Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghruaim gloom
" Bhí an greann (a lán de) agus an ghruaim ann, an troime agus an éadroime fite fuaite lena chéile go healaíonta agus téamaí éagsúla á nochtadh sa dráma go cliste.
anáil na gruaime a breath of melancholy
ghruaim gloom
" Ach comhghairdeas leo as a ngaisce, rud a chuidigh le cuid den ghruaim a ardú de lucht iomána na hardchathrach tar éis bhliain na hainnise ag na sinsir.
gruaim gloom
" Chuir an marú gruaim ar Fisk.
ghruaim gloom
" Píosa seacht nóiméad ar fhad ar an bhfeadóg íseal a ghluais ó mhall go tapa, ó ghruaim go suáilceas, ó uaigneas aonair go ceiliúradh comhluadair.
an ghruaim gloom
" I dteach tábhairne ceann tuí i gceartlár Ghaeltacht Chonamara a bhíos agus comhluadar breá i mo thimpeall agus cé gur thit an ghruaim ar an gcomhluadar ar feadh scathaimhín tar éis an chluiche ba ghearr gur thosaigh an ceol agus an amhránaíocht agus an spraoi arís.
an eitinn agus an ghruaim TB and despondency
" ” Is dócha gurb é a ritheann linn agus ainm an Ríordánaigh á lua ná an eitinn agus an ghruaim.
chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú. to lessen the unavoidable gloom of the place.
" Bhí an ghrian ag taitneamh ar an lá i mí an Aibreáin ar thóg mé an GHF go Majdanek ach ba bheag a rinne na gathanna teo gréine chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú.
gruaim despondency
" Ba chosúil go raibh gruaim ar na seanóirí a bhíonn ag síománaíocht i siopa an bhearbóra an tseachtain seo caite agus mé ansin le bearradh gruaige a fháil.
ghruaim gloom
" Leas an Cheachta Chrua An uile ní meáite, níor chóir an ghruaim as féin amháin a nochtú i gcuntas mar seo ach an oiread.
gruaime gloom
" Deireadh Ré BD: Ag amharc chun tosaigh anois, an bhfuil aon rud a gcuirfidh tú béim air agus tú ag ullmhú do dheireadh an téarma Uachtaránachta? Uachtarán na hÉireann: Agus cúrsaí geilleagair anois athraithe as éadan ar fad, ní miste dúinn, mar phobal, spiorad soirbhíochais a chothú sa tír, le cur i gcoinne na lagspride agus na gruaime.
dúlagar gruaime deep depression
" Dúirt an t-ealaíontóir Edvard Munch mar fhreagra ar dhuine a mhol leigheas dó agus é buailte le dúlagar gruaime, go raibh an galar mar chuid dá ealaín agus gan é, go scriosfaí an ealaín.
gruaim gloom
" Chuir teacht na foirne ón CAI (IMF) agus ón AE (Banc an AE) go hÉirinn an mhí seo caite gruaim ar an tír.
ghruaim chéanna same gloom
" Ní bhíonn an ghruaim chéanna orthu faoi chúrsaí agus a bhíonn ar an nglúin os a gcionn.
ghruaim gloom
" Tháinig na scríbhneoirí Beat chun cinn mar chuid den ghlúin Mheiriceánach sin a raibh súil acu le ré nua spreagúil agus spraíúil tar éis ghruaim an Dara Cogadh Domhanda.
bíonn gruaim agus míshásamh oraibh you’re (always) gloomy and disgruntled
" Sa dráma teilifíse Meiriceánach, The Sopranos, deir inimirceach Rúiseach “Tá gach rud agaibh, mar Mheiriceánaigh, ach bíonn gruaim agus míshásamh oraibh i gcónaí”.
chuirfeadh sé gruaim ar dhuine it’s depressing
" Bíonn cruit orthu, ag siúl thart grúnctha, bíonn oideas dochtúir uathu, bíonn piontaí uathu, bíonn cluiche peile ar teilifís uathu agus chuirfeadh sé gruaim ar dhuine cluas a thabhairt dóibh ar an ghuthán.
Tá beagán den ghruaim orm faoin athrú teanga I’m a little depressed about the language shift
" Tá beagán den ghruaim orm faoin athrú teanga atá tarlaithe ó shin i leith i gCois Fharraige le linn dom a bheith anseo.
bhí díomách le gruaim na cathrach was depressed with the urban gloom
" Bhíodh sí ag inseacht dhúinn faoi bhean eile ón mbaile a chuaigh anonn agus a bhí díomách le gruaim na cathrach.
chuirfeadh sé gruaim ar an duine is dóchasaí amuigh would darken the most hopeful of persons
" Ag léamh a gcuid giolcanna, chuirfeadh sé gruaim ar an duine is dóchasaí amuigh.
Níor ghruaim go dtí iad they were the picture of gloom
gruaim thruamhéalach na hinscribhinne the inscription's piteous gloom
" Agus gruaim thruamhéalach na hinscribhinne.