Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íor na spéire the horizon
" Ar saoire dhuit, seas ar Bhinn Dhiarmada agus feic dul faoi glórmhar na gréine; seas ag Ceann Sratha agus cífir an Bhrasaoil; seas ar Bharr Chnoc Bhréanainn agus cífir, siar ó dheas uait ag íor na spéire, An Tír Tairngire.
léaslíne horizon line
" Tá na hábhair péinteáilte ar phlána cothrom aici agus tá léaslíne le feiceáil iontu fosta.
íoghar na spéire horizon
" Ach d'fhéadfadh sé go bhfuil scamall beag ar íoghar na spéire - El Niño, athrú ar chúrsaí aeráide a thosaíonn san Aigéan Ciúin ach a mbíonn tionchar aige ar sciar maith den domhan.
fíor na spéire horizon
" Abracadabra, tugann ceann acu trasna an ghóilin sinn, radharc againn ar thithe spéire san áit a raibh gaineamhlach lom ag síneadh go fíor na spéire scór éigin bliain ó shin.
bhun spéire horizon
" Thosaigh an dearthóir Kim Davis as North Carolina ag dul trína bailiuchán grianghrafanna de bhun spéire Nua-Eabhrac i ndiaidh 9/11, ag cuartú pictiúr de na túir.
léaslínte horizons
" " Agus an smaoiníonn sí uirthi féin mar chuid de thraidisiúin físe na hÉireann? "Ní smaoiníonn! Faoi láthair tá claonadh i dtreo na péintéireachta tapaidh, taosaí ann, le neart léaslínte.
bun na spéire, the horizon,
" Toisc nach mbíonn solas (nó cumhacht aibhléise) ar bith ar siúl tar éis a deich a chlog, agus nach mbíonn mórán feithiclí ar na bóithre, bíonn na réaltaí dochreidte – téann siad an bealach ar fad go dtí bun na spéire, agus uaireanta bíonn siad chomh geal gur féidir iad a fheiscint in uisce na lochanna.
ar íor na spéire on the horizon
" I bhfad uait, ar íor na spéire, feiceann tú foirgnimh mhóra Atlantic City ag fás as an bhfarraige mar *mirage*.
go híor na spéire stretching to the horizon
" Uaigheanna go híor na spéire Níl aon chuid den champa míleata ina sheasamh anois ach tá reilig mhíleata ann ina bhfuil os cionn 11,000 saighdiúir agus lucht ospidéil as tíortha éagsúla an Chomhlathais curtha ann.
íor na spéire horizon
" Dúirt sé go bhfanfaidh an marcach go foighneach leis an tonn cheart - go mbeidh sé ag breathnú i dtreo íor na spéire ar rithim na dtonn, mar a chíonn sé sraitheanna na dtonn mór le gur féidir leis dul sa bhráid ar cheann acu, isteach i dtreo an chladaigh.
íor na spéire the horizon
" Sin an aimsir is measa le haghaidh loingseoireachta mar bíonn gach rud iompaithe bán; an t-aer agus an talamh agus ní féidir leat íor na spéire a dhealú eatarthu.
bun na spéire the horizon
" Chun an píosa mór seo a chruthú, thóg sé 13 tírphictiúr as Dánlann Leeds agus chuir sé i líne iad sa dóigh go raibh bun na spéire i ngach ceann acu cothrom lena chéile.
Fíor na spéire the horizon
"Fíor na spéire …’ Macalla na filíochta, b’fhéidir.
bun na spéire le feiceáil siar amach mar fháinne the horizon stretching out in a ring
" Leochaileacht na Cruinne s’Againne ========== Ón cheamara taobh amuigh den árthach, bhí bun na spéire le feiceáil siar amach mar fháinne.
ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire despite all my peering at the horizon
" Agus ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire ó aimsir m’óige anall, sliabh ní fhacas, mullach níor léir ná níorbh fhollas dom.
ar íor na spéir at the horizon
" I gciúnas agus olldorchadas na hoíche, bhreathnaíomar amach fuinneoga uachtar ár dtí ar íor na spéir - ba chosúil le taispeántas tinte ealaíona é - gach leathnóiméad nó mar sin tháinig splanc a las an spéir agus lean toirneach na pléisce é cupla soicind ina dhiaidh.
Ar íor na spéire on the horizon
" Ar íor na spéire as a theach sa mBreatain Bheag a chonaic agus a thuig Diarmuid gné bheag eile d’Éirinn.