Pota Focal Intergaelic
hue | hug | huga | Hugh | chuige
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
méadú as cuimse a huge increase
" Is léir mar sin go bhfuil méadú as cuimse le teacht ar an WAP agus ar an teicneolaíocht neamhshreangaithe.
gáire go cluas air he had a huge grin
" " Shuigh Féilim siar go sómasach agus gáire go cluas air.
ollmhór huge
" Ach an bhfuil na réigiúin réidh le glacadh le freagracht chomh mór seo? Tá siad i mbun oibre cheana féin ach is fada go mbeidh siad réidh i gceart don tasc ollmhór seo.
méideanna ollmhóra airgid á dtiomáint huge sums of money driving them
" Ach tá Éire beag agus tá an CLG in iomaíocht le fórsaí móra idirnáisiúnta agus dúchasacha a bhfuil méideanna ollmhóra airgid á dtiomáint.
i ndronga ollmhóra in huge gangs
" "Téann na páistí thart i ndronga ollmhóra, céad nó dhá chéad acu," a dúirt sé.
an t-uafás oibre a huge amount of work
" Thar aon ní eile cáinim an cumann faoin fhaillí atá á déanamh aige san iománaíocht (shílfeá nach raibh dualgas ach ar chontaetha áirithe an iománaíocht a chur chun cinn), ach caithfear a admháil mar sin féin go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an gcumann chun an fhís agus na cuspóirí atá aige a chur chun cinn.
galláin ollmhóra huge standing stones
" Ansin tá na *menhirs *ann, na galláin ollmhóra a tógadh idir 7000RC agus 5000 bliain ó shin.
róisteacha gaoithe móire huge gales of wind
" " Agus bhí an ceart aici, ar ndóighe, nó is fada ó chonaic Aifric a leithéid de radadh fearthainne agus róisteacha gaoithe móire.
foireann ollmhór huge
" Bhí sé i gceist foireann ollmhór a chur ag obair air agus, sna blianta tosaigh, "bhí atmaisféar ana-spreagúil san áit.
an t-uafás ama a huge amount of time
" Tá úsáideoirí timpeall an domhain tar éis an t-uafás ama a chaitheamh ag troid i gcoinne na n-ionsaithe seo.
os comhair ollscaifte in front of a huge crowd
" I 1987, sheinn sé os comhair ollscaifte eile i Carnegie Hall leis an Phil Coulter Orchestra, ceolfhoireann a raibh sé ina ball di ar feadh tréimhse.
feachtas ollmhór frithsheicteachais a huge anti-sectarian campaign
" Mar a dúirt sé, ag lainseáil feachtas ollmhór frithsheicteachais: "Is dearbhú iad na bearta seo nach gcuirfidh Albain suas níos mó le gníomhartha ar léiriú iad ar an fhuath reiligiúnda .
an t-uafás oibre a huge amount of work
" Bhí an t-uafás oibre ann, in ainneoin cúnamh (airgid, srl) a bheith ar fáil ó Chomunn na Gàidhlig agus ón Fheidhmeannas.
morgáiste mór millteach a aisíoc to repay a huge mortgage
" Ach, go traidisiúnta, is fearr leis na Spáinnigh, dála na nÉireannach, a dteach féin a bheith acu in ionad cíos a íoc gach mí, fiú má tá sé fíordheacair morgáiste mór millteach a aisíoc leis an tuarastal atá acu.
imfhálú ollmhór neoiliteach a huge neolithic enclosure
" Is cuimhin liom am amháin a chuaigh mé go dtí Fáinne an Fhathaigh, imfhálú ollmhór neoiliteach ar imeall Bhéal Feirste.
stór ceoil ollmhór a huge store of music
" Tá stíl breá traidisiúnta agus stór ceoil ollmhór aige.
i gcoimpléasc ollmhór in a huge complex
" Ar an bhruach chlé d'abhainn an Vltava tá an caisleán, nó *Hrad*, ar bharr cnoic - tá an caisleán i gcoimpléasc ollmhór arb é Ardeaglais Naomh Vitus an foirgneamh is airde ann.
tóir rábach huge popularity
" Buille eile in aghaidh réimeas Bush is ea an tóir rábach atá ar scannán conspóideach Michael Moore, Fahrenheit 9/11.
limistéar ollmhór a huge area
" Clúdaíonn sí limistéar ollmhór idir sráidbhaile Dhail Chuinnidh sa deisceart, Baile Ur nan Granndach sa tuaisceart, agus Bealadair san oirthear.
tóin tamhanda Bhalor Balor's huge back-side
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
ráchairt mhillteanach huge demand
" Cluiche eile a raibh ráchairt mhillteanach air ab ea an ceann ab úire ar fad.
an t-uafás grianghraf a huge amount of photos
" An rud is fearr faoi cheamaraí digiteacha ná gur féidir an t-uafás grianghraf a ghlacadh leo.
difríocht ollmhór a huge difference
" Measann Ó Riain go ndéanfadh sé difríocht ollmhór dó dá mbeadh leathanbhanda aige.
toradh na hollstreachailte the outcome of the huge struggle
" "Seo toradh na hollstreachailte a rinne muid, na n-íobairtí, na n-anbhásanna agus na coimhlinte a ndeachaigh muid tríothu," a déarfaidh poblachtánaigh.
an t-uafás infheistíochta a huge amount of investment
" "Tá coinníollacha deacra san amharclann faoi láthair agus tá an t-uafás infheistíochta de dhíth.
tionchar ollmhór huge influence
" "Rugadh mé i dteaghlach alcólach," a deir sé, "agus bhí tionchar ollmhór ag m'óige orm mar dhuine fásta.
fadhbanna ollmhóra maoinithe huge funding problems
" Le cúpla mí anuas, tá achan cheann de na cúig Bhord Oideachais agus Leabharlann i dTuaisceart Éireann ag rá go bhfuil fadhbanna ollmhóra maoinithe acu.
ollstórais siopadóireachta huge department stores
" Tá Johnny Ronan ó Treasury Holdings chomh dáigh le carraig - deir sé nach dtarlóidh sé seo agus tá sé fógartha aige go dtógfaidh Campbell's na fuinneoga amach *"over my dead body"*! Is cúis mhór imní do go leor daoine é go bhfuil áiteanna suntasacha stairiúla mar Bewley's ag imeacht le sruth agus ina n-áit, b'fhéidir, ollstórais siopadóireachta á dtógáil - áiteanna a thugann mórán sásaimh don tomhaltóir atá ionainn uilig ach fíorbheagán cothaithe don anam ná pléisiúir don tsúil.
deich n-urdhún ollmhóra ten huge bastions
" Tógadh na ballaí seo idir 1544 agus 1650, agus tá deich n-urdhún ollmhóra ag gobadh amach astu, i stíl mhíleata na tréimhse sin.
ollmhór huge
" Tógadh na ballaí seo idir 1544 agus 1650, agus tá deich n-urdhún ollmhóra ag gobadh amach astu, i stíl mhíleata na tréimhse sin.
bailiúchán ollmhór a huge collection
" “Tá bailiúchán ollmhór agam thuas staighre!” Beidh Marcus seachtó bliain d’aois an bhliain seo chugainn, aois ag a mbíonn neart daoine sásta dul ar scor agus a laethanta ar fad a chaitheamh ag imirt gailf nó ar saoire sa Costa del Sol.
dhá fhógra ollmhóra two huge signs
" " Agus sháigh Bertie Buíoch Beannachtach agus Micí Mealltach Mímhúinte a gcloigne isteach sa ghal agus tharla mar a bheadh scaipeadh ceo agus chonacthas dóibh dhá fhógra ollmhóra, ceann acu ar dheis agus ceann acu ar chlé.
méadú ollmhór a huge increase
líon ollmhór suíomh déanta coinní a huge number of dating sites
" Réimse suíomh ======= Tá líon ollmhór suíomh déanta coinní ar an idirlíon, ag freastal ar gach cineál custaiméara, ina measc suímh d’fheoilséantóirí, úinéirí peataí, Poblachtánaigh, Daonlathaigh, céimithe de chuid an Ivy League, milliúnaithe, Giúdaigh, Críostaithe, Moslamaigh, daoine arda, daoine méithe, agus daoine atá buailte ag an abhcacht.
comóradh ollmhór a huge commemoration
" I 1966, trí bliana i ndiaidh don IRA a sos cogaidh a fhógairt, d'eagraigh Rialtas an Stáit seo comóradh ollmhór ar Éirí Amach na Cásca i 1916.
meas as cuimse huge respect
" ” Tá meas as cuimse aige ar an dlíodóir Gareth Pierce.
ollmhéid hidrigine a huge amount of hydrogen
" Ach má tá méid mór gluaisteán hidrigine i gceist, beidh ollmhéid hidrigine (agus ollmhéid fuinnimh) de dhíth.
tithe móra millteacha huge mansions
" Is iomaí contrárthacht atá san Afraic Theas mar thír: an deighilt idir na ciníocha; an deighilt idir saibhir agus bocht; tithe móra millteacha cúpla méadar ó bhaile seantán; daoine ag saothrú na gcéadta milliún rand ó ór na tíre agus páistí ag freastal ar scoil gan leabhair, gan áiseanna agus amanna gan mhúinteoir.
athruithe ollmhóra sa gheilleagar huge changes in the economy
" Ach tá taobh eile ar an bhonn: nuair a imeoidh an fuinneamh saor, tarlóidh athruithe ollmhóra sa gheilleagar.
méadú as cuimse huge increase
" Anuas air sin, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag lorg cabhrach ón tSeirbhís um Chomhairle Airgid agus Buiséadaithe (MABS), foras stáit a bunaíodh i 1992 le teacht i gcomhar ar dhaoine a bhfuil fiacha troma orthu.
ollmhór huge
" “Tá sé ollmhór, agus is féidir amharc ar dhaoine ag tógáil rudaí as an talamh.
ollmhór huge
" “Tá sé ollmhór, agus is féidir amharc ar dhaoine ag tógáil rudaí as an talamh.
tuarastal ollmhór huge salary
" I gcás an triúir sin, mothaíonn tú go bhfuil siad ag spreagadh an chuid eile den fhoireann a míle dícheall a dhéanamh i gcónaí agus go bhfuil siad ag imirt sacair ar son a muintire féin, seachas don tuarastal ollmhór a fhaigheann imreoirí sacair sa lá atá inniu ann.
do mhuilte ollmhóra gaoithe for huge windmills
" Is gnáthchoincheap é an fuinneamh gaoithe, cé go mbíonn argóint agus conspóid fós faoi láithreáin nua do mhuilte ollmhóra gaoithe, ach níl an méid céanna dul chun cinn déanta fós maidir le fuinneamh toinne.
nathracha ollmhóra meicniúla huge mechanical snakes
" Ach tá forbairt á déanamh ag comhlachtaí eile cheana féin: tá gnólacht Albanach ag cur inneall mór ar a dtugtar “Pelamis”, atá cosúil le nathracha ollmhóra meicniúla, san fharraige in aice leis an bPortaingéil, agus tá comhlacht eile chun a inneall féin, “Archimedes”, a chur sa mhuir cóngarach d’Inse Orc in 2007 – agus mar sin, ní foláir dúinn gníomhú go sciobtha chun bheith chun tosaigh sa rás seo.
léann sé an t-uafás he reads a huge amount
" Nuair nach mbíonn sé ag obair, léann sé an t-uafás; go minic bíonn dhá nó trí leabhar á léamh aige ag an am amháin.
a spreag an spéis ollmhór seo which aroused this huge interest
" Ba é an phortráid órga chollaí, a rinne sé den bhean uasal Víneach Adèle Bloch-Bauer, a spreag an spéis ollmhór seo agus atá i ndiaidh seanscéal brónach a thabhairt chun cuimhne.
an forás as cuimse the huge growth
" Arís eile, léiríonn na figiúirí an forás as cuimse atá tagtha ar Ghaeltacht na Gaillimhe le hais na nGaeltachtaí eile.
ar scáileán ollmhór on a huge screen
" Agus nuair a chuirtear gnáthíomhá teilifíse ar scáileán ollmhór ní bhíonn cuma ródheas air toisc go bhfuil gach picteilín méadaithe ann.
scannal ollmhór a huge scandal
" Bhris scannal ollmhór amach i lár mhí Dheireadh Fómhair, nuair a tugadh le fios go raibh an Teachta Mark Foley ó Florida ag seoladh téacsanna graosta chuig cúntóirí óga fireanna sa Chomhdháil.
béile ollmhór. a huge meal.
" Téann siad ag siúl, agus itheann siad béile ollmhór.
an t-uafás óil a huge amount of drinking
" Is cinnte go mbíonn an t-uafás óil ar ócáidí móra rugbaí agus sacair agus cluichí Gaelacha.
cnapáin ollmhóra raithní huge lumps of hash
" Anois, níl aon tuairim agamsa faoi cheol ach bhí Pat i gcónaí ag seinnt (ón uair a chuireas aithne cheart air sa mheánscoil) agus cén fáth nach mbeadh gig ag teastáil uaidh – bia, deoch, leaba don oíche, grian is girseacha na Spáinne? Ach, focann *hell*, ghlaoigh mé isteach chuige ar a laghad dosaen uair agus fiú agus mé ina theannta ar feadh dhá uair an chloig agus cnapáin ollmhóra raithní caite againn, bhíodh sé fós ag rá ‘b’fhéidir’ nó ‘níl mé cinnte an oirfeadh mo chuidse ceoil don tábhairne seo.
dul chun cinn as cuimse a huge improvement
" Bhraitheas dul chun cinn as cuimse maidir le raon agus saibhreas mo ghutha.
go leor leor bruscair a huge amount of rubbish
" Bhí go leor leor bruscair le feiceáil, agus cé go bhfuil rialacha dochta i bhfeidhm maidir leis na diongónna agus na hainmhithe eile, níl mórán amhrais ach go gcuireann sé isteach orthu daoine bheith i láthair.
in umair ollmhóra, in huge vats,
" Shiúlamar trí na cistineacha, áit a raibh daoine ag réiteach bia in umair ollmhóra, do bhéilí na bpríosúnach, ba chosúil.
féile ollmhór bhliantúil Éireannach a huge annual Irish festival
" Tháinig Martin ar an saol i Chicago ach tógadh i Milwaukee é, áit a mbíonn féile ollmhór bhliantúil Éireannach ar siúl, an ceann is mó ar domhan b’fhéidir.
do cheolchoirm ollmhór. for a huge concert.
" Beidh Kíla agus an grúpa cáiliúil Albanach Capercaillie ar an stáitse do cheolchoirm ollmhór.
dorchla dorcha, ábhalmhór a huge, dark corridor
" Go deimhin, tá sé cosúil le dorchla dorcha, ábhalmhór agus bíonn ceiliúradh speisialta ar siúl i mí an Aibreáin nuair a thaitníonn an ghrian ar lár Rjukan den chéad uair sa bhliain.
tionchar ollmhór huge influence
"tionchar ollmhór ag an mbogha ar an bhfuaim a thagann ón veidhlín.
brú ollmhór a huge pressure
" Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.
an dúrud suime a huge interest
" Tá daoine ag tarraingt ar an áit seo ó cheithre hairde na hÉireann agus tá an dúrud suime ag daoine i bhfoghlaim na Gàidhlig.
deacrachtaí ollmhóra huge problems
" ” Tá deacrachtaí ollmhóra roimh Obama agus gach iarrthóir eile idir seo agus Samhain 2008, ámh.
borradh as cuimse huge growth
" “Tá borradh as cuimse tagtha faoin earnáil neamhspleách léiriúcháin Ghaeilge sa Tuaisceart le blianta beaga anuas.
méid ollmhór a huge amount
" Agus, ní measa fós: chun an fhoraois a bhaint, dóitear í, rud a scaoileann méid ollmhór CO2.
borradh as cuimse huge growth
" Cuireadh tús leis an táirgeadh fíona anseo i gceart sna seachtóidí agus tháinig borradh as cuimse faoin tionscal i rith na n-ochtóidí nuair a thit an tóin as an margadh idirmhalartach leis an mBreatain.
móinteán ollmhór gruama. a huge gloomy moor.
" Ansin chuaigh muid trasna A’Mhòine, móinteán ollmhór gruama.
dhá cheann tíre ollmhóra two huge headlands
" Tá Cromba suite ag béal Chaolas Chrombaidh, a bhfuil dhá cheann tíre ollmhóra aige mar chosaint ón teiscinn mhór.
beirt ghréasaithe ollmhóra two huge cobblers
" Ciallaíonn sutor gréasaí i mBéarla na hAlban agus, de réir an bhéaloidis, is beirt ghréasaithe ollmhóra iad, a chaitheadh a gcuid uirlisí chuig a chéile, le hiad a roinnt.
slua ollmhór a huge crowd
" ‘*I only have the* cúpla focal,’ ar seisean, ‘*and that’s both of them*!’ “Ar aghaidh liom gur casadh orm slua ollmhór a bhí cruinnithe thart ar Chiarraíoch beag a bhí ag maíomh in ard a chinn: ‘Aire Stáit atá ionamsa.
oll-bhuidéal a huge bottle
" Sa deireadh, bhí *pizza* agus oll-bhuidéal L&P againn, sula bhuaileamar bóthar arís.
gur ghnóthaigh sé saibhreas ollmhór that it earned a huge amount of wealth
" Tá sé íorónta gur bunaíodh an chathair is Gaelaí i Sasana mar ionad le hionsaí a dhéanamh ar Éirinn í féin!Cúis náireIs cúis náire do Learpholl gur ghnóthaigh sé saibhreas ollmhór as an daoirse.
béim ollmhór a huge emphasis
" * Lorcán Mac Mathúna: Albam amhrán atá ann, ach b'fhéidir gurb é an difríocht idir an ceann seo agus stuif eile ná gur chuireas béim ollmhór ar an gceol atá sna hamhráin agus chóirigh mé iad le ceoltóirí breátha a bhí cruthaitheach agus sásta rudaí nuálaíocha a thriail.
millteach huge
" B’athrú mór millteach i mo shaolsa é dul ar mheánscoil ina raibh an rugbaí mar phríomhspórt na scoile.
másailéam millteach a huge mausoleum
" In aice leis an gcréamatóiriam tá másailéam millteach ina bhfuil luaithreach roinnt de na daoine a dúnmharaíodh in Majdanek.
borradh ollmhór huge growth
" Ag tógáil an chomhlachta “céim ar chéim”, mar a deir sé féin, tá borradh ollmhór tagtha faoi Nemeton, faoi stiúir Mhic Mhurchú, ón uair a bunaíodh é.
mhórchumhacht dáileacháin na n-ollghrúdlanna, huge distribution power of the major breweries,
" Mar gheall ar mhórchumhacht dáileacháin na n-ollghrúdlanna, bhíodar in ann beoracha nua iasachta a chur ar fáil don ghnáth-thomhaltóir Meiriceánach – beoracha mar Guinness, Harp, Bass, Stella Artois, Becks, Boddingtons, agus Löwenbräu ina measc.
na fathaigh mhóra mhillteacha the big huge giants
" Tá ag teip ar na comhlachtaí móra, na fathaigh mhóra mhillteacha a bhfuil goile ollmhór craosach acu.
a bhfuil goile ollmhór craosach acu. who have huge ravenous appetites
" Tá ag teip ar na comhlachtaí móra, na fathaigh mhóra mhillteacha a bhfuil goile ollmhór craosach acu.
mór millteach huge
" Ach éacht ar leith – éacht mór millteach – is ea é an tríú craobh as a chéile a ghnóthú.
faoin daonra ollmhór about the huge population
" I rith na mblianta sular tháinig athrú faoin mbeartas inimirce thuasluaite, bhí an-imní ar mhuintir na hAstráile faoin daonra ollmhór san Áise.
méadú ollmhór a huge increase
" Rinneadh pobalbhreith díreach tar éis vótála in Bennelong inar nochtadh go raibh méadú ollmhór i gceist ó thaobh líon na vótaí a fuair iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre ó vótálaithe Áiseacha sa toghcheantar ón uair dheireanach a bhí olltoghchán ar siúl.
ollmhór huge
" “Buntáiste ollmhór dúinn is ea é nach bhfuil Gaeilge aige, mar sa gcaoi sin, is féidir leis a chinntiú go gcuirfear an seó i láthair ar bhealach fisiúil a thuigfidh chuile dhuine.
bualadh bos ollmhór, a huge round of applause,
" ’ Ach ag deireadh an tseó, fuaireamar bualadh bos ollmhór, agus na gasúir ar fad ina seasamh ag ligean gár molta astu.
tá an t-uafás bainte amach he has achievement a huge amount
" Bhí sé páirteach fosta in “Don’t feed the Gondolas”, sraith nach n-áiríonn sé i measc na ngaiscí proifisiúnta is mó a bhfuil sé bródúil astu (ach níos mó ina thaobh sin ar ball!)Níl Des Bishop ach 32 bliain d'aois, ach tá an t-uafás bainte amach aige cheana féin.
tréaniarracht a huge effort
" Rinne Barry tréaniarracht an t-árasán seo a dhíol liom.
difríocht ollmhór huge difference
"difríocht ollmhór idir Ahern agus Kenny.
na póstaí ollmhóra the huge marriages
" Tá eolas maith ag daoine ar Eaglais Aontaithe an Oirmhinnigh Sun Myung Moon mar gheall ar na póstaí ollmhóra ina mbíonn daoine páirteach nach bhfuil aithne dá laghad acu ar a chéile.
ag múscailt go leor leor seanchuimhní awakening a huge amount of memories
" “Tá Tír Chonaill mar chuid an-mhór de mo shaol agus tá leabhar Mhic Grianna ag múscailt go leor leor seanchuimhní agus ag tabhairt na teanga ar ais i mo shaol, rud atá go hálainn.
deis ollmhór a huge opportunity
" Sílim gur deis ollmhór í an fhéile ach nach bhfuil muid ag baint úsáide aisti mar is ceart.
athruithe ollmhóra huge changes
" Am suimiúil is ea é don té atá ag ceannach cairr mar tá athruithe ollmhóra ag teacht ar mhargadh na gcarranna i Meiriceá.
go mbeadh sé ina ollbhua ag na sceimhlitheoirí that it would be a huge victory for the terrorists
" Mhaígh Howard go mbeadh sé ina ollbhua ag na sceimhlitheoirí dá dtabharfaí abhaile na trúpaí comhraic Astrálacha “sula raibh an jab curtha i gcrích acu”.
le socraíocht ollmhór a dhéanamh to make a huge settlement
" Caimiléireacht ba chúis leis an teip agus úsáideadh an t-airgead a fuarthas as an díol le socraíocht ollmhór a dhéanamh le ceoltóirí éagsúla – Altan, Cherish The Ladies agus Cathy Ryan, cuir i gcás.
sciar ollmhór huge share
" Tá na mílte páiste i ndiaidh seal a chaitheamh in Éirinn – iad ag glacadh sosa ón anró atá i gceist ina gceantair féin, nó ag fáil cóireála leighis sa tír seo – agus úsáidtear sciar ollmhór den airgead le cúnamh agus cóireáil leighis a chur ar fáil do na daoine sna réigiúin atá thíos leis an tubaiste chomh maith.
scoilt ollmhór huge divide
" Le húsáid a bhaint as líric a chum Paul Simon, is as “*the cradle of the Civil War*” di, áit a raibh scoilt ollmhór idir iad siúd a bhí ar thaobh an Chonartha agus iad a bhí ina éadan.
cailliúint ollmhór huge loss
" " Toghchán uachtaránachtaIs duine gnímh é Roche, is léir, agus d’fhéadfá a rá gur cailliúint ollmhór a bheadh ann do mhuintir na réigiún atá thíos le tubaiste Shearnóbail dá mbuafadh sí an toghchán uachtaránachta sa bhliain 1997.
dua ollmhór a chaitheamh le clár staire to make a huge effort with a history programme
" Ní féidir éileamh ar oibrithe deonacha dua ollmhór a chaitheamh le clár staire nó le clár a bheidh go leor taighde ag baint leis.
agóid mhillteanach huge protest
" Spásanna páirceála an gearán is mó atá acu anois, agus ní dhéanann siad agóid mhillteanach fá dtaobh de sin, fiú.
bréag chorpanta a huge lie
" Mhaígh sé go ndéanfadh a leithéid an-dochar do gheilleagar na hAstráile agus go mbeadh “people’s revolt” i gcoinne na cánach de bharr gur inis an Príomh-Aire bréag chorpanta dóibh.
an t-uafás ceoil a huge amount of music
"an t-uafás ceoil le fáil ar an idirlíon anois, cé go bhfuil srianta áirithe i gceist, i gcás chóras Apple, mar shampla.