Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an teachtaireacht láidir dhaonnachtúil the strong humane message
" Mar shampla, molann Dr Jamsheed Akrami "an teachtaireacht láidir dhaonnachtúil" atá i scannán nua de chuid Majid Majidi, a rinne *The Colour of Paradise*.
daonna humane
" Fear mór a bhí ann, guaillí leathana agus folt fada air, cuma sórt stollathach air le fírinne, ach teacht i láthair ciúin, daonna ag baint leis.
ní ba dhaonnachtúla more humane
" Nuair a bhraith sé, áfach, go raibh an t-am tagtha nach bhféadfaí níos mó a dhéanamh di, agus nuair a chonaic sé nach raibh feabhas ar bith i ndán di, mheas sé go mbeadh sé ní ba dhaonnachtúla ligean di bás a fháil.
ar chúiseanna daonnachtúla for humane reasons
" Ocht mbliana níos déanaí scaoileadh na Littlejohns saor ar chúiseanna daonnachtúla.
cóireáil dhaonnachtúil humane treatment
" Ní nach ionadh, b’fhéidir, más eagal do chosmhuintir an domhain nach bhfaighidh siad lá sa chúirt ná cóireáil dhaonnachtúil i bpríosún ón tír atá in ainm is a bheith ag bronnadh saoirse orthu.
duine daonna a humane person
" Is duine fiosrach léannta é ach, thar aon rud, is duine daonna é agus is éachtach mar a chuireann sé é féin i láthair an léitheora.
chaitheamh dhaonnachtúil humane treatment
" Dar le saineolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, is féidir go dtagann dlí Arizona salach ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an chaitheamh dhaonnachtúil atá mar bhunchlocha chonarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine.
ceannairí daonnúla humane leaders
" Ní thabharfaidh na ceannairí daonnúla le fios, áfach, go raibh a gcuid fórsaí speisialta féin agus go leor sceimhlitheoirí eile nach iad ag marú póilíní, saighdiúirí agus sibhialtaigh na Siria ó thosaigh na hagóidí i mí Márta na bliana seo caite.
idirghabháil dhaonnúil humane intervention
" Ní luafar, áfach, gur chreid an dream sin gach scéal ainghnímh ón mbuíon chéanna roimh an “idirghabháil dhaonnúil” ar mhaithe leis na daoine sin a chosaint.
chomh daonna humane
" Sinne atá inár gcónaí nó a tógadh faoin tír, tuigeann muid chomh daonna agus atá sé a bheith gar don dúlra.
daonnúla humane
" Tá Tvind i gceannas ar roinnt eagraíochtaí cabhrach daonnúla agus oibríonn siadsan in éineacht le heagraíochtaí bailiúchán éadaí, Planet Aid mar shampla.
Daonna humane
"Daonna’ an focal ba choitianta sa chomhrá a bhí agam le Róisín Ní Eadhra, duine de na daoine is so-aitheanta ar an teilifís in Éirinn.