Pota Focal Intergaelic
hola | hold | hole | holly | holm
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uisce coisricthe holy water
" Ba chuimhin leo na sagairt ag dul ó fheirm go feirm, ag croitheadh uisce coisricthe agus salann beannaithe ag na geataí le cosaint a chur ar fáil.
uisce coisricthe holy water
" Dá n-éireodh leis suaimhneas bheár Theach na Dála a bhaint amach ní fhágfadh sé a stól ann riamh arís; d'íocfadh sé a chuid billí in am; ní chaithfeadh sé seile ar bith eile i bpionta John Bruton, agus fear na léine goirme ar shiúl ag teach an asail; ní chuirfeadh sé uisce coisricthe riamh arís fríd uisce beatha na gcuairteoirí aduaidh; thabharfadh sé bosca scór Carrolls agus an *Star* agus an *Sun* isteach chuig Liam Lawlor an chéad uair eile a bheadh sé sa Joy - é sin ar fad, agus níos mó, dá dtabharfadh Dia slán abhaile é ó fhásach an Mheánoirthir agus dá gceapfadh Bertie é ina Aire le Cúram Leithris Chontae Uíbh Fhailí.
Seachtain na Páise Holy Week
" Ní bréag ar bith a bheadh ann a rá go raibh Seachtain na Páise an-dian ag an Eaglais Chaitliceach i gcathair Nua-Eabhrac, agus ar fud Mheiriceá ar fad.
comaoineach holy communion
" Scéal níos tromchúisí go mór a bheadh ann dá mbeadh Caitliceach ag iarraidh comaoineach a ghlacadh in Eaglais Phrotastúnach!"
beannaithe holy, blessed
" Ach nach bhfuil an Pápa ar shiúl ar oilithreacht go Ceanada agus Meicsiceo agus áiteanna beannaithe eile? Rún docht daingean é seo, rún nach féidir a scaoileadh le bhur mbeo, rún a chualthas ó ghníomhairí rúnda "Beo Ar Éigean" sa Róimh, rún ar tháinig an foláireamh scanrúil seo leis: "Do Not Repeat This!" Mar sin, níl mé sásta é a rá ach an t-aon uair amháin: Ní hé an Pápa atá imithe ar oilithreacht ar chor ar bith.
tobar naofa galánta lovely holy well
" Tá mé ar mo sháimhín só sa Bhuireann i gContae an Chláir anois, ag siúl cois farraige nó go dtí an tobar naofa galánta atá ar thaobh an chnoic, agus mo fholcadh féin le glóthach fholcaidh giúise agus maróis a fuair mé sa Burren Perfumery.
bonn naofa holy medal
" Thug bean amháin, atá an-chráifeach, bonn naofa domh le cur sa charr.
bheannaithe holy
" "Tá an dearcadh ann gur teanga bheannaithe an Ghaeilge, gur teanga mhaighdeanúil í agus nach bhfuil cead ag scríbhneoir ar bith casadh úr a bhaint aisti ar an dóigh sin.
toibreacha beannaithe holy wells
" Is iad is iomráití orthu sin ná Cartha féin, Conall, Muire agus Pádraig, ach deirtear gurbh é Tobar Chiaráin i mBabhdhún is mó airde ó thaobh toibreacha beannaithe i dTír Chonaill.
toibreacha beannaithe holy wells
" Timpeall na leithinise tá scáthláin, carraigeacha Aifrinn agus go leor toibreacha beannaithe, mar thobar Cholm Cille agus tobar Phádraig.
deilbh naofa holy shape/statue
" "Má tá do chois chomh cóir cneasta sin, b'fhéidir gur chóir dúinn múnla a thógáil di agus deilbh naofa a dhéanamh di le fágáil ag an ngrotó atá le taobh theach an phobail.
tobar naofa holy well
"tobar naofa dá chuid in aice leis an ché agus tá gallán ann a bhfuil crois snoite air.
ina phictiúir chráifeacha in his holy pictures
" Léirigh sé fíordhaoine ina shaothar agus ba é an realachas garbh seo a d'úsáid sé ina phictiúir chráifeacha a spreag daorbhreith agus cáineadh air.
bheannaithe holy
" Tá cultúr saibhir na nGael mealltach mar go bhfuil sé difriúil: an ceol draíochtúil, an damhsa fuinniúil, na cúirtchairn agus na dolmain, an tírdhreach traidisiúnta agus na turais bheannaithe agus, níos mó ná aon rud eile, an teanga mhisteach sheanda.
beannaithe holy
" Rianaíonn sé fosta an dóigh ar fhás agus ar leath an Chríostaíocht amach as seict áitiúil de thoradh na bhforbairtí ar theicneolaíocht na scríbhneoireachta a chuir ar chumas *élite *sagartúil téacsanna beannaithe a iompar agus a shíolteagasc ach iad a choinneáil faoi smacht an tionscadail láir i rith an ama.
idirmhíniú an bhriathair bheannaithe interpretation of the holy word
" Cuireadh an Bíobla ar fáil go forleathan agus spreag sin an léitheoireacht phearsanta a shaor idirmhíniú an bhriathair bheannaithe ó smacht na sagart.
beannaithe holy
" Rianaíonn sé fosta an dóigh ar fhás agus ar leath an Chríostaíocht amach as seict áitiúil de thoradh na bhforbairtí ar theicneolaíocht na scríbhneoireachta a chuir ar chumas *élite *sagartúil téacsanna beannaithe a iompar agus a shíolteagasc ach iad a choinneáil faoi smacht an tionscadail láir i rith an ama.
idirmhíniú an bhriathair bheannaithe interpretation of the holy word
" Cuireadh an Bíobla ar fáil go forleathan agus spreag sin an léitheoireacht phearsanta a shaor idirmhíniú an bhriathair bheannaithe ó smacht na sagart.
trí thobar naofa three holy wells
" Tá seanreilig, iarsmaí séipéil, agus trí thobar naofa ann.
cráifeacha holy
thalamh naofa na Seirbia Leathnaithe the holy ground of the expanded Serbia
" Níor leor gach Moslamach a mharú, chaithfí gach rian díobh is dá gcultúr a ghlanadh ó thalamh naofa na Seirbia Leathnaithe.
ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí in which holy books, bells and relics used to be kept
" Tá comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.
ar dhealbhóireacht chráifeach ar Oileán Í on holy sculpture on Iona
" Tá cuais mar seo le feiceáil ar dhealbhóireacht chráifeach ar Oileán Í agus in áiteanna eile.
tobar beannaithe holy well
"tobar beannaithe ann fosta, agus tugann muid cuairt air sula dtéann muid trasna Cosán an Aon Fhir leis an mhullach a bhaint amach.
uisce coisricthe holy water
" Peaca do-mhaite é an maithiúnas, chóir a bheith chomh do-mhaite le huisce coisricthe a chur fríd an tae.
i gcogadh mínaofa na heite deise in the right wing's holy war
" Le beagnach 50 bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil páirt lárnach glactha ag lucht leanúna Moon i gcogadh mínaofa na heite deise i gcoinne an daonlathais.
cogadh naofa holy war
" Ní hionann seo agus cás al-Qaeda mar gur léir go gcreideann lucht tacaíochta Bin Laden go bhfuil cogadh naofa ar siúl acu agus go bhfuil an tIarthar faicheallach orthu.
uisce coisricthe holy water
" In éineacht le Danny, bhí an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, le tumar mór uisce coisricthe chun an Tóirse Oilimpeach a thumadh ann le gach rian den Chumannachas Págánach Diabhlaí a dhíbirt amach as.
i neart an Spioraid Naoimh in the strength of the Holy Spirit
" Is Críostaí go smior í a bhfuil na blianta caite aici mar bhall den Eaglais Chincíseach agus creideann sí go láidir i neart an Spioraid Naoimh agus i rudaí mar labhairt-i-dteangacha.
Soitheach Naofa Holy Grail
" Sin an Soitheach Naofa anois: freagra na ceiste ar conas airgead a dhéanamh as acmhainní digiteacha cultúir.
tobar beannaithe holy well
" Bhí áthas orm an samhradh seo nuair a bhí mé i gceannas buíon siúlóirí le hOideas Gael ar Sliabh a Liag, mar chonaic muid go léir go bhfuil an tobar beannaithe, atá cóngarach do mhullach an tsléibhe, deisithe arís.
feic saolta a dhéanamh de making a holy show of
" Maidir le muintir Fhianna Fáil, tá Balor ag smaoineamh ar mhiasa deasa uisce a fháil dóibh chomh maith le tuáillí chun go nífidh siad a gcuid lámh i ndiaidh dóibh feic saolta a dhéanamh de mhuintir na hÉireann os comhair an tsaoil mhóir.
Talamh Naofa Holy Land
" Ursula agus na Mílte a Maraíodh ================= Cuir i gcás an cumhdach coscrach sa taispeántas den bhean óg álainn a bhí mar chompánach ag an bhanphrionsa Sasanach Ursula, nuair a chuaigh sí ar oilithreacht go dtí an Talamh Naofa.
ina náire shaolta a holy show
" Tá iompar pholaiteoirí aontachtacha maidir le Teach Pobail Naomh Pádraig ina náire shaolta ach ní cúis ar bith iontais é sin.
Ainm na Tríonóide Ró-Naofa name of the Holy Trinity
" Tá sé seo le sonrú go soiléir dar liom i mbrollach an Bhunreachta áit a maítear gur 'in Ainm na Tríonóide Ró-Naofa is tobar don uile údarás.
as an Talamh Naofa from the Holy Land
" Tógadh an eaglais stairiúil seo in omós an chéad mhairtírigh Chríostaí Naomh Stiofán, nuair a tógadh a iarsmaí chun na Róimhe as an Talamh Naofa sa 5ú aois.
de réir Eaglais an Adhlactha Naofa of the Church of the Holy Burial
" Tá ailtireacht an Chruinntí múnlaithe de réir Eaglais an Adhlactha Naofa i Iarúsailéim agus ba í an chéad eaglais chiorclach a tógadh riamh sa Róimh í.
na Croise Naofa Holy Cross
" Sa mhír ar an Uileloscadh, cheol páistí ó Scoil na Croise Naofa Ode to Joy de chuid Schiller (agus cuid de 9ú Siansa Beethoven) mar chomhartha greannaithe dá ngardaí géibhinn ach d'amharc muid go héidreorach ar na páistí ag dul thart linn i leoraí oscailte a fhad leis an bhás, sceimhle ina súile agus réaltaí buí ar a gcótaí.
ina fheic saolta as a holy show
" Agus mo sheanchara eile, Tricky Sticky Gilmore: beidh seisean ina shuí ar na cúlbhinsí, agus bhrisfeadh sé mo chroí é a fheiceáil ansin ina fheic saolta, é tréigthe ag a chuid comrádaithe.