Pota Focal Intergaelic
duth | futh | gath | Goth | gruth
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
boirbe a ngutha the fierceness of their voice
" Bhain siad siar asam le binb agus boirbe a ngutha.
Nach sin a guth a fuair an freagra there was no need to ask twice
" "Nach sin a guth a fuair an freagra," arsa Síle le Deirdre.
Nach sin a guth a fuair an freagra there was no need to ask twice
" "Nach sin a guth a fuair an freagra," arsa Síle le Deirdre.
d'aon ghuth unanimously
" Toghadh Auchinleck ina Uachtarán d'aon ghuth, Mícheál Ó Cíosóig ina leas-Uachtarán agus LH Christian ina rúnaí oinigh agus chisteoir.
ghuthanna atá imeallaithe marginalised voices
" An smaoineamh atá taobh thiar de ná go mbeadh spás ann do ghuthanna atá imeallaithe.
guth mothúchánach emotional voice
" Tuigtear chomh maith go bhfuil dlúthbhaint idir teanga agus cultúr; tugann an teanga guth mothúchánach do shochaí chun a féiniúlacht a chur in iúl.
a ghuth a chaitheamh to project his voice
" D'fhoghlaim Ó Searcaigh le linn a thréimhse sa cheardscoil an dóigh le dul i láthair daoine agus a ghuth a chaitheamh, rud a chuaigh go mór chun sochair dó blianta ina dhiaidh sin nuair a thosaigh sé ag léamh a shaothair go poiblí.
a ghuth his voice
" Níor chuala mé a ghuth riamh.
guth breise extra voice
" De bharr go bhfuil cúigear againn ann bhí guth breise againn le rud éicint breise a dhéanamh seachas an ceithre nóta sa ghléas, chun líonadh isteach mar uirlis cheoil.
guth voice
"guth ag clubanna trí bhallraíocht ar choiste agus tá foireann rúnaithe ag an stiúrthóir.
a nguthanna féin a fhorbairt to develop their own voices
" "Cheadaigh Ó Ríordáin do dhaoine a nguthanna féin a fhorbairt.
bhí guth na cuaiche le clos the cuckoo's voice could be heard
" An tsaoirse is an t-áthas a fuair greim ar mo chroí … Bhí gile sa spéir, bhí úire san aer, bhí guth na cuaiche le clos … Bhí mo *mhagnificat *féin á chanadh agam.
guth níos láidre a stronger voice
" Tá sé féin agus go leor ball den Partido Popular (Páirtí an Phobail) den tuairim go mbeadh guth níos láidre ag an tír dá mbeadh an rialtas sásta tacaíocht a thabhairt do pholasaithe na Stát Aontaithe.
guth s'aige his voice
" An ndearcann sé air féin mar sin? "Déarfainn, duine ar bith atá ag iarraidh guth s'aige a chur chun tosaigh nó guth a chruthú san fhilíocht, gur rud reibiliunach atá sa ghníomh sin," arsa Gearóid.
guth voice
" An ndearcann sé air féin mar sin? "Déarfainn, duine ar bith atá ag iarraidh guth s'aige a chur chun tosaigh nó guth a chruthú san fhilíocht, gur rud reibiliunach atá sa ghníomh sin," arsa Gearóid.
guth voice
" Bhí guth agus ceol iontach aige, agus cosuil leis an chuid is mó den dream sin, chítear dom, feasóg air agus é tógtha le polaitíocht na heite clé.
Guthanna ceoil singing voices
" Guthanna ceoil, nó ceol ar bith, thig leis an cheol a dhul suas agus thig leis an cheol a dhul síos.
faobhar ar a ghuth an edge to his voice
" D'amharc an máistir Ó Duibhir air agus dúirt sé agus faobhar ar a ghuth: "Nár aifrigh Dia orm é, bainfidh mé a luach asat.
guth voice
" "Eight Days a Week" a cheol sé, gan tionlacan, agus d'aithin muid uilig guth Uí Lionnáin ina chuid ceoil, a bhí le mothú go láidir ann.
guth binn aoibhinn beautiful sweet voice
" *Dún an Doras *an t-ainm atá ar an gceann is fearr ar fad acu; de réir traidisiúin, fuaireadar a n-ainm de bharr fógra a bhí scríofa ar dhoras an leithris i dteach tábhairne! Faraor, ní channann an t-amhránaí i nGaeilge mórán, cé go bhfuil guth binn aoibhinn aici, ach rinne sí "Seoladh na nGamhna" a thaifeadadh le déanaí (thugas cabhair di leis an bhfuaimniú), agus tá súil agam go gcuirfidh sí lena stór amhrán Gaeilge.
guth éin ghrágaigh the voice of a croaking bird
" Is fearr liom éisteacht le hamhráin Mhaori ná leis an gcaint, mar tá na fuaimeanna stadach, dar liom, mar a bheadh guth éin ghrágaigh! Bhíodh Gaeilge agam ar scoil, ach is fada an lá sin.
ghuthanna na gcarachtar the voices of the characters
" "Bhí rudaí a d'aimsigh seisean nach raibh ceart ó thaobh struchtúir agus ó thaobh ghuthanna na gcarachtar, agus ó thaobh íomhánna.
binneas a gutha the sweetness of her voice
" Chuaigh binneas a gutha agus móitífeanna an amhráin chomh mór sin i gcion orm is go ndeachaigh mé ar ais chun na ranganna agus gur fhoghlaim mé é.
ar aon ghuth leo in agreement with them
" Tá na *Lib-Dems *i gcumhacht sa chathair, ach bhí Páirtí an Lucht Oibre ar aon ghuth leo ar an ábhar seo.
agus faobhar ar a guth with an edge to her voice
" "Cad chuige, faoi Dhia, a dtearn tú sin?" arsa Síle agus faobhar ar a guth.
le guth an easaontóra the voice of the dissenter
" Níl aon ghlacadh le guth an easaontóra, is cosúil, sa ghluaiseacht phoblachtánach! Is é an pointe is mó atá ag tarraingt airde ar an leabhar ná go raibh ceannasaithe na bpríosunach sa Cheis Fhada toilteanach glacadh le plean comhréitigh a bhí á thairiscint ag gníomhaire de chuid Rialtas na Breataine (“an dreapadóir sléibhe” mar a tugadh air) ach gur dhiúltaigh an Ard-Chomhairle taobh amuigh den phríosún glacadh leis an tairiscint.
agus a ghuth ag ísliú leis and his voice was steadily lowering
" “Ar fhulaing sé?” arsa Dónall arís agus a ghuth ag ísliú leis.
guthanna gamalacha silly voices
" Sheinn sé seanfhíseán le Harry Enfield ar feadh cúig nóiméad, ach bhí na guthanna gamalacha ag cur as dó.
ag fiacháil a nguthanna a bheith cluinste trying to make their voices heard
" Ar dhóigh, ní cúléisteacht a bhí ann ar chor ar bith nó bhí na gruagairí ag caint i seanaird a gcinn agus iad ag fiacháil a nguthanna a bheith cluinste os cionn ghiuirléidí a gceirde, idir thriomadóirí gruaige agus eile.
guth voice
" Cuidíonn sé nuair a fhanann amhránaithe i dtiúin freisin ar ndóigh! Is maith liom guth atá láidir agus cumhachtach freisin go hiondúil ach is rud pearsanta é sin, ar ndóigh, agus ní dhéanann an guth leis féin amhránaí maith de dhuine.
thógfainn réimse gutha de chór eaglaise san áireamh I would take into consideration the vocal range of a church choir
" Agus mé ag cumadh píosaí mar sin thógfainn réimse gutha de chór eaglaise san áireamh.
guthanna frith-impirúlacha anti-imperialist voices
" Bhí sé go hiontach guthanna frith-impirúlacha a chloisteáil i rith na dTrioblóidí.
i nguth fíochmhar in a fierce voice
" Scairt bean taobh thiar díom leis an slua i nguth fíochmhar agus dúirt ionsaí a dhéanamh ar an “Fuhrer nua”.
guth an-láidir agus an-neamhspleách a very strong and independent voice
" “Bhí guth an-láidir agus an-neamhspleách aige, cé go ndéarfadh go leor daoine go raibh sé coimeádach agus b’fhéidir roinnt conspóideach.
aird a thabhairt ar ghuth an phobail to pay attention to the voice of the public
" Bheadh brú fosta ar FF aird a thabhairt ar ghuth an phobail agus glacadh leis gurb é an freasúra atá i ndán dóibh.
saibhreas mo ghutha. the richness of my voice.
" Bhraitheas dul chun cinn as cuimse maidir le raon agus saibhreas mo ghutha.
níos mó guthanna ar an ngiúiré, more voices on the jury,
" “Tá ilghnéitheacht ag teastáil, ní hamháin maidir leis an gcomhshaol, ach ilghnéitheacht smaointeoireachta i dtaca leis an timpeallacht chéanna chun go mbeidh níos mó guthanna ar an ngiúiré, níos mó gaoise le roinnt.
Guth údarásach ciúin a quiet authorative voice
" ) Guth údarásach ciúin atá ag de Barra.
guth galánta a lovely voice
" “Bhí guth galánta ag mo mháthair – ní ó thaobh m’athar amháin a tháinig an ceol.
guth iontach óg a very young voice
"guth iontach óg le cluinstin air.
an dá ghuth. the two voices.
" An nós atá againn anois ná *grand piano* a úsáid, pianó agus an dá ghuth.
guthanna deasa nice voices
scairt ghuth telephone call
" ” Taispeántas i MeiriceáAgus muid ag caint lena chéile, fuair sé scairt ghutháin ó William Chamberlain, déileálaí ealaíne i San Francisco, agus é ag iarraidh dátaí taispeántais a dhearbhú.
a ghuth his voice
" Briseann a ghuth gach re líne – níl fonn dá laghad air canadh.
lena ghuth eisceachtúil. with his exceptional voice.
" Tá ceol traidisiúnta atá bríomhar agus snasta le fáil air agus liricí comhaimseartha a chuireann Andrew Murray i láthair go cumasach lena ghuth eisceachtúil.
go raibh mo ghuth aisteach, that my voice was strange,
" Bhí mé ag labhairt le hiriseoir ar an ghuthán agus thug mé faoi deara go raibh mo ghuth aisteach, go raibh na focail ag teacht amach go fadálach.
bádh a ghuth sa ruabhéic his voice was drowned out by the wild roar
" Diaidh ar ndiaidh, bádh a ghuth sa ruabhéic a bhí ag éirí d’aonghuth aníos ón scaifte: ‘Éamó is our Aire – we shall not be moved!’ – iad á ghlaoch arís agus arís eile, go dtí gur éalaigh an fear ionaid faiteach isteach sa Mother Macree Pretzel Cottage.
Guth eile sa díospóireacht atá ionam. I am another voice in the debate
" Guth eile sa díospóireacht atá ionam.
a deir sé agus a ghuth ag briseadh air, he says with his voice breaking
" Ach caithfidh mé a admháil,” a deir sé agus a ghuth ag briseadh air, “nach raibh mé buartha fúithi.
ár nguth a chaitheamh to cast our vote
" Tá go leor tíortha eile in éad linn as cead a bheith againn ár nguth a chaitheamh ar cheist chomh tromchúiseach agus chomh bunúsach i dtaobh an treo ina bhfuil an tAontas ag gluaiseacht.
mura nglacfar le toradh an ghutha sin? if the result of that vote is not accepted
" Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
a guth binn her lovely, sweet, voice
" Anois, tá a guth binn le cloisteáil ar thrí amhrán.
guth voice, vote
"guth á thabhairt do na daltaí scoile féin agus an chosúlacht ar an scéal go dtabharfaí aird ar a dtuairim.
ritheadh é d'aon ghuth. it was unanimously passed
" Thacaigh ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, leis an rún agus dá bharr sin ritheadh é d'aon ghuth.
guth iontach wonderful voice
" Bhí guth iontach ag Brian agus tá go fóill.
guth aontaithe united voice
" Ach is dócha gurb é an cur chuige atá agam agus mé i mbun cúis a chur chun cinn ná go ndéanaim na daoine ar fad a bhfuil comhchúspóir ar leith acu a thabhairt le chéile le go mbeidh guth aontaithe i gceist.
guth aontaithe united voice
" Tá a fhios ag Rudd chomh maith go bhfuil deighilt fós ann idir grúpaí sa ghluaiseacht phoblachtach maidir leis an bpróiseas a úsáidfear agus uachtarán á cheapadh – agus nach n-éireoidh le reifreann mura bhfuil guth aontaithe ag na poblachtaigh go léir.
guth sintéiseach synthetic voice
" ie) is teideal don tionscadal seo, agus d'éirigh leo siúd atá ina bhun córas iomlán téacs-go-hurlabhra Gaeilge a fhorbairt, chomh maith le Cabóigín, ar ríomhchainteoir (nó guth sintéiseach) í a labhraíonn Gaeilge Uladh, a thabhairt ar an saol.
an dóigh a n-oibríonn sintéis gutha the way speech synthesis works
" Má tá fonn ort anois cliceáil ar an gcnaipe nascleanúna le héalú ón alt scanrúil seo, ná déan! Ní gá tuiscint a bheith agat ar an dóigh a n-oibríonn sintéis gutha le teacht i dtír ar an tseirbhís nuálaíoch atá curtha ar fáil acu siúd atá i mbun an tionscadail.
guth taitneamhach likeable voice
" “Ar ndóigh, ba ghá don duine seo guth taitneamhach – agus go leor foighde! – a bheith aici.
Guth sainiúil distinct voice
" Guth sainiúil John Ghráinne a fhaighimid anseo agus é lán de shaibhreas agus de shaíocht Ghaeltacht Thír Chonaill.
guth láidir strong voice
" Ceist íogair is ea í mar go gcuireann sé isteach ar an mheánaicme, dream a bhfuil guth láidir aige.
aon ghuth any voice
" 4 milliún oibrí ar lár – níl aon ghuth acu sa phróiseas.
nguth a voice
" ”Fiafraím de go simplí soineanta cén fáth nár thug Bean Mhic Róibín dó an chreidiúint a bhí tuillte aige agus tugann sé freagra i nguth atá lán le díchreideamh go bhféadfainn a leithéid de cheist a chur.
guth suaimhneasach an láithreora a soothing presenter's voice
" Bhuail mé le John Creedon i stiúideo RTÉ ar Shráid an Athar Maitiú i gcathair Chorcaí cúpla uair sula ndeachaigh sé ar an aer lena chlár Late Date, clár ina mbíonn ceol suaimhneach measctha le guth suaimhneasach an láithreora.
in ard a chinn is a ghutha at the top of his voice
" Deirtear gurb í an ócáid spóirt an t-aon áit phoiblí a mbíonn ceadúnas ag duine a bheith ag eascainí is ag scréachach in ard a chinn is a ghutha, agus lán mála maslaí a chaitheamh le daoine eile, bídís ina strainséirí nó ná bíodh, agus go mb’fhéidir nach ndéarfaí leis ach ciall a bheith aige nó a chlab a dhúnadh.
guthanna fearúla manly voices
" Cantaireacht Ghréagórach a chleacht na manaigh - amhránaíocht mhall, beagnach gan rithim, canta i Laidin a líon an eaglais le guthanna fearúla, binne: le tonnta réidh fuaime a shruthlaigh timpeall orthu mar a mbeidís i bhfolcadh fuaime.
d'aon ghuth unanimously
" Chuir na dúnmharuithe déistin ar an phobal - agus ní abraim an dá phobal, mar ba léir gur labhair idir náisiúnaithe agus aontachtaithe d'aon ghuth an iarraidh seo.
guth an phobail the communal voice
" Ba cheart go mbeadh guth an phobail iad féin, le clos go hard in achan ghné den chóras toghcháin, mar is minic nach dtagann an dá ghlór sin le chéile, an glór aníos agus an glór anuas.
guth voice
" Is iarsma é Seanad Éireann den dearcadh a bhí coitianta sna 30í a dhearbhaigh go bhfuil tábhacht ar leith ag na gairmeacha agus gur chóir go mbeadh guth acu sa chóras pholaitiúil.
Guth na nÉireannach the Irish vote
" Guth na nÉireannach Chaith na hÉireannaigh vóta anseo do Pháirtí an Lucht Oibre de ghnáth.
ghuth voice
" Ach, ar sé, agus diabhlaíocht ina ghuth, níl aon ghriangraf ann de leictreon ach is orthu atá an domhan tionscail bunaithe go huile agus go hiomlán! (http://www.
guth say, voice
" Ach bíonn guth thar a méid ag na stáit bheaga fosta.
guth voice
" Tuigfidh tú mar sin, nuair a chuala mé an nuacht seo, gur scairt guth óg m’ aigne liom, “Wow sin céad oiread de dhaonra na hÉireann!” Is le sé mhí anuas a thosaigh 100 milliún dóibh siúd ag úsáid an tsuímh.
cuirim guth I sound
" Ansin cuirim guth leis an easanáil.
ghuth voice
" Chaitheas cúpla seachtain leis an gcleachtadh seo agus bhraitheas go rabhas ag cuidiú go mór le mo ghuth.
ghuth ceart a proper voice
" Tréimhse chorrach i stair na hÉireann a bhí againn san idirlinn agus gan ghuth ceart clóite ag pobal na Gaeilge is na Gaeltachta le scagadh a dhéanamh ar cheisteanna a bhain leo go sonrach.
guthanna voices
" Athcraoladh an tsárshraith raidió 'Glórtha ón Gorta' le Cathal Póirtéir (1997) an mhí seo caite, mí na Samhna, agus chuir na guthanna agus na scéaltaí a chuala mé ar an chlár, an leabhar *'Irish, Catholic and Scouse, The History of the Liverpool Irish 1800-1939*' le John Belcham (Ollscoil Learphoill, 2007) i gcuimhne dom.
guth nár chualathas unheard voice
" Agus an guth nár chualathas le fada ní bheidh sé le cluinstin fós.
guth voice
" Tá an tAE chun cinn ar thíortha eile maidir leis an cheist seo: tá tús maith curtha aige leis an obair seo agus bhíothas ag súil go mbeadh guth láidir údarásach an AE ag brú na dtíortha eile chun tosaí sna cainteanna sa Danmhairg.
Guth foirfe mature voice
" Guth foirfe údarásach a thug an Ciarraíoch oilte seo an doras chugainn isteach ón gcéad lá.
Guth voice
" Bunaíodh brúghrúpaí le cur i gcoinne na gciorruithe – Guth na Gaeltachta ina measc – agus níl aon amhras ach go raibh tionchar áirithe ag na cruinnithe agus na hagóidí a d’eagraigh siad ar fud na tíre.
guth voice
" Nach maith an rud é go bhfuil Questions & Answers thart, nó cé a dtiocfadh leo áit Willie Cointinneach Ciapálach a ghlacadh le dúshlán John Bowman, agus dúshlán an lucht éisteachta a thabhairt? Cé eile a dtiocfadh leo olc a chur ar leath na tíre agus lúcháir a chur ar an leath eile le habairt bheag bhídeach ainbhiosach aineolach amháin? Seanchara dílis do Bhalor ab ea Willie, agus cuireann sé isteach go mór ar Laoch na Litríochta go bhfuil greann gáirsiúil á scaipeadh thart ar na gutháin phóca agus eile faoina sheanchomrádaí.
ghuth mionlaigh minority vote
" Chomh maith le sin, de bharr go raibh Breitheamh amháin – ’sé sin an Breitheamh Geoghegan - mar ghuth mionlaigh sa chás sin, ciallaíonn sé nach raibh ach beannacht beirte as ochtar chomhalta de chuid na Cúirte Uachtaraí luaite le fasach Uí Bheoláin.
d'aon ghuth unanimously
d’aon ghuth unanimously
" Tháinig athrú suntasach ar chúrsaí polaitíochta na hAstráile ar 24 Meitheamh nuair a thug Páirtí an Lucht Oibre bata agus bóthar dá gceannaire, an Príomh-Aire Kevin Rudd, agus toghadh Julia Gillard i gcomharbacht air d’aon ghuth.
a nguth their vote(s)
" Is mór an trua é mar sin go bhfuil coimhlint ghéar ar siúl idir na páirtithe móra leis an dúnghaois inimirce is dúire agus is danartha a chur faoi bhráid mhuintir na tíre agus iad ar tí a nguth a thabhairt san olltoghchán ar 21 Lúnasa.
guth voice
" Ar an gcéad dul síos, is gá don fhuaim (colúin aeir ar creathadh) ón ngiotár agus an guth taisteal chuig an bpinneog (pinna L.
ghutha dhaonna human voice
" Minicíochtaí an ghutha dhaonna don chuid is mó a mhéadaítear.
guth an ealaíontóra the artist’s voice
" Thosaigh muid sraith caiséidí – guth an ealaíontóra roinnt blianta ó shin, ag taifeadadh gearrscéalaithe, filí agus seanchaithe.
guth úrnua fresh new voice
" Agus san oibriú amach agus sa chríochnú sin léiríonn Ando guth úrnua cineamúil.
d’aon ghuth unanimously
" Ach arís ar ais, is léir nach bhfuil baill uile an pháirtí ag caint d’aon ghuth.
a nguth a chaitheamh to vote
" Beidh bord ag Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, ar ndóigh, ach drochsheans go mbeidh deis ag pobal na Gaeltachta a nguth a chaitheamh i gcomhdhéanamh an Bhoird sin mar a bhí á dhéanamh ó 1980 i leith.
gan guth bheith acu not to have a voice
" Bhí an páirtí mar a bhí long a mbeadh poll ann faoi líne an uisce ach hiarradh orm seasamh agus mheas mé gur fearr guth a thabhairt do na daoine seo taobh istigh den pháirtí in áit gan guth bheith acu ar chor ar bith,” arsa an Críostaí athbheirthe.
guthanna voices
" 
“Feicim an PUP agus gnéithe de Shinn Féin chomh maith le guthanna sóisialacha sa Workers Party agus Northern Ireland Labour ag teacht le chéile ar na ceisteanna a chránn an aicme oibre agus é mar aidhm againn páirtí aontaithe sóisialach a bhunú,” Bealach Amach don UVF ============ Agus an chaint seo uilig faoin Chríostaíocht agus faoin tsóisialachas, tá eilifint (mheafarach) sa seomra, an UVF, eagraíocht atá freagrach as 400 éigin dúnmharú le linn na dtrioblóidí.
guth údarásach an authoritative voice
" Is léir go dtuigeann siad go bhfuil bearna ann agus go bhfuil daoine ag iarraidh guth údarásach chun an bhearna sin a líonadh.
ghuthanna easaontóirí voices of dissidents
" Dar leis an eagraíocht féin, tá sí tiomnaithe do thacú le saoirse an duine trí ghuthanna easaontóirí ar líne sa domhan Arabach agus san Iaráin a chur chun cinn, nó i bhfocail an dream a sheol an tionscadal, bhí sé mar aidhm aige *“to research and focus attention on the online activities of democracy advocates and dissidents in the Middle East, in the hope of empowering them at home and raising awareness of their plight abroad.
an ghutha Ghaelaigh the Irish voice
" Imeallachas na scríbhneoirí, imeallachas an ghutha Ghaelaigh, imeallachas na Gaeilge agus cé déarfadh nach mionlach i gcónaí sinn in Éirinn na linne.
thug Bob Dylan guth dóibh gave vent to
" Searmanas naofa i gcuimhne ar na luacha spioradálta, pearsanta agus pobalda sin ar thug Bob Dylan guth dóibh ar ár son fadó.