Pota Focal Intergaelic
bell | cell | dell | ell | fell
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ifreann hell
" Geallúint go rachaidh mé chuig faoistin agus ar aifreann go rialta as seo amach.
bíodh an deabhal aige seo mar obair to hell with this for a job
" Dar ndóigh cuireadh pionós trom ar an imreoir céanna ach cé a chuirfeadh an milleán ar an réiteoir sin dá ndéarfadh sé leis féin agus le coiste an chontae "bíodh an deabhal aige seo mar obair" agus éirí as.
téann sé uilig chun sioparnaigh it all goes to the dogs/to hell
" Bíonn achan duine ar daoraí ar feadh cúpla seachtain ag tús na bliana agus ansin téann sé uilig chun sioparnaigh.
Go lá Sheoin Dick until hell freezes over
" " "Go lá Sheoin Dick," arsa Nóirín, "ní stadfaidh tusa den phlásaíocht le mná agus, leoga, is beag atá ar a shon agat.
go hifreann to hell
" Ní fhéadfaí í a chur go hifreann, siúráilte, fiú dá mba scabhaitéara a bheadh ann mar thiocfadh dó aithrí agus gníomh croíbhrú a dhéanamh, go háirithe anois ó bheadh neart ama aige le smaoineamh air féin ar an saol seo agus ar an saol eile sul má léimfeadh isteach ann ar a leathchois.
bheadh marfach ann there would be hell to pay
" Chuirfeadh sé duine de na páistí amach fá choinne fiseáin agus bheadh marfach ann nuair a thiocfadh sí ar ais le ceann nach n-amharcódh Críostaí beo air ach í féin.
tintreacha ifrinn the sparks of hell
" bunúsmost cé a bheadh ina dhiaidh ormwho would blame me faraoralas leaspáindancing, coloured lights before eyes ag gliosarnachglistening dhá liathróid mearcairtwo balls of mercury le míshuaimhneasuneasily clóscríobhántypewriter úsáid inteachtsome use i sruthannain torrents (of words) ainmhí fiáinwild animal teorainneacha mo chuid leathanachthe borders of my pages aibhneacha mo chuid dúighthe rivers of my ink déistinnausea samhnasdisgust ag tarraingt na léine allasaípulling the sweaty shirt buarthaworried scalltawretched, puny sa bhúireachin the roaring ag preabarnaílthrobbing aicíd ghallda inteachtsome foreign disease folcadh mór fadaa very long bath tintreacha ifrinnthe sparks of hell i dtólamhalways galar na dúiseachtathe disease of wakefulness bándeargpink níor chuir duine ar bith chugam ná uaimnobody bothered me seileogaspits mo mhacasamhailsethe likes of me doilighdifficult mo phlucmy cheek nimhneachsore conáiltefreezing ailleog cheoilburst of song i mo chuid samhlaíochtain my imagination creathashivers trupnoise gnúisface farraige fhíochmharferocious sea go fuarbhruitelistlessly ealaíswans faitíos millteanacha great fear tráidiretray
ag tarraingt raic an diabhail raising hell
" Is macasamhail mhuintir Kennedy iad, amuigh ansin ag tarraingt raic an diabhail, ag pléascadh na háite, ag dó na hambasáide go talamh agus a leithéidí sin.
ag stróiceadh mionnaí móra swearing like hell
" " B'in nuair a thug siad faoi deara go raibh stumpán beag toireach d'fhear ag tarraingt orthu agus é ag stróiceadh mionnaí móra mar a bheadh deireadh an tsaoil ann.
síos go hifreann down to hell
" MOLLY: Cuirfidh mé do chorp bradach síos go hifreann.
ag stócáil thinte Ifrinn stoking the fires of hell
" pluais urchóide! Brocais bhrocach cháidheach! Caithfidh reachtaire na háite sin an tsíoraíocht ag stócáil thinte Ifrinn as scaoilteacht mhorálta an choláiste sin.
Scuabaire Ifrinn Fast-Moving Animal from Hell
" fós! Beidh sibh i gcónaí in ann a mhaíomh gur anseo, ar *Beo Ar Éigean*, a léigh sibh ar dtús é: foilsiú fíor forúnach na síntiús rúnda uilig a fuair Enda Aoibhinn Aoibhiúil – cinn nach bhfuil ag Vincent Browner than Brown de Brún go fóill fiú – cinn nár lig Enda thar a anáil fós, fiú faoi rún na faoistine, le Scuabaire Ifrinn é féin, Flopsy Flannery.
Bíodh an diabhal ag scéalta beaga To hell with little stories
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
Tinte Ifrinn atá i ndán dóibh ar fad. They are all in for the fires of hell
" Tinte Ifrinn atá i ndán dóibh ar fad.
hifreann hell
" Bhí baint aige seo leis an dearcadh a bhí coitianta sa mheánaois go raibh an bealach isteach go hifreann agus an bealach chun na bhflaitheas leagtha amach mar seo.
Ifreann Hell
" Don leac is ísle agus is fuaire in Ifreann, más ann dá leithéid (agus Ifreann fuar a bhíodh ag na Gaeil, dála an scéil).
béal Ifrinn 'the gates of hell'
" Ceangail bhúr gcriosanna tárrthála, a cháirde, faoi choinne thuras samhlaíochtúil go béal Ifrinn, agus ar ais! Más gnáthlead iontach íogair, cúthalach é Oskar, is beag atá gnách faoi Eli, an cailín óg andraigíneach béal dorais.
míle murdair hell to pay
" Ag fás aníos dom, b’ionann a bheith gaelach agus an ghráin a bheith agat ar an sacar, an cluiche gallda, cluiche na mBlack a’ Tans, an cluiche a imríodh sna bailte garastúin agus i nDún na nGall! Nuair a bhéaradh na Bráithre Críostaí ar bhuachaill ag imirt sacair ar scoil, bhíodh sé ina míle murdair.
leaca fuara Ifrinn Hell's depths
" Bodach na Saoirse Bréagaí Agus nárbh í an ghlúin sin páistí, ar ball, a leanfadh Ostarach eile go leaca fuara Ifrinn, agus tharstu? Ní ardaíonn Haneke an cheist sin sa scannán a bhain an Palme d’Or i Cannes ar deireadh dó i mbliana.
mórchuid a hell of a lot of
" Agus scríobhfar mórchuid litreacha chuig gannchuid nuachtán.
leacracha Ifrinn slabs of Hell
" Agus an t-ábhar, agus tá mé a rá “no” sa lá inniu féin don rud ceannann céanna, tá oiread sin bréag inste mar gheall ar an nGaeilge, tá oiread sin úsáid dá baint as an nGaeilge ag daoine ar lú suim acu i nGaeilge ná i leacracha Ifrinn, nach bhfuil mise sástaí gabháil an bóthar céanna.
lasair sa bharrach all hell (broke) loose
" Ba bheag nach ndeachaigh an lasair sa bharrach nuair a dúnmharaíodh Theo van Gogh.
hIfreann Hell
" Tá cuma shéimh ar an léiríú ársa seo – i bhfad níos síochánta ná Veasúiv an lae inniu! Samhlaíodh sa chéad aois roimh Chríost gur bealach isteach go hIfreann a bhí i mbéal bolcáin agus scríobh an file Rómhánach Virgil san Aeneid, go bhfuil an tslí isteach seo suite i bPáirceanna Phlegrea, an ceantar bolcánach in aice le Napoli.
i bhfad Éireann a hell of a lot
" Ach tá i bhfad Éireann níos mó ná sin amháin á fhiosrú ag an léirtheoir óg mná seo.
hifreann hell
" Tá an páirtí i bpurgóid le hocht mbliana anuas, ach má táimid i ndáiríre faoi aithreachas a dhéanamh, níor mhór dúinn údar na bpeacaí a dhíbirt go hifreann.
an lasóg sa bharrach all hell loose
" ”* Thuig oifigigh i Roinn an Stáit agus i Roinn Cosanta SAM go maith go gcuirfeadh Iosrael an lasóg sa bharrach sa Mheánoirthear uile agus go mbeadh Meiriceá thíos leis.
Bhí sé ina raic there was hell to pay
" Bhí sé ina raic ag an am, mar ba Chaitlicigh láidre iad formhór na mBriotánach.
rún na bhflaitheas agus ifrinn the secrets of heaven and hell
" Fágaimis an focal scoir ag Victor Frankenstein a dúirt go raibh sé ag iarraidh ‘rún na bhflaitheas agus ifrinn a fhoghlaim’.
Chomh Fuar le Leacracha Ifrinn as cold as Hell
" Chomh Fuar le Leacracha Ifrinn ================ Scioból fada fairsing íseal an chéad rud a chonaic muid.
faoi luas lasrach like hells blazes
" “Anois a fheara, amach as seo faoi luas lasrach mar sin” agus mé ag smaoineamh ar ceard a déarfainn le Banged Up Abroad ar an mbealach abhaile.
ifreann na Fraince the French hell
" Tagann na híomhánna liteartha agus na seanléachtaí staire aniar aduaidh orainn ina slaoda i mBirdsong agus ifreann na Fraince idir 1914-1918 á shamhlú ag Faulks, ach níor thit an leabhar isteach i ndol Fussell.
imithe chun an diabhail gone to hell
" Más Olc Maoil is Measa Mullach ============= Is cás le daoine go bhfuil an cumas ceannaithe atá acu imithe chun an diabhail agus go mbíonn an costas maireachtála sa Fhrainc ag ardú de shíor.
an lasair sa bharrach all hell broken loose
" Comhluadar Cistéirseach a ghlacann an cinneadh fanúint lena mbráithre Muslamacha in iargúltacht Shléibhte Atlas na hAilgéire, an lasair sa bharrach agus fórsaí dubha (treallchogaithe agus stáit) ag imeacht le craobhacha ina dtimpeall.
chreid sí go raibh an diabhal le díol she believed all hell was going to break loose
" Táthar ag tabhairt le fios anois gur chreid sí go raibh an diabhal le díol nó bhí báire na fola éigin ar na bacáin, agus gurbh shin an fáth go raibh a teach lán le gunnaí.
an t-uafás eile fanta le déanamh a hell of a lot left to do
" **SMM: An t-airgead atá bailithe leis an iarracht seo chun ionad dea-chúraim a lonnú i gCaisleán an Bharraigh, níl an t-uafás eile fanta le déanamh agaibh.
Ní bheadh an lasair sa bharrach go dtí sin all hell would break loose then
" Ní bheadh an lasair sa bharrach go dtí sin.
mar is toil leo like hell’s bells
" Tá ionradh na Mór-Roinne ar a bhonnaí cearta anois, tá drad an Iarthair nochta agus tá na mílte curtha i mbun slad ar a chéile mar is toil leo, ó Libia go Máilí.
ach beophianta Ifrinn for the fires of hell
" De réir na hEaglaise, ba pheaca é ús a cheangal le hiasachtaí airgid agus nach raibh i ndán dóibh siúd a bhí ciontach ina leithéid ach beophianta Ifrinn.
As go brách lenár laoch away like hell’s blazed went our hero
" As go brách lenár laoch ar eitilt Ryanair chun na Róimhe, agus praghas na traenach isteach chuig lár na cathrach aige ina phóca tóna – le caoinchead an eagarthóra, Seosamh Mac Slua Muirí.
cuireadh an lasóg sa bharrach i gceart all hell broke loose
" An Nimh san Fheoil ======== Nuair a chuir na Sasanaigh deireadh leis an stádas ar tugadh “Catagóir Speisialta” air sna Sé Chontae, i 1976, cuireadh an lasóg sa bharrach i gceart.
ina chogadh dearg all hell would break loose
" Bagraíodh na póilíní go mbeadh sé ina chogadh dearg dá ndéanfaí aon díobháil don tsagart.
más seo an dearcadh atá agat ar Ifreann if this is your view of hell
" Anois, más seo an dearcadh atá agat ar Ifreann, amharc ar Fuaim is Solas ar vimeo.
tá ifreann dearg hell is red
" Bhí caidreamh láidir idir an Eaglais agus an pholaitíocht ó na 30idí, am a chualathas an mana “le ciel est bleu, l’enfer est rouge” (Tá an spéir gorm, tá ifreann dearg) chun a chur ina luí ar daoine a vóta a chaitheamh ar son an pháirtí choiméadaigh.
i bhfad Éireann níos láidre a hell of a lot stronger
" Tá an damhsa sean-nóis i bhfad Éireann níos láidre ná mar a bhíodh.
Ifreann an tsaoil seo this worldly Hell
" Thug Seán Greif aghaidh ar Oileán an Diabhail agus ar na cillíní a bhfaca Henri Charrière Ifreann an tsaoil seo sular éalaigh sé faoi dheireadh le Papillion a scríobh agus an saol a chaitheamh mar ba rogha leis.
le hIfreann with Hell
" Bhí Pat Butler ag faire ar roinnt scannán, scannáin a naisc Milwaukee leis an Vatacáin, Calais le hIfreann agus a naisc Connachta le Manhattan.