Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag titim amach happening
" Táimid inbhreathnaitheach agus gan mórán airde againn ar an mhéid atá ag titim amach san oideachas go ginearálta.
a thit amach that happened
" Ina áit sin, bhí dearcadh an-ionsaitheach ag Collins agus chuir sé an locht ar fad faoin méid a thit amach ar an údarás áitiúil as ucht gan áiseanna a chur ar fáil.
tar éis titim amach after happening
" Má thagann cogadh domhanda mar thoradh ar an mhéid atá tar éis titim amach le cúpla seachtain anuas, nach mbeidh tíortha ag teastáil le bheith mar ghníomhairí síochána le réiteach a chuardach - moltóir cothrom, neamhspléach, gan aon bhagáiste míleata.
le titim amach to happen
" De dheasca an spriocama atá ann don alt, bíonn i gcónaí géarchéim réidh le titim amach nó ar tí á réiteach agus mé i mbun pinn.
ag titim amach happening
" Is cuid de chnáimhseachas polaitiúil gach tíre é a bhfuil ag titim amach ó thuaidh.
dóbair it nearly happened that
" Tháinig an smaoineamh seo chun cinn go deireanach i 1992 agus dóbair gur ghlac John Bruton leis, ach i ndeireadh na dála chuaigh an Lucht Oibre isteach le Fianna Fáil cibé.
ag gabháil happening
" "Cad é atá ag gabháil i gContae Chiarraí ar chor ar bith?" a fhiafraíonn Balor le teann díchreidimh agus amhrais.
nithe ag titim amach things happening
" San úrscéal tréitheach le hIsaac Bashevis Singer, *Scum*, deir an príomhcharachtar ann nach bhfuil sa saol i ndeireadh báire ach nithe ag titim amach mar a chaithfidh a thitim amach, nithe a taibhríodh duit cheana, agus nach bhfuil ann ach go bhfuil tú á bhfeiscint anois den chéad uair, mar dhea, le do shúile cinn.
cad a imeoidh ar na striapacha what will happen to the prostitutes
" Má fhillim ar an óstán seo i gceann deich mbliana, áfach, agus má fheicim mo dhuine romham, an mbeidh sé gafa? An mbeidh lúidín a choise ag corraíl oiread na fríde? Agus cad a imeoidh ar na striapacha nuair a thógfaidh cailíní níos óige a n-áit? Caithfidh mé teacht ar ais anseo lá níos faide anonn i mo choirnéal in Arm an tSlánaithe dom.
eachtraí a bhain dóibh that happened to them
" Deir siad go bhfuil na píosaí ceoil ar an albam "Foc" a d'eisigh siad anuraidh ag gabháil buíochais leis na daoine a casadh orthu agus ag ceiliúradh na n-eachtraí a bhain dóibh le linn a gcuid taistil.
tá a mhalairt de scéal ag titim amach the opposite is happening
" Ach nuair atá uafáis leanúnacha ar siúl in oirthear agus i dtuaisceart Bhéal Feirste agus in oirthear Aontroma, tá a mhalairt de scéal ag titim amach i dtuaisceart Aontroma.
a bhfuil ar siúl everything that is happening
" Is é an fhealsúnacht atá taobh thiar de na fuinneoga móra atá sa tosach ná go bhfuil a bhfuil ar siúl taobh istigh den fhoirgneamh le feiceáil ag an phobal ar an taobh amuigh.
Is iomaí rud is iontaí a tharla stranger things have happened
" " "Is iomaí rud is iontaí a tharla," arsa Siobhán.
Conas a thit sé sin amach? How did that happen?
" Conas a thit sé sin amach? BNGP: Bhuel an t-ainm a bhí ar an gceolchoirm ná "Bealtaine" agus bhí amhráin ann, agus rince chomh maith, bunaithe ar théama na Bealtaine.
mar a tharlaíonn rómhinic as happens too often
" Ach mar a tharlaíonn rómhinic le foireann Átha Cliath, chuaigh cúl isteach go mí-ámharach ina gcoinne agus scórail DJ Carey cúl eile gar do dheireadh an chluiche.
go dtarlóidh sé luath nó mall that it'll happen sooner or later
" Dar leis go dtarlóidh sé luath nó mall.
go bhféadfadh a leithéid tarlú that such a thing could happen
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
níor tharla faic nothing happened
" "Bhíos ag súil le díospóireacht ach níor tharla faic.
Is annamh é It seldom happens
ag titim amach happening
" Níorbh iad na Meiriceánaigh amháin a chreid a gcuid amaidí, ach tuairisceoirí na mórchainéal satailíte sa domhan iartharthach a thug léargas chomh claonta dúinn ar a raibh ag titim amach gur fágadh ar snámh gan chompás iad nuair nár imir muintir na hIaráice an cluiche a bhí leagtha amach dóibh.
nach dtarlóidh a leithéid that such a thing won't happen
" Ach de réir mar a théann an cogadh seo ar aghaidh is lú atá mé cinnte nach dtarlóidh a leithéid.
go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú that something similar could happen
" " Creideann sé go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú i go leor tíortha eile sa réigiún.
Dá dtarlódh sé seo if this happened
" Dá dtarlódh sé seo, bheadh sé ábalta a rá go raibh an ceart aige on tús.
ag titim amach happening
" Tá an oiread sin rudaí ag titim amach ag an am céanna agus tá sé chomh deacair sin gach aon líne a leanúint mar ba chóir.
ag titim amach happening
" Admhaíonn Ballagh go raibh sé ar a shuaimhneas sa "chomhluadar spairneach" seo agus é ina "fhear óg teasaí", go dtí 1968 nuair a chothaigh na rudaí a bhí ag titim amach sna Sé Chontae scoilt idir é féin agus na "nua-aoisithe".
cad é a bhain don ghnátheagarthóir what happened to the usual editor
" "Agus cad é a bhain don ghnátheagarthóir, Éamonn Ó Doornail?" a deir sibh.
ní móide go dtarlódh sé it probably wouldn't happen
" An bhféadfadh sé tarlú san iomáint? Tá sin as an gceist faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair agus, le fírinne, ní móide go dtarlódh sé faoi chóras ar bith, ach d'fhéadfadh dhá nó trí chontae as Ulaidh bheith sna babhtaí ochtú ceannais, cuir i gcás, faoi chóras oscailte.
amhail is nár tharla tada as if nothing had happened
" Bhíodh breabanna beaga aige - úlla, toitíní nó slisní aráin - do bhuachaillí eile i ndiaidh na n-ionsaithe, agus deireadh sé leo ansin leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre amhail is nár tharla tada.
ag tarlú go fóill still happening
" Tá na nithe seo ag tarlú go fóill i Meiriceá, agus tá Nua-Eabhrac ar cheann de na háiteacha is mó a bhfuil a leithéid ag gabháil ar aghaidh ann.
tharla a leithéid arís the same kind of thing happened again
" Ach, muna raibh sin olc go leor, níos déanaí sa bhliain tharla a leithéid arís, an uair seo ag mórócáid oscailte Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialtaí bPáirc an Chrócaigh.
nach raibh baint dá laghad aici lena raibh ar siúl who was in no way involved in what was happening
" Thosaigh na póilíní agus na saighdiúirí a bhí in éineacht leis na turasóirí ag scaoileadh leis na hagóideoirí agus mharaigh siad seisear, páiste ocht mbliana d'aois ina measc nach raibh baint dá laghad aici lena raibh ar siúl.
dá dtarlódh a leithéid if such a thing would happen
" Ba dheas cinnte dá dtarlódh a leithéid, ach faoi láthair níl ansin ach aisling.
go bhfuil a leithéid ag titim amach that such a thing is happening
" Ní iontas ar bith é go bhfuil a leithéid ag titim amach - tá sé mar chuid de chultúr na Sé Chontae le fada an lá.
céard a thitfeadh amach what would happen
" Ach céard a thitfeadh amach dá dtarlódh athrú tobann, thar deich mbliana? Sin an cheist a chuir *éminence grise *an Pentagon, Andrew Marshall, fear a bhí i gcroílár na pleanála míleata san áit ar feadh breis is 30 bliain.
go bhféadfadh siad tarlú that they could happen
" Ach *tá* siad ag rá go bhféadfadh siad tarlú agus, go deimhin, go bhfuil fianaise láidir eolaíoch ann go bhfuil muid ar thairseach na dtarlúintí seo - go bunúsach, go bhfuil olltubaiste dhomhanda i ndán dúinn uaidh seo go ceann 20 bliain, go scriosfar codanna móra den phlainéad agus go gcaillfear na milliúin dá bharr.
an méid a thiteadh amach what used to happen
" Ba léiriú air sin an méid a thiteadh amach ag am lóin.
ag titim amach happening
" Cad é mar a leandáil an bhean seo de bhunadh na Gaeltachta ina leithéid d'áit a raibh eachtraí a bhí suarach agus eipiceach ag an aon am amháin ag titim amach? Nuair a bhíonn cailíní óg, bíonn siad ag brionglóidí fá bheith ina mbanphrionsaí nó ina réalta pop, ní bhíonn siad ag dúil go mbeidh siad ina bpolaiteoirí, agus leoga, ní sin an aisling a bhí ag Bríd Rodgers.
nár cheart go dtarlódh a leithéid arís that the same thing shouldn't happen again
" An iarraidh sin, fuair ceathrar náisiúnaithe neamhspleácha isteach, ach dúirt comhairleoir amháin, Sam Gardiner, a bhí ina fhear óg ag an am, nár cheart go dtarlódh a leithéid arís.
Dóbair it nearly happened that
" Dóbair gur thug capall péas a bhí as smacht cic dom," arsa John liom.
agus nach dtarlóidh aon cheo and that nothing will happen
" Go deimhin, tá daoine i dTuaim a deir go bhfuil Fianna Fáil meáite ar cheacht beag a mhúineadh dóibh toisc gur thréig siad an páirtí, agus nach dtarlóidh aon cheo arís go dtoghfar Teachta Dála Fianna Fáileach ann arís nó, ar a laghad, go mbeidh feachtas olltoghchánaíochta buailte linn arís.
titeann sé amach it happens
" Bím i gcónaí ag taisteal síos faoin tír mar, titeann sé amach, go háirithe nuair atá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, go mbíonn tú scartha amach ón gcuid eile den tír.
Pé ní a tharlóidh whatever happens
" Pé ní a tharlóidh, tá sé tábhachtach go ndéanfaí scrúdú rialta ar rialacha agus ar nósanna na gcluichí.
ag titim amach happening
" com dírithe ar dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu, a bhfuil spéis acu sa mhéid atá ag titim amach i saol na Gaeilge agus atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil.
ag titim amach happening
" com dírithe ar dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu, a bhfuil spéis acu sa mhéid atá ag titim amach i saol na Gaeilge agus atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil.
ag titim amach happening
" ” Nuair a bhain sí Béal Feirste amach ag tús mhí Iúil 1997, bhí go leor ag titim amach sa taobh sin tíre.
dá dtarlódh a leithéid if such a thing happened
" Is cinnte go mbeadh muintir an iarthuaiscirt thar a bheith sásta dá dtarlódh a leithéid.
ag titim amach happening
" Tá rudaí iontacha ag titim amach in Albain agus bíonn malartú idir iad féin agus féile in Oileán Sgiathanach - tagann amhránaithe Gàidhlig agus ceoltóirí Albanacha go hÉirinn agus téann na hÉireannaigh chun an oileáin.
má tharlaíonn a leithéid if such a thing happens
" Tá sé ráite ag an rialtas freisin go bhfuil an Astráil níos réitithe ná tír ar bith eile ar domhan má tharlaíonn a leithéid.
faoi mar a tharla i ndeireadh na seachtóidí as happened at the end of the Seventies
" I ndáiríre, murach fhir an iarthair, ba dheacair gan a bheith rud beag éadóchasach faoi dhul chun cinn na hiomána ach, faoi mar a tharla i ndeireadh na seachtóidí, tá iománaithe na Gaillimhe tar éis dúshlán na “mbuachaillí móra” a thabhairt.
ag titim amach happening
" Mar iriseoir, an gcuireann sé iontas air go dtig le rialtais “an bhréag mhór” a inse arís agus arís eile agus a laghad sin freagairte bheith ann? “Cinnte, agus cuireann sé alltacht orm,” ar sé, “ach mothaím, agus daoine ag dul in aois, go gcroitheann siad a gceann níos mó agus níos mó, mar a rinne mo mháthair agus m’athair, nuair a fheiceann siad a bhfuil ag titim amach.
ag titim amach happening
" Tá an chuma ar Oifig Thuaisceart Éireann, Príomh-Aire na Breataine agus ar an Príomh-Chonstábla Hugh Orde nach bhfuil barúil acu cad é tá ag titim amach.
ag titim amach happening
" Níl mé ag rá gurb ionann an cineál sin “coiriúlachta” agus a bhfuil ag titim amach i measc na bparaimíleatach, ach tá mé á lua mar chomhartha nár thosaigh an smuigleáil leis na Provies.
amhail is gur tharla sé an bhliain roimhe sin. as if it happened the year before
" Bhí scéalta aige faoi Bhalor agus an phluais mhór agus bhíodh seisean ag caint faoi amhail is gur tharla sé an bhliain roimhe sin.
thit cúpla rud amach a few things happened
" Sa chúigiú bliain, áfach, thit cúpla rud amach a thug spreagadh úr dúinn.
ag tarlú happening
" Tá an binse ar siúl le breis is mí anois agus cé go ndearna cuid d’fheidhmeannaigh AWB iarracht a rá nach raibh a fhios acu céard a bhí ar siúl, is léir go raibh a fhios ag cuid mhaith daoine sa gcomhlacht go díreach céard a bhí ag tarlú.
céard a tharlóidh what will happen
" Athraíonn an clár féin ar bhealach nádúrtha, agus is dócha go mbíonn daoine ag breathnú air go bhfeicfidh siad céard a tharlóidh an tseachtain seo.
thit sé sin amach it happened
" MUíF: Breathnaíonn sé mar sin ar an oíche; á, muise, thit sé sin amach.
ag titim amach happening
" I mo shuí liom féin sa seomra folamh, níor thuig mé cad é a bhí ag titim amach.
ag titim amach happening
" Tá a fhios ag uachtarán na Fraince go bhfuil sé seo ag titim amach, leoga tá an t-eolas ag an rialtas le 30 bliain ach níl a dhath déanta acu faoi.
ar ar thit amach all that happened
" Is beo fós dóibhsean a mhair trí fhormhór an 20ú haois agus a bhfuil cuimhne ghrinn acu ar ar thit amach sa Pholainn sa 20ú haois, rud a fhágann gur ceist bheo go fóill í stair dhéanach na tíre.
go dtarlóidh aon cheo go ró-thobann that anything will happen too suddenly
" Is de bharr sin atá eacnamaithe ag tuar go dtiocfaidh lag trá ar an gheilleagar cé nach bhfuil éinne ag rá go dtarlóidh aon cheo go ró-thobann.
ar a bhfuil ag tarlú on all that is happening
" Mar sin féin, is maith liom súil a choinneáil ar a bhfuil ag tarlú i ndomhan mór an spóirt.
ag titim amach happening
" “Bhí rud éigin ag titim amach i gcónaí ina aigne.
mar a tharlaíonn i gcónaí as happens always
" Ach, mar a tharlaíonn i gcónaí, rinne siad spás dúinn, agus le hualach mo mhála ar mo ghlúine, bhuaileamar bóthar.
le haghaidh tograí nach dtarlaíonn for projects that don't happen
" Tá sé tréigthe ag a sheanchairde, urraíocht á lorg aige le haghaidh tograí nach dtarlaíonn.
le sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú i mo thimpeall to glance at what's happening around me
" Anois is arís, osclaím iad le sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú i mo thimpeall.
nach dtarlódh an tseirbhís that the service wouln't happen
" Ach dá bhfanfadh muid bliain eile, creidim féin go mb’fhéidir nach dtarlódh an tseirbhís ar chor ar bith.
ní fhéadfadh sé tarlú it couldn't happen
" Agus ceoltóirí mar sin i láthair, ní fhéadfadh sé tarlú nach seinnfí ceol den scoth don lucht éisteachta mór a bhí i láthair.
dá dtarlódh sé if it happened
" Ní gá ach ainmneacha ar nós Ferguson nó Keane, Abramovich nó Drogba a lua agus glactar leis go dtuigeann chuile dhuine cé atá i gceist, cén club lena mbaineann siad, céard a itheann siad don bhricfeasta ar maidin! Nach mbeadh sé iontach dá dtarlódh sé uair amháin ar an "Late Late Show", cuir i gcás, go mbuafadh duine sa lucht féachana dhá thicéad go Old Trafford, nó a leithéid de dhuais, agus go ndéarfaidís le Pat Kenny iad a thabhairt do dhuine éigin eile ar an ábhar nach raibh aon suim acu dul ann.
Ba mhór an trua dá dtarlódh sé sin. It would be a great pity if that happened.
"Ba mhór an trua dá dtarlódh sé sin.
go dtarlaíodh a leithéid fiú san Eoraip sa tseanaois that such a thing used to happen in Europe in the old days
" Is cosúil go dtarlaíodh a leithéid fiú san Eoraip sa tseanaois dá mbeadh fómhar maith ann.
Ba thragóid é, dar liom, dá dtarlódh sin. I think it would be a tragedy if that happened.
" Ba thragóid é, dar liom, dá dtarlódh sin.
go dtarlóidh sé arís that it'll happen again
" Is beag an seans go dtarlóidh sé arís go mbuafaidh imreoir amháin bonn peile agus bonn iomána ar an lá céanna agus é ag imirt dá chúige i lár na páirce in dhá chluiche díreach i ndiaidh a chéile.
In ainneoin an mhéid a tharla despite all that happened
" In ainneoin an mhéid a tharla i Leas Cross, agus na moltaí a chuir an tOllamh Des O’Neill chun cinn sa tuarascáil a scríobh sé mar gheall ar an ionad, níl na hacmhainní cuí curtha ar fáil ag an rialtas go fóill le cinntiú go n-oibreodh an córas rialaitheach go héifeachtach.
dá dtarlódh sé. if it happened.
" Dearcadh sách fuar a bheadh ag ógánaigh in aois an choinscríofa i leith a leithéid, déarfainn, dá dtarlódh sé.
ar eagla go dtitfeadh cogadh amach in case a war happened
" Anois, agus é cinnte ina chogadh cathartha san Iaráic, is léir nach bhfuil go leor trúpaí Meiriceánacha ar fáil ann agus saighdiúirí ag teastáil go géar san Afganastáin ag an am céanna, agus go bhfuil géarghá le fórsaí cúltaca a choinneáil in áiteanna eile ar eagla go dtitfeadh cogadh amach i dtír eile a bhfuil suim ag Meiriceá inti, mar an Phalaistín nó Cúba.
go dtarlóidh sin that that will happen
" An gcreideann Nicholas go dtarlóidh sin ó thaobh an cheoil de? “Creidim go dtarlóidh.
tháinig mé ar chlár faisnéise I happened upon a documentary
" Clár teilifíse Agus mé ag preabfhéachaint ar an teilifís ar na mallaibh, tháinig mé ar chlár faisnéise a bhí á chraoladh ag Arte, stáisiún a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige as ardchaighdeán a chraoltóireachta.
Ní fheadar cén chaoi a dtarlaíonn sé. I don't know how it happens.
" An bhfuil sé deacair amhrán a chumadh nó cén chaoi a dtugann tú faoi?* ENíC: Táim fós ag iarraidh freagra na ceiste sin a fháil! Ní fheadar cén chaoi a dtarlaíonn sé.
ligean don phróiseas tarlú to let the process happen
" An rud a bhíonn deacair ná ligean don phróiseas tarlú agus iontaoibh a bheith agat asat féin, as pé rud a thagann amach.
ar nós mar a tharla i gcoinne Mhaigh Eo just as it happened against Mayo
" Ach údar imní do mhuintir Átha Cliath luath go maith sa séasúr gur chaill foireann na hardchathrach a bealach, mar a déarfá, ar nós mar a tharla i gcoinne Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais na hÉireann an samhradh seo caite tar éis tús maith spleodrach.
ag tarlú happening
" ***An bhfuil fáil ag muintir na hÉireann i gcoitinne ar na healaíona nó an bhfuil an chuid is mó de na gníomhaíochtaí ag tarlú i mBaile****** Átha Cliath?*** Tá saol an-ghníomhach ealaíon i mBaile Átha Cliath.
nach dtarlódh an sléacht i Virginia Tech that the slaughter wouldn't happen in Virginia Tech
" Mar shampla, dúirt Larry Pratt, cathaoirleach Gun Owners of America, nach dtarlódh an sléacht i Virginia Tech dá mbeadh cead ag mic léinn agus léachtóirí gunnaí rúnda a chaitheamh faoina n-éadaí.
Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile. They won't think about it again until the next one happens.
" Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile.
sular tharla an bhuamáil ar chor ar bith before the bombing happened at all
" Bhí tuairimí eile ann, áfach, go raibh Picasso gafa leis na siombailí teibí a d’úsáid sé sa phictiúr sular tharla an bhuamáil ar chor ar bith agus nach freagairt “mhacánta” ar an lá a bhí ann ach deis do Picasso é féin a shásamh.
ag tarlú happening
" Tá sé ag tarlú cheana féin: níl Meiriceá ag cur béime maidir le tacaíocht an rialtais ar innill níos éifeachtaí, ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla nó ar iompar poiblí níos fearr, ach ar scaglanna a thógáil chun eatánól a dhéanamh as arbhar Indiach.
Dhein amhlaidh. That's what happened.
a bhí suntasach dóibh nuair a tharla siad. but were eminent to them when they happened.
" Tá cuimhne ag gach duine ar éachtaí nó ar mhórghníomhartha nach raibh coinne leo agus a bhí suntasach dóibh nuair a tharla siad.
má tharlaíonn a leithéid. if such a thing happens.
" Tá polasaí i bhfeidhm sa Pháirc Náisiúnta sin cúiteamh a íoc le feirmeoirí má tharlaíonn a leithéid.
An chéad uair riamh a tharla a leithéid, The first time that such a thing has happened,
" An chéad uair riamh a tharla a leithéid, is cosúil, agus cruthúnas ar chomh lag is atá an tUasal Bush anois.
céard a tharlóidh what will happen
" Agus cá bhfios céard a tharlóidh nuair a chúlóidh Meiriceá, agus anois glacann gach polaiteoir, nach mór, leis an tuairim nach mbeidh an dara rogha acu, luath ná mall, ach cúlú.
ag tarlú happening
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
nach bhféadfadh an rud céanna tarlú that the same thing couldn't happen
" Dá dtiontófá coirnéal sráide agus portráid de John Lennon a fheiceáil ar an bhalla os do chomhair, chuirfeadh sé sin miongháire ar d’aghaidh gan amhras! Mheall na ballaí múrmhaisithe i mBéal Feirste na mílte turasóir le cuairt a thabhairt ar an chathair, agus níl cúis ar bith nach bhféadfadh an rud céanna tarlú i Learpholl.
gur tharla sé go tobann. that it happened suddenly.
" AÓF: Cá bhfuair tú na hamhráin atá ar an albam agus cá bhfaigheann tú do chuid amhrán de ghnáth? LMacM: Gach amhrán ar chuir mé spéis ann, caithfidh mé rá gur tharla sé go tobann.
tá iontais ar siúl. wonders are happening.
" Fiú anseo i Nua Gheirsí, tá iontais ar siúl.
ar siúl happening
" Cinnte, bhíodar ní ba ghalánta agus níb ardnósaí! **Céad bhlas den rugbaí**Ar cheann de na céad laethanta, d’fhógair an Bráthair Thomas go mbeadh seisiún traenála rugbaí tar éis scoile gach Luan agus go mbeadh cluiche gach Céadaoin agus gach Satharn - bhíodh ranganna maidine ar siúl ar an Satharn ag an am.
eachtra amháin one happening
" Chuir eachtra amháin deireadh le mo chuid gaiscíochta, áfach.
uafás an mhéid a tharla ann the horror of what happened there
" Ach dá loime an foirgneamh is ea is mó a théann uafás an mhéid a tharla ann i gcion ort.
níor tharla a leithéid the like of this didn't happen
" Dá bharr sin, beidh ar an bhfreasúra sé shuíochán déag sa bhreis a bhuachan le móramh a bhaint amach - agus níor tharla a leithéid riamh in olltoghchán san Astráil.
is cuma céard atá ag tarlú it doesn't matter what is happening
" Is féidir leis a spící a chur amach agus é féin a dhúnadh isteach chun a rud féin a dhéanamh, is cuma céard atá ag tarlú taobh amuigh.