Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cróga heroic, brave
" Cuireann Golway in iúl go soiléir gur grúpa iad cuid fear dóiteáin Nua-Eabhrac a bhí i gcónaí cróga, anamúil - agus neart Éireannach ina measc, gan amhras.
gaiscí heroics
" B'fhéidir go dtiocfaidh an fhírinne chun cinn lá éigin ina cás siúd ach is cosúil go bhfuil dearmad glan déanta ag muintir na hÉireann (d'aon turas, is dóigh) ar a cuid "gaiscí" sa linn snámha in Atlanta.
ag troid cath laochta fighting an heroic battle
" Is minic a ritheann sé liom go bhfuil siad ag troid cath laochta.
ag troid cath laochta fighting an heroic battle
" Is minic a ritheann sé liom go bhfuil siad ag troid cath laochta.
laochta heroic
" I *Good Night and Good Luck *caitheann an t-iriseoir laochta Edward R.
an chuma churata, oscartha, laochta the brave, heroic, valorous appearance
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
Curata Heroic
" Fágfar sibh le bhur mbéal ar leathadh an mhí seo a lucht léite *Beo Ar Éigean*, nó is sibhse – sea sibhse! – chan léitheoirí an *Ulster Protestant *nó an *Bullyboy Bulletin* nó fiú an *Garvaghy Gazette* – a léifidh an chéad agallamh riamh i nGaeilge le hIan Kyle Cuireata Curata Paisley an Ghlóir Mhóir agus na Tóna Leithne.
bearta laochais heroic deeds
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
laochta heroic
" Bhí muintir na Rómáine an-mhíshásta go raibh tír s’acusan léirithe mar pháirc súgartha ar théama Dracula agus samhlaíodh tírín bocht iathghlas ‘s againn féin ina portach donn agus píob mhór ag gobadh amach as a taobh thuaidh! Feictear triúr fear ina seasamh ar léarscáíl na Liotuáine ag déanamh a gcuid múin ar an Rúis agus scaifte sagart ag stracadh le bratach ildaite an phobail aeraigh a ardú ar thalamh cráifeach na Polainne - leagan scigaithrise den ghrianghraf chlúiteach de shaighdiúirí laochta Mheiriceá ar Iwo Jima sa Dara Cogadh Domhanda.
imirt ghaisciúil heroic playing
" Níor tharla an taispeántas mór, an imirt ghaisciúil, an cur chuige fíochmhar a raibh chuile dhuine ag súil leis, ach a mhalairt.
scéalta faoi laochra as Éirinn heroic tales of Ireland
" Anois, bím ag léamh scéalta faoi laochra as Éirinn le mo pháistí san oíche.
faoina chuid gaiscí polaitiúla about his own political heroic triumphs
" Ina ainneoin sin ní dhearna sé aon stad – ná fuaradh ach oiread – ina chuid cainte gur chaith sé cúig bhomhaite is fiche ag caint faoi mhórán de na daoine a bhí cruinnithe os a chomhair sa halla, agus ag caint faoi féin agus faoina chuid gaiscí polaitiúla.
ghníomhaíochtaí eachtraíochta gaiscíochta na staile fiáine the stallion’s heroic adventurous activities
" Déanann na húrscéalta seo cur síos ar ghníomhaíochtaí eachtraíochta gaiscíochta na staile fiáine, Thowra, sa dúiche chéanna ina bhfuil dán Paterson lonnaithe.
laochas heroics
" Ro chan Balor “ní laochas go slad agus sléacht Chion Átha Mhaigh Eo ar Mhaigh Lifi, ar insibh uilibh Laighean, ar a imillchríochaibh agus ar a Midhláraibh".
seanscéalta laochais old heroic tales
" ‘Ceart dom, ceart duit’ a deir na seanscéalta laochais linn, nath a thagann le dearcadh Sheáin Mhic Risteaird ar eachtraí a tharla thart orainn sna meáin ó thús an earraigh.
de laochas na litríochta agus an bhéaloidis of heroic tale in literature and in folklore
" Thit mír eile de laochas na litríochta agus an bhéaloidis le tua lucht staire le déanaí, ach b’fhearr le Gabriel Rosenstock léamh an laochais agus iomthúsa Teaghlaigh an Bhoird Chruinn a choimeád slán ina chuimhne féin.