Pota Focal Intergaelic
drip | grid | grim | grin | gripe
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
greim daingean tight grip
" Brú ar na contaetha eile ======= Diaidh ar ndiaidh b'éigean do na contaetha eile sampla Átha Cliath agus Chiarraí a leanúint ach thóg sé tamall maith orthu an caighdeán a bhaint amach, ach faoi dheireadh na n-ochtóidí d'éirigh le Contae na Mí agus le Corcaigh an greim daingean a bhí ag Ciarraí ar Chorn Mhic Ghuidhir a scaoileadh.
ag dul i ngleic leis coming to grips with
" Tá an chathair ag dréim le City of Culture 2008 a bhaint amach, ach an bhfuil ailtireacht an Tuaiscirt réidh dá leithéid? D'admhaigh Ciarán Mackel, atá ina bhall den choiste Imagine Belfast 2008 Creative Team agus atá nuathofa mar uachtarán ar an Royal Society of Ulster Architects, nach bhfuil ailtireacht an Tuaiscirt ag dul i ngleic leis na hathruithe atá ag tarlú sa chathair.
greim grip
" Ba mhaith le Rialtas na hIndinéise greim a fháil ar thíortha éagsúla le talamh agus acmhainní a fháil.
i ngreim docht daingean in a firm strong grip
" Tá na stáisiúin raidió i ngreim docht daingean ag comhlachtaí idirnáisiúnta ar mian leo a gcuid ealaíontóirí a bhrú chun cinn.
greamáin grips
" Ach ní chuireann sin isteach oiread ort nuair a fheiceann tú na púdailíní beaga sin, a gcuid "gruaige" sínte siar óna n-aghaidh go deas néata le greamáin pháistí, agus iad á n-iompar ar na staighrí beo síos go dtí na *métros*, i mbaclainn a n-úinéirí.
greim aontachtach unionist grip
" Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach? Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe.
greim docht daingean a strong firm grip
" Scairteann sé *suas *agus scairteann sé *síos*: “An *thuas *a bhí mé nó *thíos*? Nó an ag dul *suas *an staighre a bhí mé nó ag dul *síos*? Nó ag teacht *anuas *nó ag teacht *aníos*?” Agus macalla na gceisteanna sin fós ag preabadh *anonn *agus *anall *ó bhalla go balla agus *suas síos *ó shíleáil go hurlár, cluintear glór uaigneach caointeach ag teacht ón seomra folctha: “Agus an ag dul *isteach *sa tobán seo a bhí mé, nó ag teacht *amach *as?” *Thíos *sa chistin, agus é fós ina shuí ag an tábla, beireann Réamó greim docht daingean ar a chupán.
greim docht strong grip
" Love, fiú! Bhí lionn dubh ar mo chroí agus mé ag imeacht as an Maláiv, ní hamháin mar go raibh mé ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, ach toisc go raibh mé ag fágáil cairde a bhí mar a bheadh teaghlach agam, agus ag fágáil tíre a bhí tar éis greim docht a fháil ar mo chroí.
i ngleic le coming to grips with
" Tugtar léiriú thar cionn anseo ar shaol an tseomra ranga agus bhainfeadh idir fhoghlaimeoirí agus mhúinteoirí an-phléisiúr as na meancóga greannmhara a thagann chun cinn, de réir mar a bhíonn na carachtair éagsúla i ngleic le castachtaí na teanga: “Gabh mo leithscéal,” arsa Siobhán.
ag dul i ngleic leis an saol úr seo getting to grips with this new life
" Tá a scannán bunaithe ar an dráma amharclainne The Kings of Kilburn High Road le Jimmy Murphy agus dírítear ann ar scaifte fear a fhágann a mbaile i gConamara sna seachtóidí lán de bhrionglóidí faoin saol úr atá rompu i Londain, agus ar na deacrachtaí a bhíonn acu ag dul i ngleic leis an saol úr seo mar atá sé i ndáiríre.
dul i ngleic le go get to grips with
" Feicim go bhfuil John ag iarraidh dul i ngleic le staitisticí Majdanek.
i ngleic leis to grips with
" " Téann Kings i ngleic leis na ceisteanna móra atá a gcur faoi láthair fá dtaobh d'asamhlú na n-imirceach in Éirinn agus sa Bhreatain.
go rachaidís i ngleic le fadhb na caimiléireachta that they would get to grips with the probolem of corruption
" Gné amháin de pholasaithe PiS a thaitin le formhór na bPolannach thiar in 2005 ná an gealltanas a thug siad go rachaidís i ngleic le fadhb na caimiléireachta i saol na tíre.
dul i ngleic get to grips with
" I measc na bhfadhbanna eile a raibh ar an Rialtas dul i ngleic leo le sé mhí anuas bhí an fhianaise “dhochreidte” a thug an Taoiseach, Bertie Ahern, agus é os comhair Bhinse Fiosraithe Mahon.
chun dul i ngleic to deal with, to get to grips with
" Bronnfar breis cumhachtaí chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus le comhbheartas fuinnimh a leagan amach.
dul i ngleic leis an chreimeadh get to grips with the erosion
" Tá gá lena leithéid de phleanáil fosta le go dtabharfar deis dóibh siúd atá i gcatagóir C –** **is é sin, na pobail is laige teanga**, **de réir na tuarascála – dul i neart agus dul i ngleic leis an chreimeadh a d'fhág na ceantair sa riocht ina bhfuil siad.
le dul i ngleic to get to grips with
" Faoi láthair ar a laghad tá siad ag obair as lámh a chéile ar chláracha praiticiúla le dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla a bhaineann le saol dhúchasaigh na hAstráile mar atá sé faoi láthair.
bheadh sé níb fhearr dó dá rachadh sé i ngleic leis na hamhráin ghrá it would have been better for him if he had got to grips with the love songs
" Bhí sé an-dian air agus bheadh sé níb fhearr dó dá rachadh sé i ngleic leis na hamhráin ghrá ag an staid sin dá shaol.
ag dul i ngleic getting to grips
" Is mar gheall ar Bianca a éiríonn Lars lách le daoine agus a thosaíonn sé ag dul i ngleic lena chuid deacrachtaí.
dul i ngleic get to grips
" Ní hamháin gur gá dóibh dul i ngleic leis an bplódú tráchta a bhíonn i gceist arís ag an am seo den bhliain agus na páistí fillte ar scoil, ach caithfidh siad dul i dtaithí ar chórais nua theicniúla.
Le dul i ngleic le to get to grips with
" Le dul i ngleic le fadhb thithe na mbocht in Éirinn agus leis na fadhbanna sa choilíneacht araon, cuireadh tús leis an scéim inimirce thuasluaite.
rachadh i ngleic leis would get to grips with
" Thuigfeá fosta don té a mheasfadh go raibh an toil poiblí ann glacadh le beartais dhiana dá chineál a rachadh i ngleic leis an ghéarchéim airgeadais.
greim grip
" Bíonn daoine ag caint faoi Pháirtí na nOibrithe mar chumann rúnda ach cad faoin f***** cumann rúnda a bhí ag na Ridirí? Bhí greim an-láidir ag na Ridirí in RTÉ agus bhí siad go láidir ar an eite dheis.
dul i ngleic get to grips
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
i ngleic leis to grips with
" Thosaigh an caighdeán maireachtála ag titim agus chuaigh rialtais ar fud an domhain i ngleic leis an fhadhb go tapaidh.
gafa in the grip of
" Cé nach bhfuil an tír ag brath ar ghás na Rúise, tá sí fós gafa ag breoslaí iontaise go ginearálta.
dul i ngleic le get to grips with
" Lena chois sin, tá traidisiún fadbhunaithe ariamh anall in Éirinn gur fir is mó a bhíonn ag traenáil foirne peile is iomána agus, cé go bhfuil sé in am dul i ngleic le buanchruthú inscne den chineál sin, is mall a mhilleann na muilte in amanna.
dul i ngleic le get to grips with
" In Iomaíocht B’éigean do Gormley dul i ngleic le healaíontóirí mór le rá eile ar nós Anish Kapoor agus Tracey Emin leis an choimisiún seo a bhaint agus deir sé go mbeidh an saothar seo ina phortráid ar Bhreatain na linne seo.
greim grip
" Is cluiche é a fhaigheann greim ar shamhlaíocht na ngasúr ó aois an-óg.
i ngleic to grip(s)
" Easpa ceannródaíochta le dul i ngleic le géarchéim an gheilleagair agus gan an téagar polaitiúil léirithe le go mbeadh meas coitianta tuillte aici (à la Dan Quayle).
srian a grip, hold, restraint
" Tugadh isteach ó Mheiriceá Theas d’aon turas sa bhliain 1935 é, le srian a choimeád ar chiaróga sna plandálacha chána siúcra ar chósta thuaidh Queensland.
chuaigh chun sleanntracha got to grips
" Agus an méid sin éagsúlachta eitní i mBurma, ní dhéanfar iontas de nach iad na Carainn an t-aon ghrúpa eitneach amháin a chuaigh chun sleanntracha le rialtas brúidiúil na tíre.
ag iarraidh smacht trying to (get a) grip
" Bím ar an RnaG agus mo ríomhaire le mo thaobh ó mhaidin go faoithin lá an chomhairimh, ag iarraidh smacht a chur ar na huimhreacha a thagann chugainn as chuile chearn ar fud na tíre, le go mbeidh coiste saineolaithe an chláir agus na héisteoirí sa mbaile in ann ciall a bhaint as an eolas go léir.
dul i ngleic le get to grips with
" D’fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Seanadóir Stephen Smith, go mbunófaí meitheal ar leith le dul i ngleic le sábháilteacht na mac léinn Indiach.
dul i ngleic leis getting to grips with
" Molann an dream seo fadhb shistéamach a réiteach gan dul i ngleic leis an bhfadhb bhunúsach: an meon Chicagóch.
dul i ngleic getting to grips
" Ach seo atá molta: 2009 Annus horribilis na Gaeilge: Deireadh le Roinn rialtais faoi leith do chúrsaí Gaeltachta agus gearradh 196 ball dá fhoireann; Údarás na Gaeltachta le briseadh ina ghiotaí agus a chúraimí le scaipeadh soir siar; deireadh le ceann de na tionscail is dúchasaí agus is rathúla sa Ghaeltacht, is é sin, na Coláistí Samhraidh; gan aon ionadaíocht faoi leith ag an Ghaeltacht nó ag an Ghaeilge ag bord an Rialtais; deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge agus leis an Scéim Tithíochta Gaeltachta; deireadh leis an eagraíocht a bhí ag dul i ngleic le riachtanais Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.
greim grip
" Cé go bhfuil an Chríostaíocht faoi bhláth in Ogoniland, tá greim daingean fós ag na creidimh thraidisiúnta ar aigne na ndaoine.
greim a grip
" Cé go raibh ar a sinsir iompú ar an gCríostaíocht i ndiaidh dóibh teacht go Meiriceá Theas, choimeád siad greim ar ghnéithe dá gcreideamh Afracach traidisiúnta.
greim a grip
" Ach, ainneoin nach cuid de thraidisiún dúchais na Samhna in Éirinn é, is rud é an vaimpír atá i ndiaidh greim an-láidir buanseasmhach a fháil ar shamhlaíocht phobal na hÉireann, agus a líonann oícheanta fada dorcha an tséasúir seo le himní agus le critheagla.
greim a grip
" Míníonn sé cad atá i gceist aige: an bealach a n-imrítear an pheil anois ná go mbeireann imreoir greim ar an liathróid, ritheann, iompraíonn í chomh fada agus is féidir, cuireann ar aghaidh, cliathánach nó siar í ar an seachadadh láimhe chuig leathbhádóir a dhéanann an rud céanna agus ar aghaidh mar sin go dtí go bhféachfar le scór a aimsiú nó go sciobfaidh, nó go ‘ngoideann’, an freasúra an liathróid.
i ngleic leis to grips with
" Tuigim go bhfuil sé deacair gabháil i ngleic leis na bealaí cumarsáide nua.
i ngleic to grips
" Mar sin, is fiú go mór féachaint siar ar scéal na tíre sin agus ar an chaoi a ndeachaigh a muintir i ngleic leis an ghéarchéim acu féin.
greim a grip
" Is beag ollpháirtí eile san Eoraip a bhí chomh cumasach le Fianna Fáil i mbun polaitíochta, ag déanamh athnuachan ar a dhúnghaois de réir mar ba ghá agus ag coinneáil greim ar chumhacht.
i ngleic to grip(s)
" Tá sin ar na fáthanna go bhfuil an idirbheartaíocht atá ag dul ar aghaidh faoi láthair chomh malltriallach sin, táthar ag dul i ngleic le mórtas cine dhá dhream atá in iomaíocht lena chéile le corradh le 200 bliain.
greim an fhir bháite a dying grip
" Is é atá againn in oidhreacht na dtaifeadtaí agus na leathanach de chur síos ar na faisnéiseoirí a théann leo, a d’fhág tionscnamh Doegen ina dhiaidh agus atá curtha inár láthair ar shlí chomh soiléir sin ag Róise, ná grianghraf, grianghraf a glacadh ag am faoi leith i saol na hÉireann ina dtairgíonn daoine a choinnigh greim – in amanna greim an fhir bháite – ar ar mhair dá gcultúr béil, samplaí de na gnéithe a ba luachmhaire leo féin: seanscéalta agus amhráin, agus, lena chois sin uaireanta, eachtraí as a saol féin.
greim grip
" Is cuimhin linn meanma ollmhór an dóchais a fuair greim ar shamhlaíocht na ngnáthdhaoine nuair a tháinig Tony Blair i gcomharbacht ar John Major i 1997.
ngleic grip(s)
" Díomá na hEite Clé === Níor éirigh go rómhaith leis an Lucht Oibre dul i ngleic leis an neamh-chomhionannas, afách, atá níos measa sa Bhreatain ná mar atá in aon tír Eorpach eile.
i ngleic leis to grasp it, get to grips with
" Rinne an tAire Besson iarracht dul i ngleic leis na rátaí iomarcacha seo mí na Bealtaine nuair a bhuail sé le hionadaithe na gcomhlachtaí aistrithe airgid is mó.
dul i ngleic leis get to grips with
" Chuir an easpa moltaí sa Dréacht Straitéis chun dul i ngleic leis na bacanna atá sa mbealach roimh dhaoine, ar mhaith leo Gaeilge a úsáid, díomá orm.
gabhaíl i ngleic take control, get to grips
" Creidim féin áfach go n-éireoidh leis na Sínigh gabhaíl i ngleic leis na fadhbanna seo agus go mbainfidh siad amach an chéad áit i réimse an bhuntaighde gan mórán moille.
greim an fhir bháite a ‘deadfast grip’
" Ag coinneáil greim an fhir bháite ar a gcumhacht a bhí siad.
dul i ngleic leis get to grips with
" Is féidir le matamaiticeoirí dul i ngleic leis an saghas áilleachta seo de bharr shaothar fear amháin thar aon duine, fear a chuaigh ar shlí na fírinne i lár na míosa seo caite.
dul i ngleic le get to grips with
" Tá sé cosúil le bheith ag snámh in aghaidh srutha, tá sé an-deacair ach is fiú go mór an teanga agus caithfidh muid é seo a dhéanamh!” Fógairt na hÉigeandála ======== **ONT: Céard atá orainn déanamh le dul i ngleic le rudaí?** DB: “An chéad rud ná an cnaipe práinne a bhrú”.
fuair greim ar got a grip on
" Tá an chuid is mó de na scaranna in *Arsenal* i lámha an Mheiriceánaigh Kroenke, an Iaránaigh Moshiri agus an Rúisigh Usmanov; is le Mansour, billiúnaí ola ó Abu Dhabi an club *Manchester City*; is le billiúnaí ola eile, an Rúiseach Roman Abromovich, *Chelsea*, an club atá ar bharr na Príomhshraithe i Sasana agus cheannaigh Meiriceánach amháin *Manchester United* le déanaí ó Mheiriceánach eile, Malcolm Glazer, a fuair greim ar scaranna Man U nuair a dhíol an bheirt Éireannach, Dermot Desmond agus J.
greim fáiscithe a tight grip
" Pingneacha Gann ========= Ag deireadh thiar thall, is ceist ghnó atá ann do na comhlachtaí a bhfuil greim fáiscithe acu ar an gcluiche sacair i Sasana.
ag dul i ngleic get to grips
" Cé gur admhaigh an tAire Pat Carey, sa gcur i láthair meáite stuama a rinne sé, nach bhfuil ach “idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa nGaeltacht,” níor thug sé le tuiscint go mbeidh an Straitéis ag dul i ngleic, go príomha in aon bhealach, leis an ngéirchéim teanga sa mhéidín beag de Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge fós á husáid mar theanga i measc an phobail.
dul i ngleic get to grips
" B’fhearrde dúinn cruachan agus ár n-aghaidh a thabhairt ar an anachain agus dul i ngleic lenár gcuid fadhbanna go stuama.
le dul i ngleic leis to get to grips with
" Is léir ó na cáipéisí, mar shampla, go raibh Coiste na Logainmneacha toilteanach comhairle a chur ar an rialtas maidir le córas códuimhríochta a bhunú le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhain le seachadadh litreacha a bhí á seoladh as Sasana le seoltaí i nGaeilge.
ag dul ‘i ngleic’ getting to grips
" Feictear beirt de chosantóirí Cill Chainnigh sa ghrianghraf ag dul ‘i ngleic’ le Dan le linn na himeartha.
dul i ngleic get to grips
" Fear deisbhéalach é Noonan agus tá sé de bhua aige go dtig leis dul i ngleic go han-ghasta le fadhbanna agus le dúshláin úra.
greim a grip
" Brains Bocht Cowen! Tháinig sé fríd an dara reifreann ar Chonradh Lisbon; choinnigh sé greim ar an tír nuair a tháinig an ghéarchéim gheilleagair; stiúir sé sinn trí thrioblóid i ndiaidh trioblóide gan tuisle, gan leagadh, gan leonadh, ach… Nuair a bhí cluiche beag cairdiúil gailf aige le Seánie Beag Fitzpatrick, bhuel, bhí a phort seinnte.
greim hold, grip
" Éiríonn na géaga tosaigh níos tibhe mar thaca don Loscann nuair a bheireann sé greim ar an mbaineannach.
greim a grip
" Leoga, is léir nach mbeidh an tuaisceart ina thosaíocht ag an rialtas úr ó dheas - tá tograí ar fiú £400,000 geallta ag ancien regime Fhianna Fáil ach ní fios an dtabharfaidh rialtas Kenny an gealltanas céanna, cnámh eile spairne a bhfaighidh Sinn Féin greim uirthi.
greim chomh docht such a firm grip
" Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil.
dul i ngleic le get to grips with
" Agus ní féidir dul i ngleic le haon fhadhb mura dtuigtear go bhfuil a leithéid ann sa chéad dul síos.
greim chomh docht such a firm grip
" Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil.
a ngreim their grip
" Maidir le Fine Gael, má thagann aon fheabhas ar chúrsaí geilleagair sna blianta amach romhainn, daingneoidh siad a ngreim ar a stádas mar an páirtí is mó sa tír.
dul i ngleic leis to get to grips with
" Ó thaobh comhréire agus fuaimeanna de, bíonn sé furasta go leor dul i ngleic leis an teanga labhartha.
dul i ngleic leis to get to grips with
" Chuirfeadh a leithéid de scéal bac mór ar na hiarrachtaí atá ar bun ag leibhéal Eorpach dul i ngleic leis an ghéarchéim fiachais.
gréim cheart a proper grip
" Tchím mo dhaltaí Iodáilise agus i ndiaidh dóibh 12 bliain a chaitheamh leis an teanga níl gréim cheart acu ar an mhodh fhoshuiteach, agus tá sé an-tábhachtach san Iodáilis.
dul i ngleic leis to get to grips with
" Maítear go mbíonn leisce orthu dul i ngleic leis na fadhbanna sóisialta a eascraíonn go rialta as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca airgid sna fearais chearrbhachais dá dheasca.
i ngleic leis to grip(s) with
" Siúltar raon leathan mothúchán agus na húdair ag dul i ngleic leis an bhás, idir an duairceas, an cur síos lomnocht agus fiú amháin an greann.
le dul i ngleic leis to get to grips with
" Chuir an rialtas i bhfeidhm Réiteach an Aigéin Chiúin le dul i ngleic leis an ngéarchéim.
greim docht coinnithe a firm grip kept
" Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis.
raidhfil ina ghlaic gripping a rifle
" Saighdiúirí faoi éide duaithnithe ar nós craiceann síoraif, rud a bheadh níos fearr sa ngaineamhlach ná ar an sliabh, agus raidhfil ina ghlaic ag chuile dhuine acu.
smacht a fháil to get a grip
" Mar a fheicimse an scéal, caithfear glacadh leis go bhfuil ciorruithe de dhíth, má tá seans ar bith ann go mbeifear in ann smacht a fháil ar chúrsaí airgeadais.
greim dhaingean a firm grip
" Fiafraíonn duine éigin dá chara, “Focail chomh mín chomh cneasta leó cionnus thárlóchadh go mbeadh cealg ionntu?” Cé nár ghlac naimhdeas eitneach Corkery greim dhaingean ar intleacht Niall Tóibín riamh, ní foláir nó go n-oireann ceist seo Corkery leis.
greim éadmhar ar a jealous grip
" Ar ndóigh, bíonn buntáiste nach beag ag seanfhondúirí an tSeanaid sa mhéid is go gcoinníonn siad greim éadmhar ar a ngréasán vótála fadbhunaithe trí fhéiríní a bhronnadh orthu ag aimsir na Nollag mar shampla.
dul i ngleic get to grips
" Ní mór glacadh leis an domandú agus dul i ngleic leis na hollfhórsaí cultúir agus sóisialta a bhaineann leis.
greim docht daingean a solid grip
" Bunaíodh script an BBC ar mhalairtí fisiciúla, malairtí a ghlacann greim docht daingean ar an lucht féachana gan mhoill.
chun dul i ngleic leis to get to grips with
" Tá athruithe móra i gceist dá réir chun dul i ngleic leis an bhfadhb feasta, banc sonraí nua-Naitsithe san áireamh.
dul i ngleic get to grips
" ‘Más é sin an méid’ a dúras liom féin, ‘ar féidir leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a dhéanamh le dul i ngleic leis an ngéarchéim, ina bhfuil an Ghaeilge sa nGaeltacht, caithfidh go dtuigeann siad go bhfuil an cath caillte’.
le dul i ngleic leis an mheath to get to grips with the decline
" Mhaígh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nach mairfeadh an teanga mar roghatheanga an phobail níos mó ná fiche bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath.
ag dul i ngleic coming to grips
" Déantar staidéar ar na braistintí scoiteacha a mhothaíonn an bheirt acu agus iad ag dul i ngleic lena gcailliúint chomh maith leis an scéala gur coinníodh baill coirp a n-iníne, Teresa, san otharlann i ngan fhios dóibh.
I nGreim ag Suímh in the grip of (internet) sites
" I nGreim ag Suímh ======== Choimeád taighdeoirí súil ar dhaltaí ar feadh 15 nóiméad a fhad is a bhí siad ag tabhairt faoi obair bhaile a bhí thar a bheith tábhachtach dóibh.
dul i ngleic leis na tromluithe to get to grips with the nightmares
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
le dul i ngleic leis to get to grips with
" Tá an scéim seo an-tábhachtach do gheilleagar agus do shochaí na tíre, de réir Bowen, le dul i ngleic leis an dúshlán a eascraíonn as aosú an phobail ach go háirithe.
greim a grip
" ”* Ach diaidh ar ndiaidh rug na Naitsithe greim ar na sráideanna, rud a bhéimnigh Jackson féinig ina bhreithiúnas cáiliúil mar gheall ar “chath na sráideanna” tar éis don Führer lámh a ghlacaint ina bhás féin.
ag dul i ngleic leis getting to grips with
" Ní léir domsa go bhfuil an rialtas seo ag dul i ngleic leis na fabhtanna sin.
greim daingean ar do ghruaig nó ar do leathchluais a firm grip of your hair or your ear
" Thug na sagairt *"Cannibal Island"* ar an Chreagán agus thógadh siad thú amach as do shuíochán le greim daingean ar do ghruaig nó ar do leathchluais.
greim daingean a strong grip
" Tharla macasamhail seo in áiteanna eile timpeall na tíre a raibh antoiscigh roghnaithe ag an bPáirtí Poblachtánach, agus b'é bun agus barr an scéil gur choinnigh an Páirtí Daonlathach greim daingean ar an Seanad, rud nach rabhthas ag súil leis.
bheas ina ghlaic aige he’ll be gripping
" Cá bhfios, mar sin, nuair a dhúisíonn Henry Ó Seibhleáin maidin Lá Nollag, nach camán saorga ‘Cúltec’ a bheas sa stoca nó faoin gcrann giúise agus nach é an camán ‘plaisteach’ céanna a bheas ina ghlaic aige nuair a bhuann sé an deichiú bonn uile Éireann!?
greim ar acmhainn na táirgiúlachta grip on the means of production
" Chaill muintir na hÉireann greim ar acmhainn na táirgiúlachta, an talamh, thar thréimhse na Géarleanúna ar fad sa dóigh nach raibh ag 95% de na daoine, na Gaeil, ach 5% de thalamh na hÉireann.
a gcuid féin a dhéanamh de get to grips with
" , nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile? Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn *‘Centre for Peace Studies’* thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.
dul i ngleic leis an fhadhb seo getting to grips with this problem
" Tá an domhandú ag cur leis an teannas sin ar bhealaí go leor, ach theip ar Benedict XVI dul i ngleic leis an fhadhb seo.
ar a chumas dul i ngleic le to enable it to get to grips with
" Ceisteanna a bhaineann le dearcadh na ndaoine: céard iad na luachanna is tábhachtaí dúinn mar phobal? Agus ceist eile: cé na hathruithe is mó atá de dhíth ar an chóras pholaitíochta le go mbeadh ar a chumas dul i ngleic le fadhbanna na linne seo? Bhí mise chomh soineanta is gur shíl mé go raibh na páirtí polaitíochta dáiríre faoin cheist seo roimh an olltoghchán, ach, ón méid atá feicthe agam ó shin, tuigim nach raibh ann ach béalghrá agus cur i gcéill.
a fuair greim docht ar aigne na hÉireann which took a firm grip on the Irish psyche
" Ceist amháin nár pléadh ar chor ar bith i rith na tréimhse sin ná cén bunús stairiúil a bhí leis an gcóras institiúideach sin a fuair greim docht ar aigne na hÉireann.
faigh greim ort féin of yourself get a grip
" Anois, a Bhaloir, faigh greim ort féin; níl ann ach cluiche.
ach muid dul i ngleic leis if we get a grip on it
" Tá saol eile o thuaidh ach muid dul i ngleic leis.
ba chóir dó cheannairí na hEorpa dul i ngleic leis seo E. leaders ought to get to grips with this
" Tá bonneagar an mhargaidh chumarsáide ag cur bac ar fhorbairt na teicneolaíochta san Eoraip agus ba chóir dó cheannairí na hEorpa dul i ngleic leis seo sula dtitimid níos faide siar.