linne, ach bhí siadsan in ann maireachtáil ar an talamh dhearóil sin.
an iomarca féir too much grass
" Tá sé fós den tuairim go mbeidh siad go léir “rooned” ag deireadh an dáin, ach an iarraidh seo de bharr *“bush-fires”* mar gheall ar an iomarca féir tar éis na báistí.
féir grass
" Gan ach sampla a lua, cé go bhfuil feabhas mór curtha ar pháirceanna CLG le roinnt blianta anuas, idir pháirceanna na stáideanna móra go dtí páirceanna áitiúla timpeall na tíre, is minic a tharlaíonn sé (i mBaile Átha Cliath ar aon nós) go mbíonn ar imreoirí dul ag imirt sa tseachtain chéanna ar dhromchlaí éagsúla imeartha idir ghnáthpháirceanna féir, fhód astro agus pháirceanna uile-aimseartha, leathshaorga.
Ar Lánscor out on grass
"Ar Lánscor ===== **Balor:** Nuair a bheas an méid sin déanta agat, a Ardrí, caidé eile atá i gceist agat a dhéanamh le do chuid cumhachtaí nua? **Enda:** Bhuel, ní dhéanfaidh mé mórán an tseachtain seo, a Bhaloir, seachas an Dáil a lánscor.
Machairí Féir grass fields
" Machairí Féir agus Coillte Craobhacha =================== Léiríonn Gammage an dóigh ar chuir luathchoilínigh go leor síos ar a n-iontas nuair a tháinig siad ar mhachairí féir sna háiteanna ina raibh cré bheatha agus ar choillte ag fás sa chré scáinte.
lucht gearrtha féir grass cutters
" Creach Peadar is Díol Pól =========== Daoine atá go láidir ar son bainisteoirí a íoc, beidh le rá acu go n-íoctar go leor daoine eile sa CLG (rúnaithe, lucht gearrtha féir, dochtúirí, srl.
ag iompar beart féir carrying a load of grass
" Is gearr go bhfaca mé bean ag iompar beart féir ar leathghualainn.
cíb dhubh black mountain grass
" Ansin bhí sé seal ar sodar, seal ar chosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus gleanntáin sléibhe, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog.
D’ith luchóga beaga féir little grass mice ate
" D’ith luchóga beaga féir roinnt nuair a thosaigh siad ag gobadh aníos, ach d’ith ainmhithe feirme, ba is caoirigh, an chuid is mó acu, creidim.
ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha the marram/bent grass sand dune habitat
" Bhí ‘drochstádas’ ar ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha, fágaim, gnáthóg atá líonmhar i nDún na nGall.
na cineálacha éagsúla féir the various types of grass
" Mar shampla, molann achoimre suímh an LCS (cód 000190) na cineálacha éagsúla féir atá le fáil sa cheantar, mar shampla féar caorach agus luachair gabhair.
faoi féara about grasses
" Mar a deir an leabhar Flóra Chorca Dhuibhne faoi féara: ‘Is iad na plandaí is tábhachtaí ar domhan ó thaobh éiceolaíochta agus eacnamaíochta de.
ag snámh trí dhufair an fhéir crawling through the jungle of grass
" Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.