Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag téamh heating
" 'Is cóir gearradh siar ar an fhéilire,' a dúirt mé leis agus mhínigh mé dó mo chuid cúiseanna leis an ráiteas: 'Mura mbíonn ach seachtain i ngach coicís agus coicís i ngach mí, ní bheidh ach an dá ráithe sa bhliain: tabharfaidh muid earrach agus samhradh orthu agus ní bheidh daoine ag téamh a gcuid tithe; ní bheidh caiteachas na Nollag níos mó ann; ní bheidh na múinteoirí dod' chrá nó beidh siad ar saoire níos mó ná leath na bliana; agus thar bhuntáiste ar bith eile: ar an bhliain seo chugainn, nuair a bheas mise tríocha trí bliain d'aois beidh mé sé bliana agus trí scór agus i dteideal dul amach ar an phinsean.
téamh heating
" Tá leaca pábhála ar an urlár - agus téamh fúthu! - agus tá teallach mór oscailte ann, agus branra dubh ar a gcrochtaí na potaí cócaireachta.
don téamh lárnach, for central heating,
" Cé go n-úsáidtear millíní adhmaid mar bhreosla éifeachtach don téamh lárnach, tá béim speisialta ar bhithbhreoslaí i gcúrsaí iompair – tionscal a úsáideann mórán ola agus peitril agus tionscal nach bhfuil mórán slite malartacha aimsithe aige fós.
téimh lárnaigh of central heating
" Nuair a smaoiním ar an fhuacht mharfach agus ar dhorchadas an gheimhridh, smaoiním i gcónaí ar na daoine a mhair fadó, i bhfad roimh ré an téimh lárnaigh! Tráth nach raibh tithe ann ar chor ar bith, tráth nach raibh ann ach an duine in aghaidh na ndúl.
téimh lárnaigh central heating
" Anseo sa bhaile, is lú an líon leoraithe ola i mbun seachadadh ola an téimh lárnaigh fosta.
píobáin teasa heating pipes
" Tá potholes go leor sa tír anois, i ndiaidh a raibh againn de shioc agus sneachta agus oighear – a bhuíochas sin do scabhaitéirí Fhianna Fáil nach raibh sásta na píobáin teasa a chur faoi na bóithre mar a mhol mé.
ag téamh heating
" Bíodh go bhfuil sé an-deacair é a chreidiúint faoi láthair, fiú amháin, méadaíonn an teocht chomh maith, agus bíonn an chréafóg ag téamh timpeall orainn.
téamh heating up
" Tá gnóthaí ag téamh i SAM an mhí seo ach dar le Brian Ó Broin, ní gnóthaí aimsire is bun leis an ardú teasa an iarraidh seo, ach corraíl pholaitíochta a d’fhéadfadh cor a chur i leagan amach polaitíocht SAM ar an mórgóir.