Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nuair a ghrinnigh sé when he closely studied
" Agus seo agaibh anois roinnt dá bhfaca Balor Fáidh nuair a ghrinnigh sé putóga an tráchtaire polaitíochta a bhí aige mar dhinnéar Lá Nollag: **Earrach 2002**: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh caint mhór ar olltoghchán in Éirinn.
ag grinniú examining closely
" Níl rud ar bith níos fearr amuigh, dar le Balor an Scolardach, ná bheith cuachta cois tine ó oíche go maidin, do chosa ar an bhac, do thóin ar an chúisín, gloine lán i nglac amháin agus an cianrialaitheoir sa dorn eile, tú ag grinniú grafanna agus táblaí, ag éisteacht le Brians Ó Fearghaíl ag bladar leis agus tú ag fanacht go foighdeach le toradh an naoú cuntas déag ó Scibirín Thoir Theas.
ag grinniú phutóga bó scrutinizing a cow's intestines
" Agus os ag caint dúinn ar na ba, bhí Balor ag grinniú phutóga bó ar na mallaibh le tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoin bhliain atá romhainn amach.
grinniú visually inspecting
" An Spéis ina Leithscéal Tá iontas le feiceáil ar aghaidheanna na gcuairteoirí agus iad ag siúl thart go ciúin machnamhach ag grinniú na marbhán agus na mball coirp éagsúil atá ar taispeáint agus is mar gheall ar an spéis ollmhór seo a chosnaíonn Premier Exhibitions iad féin ón ghearán go bhfuil siad ag teacht i dtír ar na mairbh agus ag tacú leis an sárú atá á dhéanamh ar chearta daonna sa tSín.
Grinníonn lucht saineolais experts examine
" An dtig linn corraí? Grinníonn lucht saineolais gnéithe de scéal an téarnaimh, más téarnaimh é, ag Tóstal na Gaeilge a cheistíonn nó a dheimhníonn nach amháin go bhfuil gothaí orainn ach go bhfuil an cur chuige i gceart.
Ghrinnigh studied, scrutinized
" Ghrinnigh Pat Butler fíricí na cáinaisnéise inné agus bhreac roimhe mar a nocht an scéal i rith an tráthnóna.
grinniú checking
" Bréagshanas a imríodh ar shloinne a mhuintire féin i measc rudaí eile a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa, nó Ciarán Mac Géibheannaigh ó cheart, agus é ag grinniú daonáireamh a rinneadh nach mór céad bliain ó shin.
Ghrinnigh double checked
" Ghrinnigh Robert McMillen iompar na bpóilíní deireadh mhí na Samhna.