Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
grinneall bottom (of the sea)
" I bhfichidí na haoise seo caite thaispeáin an Ginearál Billy Mitchell go bhféadfadh eitleán amháin long chogaidh ar bith, dá mhéad í, a chur go grinneall.
a raibh ar ghrinneall an chupa everything that was at the bottom of the cup
" " Shlog sé siar a raibh ar ghrinneall an chupa agus d'éirigh ina sheasamh.
de ghrinneall a linn snámha caoga méadar from the bottom of his fifty-metre swimming pool
" Bhí Diarmuid bocht ag glacadh scíste ón dianobair a bhí ar siúl aige le deich mbomaite roimhe sin, é i ndiaidh a bheith ag treorú a chuid oibrithe sa dóigh ab fhearr leis na buidéil fholmha *champagne* a bhaint de ghrinneall a linn snámha caoga méadar i sciathán thiar a thí.
ar ghrinneall na farraige at the bottom of the sea
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
ar ghrinneall na mara. on the sea bed
" Thit raic an eitleáin san fharraige mhór dhomhain, ach d’éirigh leis na himscrúdaitheoirí na taifeadáin a aimsiú ar ghrinneall na mara.
ghrinneall na farraige seabed
" Is é sin, an ola faoi ghrinneall na farraige nó an mianach faoi shlios an tsléibhe, ní acmhainn é go gcruthaítear inneall a dhófas an ola, nó go dteastóidh soitheach a dhéanfar as miotal.
grinneall na farraige seabed
" Tá an bád ag dul go grinneall na farraige agus gan lámh an chaiftín ar an stiúir.
grinnill thirime dry bottoms, wadis
" Ní shroicheann aon uisce sna haibhneacha seo an loch, de ghnáth, mar nach mbíonn iontu den chuid is mó ach grinnill thirime, agus poill uisce anseo is ansiúd iontu.
ghrinneall bottom
" org/wiki/Fr%C3%B3%C3%B0i) Mé féin agus mo mháthair a rinne an turas, seanphéire reathaithe (sa dóigh is nach ngearrfaí na cosa dínn) agus bríste gairid orainn sa dóigh is go dtiocfadh linn treabhadh tríd an uisce agus na crústaigh a scríobadh de ghrinneall na farraige agus amach as íochtar carraigeacha.
ghrinneall (sea-)bottom
" Faoi dheireadh b’éigean dul ar thóir na hola i dtobair ar ghrinneall na farraige.
grinneall na farraige the sea bottom
" Bhí sé i gceannas ar thuras taiscéalaíochta i 2007 a chuaigh go grinneall na farraige dhá mhíle faoin Mol Thuaidh, agus cé go maíonn Chilingarov gur thuras eolaíochta ab ea é, léiríonn an bhratach Rúiseach a chuir sé ann go raibh níos mó ná an eolaíocht amháin ar a intinn aige.
Saibhreas an Ghrinnill rich(es) of the sea bottom
" Saibhreas an Ghrinnill ========= Tá fáth simplí amháin leis an gcogadh béil seo – meath an oighir de bharr athrú aeráide.
ghrinneall (sea)bottom
" Samhlaigh tú féin mar dhealbh ach in áit a bheith i do sheasamh ar phlionta i ndánlann nó i lár cearnóige poiblí leis na colúir ag eitilit thart ort, tá tú ar an ghrinneall go domhain i bhfarraige agus gach cineál ainmhí mara ag snámhaíocht ar dhromchla do choirp.
ghrinneall na habhann river bottom
" (D) An Siocadh Síos ========= Ní thig le hainmhí fuarfhola cosúil le loscainn nó iasc, an cholainn a choinneáil te i rith an gheimhridh, ach is ainmhithe éirimiúla, seiftiúla iad seo! Múchfaidh siad i linn uisce faoi na carraigeacha nó faoi lomáin ar ghrinneall na habhann nó ar leaba an locháin.
ghrinneall bottom
" Maidir leis féin, fásfaidh eireaball ar ais le himeacht ama – roinnt seachtainí! Nuair atá siad réidh chun ubh a bhreith, ní thiocfaidh ach ubh amháin ag am faoi leith, agus clúdófar le lustran é ar ghrinneall an locháin.
ar ghrinneall na mara on the sea bottom
" Tá ciúnas an bháis sa longlann anois agus an long dobháite ar ghrinneall na mara; tá sárpheileadóir, ar chlúití a scileanna ragairneachta ná a scileanna peile in amanna, ar shlí na fírinne mar gheall ar an iomarca fuisce agus fuair aicme oibre dílseach bás ina sluaite ag an Somme mar gheall ar impiriúlachas an gheilleagair.
go grinneall na farraige to the seabed
" Cé ’ shamhlódh go mbuailfeadh sí cnoc oighir ceithre lá ina dhiaidh sin agus go rachadh sí go grinneall na farraige le 1,517 duine ar bord? Tá scéal an Titanic go fóill ina ábhar suime, tubaiste agus diamhrachta ag daoine ar fud an domhain, agus is mar gheall ar an spéis seo go bhfuil togra ollmhór turasóireachta curtha ar bun i mBéal Feirste.
ghaineamh mín ghrinneall na mara fine pebbled sand from the (ocean) bottom
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.