Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iomghaoth the spinning wind that collects rubbish at your door or at the bottom of hedges
" Bhí iomghaoth sa doras aici agus d'fhág sin idir pháipéar agus dhuilleogaí ina luí i mbéal an dorais.
Scoil Scairte hedge school
" Faoi dheireadh thug muid ainm ar an ghrúpa - "An Scoil Scairte".
fálta hedges
" Bhí an t-aer cumhra, na héin ag canadh, sruthán ag sioscadh agus na fálta dlúth le bláthanna.
fálta flannrua le deora dé hedges blood-red with fuschias
" Ag tarraingt isteach duit ar Chorca Dhuibhne, feiceann tú sléibhte glasa cruinne agus fálta flannrua le deora dé.
fálta hedges
" Siúlann muid idir fálta iontach arda, agus trí choillte atá lán de phlandaí speisialta, mar an caiméilia, a mbíodh an-tóir air i Lucca.
Fál hedge
" 15 bliain i ndiaidh shíniú Comhaontú Aoine an Chéasta, feidhmeannas (measartha) buan ag saothrú i Stormont, Arm na Breataine bailithe leo agus táthar ag tógáil ballaí síochána go fóill! ‘Fál maith a dhéanas comharsana maithe’ a deir seanfhocal amháin nó ‘Déanann teorainn mhaith comharsana cairdiúla’ a deirtear.
gráinneoige hedge
" Agus ar ndóígh tá a shlí féin ag ainmhithe áirithe chun dul i ngleic leis an gheimheadh: codlaíonn cuid acu, ar nós na gráinneoige, an geimhreadh amach; agus fágann cuid acu, an fháinleog cuir i gcás, an tír ar fad agus tugann siad aghaidh ar thír a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí ann.
gCistí Fálaithe hedge funds
" Agus dhéanfaí i bhfad níos mó inúchadh ar mhargadh na gCistí Fálaithe, an réimse inár thosaigh an cúlú atá fós ar siúl.
i bhfostú i sceach caught in a hedge
" Tháinig Ibrahim agus a mhac ar chaora i bhfostú i sceach gar don áit a raibh siad agus rinne siad an chaora sin a íobairt chun glóire Allah.
ciste fálaithe hedge fund(s)
" D’ainneoin cuma chiallmhar na comhairle, is léir don té atá eolach ar stair na ‘muirthéachtaí datha’ (Féach ‘Cogadh sa tSeoirsia,’ Beo! Meán Fómhair 2008) go bhfuil rud éigin le gnothú ag an mbainisteoir ciste fálaithe is saibhre ar domhan é féin as athrú réimis san Éigipt.
fál ná sconsa hedge nor fence
" Bóthar spéire, bóthar lúbach, bóthar crochta, bóthar gan mharc, comhartha ná líne air, bóthar gan chlaí, fál ná sconsa idir é agus gleann carrach na síoraíochta thíos fúinn.
ciste fálaithe hedge fund
" ” Is ar éigean a luafar, áfach, go bhfuil airgead mór ciste fálaithe ag tacú leis an iarrthóir “radacach” seo, nó gurb iad an dream céanna a thacaigh le gníomhaithe an Earraigh Arabaigh anuraidh atá ag iarraidh “daonlathas” a chur chun cinn sa mbaile i mbliana.
chistí fálaithe hedge funds
" Sa lá atá inniu ann bíonn scéalta faoi chistí fálaithe agus faoi bhónais na mbaincéirí i mbéal na ndaoine ach ní mar sin a bhíodh sé.
Cistí Fáil go hAer hedge funds as high as the sky
" Cistí Fáil go hAer ======= Is faoi na cistí fálaithe is mó a tháinig an fás seo.
bhfuil bláth ar an sceach the hedge is in bloom
" Agus ó thaobh na Gaeilge de, má tá craobh den chrann i mBoston, ní bréag a rá go bhfuil bláth ar an sceach anseo sa mBreatain Bheag.
b’iad na fálta it was the hedges
" Bhí gach gasúr ina mharcach agus ina chapall in éineacht agus ba iad gáirdíní na gcomharsan, suas is anuas le deich gcinn acu, an cúrsa agus b’iad na fálta a bhí idir na gairdíní na clathacha nó na sconsaí ar an gcúrsa rása.
fál crainnte a hedge of trees
" Tá beartas mór ar bun in iarthuaisceart na hAfraice le fál crainnte a thógáil idir an Sahára agus tíortha na Saiheile – An tSeineagáil, Mailí, Beinin agus an Nigéir.