Ní fhacthas comhoibriú den chineál céanna idir tuath agus cathair ó bhí an fómhar i mbaol bliain nó dhó tar éis an dara Cogadh Domhanda, nuair a tháinig na sluaite amach as na bailte móra chun cabhrú leis na feirmeoirí.
**
Cosa gan Bhróga:
=======
Céad díolaim iomráiteach Eithne Ní Uallacháin, Gerry O Connor agus Desi Wilkinson a eisíodh ar fhadcheirnín sa bhliain 1987, anois ar fáil ar dhlúthdhiosca don chéad uair! Ceolann Eithne ceithre amhrán ón traidisiún inar tógadh í agus tugann na ceoltóirí blaiseadh den fhómhar fhairsing a bhí cruinnithe acu um an dtaca sin.