Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mbuíon group
" Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b'amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin.
grúpaí mionlaigh minority groups
" Tá muid ar thaobh an lucht oibre agus grúpaí mionlaigh - an lucht siúil, mar shampla.
drong fhodhaonna sub-human group of people
" "I wouldn't have one about the place," arsa Phríomhaire an Tuaiscirt Lord Brookeborough tráth fána chomh-Ultaigh Chaitliceacha, ag tabhairt le fios gur drong fhodhaonna iad.
dhronga cráifeacha religious groups
" Gníomhaireacht mhaoiniúcháin atá inti le hacmhainn phoiblí a bhronnadh ar eaglaisí agus ar dhronga cráifeacha a sholáthraíonn cabhair do na boicht.
dreamanna imeallacha marginal groups
" dreamanna imeallacha ======= Ach fós féin bheadh dreamanna imeallacha nach n-éireodh leo ionadaíocht a bhaint amach faoin gcóras seo.
ghrúpa síochána peace group
" Táim i mo bhall de ghrúpa síochána i mo bhaile dúchais.
a chaomhnaítear íomhá gach dreama the image of each group is preserved
" " Is trí scéalta fán Somme nó fá Éirí Amach na Cásca nó Lúnasa 1969 nó imtheorannú nó buama Inis Ceithleann a chaomhnaítear íomhá gach dreama dóibh féin agus dá n-iomaitheoirí.
croíghrúpa core group
" Go dtí le fíorghairid, d'fhéadfaí a bheith cinnte de rud amháin tar éis aon scannal san eaglais: labharfadh croíghrúpa beag daoine, dream coimeádach den chuid is mó, amach agus chuirfeadh siad i leith lucht cáinte na heaglaise gur frith-Chaitliceachas caolchúiseach a bhí ar bun acu.
puncghrúpa dearúdta éigin some forgotten punk group
" Roy Keane, nó Manchain, nó puncghrúpa dearúdta éigin (dearúdta glan agamsa ar aon nós) gach re freagra ceart.
buíon group
" B'fhéidir go mbeadh roinnt ball den CLG ag breathnú air, ach seans go mbeadh buíon eile sa halla ag foghlaim damhsa seite nó ag imirt iomána faoi dhíon, nó b'fhéidir go mbeadh rang Ghaeilge nó feadóige ar siúl i seomra eile.
ghrúpa mionlaigh minority group
" Bhraith mé mar bhall de ghrúpa mionlaigh i mo chathair féin.
drong group, body of people
" Ní bhfuair Séamus Ó Grianna a cheart riamh ón drong sin go dtí gur chrom Alan Titley ar an obair: tá an-léargas aige ar shaothar Mháire sa leabhar mór critice udaí, *An tÚrscéal Gaeilge*.
drong group
" Tugadh drong Bhaile an Droichid orthu sin a raibh cónaí orthu ann.
grúpaí mionlaigh minority groups
" Ina dhiaidh sin thosaigh na póilíní ag déanamh iarrachta a bheith cairdiúil le grúpaí mionlaigh.
an ghrúpa mhíchlúitigh sin that notorious group
" Dúirt sé fiú go raibh a fhios aige gur fhreastail Shanley ar chruinniú de chuid an North American Man-Boy Love Association (NAMBLA) agus gur labhair sé amach ar son an ghrúpa mhíchlúitigh sin.
fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán a small group of terrorists hijack the plane
" Nóiméad ina dhiaidh sin fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán agus dhá nóiméad níos deireanaí tiomáintear an 747 - atá lán de bhreosla don turas tras-Atlantach - isteach i dtanca mór plútóiniam ag Sellafield.
grúpaí sceimhlitheoireachta terrorist groups
" An t-ollruathar ar oifigí Shinn Féin i Stormont, nach dtángthas ar a dhath dá bharr; tógáil agus ceistiú státseirbhísigh mar dhallamullóg ("smokescreen" an focal a d'úsáid foinse shinsearach de chuid an PSNI féin!) le spiaire, nó *mole*, taobh istigh den IRA féin a chosaint; líomhaintí fá nascanna idir an IRA agus grúpaí sceimhlitheoireachta thar lear - tá daoine taobh amuigh den chlann phoblachtánach ag ceistiú bhunús na n-imeachtaí agus na líomhaintí seo.
ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír taking advantage of the weakest group in the country
" Ní féidir le feidhmeannaigh RTÉ a bheith ag gearán leis na polaiteoirí maidir leis an nganntan airgid atá orthu, agus ag an am céanna bheith ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír chun na milliúin euro in ioncam fógraíochta a shaothrú.
bhrúghrúpa eagraithe organised pressure group
" Ar an drochuair, níl aon bhrúghrúpa eagraithe ann sa tír seo chun tabhairt faoin obair seo.
brúghrúpaí pressure groups
" Níl na brúghrúpaí, idir cheardchumainn agus chorparáidí, toilteanach teacht gan pribhléidí.
Grúpa Athbhreithnithe Straitéise Strategy Review Group
" Nuair a toghadh Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael chuir sé "Grúpa Athbhreithnithe Straitéise" ar bun, faoi chathaoirleacht Frank Flannery, iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí.
grúpaí gníomhaíochtaí activity groups
" Cé go bhfuil tithe altranais do sheandaoine le fáil in Éirinn, agus grúpaí gníomhaíochtaí a dhéanann freastal ar riachtanais daoine níos sine, níl an bhéim chéanna ar phobail lánaimseartha cónaithe atá cruthaithe go speisialta do lucht scoir.
a chruthaíonn dream which is created by a group
" Is ealaín í an Outsider Art a chruthaíonn dream atá ar imeall ár sochaí de bharr mhíbhuntáiste éigin, meabhairghalar nó mar go bhfuil siad difriúil.
grúpa confach an angry group
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
baicle group
" I rith na bliana bíonn go leor imeachtaí eile ann, an tAifreann Gaeilge agus an Scoil Gheimhridh, cuir i gcás, ag a dtagann baicle Gaeilgeoirí ó chuile choirneál den tír le chéile ar feadh deireadh seactaine le Gaeltacht bheag a bhunú.
Grúpa Straitéise Cánach Tax Strategy Group
" Deirtear i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Grúpa Straitéise Cánach le déanaí go bhfuil buntáiste ag an Eoraip thar Stáit Aontaithe Mheiriceá toisc nach bhfuil na dlíthe geallghlacadóireachta anseo chomh dian céanna.
ó dhreamanna from groups
" Cathain a bunaíodh an comhlacht agus cé a bhunaigh é? Bhí mo dheartháir, Cúán, tar éis filleadh ó Londain thart ar 1995 tar éis dó sé bliana a chaitheamh ag obair mar eagarthóir leis an BBC agus rith an smaoineamh leis comhlacht a bhunú tar éis dó fógra ó TnaG a fheiscint sa pháipéar ag lorg tairscintí ó dhreamanna a raibh suim acu seirbhís dubála a chur ar fáil dóibh.
grúpaí amaitéaracha amateur groups
" Cheana, bhíodh drámaí Gaeilge á léiriú ag grúpaí amaitéaracha, cumainn drámaíochta is a leithéid, a bhí an-mhaith ina slí féin ach dáiríre nach raibh an t-am acu is dócha barr feabhais a chur ar cheird na haisteoireachta.
scáthghrúpa umbrella group
" Ach cad é mar is féidir le beirt iarchimí poblachtánacha intinn oifigigh de chuid an RUC a thuigbheáil? Le cúpla bliain anuas, tá Laurence McKeown ag obair ar son Choiste na nIarchimí, scáthghrúpa a oibríonn ar son chearta iarphríosúnach poblachtánach.
ghrúpa faisisteach fascist group
" Tá dhá cheist ag muintir na háite: "An ndearna dílseoirí ó Bhéal Feirste nó Bolton an t-ionsaí? Más rud é gurbh as Béal Feirste iad, an bhfuair siad faisnéis faoi theaghlach Adair ó dhílseoirí i mBolton? Bhí rírá sa bhaile i mí an Aibreáin 1996 nuair a d'eagraigh dílseoir áitiúil, Mark Dooley, paráid de chuid Printíseach Dhoire ansin, ócáid ag a raibh Gregory Campbell ón DUP le bheith mar aoichainteoir agus baicle ón ghrúpa faisisteach Combat 18 mar ghardaí cosanta.
grúpa léitheoireachta reading group
" Chuir Conradh grúpa léitheoireachta le chéile darbh ainm "Meitheal na Léitheoireachta".
oileánrach group of islands
" " Ródhaonra ======= Is oileánrach an-mhór í an Indinéis.
baicle bheag díograiseoirí a small group of enthusiasts
" Bhí baicle bheag díograiseoirí ag obair leo ón tús ar an nuachtán laethúil, ina measc Áine Nic Gearailt atá ina fo-eagarthóir linn faoi láthair.
compántais amharclainne drama groups
" Is liosta le lua é cheana féin na tionscadail atá i ndiaidh a theacht chun cinn le cuidiú na hIomairte - cuairteanna ó cheoltóirí, compántais amharclainne agus scríbhneoirí as Albain ar Éirinn agus a mhalairt, grúpaí pobail agus scoileanna ag foghlaim óna chéile, cúrsaí speisialta Gaeilge do Ghàidhligeoirí agus cúrsaí Gàidhlig do Ghaeilgeoirí.
ag dul i bhfeidhm ar ghrúpaí making an impression on groups
" Ag an am céanna, táimid ag cur leis an teacht isteach ó úsáid an Árais agus imeachtaí an Chlub, agus táimid ag dul i bhfeidhm ar ghrúpaí ar nós Fhoras na Gaeilge agus FÁS chun a léiriú dóibh gur fiú tacaíocht a thabhairt dúinn.
ghrúpaí eitneacha ethnic groups
" Agus sin gan trácht ar an mheascán de ghrúpaí eitneacha.
do bhaicle bheag againn to a small group of us
" "Thagadh sé isteach leathuair an chloig luath gach maidin chun Fraincis a mhúineadh do bhaicle bheag againn mar nach raibh an Fhraincis ar chlár na scoile ag an am.
na grúpaí armtha the armed groups
" "An díomá agus an chontúirt is mó, dar liom, ná nach bhfuil deireadh go fóill leis na grúpaí armtha nach ngéilleann don dlí agus a chleachtann an bhrúidiúlacht.
baicle bheag a small group
" Is é cuimhne atá agam air, cé bith acu fíor bréagach an chuimhne, gur stailc i gcuid nuachtán *Times *Londan a ghríosaigh baicle bheag d'aos liteartha na Breataine le páipéar úr le haghaidh na léirmheastóireachta is na hiriseoireachta liteartha a chur ar bun.
baicle bheag a small group
" Is é cuimhne atá agam air, cé bith acu fíor bréagach an chuimhne, gur stailc i gcuid nuachtán *Times *Londan a ghríosaigh baicle bheag d'aos liteartha na Breataine le páipéar úr le haghaidh na léirmheastóireachta is na hiriseoireachta liteartha a chur ar bun.
ghrúpaí frithghinmhillte anti-abortion groups
" Tabharfar cuid mhaith den airgead d'eagraíochtaí Críostaí, leithéidí Youth for Christ, agus do ghrúpaí frithghinmhillte atá ag reáchtáil, a deir siad féin, ionaid le haghaidh daoine a éiríonn torrach gan choinne.
ghrúpaí deonacha voluntary groups
" Mar chuid den phróiseas fiosrúcháin, tugadh cuireadh do ghrúpaí deonacha a gcás a dhéanamh leo.
taispeántas grúpa group exhibition
" Faoi láthair tá taispeántas grúpa le feiceáil thart timpeall ar an Bhreatain Mhór dar teideal "Presence" ina ndéanann ealaíontóirí nua-aimseartha cur síos ar Pháis Chríost.
grúpa sceimhlitheoireachta terrorist group
" Fiú cúpla bomaite i ndiaidh na bpléascanna i gceithre thraein i lár Mhaidrid, bhí sé an-soiléir go mbeadh an bua ag an Partido Popular sa toghchán dá mbeadh an grúpa sceimhlitheoireachta ETA (*Euskadi Ta Askatasuna *nó Tír na mBascach agus Saoirse) freagrach as na buamaí.
aois-aicme age group
" Pobal bríomhar léitheoireachta Gaeilge a bheith forbartha i ngach aois-aicme, go háirithe i measc daoine óga; earnáil bhíogach chuimsitheach foilsitheoireachta a bheith ann; todhchaí na léitheoireachta Gaeilge a bheith slán.
grúpa Breatnach a group of Welsh people
" Ag triall ar Frongoch atá grúpa Breatnach an mhí seo, mí na saoirse d'Éireannaigh atá bródúil fós as Éirí Amach na Cásca 1916, agus tréimhse na saoirse fosta do mhuintir na Breataine Bige atá bródúil fós as Éirí Amach Owain Glyndwr 600 bliain ó shin ((www.
grúpaí paramíliteacha Protastúnacha Protestant paramilitary groups
" Bhí na ballaí thart timpeall clúdaithe le múrphictiúir dhílseacha, ag ceiliúradh na banríona, stair na ndílseoirí agus grúpaí paramíliteacha Protastúnacha.
scáthghrúpa umbrella group
" Is é Smoke Free Liverpool (SFL) an scáthghrúpa atá taobh thiar den fheachtas, agus tá dreamanna mar The Roy Castle Lung Cancer Foundation, Comhairle na Cathrach, an Cumann Lucht Tráchtála, Comhdháil na gCeardchumann (TUC) agus an córas sláinte mar chuid de.
dhá dhream mharfacha two deadly groups
" Le linn 30 éigin bliain na dtrioblóidí, bhí Arm na Breataine ina chnámh spairne ag náisiúnaithe, ina sciath chosanta ag aontachtaithe an tuaiscirt, agus ina fhórsa cróga cosanta a cuireadh go hÉirinn le dhá dhream mharfacha a choinneáil óna chéile i súile na Sasanach.
grúpaí faire reiligiúnda religious watchdog groups
" Stáit Aontaithe Íosa? ======= An bhféadfadh sé tarlú gur dialathas bunúsach Críostaí a bheadh sna Stáit Aontaithe san am atá romhainn, an rud ar thug an *New Times *in Orlando "Stáit Aontaithe Chríost" air? Déarfadh daoine áirithe gur áibhéil amach is amach é seo, ach tá grúpaí faire reiligiúnda ag maíomh go bhféadfadh sé tarlú, nuair a chuirtear san áireamh chomh láidir is atá an Eite Dheas Chráifeach, agus an tionchar atá acu ar an Pháirtí Poblachtach.
thochail dream eile díog roimhe another group dug a ditch in front of it
" Le stad a chur leis an bhóithrín uafásach seo, thochail dream eile díog roimhe, agus chuir siad bolláin in aice leis.
grúpaí tacaíochta support groups
" Fuair muid hallaí chun cruinnithe a bheith againn agus d'éirigh linn grúpaí tacaíochta a chruthú.
ghrúpaí eitneacha ethnic groups
" Ach de bhrí gur tharla sé díreach roimh an toghchán, tá an chuma ar an scéal go raibh an ceart ag Marlin - is é sin, go bhfuil tábhacht an-mhór ag baint le vótaí na gCaitliceach Gael-Mheiriceánach (agus Caitlicigh ó ghrúpaí eitneacha eile) sa rás le huachtaránacht na Stát Aontaithe a bhaint amach.
ngrúpa sceimhlitheoireachta terrorist group
" Aisteach go leor, thug Batasuna, an páirtí polaitiúil atá ceangailte leis an ngrúpa sceimhlitheoireachta ETA (*Euskadi Ta Askatasuna *nó Tír na mBascach agus Saoirse), tacaíocht do phlean Ibarretxe ag an nóiméad deireanach.
Ghrúpa Saineolaithe Expert Group
" Tá mé i mo rúnaí ar an Choimisiún Logainmneacha mar chuid de mo dhualgaisí, agus tá mé mar ionadaí na hÉireann ar Ghrúpa Saineolaithe na Náisiún Aontaithe ar Ainmneacha Geografacha (UNGEGN).
ghrúpa fear dóiteáin a group of firefighters
" B’fhéidir gur chuala tú faoin raic a bhí ann mar gheall ar Rannóg Doiteáin Chathair Nua-Eabhrac (FDNY) ag paráid Lá Fhéile Pádraig? Ní ligfeadh an dream atá i gceannas ar an rannóg do ghrúpa fear dóiteáin as na Bronx a gcuid bairéad cáiliúil glas a chaitheamh agus iad ag siúl suas Fifth Avenue i Manhattan.
grúpa eitneach ethnic group
" Os a choinne sin, d’fhéadfadh duine a shamhlú go mbeadh conspóid ollmhór ann dá mba rud é gur grúpa eitneach eile a bheadh i gceist a bhfuil líon níos mó scoláirí aige i scoileanna poiblí na cathrach.
chuile aoisghrúpa every age-group
" “Ar an taobh eile den scéal, nuair a tháinig mise go Conamara i dtosach, ba Ghaeilge ar fad, beagnach, a bhí dá húsáid ag chuile aoisghrúpa ón Spidéal siar go Carna.
grúpa stocaireachta lobbying group
" Bunaíodh an grúpa stocaireachta an Feachtas Náisiúnta Teilifíse.
Imeallaítear gach duine nó gach dream every person or group is marginalised
" Imeallaítear gach duine nó gach dream a dhiúltaíonn dul sa treo seo.
baicle iriseoirí a group of journalists
" Ach i mBaile na hAbhann, bhí tú i measc baicle iriseoirí agus b’éigean duit bheith ag troid le dul amach ar an mbóthar.
grúpaí paraimíleatacha paramilitary groups
" Ní bhfuair an fear óg – nach raibh baint ar bith aige le grúpaí paraimíleatacha – bás, ach beidh sé dall an chuid eile dá shaol.
freastal ar riachtanais na ndreamanna seo to cater for the needs of these groups
" Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
grúpa léitheoireachta ag am lóin lunchtime reading group
" Chomh maith le ranganna teanga, tá réimse imeachtaí á eagrú againn ar bhonn leanúnach, ina measc: club leabhar, grúpa léitheoireachta ag am lóin, ciorcal comhrá ag am lóin, ceardlanna rince ar an sean-nós, ceardlanna amhránaíochta, cúrsaí lae ar an teicneolaíocht agus an Ghaeilge agus club scannán.
freastal ar riachtanais na ndreamanna seo to cater for the needs of these groups
" Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
grúpa léitheoireachta ag am lóin lunchtime reading group
" Chomh maith le ranganna teanga, tá réimse imeachtaí á eagrú againn ar bhonn leanúnach, ina measc: club leabhar, grúpa léitheoireachta ag am lóin, ciorcal comhrá ag am lóin, ceardlanna rince ar an sean-nós, ceardlanna amhránaíochta, cúrsaí lae ar an teicneolaíocht agus an Ghaeilge agus club scannán.
grúpa eaglaiseach a group of clergymen
" Níorbh é sin an chéad uair a rinneadh an turas sin i gcurach — rinne grúpa eaglaiseach ón dá phobal é sa bhliain 1979.
scátheagras na n-eagraíochtaí deonacha agus pobail the umbrella group of the voluntary and community organisations
" Ar léigh sé alt a bhí san iris *Scope*, iris de chuid an Northern Ireland Council for Voluntary Action, scátheagras na n-eagraíochtaí deonacha agus pobail i dTuaisceart Éireann.
grúpa tuismitheoirí a group of parents
" Tháinig grúpa tuismitheoirí le chéile a raibh an Gaeloideachas ag teastáil uathu dá bpáistí, agus d'aithin siad nach raibh áiseanna Gaeilge ar bith ag an am sin i ndeisceart Bhéal Feirste.
grúpa súgartha agus réamhscoile a playgroup and pre-school group
" Cén obair a dhéanann sibh ó lá go lá? Chomh maith leis an bhunscoil, cuireann muid dhá ghrúpa naíscoile - grúpa súgartha agus réamhscoile - ar fáil, cumann íarscoile, cumann óige, ranganna oíche le réimse leathan d'ábhair, imeachtaí sóisialta, agus dianchúrsaí Gaeilge.
grúpa deonach voluntary group
" Thugamar cuairt ar láthair seandálaíochta de chuid *the Diggers,* grúpa deonach a oibríonn chun láithreacha de chuid an Chéad Chogadh Domhanda a chothú.
grúpaí reachtúla statutory groups
" Tá an oiliúint mar chuid thábhachtach den obair atá ar bun ag an MRHPU agus oibríonn siad le coláistí, grúpaí áitiúla, grúpaí deonacha agus grúpaí reachtúla.
brúghrúpa pressure group
" “The almost absurd notion of a Big Mac Academy or a fundamentalist Christian group running a set of urban secondary schools, funded by taxpayers money, outside any local democratic framework, now seems eerily possible," a deirtear i bpaimfléad amháin, a d’fhoilsigh an brúghrúpa Compass.
ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí acting on behalf of specific groups
" Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d'fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B'fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin.
i seilbh aicme amháin in the possession of one group
" Ach is beag ábhar dóchais atá ansin, mar gur cheart nach mbeadh an teanga brúite amach ar an imeall nó i seilbh aicme amháin.
grúpaí imeallacha peripheral groups
" Ach ba léir go raibh mórshiúl *Love Ulster* ina leithscéal ag daoine – poblachtánaigh easaontacha agus grúpaí imeallacha eile – an lasóg a chur sa bharrach agus tá gach duine thíos leis.
drong group
" Eisean an t-aon té a raibh meangadh gáire air sa drong, ba chosúil.
scaiftí beaga daoine small groups of people
" Tagann lucht na gcontaetha tríd, scaiftí beaga daoine faoi sheanbhratacha daite agus ainmneacha na gcontaetha orthu.
grúpa tacaíochta support group
" Ba é plódú Mheiriceá le hinimircigh (cuid acu ar *Molly Maguires* iad in Éirinn) a d'athraigh cúrsaí, agus in 1838 thóg an Ancient Order of Hibernians, grúpa tacaíochta d'inimircigh Chaitliceacha as Éirinn, baitín an mhórshiúil go hoifigiúil.
Guthaíocht ghrúpa group vocalization
" Guthaíocht ghrúpa ghalánta.
go réitíonn baill an ghrúpa go maith le chéile that the members of the group get on well together
" ” Cuireann an taisteal isteach ar Mhuireann, cé go ndeir sí go réitíonn baill an ghrúpa go maith le chéile agus iad ar an bhóthar.
do ghrúpaí ciníocha to racist groups
" Tá Arm na Fraince ag tabhairt meaisínghunnaí do ghrúpaí ciníocha sa Fhrainc le daoine dubha a mharú.
grúpa cléireach in éide a group of robed clergy
" Chomh maith le crosa agus greasa guairneánacha teibí, tá roinnt mhaith íomhánna eile ann, ina measc dragún, leoin, grúpa cléireach in éide, ba ag lí lao, agus torc allta.
as a bhfáisctear grúpaí from which groups are wrought
" Ach, so what? Cad é an tábhacht phraiticiúil atá leis seo in Éirinn an lae inniu? Ní féidir fadhb a réiteach mura dtugann tú aghaidh ar an chomhthéacs as a bhfáisctear grúpaí, smaointe, gluaiseachtaí, is cuma cén taobh.
grúpa de thógálaithe agus cuntasóirí a group of builders and accountants
" Cúpla bliain roimhe sin tháinig grúpa de thógálaithe agus cuntasóirí le chéile, fir airgid, chun tacaíocht a thabhairt d’Fhianna Fáil.
grúpa ionsaitheach an aggressive group
" In 2006, feicimid torthaí na bpolasaithe seo, a phleanáil grúpa ionsaitheach sna nóchaidí agus iad sa bhfreasúra, agus a cuireadh i gcrích faoi réimeas an Uachtaráin Bush.
iliomad eagraíochtaí agus grúpaí numerous organisations and groups
" Ceann de na príomhrudaí a bheas le déanamh acu ná tacaíocht a chur ar fáil don iliomad eagraíochtaí agus grúpaí ar fud na tíre atá ar bís leis an Ghaeilge a chur chun cinn, bíodh siad i saol an ghnó, i bpobail, i scoileanna nó in ionaid eile nach iad.
go leanfadh dreamanna ó na contaetha eile an sampla that groups from other counties would follow the example
" Má éiríonn leis an gcoincheap, ba mhaith linn go leanfadh dreamanna ó na contaetha eile an sampla.
le go dtiocfadh leo an locht a chur ar gach dream eile so that they could blame every other group
" Chuala mé daoine ag rá gur cuid de straitéis Shinn Féin é go mbeadh géarchéim ann le go dtiocfadh leo an locht a chur ar gach dream eile.
grúpaí paraimíleatacha dílseacha loyalist paramilitary groups
" Luaigh sé na grúpaí paraimíleatacha dílseacha atá chomh contúirteach anois is a bhí siad riamh.
grúpaí easaontacha dissident groups
" Luaigh sé na grúpaí easaontacha ar thaobh na bpoblachtánach.
seachas grúpa seicteach rather than a sectarian group
" ” An dóigh a luaigh sé an tOrd Oráisteach, shílfeá gur cuid den rialtas áitiúil a bhí ann, seachas grúpa seicteach a bhfuil dlúthbhaint aige le sceimhlitheoirí sa chathair.
an grúpa deonach the voluntary group
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Nuair a bunaíodh CnaG bhí cuid mhór oibre déanta ag Gaeloiliúint cheana féin, an grúpa deonach a bhí ag tiomáint na hearnála roimhe sin.
grúpa eolaithe a group of scientists
" Úsáidtear dathanna go minic mar aidiachtaí radharcacha le cur síos a dhéanamh ar ghiúmar duine agus is é an bunsmaoineamh sin a spreag grúpa eolaithe ó na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain le bealach a aimsiú chun ealaín a léiriú a athraíonn de réir mar a athraíonn dreach an duine atá á breathnú.
a dhear grúpa eolaithe which was designed by a group of scientists
" Is féidir leis an ghléas, a dhear grúpa eolaithe ó Ollscoileanna Bath agus Bhostúin, pictiúr digiteach a thaispeáint mar a bheadh píosa péintéireachta ann.
ar bhaill an ghrúpa on the members of the group
" ***AÓF: ******Bhí tionchair éagsúla ó thaobh an cheoil ar bhaill an ghrúpa.
grúpa mór cáiliúil a big famous group
" AÓF: ***Tá ráfla cloiste agam go mb'fhéidir go mbeidh sibh ag dul ar thuras le grúpa mór cáiliúil.
baicle bheag chumasach a small able group
" Ainneoin ceisteanna comhshaoil a bheith go mór idir chamáin ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ainneoin baicle bheag chumasach de Theachtaí a bheith acu faoi láthair, níl an chosúlacht ar an scéal go ndéanfaidh siad an oiread sin dul chun cinn.
forbraíonn dream éigin some group develops
" An féidir a dtart a laghdú nó fiú staonairí a dhéanamh astu? Ó am go ham forbraíonn dream éigin gluaisteán a úsáideann “breosla malartach”.
gcomhar le grúpaí eile in conjunction with other groups
" I measc na dtionscadal eile atá idir lámha ag Gaillimh le Gaeilge, tá an scéim ‘Cairde’ agus bíonn muid páirteach i dtionscadail dhátheangacha a ndéantar forbairt orthu i gcomhar le grúpaí eile i nGaillimh.