Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
guagacha wavering
" Feictear an téama céanna á scrúdú go spraíúil aici sa tsraith a tháinig chun cinn sna nóchaidí agus inar baineadh úsáid go tairbheach as craiceann bó leasaithe chomh maith le nathracha stuifeáilte chun píosaí guagacha spreagúla ar nós *Shuttlecock* (1993) nó *Rugby Ball *(1994) a dhéanamh.
an scaifte guagach seo. this fickle crowd.
" Caithfear cláracha a chur ar an scáileán a tharraingeoidh isteach an scaifte guagach seo.
guagach unreliable
" Níl insa rothaí ach cúis tinneas cinn daofa sin a chuireann an argóint chun tosaigh go mbíonn an rothaí guagach agus dainséarach agus gur chóir a bhaint den bhealach mhór.
is guagach it's a precarious position
" Fágann sé sin go bhfuil Éire ag deireadh píblíne gháis as tír a bhfuil géarchéim fuinnimh inti féin nach mór, agus gan amhras, is guagach a bheith amhlaidh.
dream guagach a wavering group
" Lena chois sin is dream guagach iad na meáin, agus de bharr nach ndíolfadh nuachtán riamh agus an scéal céanna ar an gclúdach gach lá, bíonn siad ar thóir scéalta éagsúla de shíor.
chomh guagach dar le roinnt as unreliable as some would have it
" Bíonn dhá insint ar scéal (agus dhá leagan déag ar amhráin) sa lá atá inniú ann, go háirithe agus an t-idirlíon chomh cumhachtach ar na saolta seo, nó chomh guagach dar le roinnt.