Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neamhurchóideach harmless
" Is ainmhí neamhurchóideach é go hiondúil ach, ach an oiread leis an mbroc, má bhíonn sé sáinnithe bíonn sé contúirteach agus is féidir leis an-dochar a dhéanamh lena chuid crúb.
pobal neamhurchóideach harmless community
" " "Agus nach í an chos mhallaithe úd a chiceáil m'fhear céile sna magairlí is a chuir ó rath é, a chiceáil isteach doirse siopaí, a bhasc is a chuir cor coise i ndaoine macánta, a bhí ar lata luais an chairr seo inniu is a tharraing an trioblóid go léir uirthi féin is a chuir pobal neamhurchóideach an eastáit seo i mbaol agus trína chéile.
neamhurchóideach harmless
" Diabhal bealach níos fearr le cur síos a dhéanamh ar na hathruithe seo ná cúpla véarsa a chur le chéile, rud atá déanta thíos ag Balor an Bligeard, go bhfóire Crom orainn! Amhrán beag neamhurchóideach atá ann, murab ionann agus cuid de na hathruithe atá luaite ann - agus cuid eile nach bhfuil! Crochaigí suas é a léitheoirí! (An t-amhrán atá i gceist agam - chan Crom ná Balor fiú!) Níl duine ar bith ag déanamh faic ó athcheapadh Mary Mac.
calaoiseacha “neamhurcóideacha” 'harmless' fouls
" Ar “Sportscall” RTÉ, faoi stiúir Des Cahill, bhí daoine éagsúla ag glaoch isteach ag léiriú míshástachta le díbirt imreoirí chun na taobhlíne de bharr calaoiseacha “neamhurcóideacha” (tarraingt geansaí, tarraingt síos imreora agus a leithéidí - is é sin, gnáthimirt na peile!).
neamhurchóideach harmless
" “Scaoiltear Saor Beirt Milwaukee! Tá siad neamhchoireach! Tá siad chomh neamhurchóideach liom féin!” Labhair boc mór rúnda na seirbhíse isteach ina mhuinchille: “Murab é seo Uachtarán na hÉireann tá sé chomh maith againn dul abhaile, nó is léir go gcuireann achan dara hÉireannach cuma thábhachtach air féin.
neamhurchóideach harmless
" Chuir an priompallán sin Éamonn Ó Doornail, *an t-eagarthóir*, mar a thugann sé air féin, chuir sé mé ar fionraí as siocair gur shíl sé nach dtiocfadh le *<ainm ag an eagarthóir>* cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara charthanach chomhbhách Balor neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.
daoine neamhurchóideacha harmless people
" Tá na mílte míle bealaigh idir cathair Rio de Janeiro sa Bhrasaíl agus an chathair bheag Alphen aan den Rijn san Ísiltír, ach bhain an dá áit na ceannlínte idirnáisiúnta amach ar an údar céanna an mhí seo caite: d’fholmhaigh beirt ógfhear a gcuid gunnaí le daoine neamhurchóideacha gan fáth ar bith, sular chuir siad iad féin den tsaol.
neamhurchóideacha harmless
" Tá sé deacair a chreidbheáil 30 bliana ar aghaidh go mbíonn na póilíní i Londain fós ag déanamh ionsaí marfach ar dhaoine neamhurchóideacha cóngarach do ‘mháthair na bparlaimintí’.
neafaiseach neamhurchóideach soineanta unremarkable, harmless, innocent
" Féach an méid focal Béarla atá de dhíth chun an focal beag neafaiseach neamhurchóideach soineanta Gaeilge sin a mhíniú.
Ceist Neafaiseach go Maith a fairly harmless question
" Tá mé chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal… Ceist Neafaiseach go Maith ======= **Balor: Ní maith liom cur isteach ort, a Richie, agus tú faoi lán seoil, ach ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann tú na dúthrachta airgid san áireamh?** Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt tú nach gcuirfeá an cheist sin orm.
Neamhurchóideach harmless
" Nach sílfeá go dtuigfeadh An Slua Muirí go dtiocfadh le <ainm ag an eagarthóir> cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara carthanach comhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.