Bhí sé dodhéanta fiú leamhgháire a bhaint as a ghnúis mhaorga mhairgiúil 'fhad is a bhí na cláracha gáifeacha teilifíse agus na pictiúir léanmhara ag teacht amach, ceann i ndiaidh a chéile.
Bhí na mílte ban óg Laidineach sna Stáit Aontaithe, torrach, gan oideachas, gan Bhéarla, gortaithe go fisiciúil agus go síceolaíoch ag an turas léanmhar óna dtír dhúchais, agus aire cheart de dhíth go práinneach orthu.