Pota Focal Intergaelic
iad | ibh | iodha
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níl tú ina cheann i bhfad You haven't been at it long
" Níl tú ina cheann i bhfad.
i bhfad róchontúirteach chuige sin much too dangerous for that
" Inár gcás féin, ní dóigh liom go ligfidh muid do Dhara ná do Chuán dul ar scoil leo féin go dtí go mbeidh siad cuid mhaith níos sine - tá an príomhbhóthar ar a bhfuil an scoil suite i bhfad róchontúirteach chuige sin.
Ní bheidh sé i bhfad he won't be long
" "Nár dhúirt muid a seacht a chlog?" "Ní bheidh sé i bhfad," arsa Áine.
i bhfad níb fhaide ná sin much longer than that
" Bhí na scéaltaí i gcónaí i bhfad níb fhaide ná sin.
i bhfad níos tromchúisí far more serious
" Bíonn fadhbanna dlí i gceist freisin - ábhar atá i bhfad níos tromchúisí toisc go ndéantar damáiste fadtéarmach d'ainm agus do sparán na heagraíochta.
i bhfad níos foirmiúla agus oifigiúla much more formal and official
" Tá na *pardons *sa Bhriotáin i bhfad níos foirmiúla agus oifigiúla, ach tá an seantionchar págánach ann go fóill.
i bhfad níos uaigní much more lonely
" Measann sé go bhfuil sé i bhfad níos uaigní a bheith ag saothrú i ngort an léinn.
na sinsir i bhfad siar the distant ancestors
" Is as áit éigin eile, mar sin, formhór na Meiriceánach, agus tá áit lárnach ag na sinsir i bhfad siar i *psyche *mhuintir na tíre.
i bhfad ar shiúl far away
" Tá an t-achar idir baill na dteaghlach forleathnaithe sa tír ag fás leis, agus cinntíonn na háiteanna seo i bhfad ar shiúl, ina gcónaíonn tuismitheoirí agus seantuismitheoirí, nach mbeidh siad ina gcuid lárnach de shaol laethúil a bpáistí agus a ngarpháistí a thuilleadh.
Ní mhaireann faic i bhfad! Nothing lasts for long
" Ní mhaireann faic i bhfad! Táim den tuairim anois go gcaithfidh mé socrú síos sa bhaile sula socraím síos in aon slí eile.
i bhfad an iomarca nirt excessive force
" Baineadh úsáid as an chleas céanna seo, is é sin ag cur stop leis an trácht, le linn agóidí frithchogaidh a bhí ar siúl i San Francisco le déanaí fosta; gabhadh na mílte mar gheall orthu agus cuireadh i leith na bpóilíní gur úsáid siad i bhfad an iomarca nirt.
i bhfad níos minicí much more often
" B'fhearr leo go gcaillfeadh daoine amaitéaracha beagáinín níos lú airgid i bhfad níos minicí - seift atá éasca a chur i bhfeidhm tríd an gcóras i-TV.
i bhfad níos suntasaí much more remarkable
" Rud i bhfad níos suntasaí, níos spéisiúla, níos spreagthaí go mór ná conamar airgid a fuair Laoch na Litríochta.
i bhfad níos cruinne much more accurate
" Braitheann cruinneas an chórais seo ar líon na n-aeróg atá sa cheantar - dá bhrí sin, bíonn sé i bhfad níos cruinne i gceantracha uirbeacha ina bhfuil a lán ceall ná amuigh faoin dtuath.
i bhfad níos tromchúisí much more serious than that
" Ní hea, ach scéal i bhfad níos tromchúisí ná sin.
i bhfad níos laige a lot weaker
" Creideann sé leis go ndearna an stocaireacht a rinne an rialtas le ceadúnas a fháil don Atlantic Dawn cás iascairí an stáit seo i bhfad níos laige.
i bhfad i gcéin far away
" Ón bpríomhdhoras tá tú in ann breathnú amach ar chuan Bhaile Átha Cliath agus ar Dhún Laoghaire i bhfad i gcéin.
i bhfad ní ba dhéine a lot stricter
" Bhíothas den bharúil le fada, a deir sé, go mbeadh cosc a bhain leis an stát ar fad i bhfad ní ba dhéine ná an ceann a mhol Bloomberg.
i bhfad ónár gcúl féin far from our own goal
" Déan feall i bhfad ónár gcúl féin".
i bhfad níos éasca ná mar ba ghnách leo a lot more easily than they used to [be able to
" "Agus ní cúrsaí tráchtála amháin (dlúthdhioscaí ar fáil go forleathan, daoine ábalta taisteal i bhfad níos éasca ná mar ba ghnách leo, etc.
i bhfad níos tromchúisí a lot more serious
" Is é mo bharúil go bhfuil fadhbanna i bhfad níos tromchúisí ná an seicteachas le réiteach in Albain.
i bhfad níos bríomhaire much more lively
" Tá an Caisleán Nua i bhfad níos bríomhaire ná an bruach eile.
d'imeachtaí i bhfad is i gcéin to events far away
" Is minic a bhíonn tagairtí aige do bhia (ceapairí, fataí, cístí), do dheochanna (*hip flasks*, Southern Comfort, tábhairní), d'fhilí, don stair, d'imeachtaí i bhfad is i gcéin agus gach tagairt fite fuaite go deas néata trí ábhar an ailt.
i bhfad níos tapúla much faster
" Is prótacal é FireWire atá i bhfad níos tapúla ná an córas USB, córas atá cosúil leis agus atá in úsáid cheana féin ar an-chuid ríomhairí chun gléasanna ar nós eochracha cuimhne a chur "ag caint" le ríomhairí.
chuaigh siad i bhfad is i gcóngar they went near and far
" Bhí carr ar cíos acu agus chuaigh siad i bhfad is i gcóngar.
i bhfad róluath much too early
" "Foghlaimíonn tú na rudaí gránna faoin saol i bhfad róluath agus tú ag freastal ar scoil chónaithe.
na gaolta i bhfad amach the far-out relations
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
i bhfad níos tapúla a lot more quickly
" Níl an buntáiste sin ag an gcóras leictreonach atá á mholadh ag an rialtas - cé go dtabharfadh sé an toradh i bhfad níos tapúla.
roimh i bhfad before long
" Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint sult as an aer úr ansin sna sléibhte agus cois farraige - agus go mbeidh sna tithe tábhairne chomh maith céanna roimh i bhfad.
i bhfad níos éasca much easier
" Dá mbeadh croílár an Rialtais i gcroílár na tíre bheadh sé i bhfad níos éasca ag an bpobal i gcoitinne taisteal chuig an lárionad cumhachta nuair ba ghá chun achainí a dhéanamh nó eolas áirithe a lorg.
cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois although we're much better off now
" " An dóigh leis gur cailleadh aon rud mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? "Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta.
i bhfad níos tapúla much quicker
" Bheadh an córas seo i bhfad níos tapúla ná na barrachóid is gá a scannáil ceann ar cheann faoi láthair.
i bhfad níos coitianta a lot more common
" Is mar a léirítear thuas atá cúrsaí spóirt le céad bliain anuas, beagnach, cé go bhfuil an taobh gairmiúil tar éis éirí i bhfad níos coitianta le blianta beaga anuas.
i bhfad níos cumhachtaí much more powerful
" Cumhachtach ======= Tá an chuma chéanna ar an micrishlis nua seo is atá ar na cinn atá in úsáid i gcártaí fóin (faoi mar atá ag Eircom), ach tá siad i bhfad níos cumhachtaí.
i bhfad níos tapúla much more quickly
" Fuair mé amach cúpla seachtain ina dhiaidh sin go bhfoglaimím abairtí agus focail i bhfad níos tapúla agus níos éifeachtaí in abairtí fada nó, fós níos fearr, i sleachta.
i bhfad níos éasca far easier
" " Leis an bhforbairt atá déanta ar uirlisí logánaithe agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta ar nós Unicode le blianta beaga anuas, tá sé i bhfad níos éasca ag comhlachtaí ríomhaireachta an próiseas logánaithe a chur i bhfeidhm.
i bhfad níos déine much more difficult
" Agus ag an am céanna bhí mise tar éis a bheith ag obair i siopa cúpla mí roimhe sin, agus dúirt mé liom féin go raibh sé i bhfad níos déine a bheith ag freastal i siopa ná a bheith ag múineadh ranga.
i bhfad ródhian much too tough
" Bhraith Anna go raibh an obair a bhí ar siúl aici tar éis éirí i bhfad ródhian ar aon chaoi.
i bhfad níos mó airde much more attention
" Tugadh i bhfad níos mó airde ar shaothar Ern Malley ó shin ná mar tugadh ar fhormhór fhilí eile an 20ú céad san Astráil, ina measc McAuley agus Stewart.
i bhfad níos bunúsaí much more basic
" Tá cúiseanna i bhfad níos bunúsaí ann go bhfuil líon na dturasóirí tite i mbliana.
dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí a much more longterm viewpoint
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
go meileann muilte CLG i bhfad níos moille ná muilte Dé that the GAA's mill grinds a lot more slowly than God's mill
" Feiceann siad go meileann muilte CLG i bhfad níos moille ná muilte Dé go minic! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
i bhfad níos laige a lot weaker
" Tá cúpla cineál éin a bhfuil sé oibrithe amach acu gur fearr an bhuaf a iontú bunoscionn agus gan ach an leath íochtair a ithe, áit a bhfuil an nimh i bhfad níos laige.
i bhfad níos éasca a lot easier
" Tá a fhios ag na bancanna go bhfuil sé i bhfad níos éasca dóibh brabach mór a dhéanamh sna cathracha.
i bhfad ar shiúl far away
" Cuireann sé cathú orainn leis an ghloine fíona atá á síneadh aige inár dtreo ach cuireann Caravaggio in iúl dúinn nach bhfuil an truailliú agus an meath i bhfad ar shiúl.
i bhfad ó sheanchairde a long way from old friends
" Bhí mé míshásta le mo phost, bhí mé i mo chónaí i bhfad ó sheanchairde agus ó mo theaghlach, agus bhí mé croíbhriste tar éis do dheireadh brónach teacht le caidreamh fada agus casta.
i bhfad ní ba dhoimhne a lot deeper
" Ach bhí an sneachta i bhfad ní ba dhoimhne anseo agus tar éis dul trasna na habhann bhí sé deacair dul suas.
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
i bhfad níos laige much weaker
" Cinnte, maireann traidisiún na peile Gaelaí agus na hiomána i gceantair éagsúla tuaithe ar fud na tíre, ach sna bailte agus sna cathracha (agus tá os cionn 50% de dhaonra na hÉireann iontu sin) tá traidisiún i bhfad níos laige agus roghnaíonn daoine óga slite éagsúla chun a gcuid ama a chaitheamh.
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
i bhfad ródháiríre much too serious
" Níl sé ceart go gcuirfeadh duine roimhe olc a chur ar dhaoine d’aonghnó, go háirithe i gcúrsaí creidimh, ach uaireanta bíonn lucht reiligiúin i bhfad ródháiríre fúthu féin agus bíonn sé rófhurasta olc a chur orthu.
i bhfad níb fhusa a lot easier
" Mar a dúirt mé le linn m’óráide ag an ócáid ar an 14 Bealtaine, tháinig cuid mhór daoine chuig ranganna Gaeilge thar na blianta, daoine a raibh baint acu leis an rince Gaelach nó le Cumann Lúthchleas Gael ach fuair siad amach go raibh sé i bhfad níb fhusa coiscéim damhsa a fhoghlaim, nó cúl a scóráil sa pheil, ná greim a fháil ar ghramadach na Gaeilge! Luigh Seán isteach ar fhoghlaim na Gaeilge le díograis agus, dá bharr sin, tá an ghramadach agus an comhrá ar a thoil aige.
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
i bhfad níb éasca a lot easier
" Nuair a d’fhill mé ar an Ghleann ina dhiaidh sin, bhraith mé go raibh na cúrsaí i bhfad níb éasca.
Is trom cearc i bhfad. A hen [carried
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
i bhfad níb éasca a lot easier
" Nuair a d’fhill mé ar an Ghleann ina dhiaidh sin, bhraith mé go raibh na cúrsaí i bhfad níb éasca.
i bhfad níb fhuiltí much bloodier
" Ach ag an am sin, laistigh de sheacht mbliana, bhí glúin óg eile i mbun feachtais mhíleata ag iarraidh deireadh a chur le cumhacht na Breataine in Éirinn, feachtas a mhairfeadh 30 bliain agus a bheadh i bhfad níb fhuiltí ná an ceann a chuaigh roimhe.
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
i bhfad níos discréidí much more discreet
" Dúradh go raibh náire shaolta orainn faoin dóigh ar caitheadh le Charles Stuart Parnell agus go raibh muid i bhfad níos discréidí dá bharr.
go scaipfeadh an galar i bhfad níos gaiste that the disease would spread a lot more quickly
" Deir siad go scaipfeadh an galar i bhfad níos gaiste dá mba rud é go ndúnfaí ospidéil bheaga agus dá dtógfaí mórionaid lárnaithe ina n-áit.
i bhfad níos éifeachtaí a lot more effective
" Tiocfaidh méadú mór ar líon na ngluaisteán hibrideach gan dabht: is féidir leo bheith i bhfad níos éifeachtaí ná gnáthghluaisteáin, go háirithe sna cathracha.
gur gaire i bhfad an tír seo that this country is closer
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
i bhfad níos éadroime a lot lighter
" Arsa Ivor: “Tá an naomhóg i bhfad níos éadroime ná, mar shampla, an churach as Tír Chonaill, a bhfuil a lán adhmaid inti.
i bhfad níos logánta much more local
" Beidh ar an chuid is mó de na gnólachtaí a ndoirse a dhúnadh (beidh seans ag gnólachtaí áitiúla teacht slán), agus éireoidh an saol i bhfad níos logánta.
ag ceilt fírice i bhfad níos mó hiding a bigger fact
" ” B’fhéidir go bhfuil roinnt den fhírinne sna scéalta seo, ach tá an bhéim iomlán ar chúrsaí gnó ag ceilt fírice i bhfad níos mó, is é sin go bhfuil cur chuige Google ag athrú na slí a oibríonn muid agus an tslí a n-imríonn muid.
i bhfad ní ba liobrálaí a lot more liberal
" Bhí siad i bhfad níb oscailte, i bhfad ní ba liobrálaí, fiú amháin ag an am sin, ag deireadh na seascaidí, tús na seachtóidí.
ag ceilt fírice i bhfad níos mó hiding a bigger fact
" ” B’fhéidir go bhfuil roinnt den fhírinne sna scéalta seo, ach tá an bhéim iomlán ar chúrsaí gnó ag ceilt fírice i bhfad níos mó, is é sin go bhfuil cur chuige Google ag athrú na slí a oibríonn muid agus an tslí a n-imríonn muid.
i bhfad ar shiúl far away
" Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den Impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.
i bhfad ní ba shaoire a lot cheaper
" Bhí sé seo i bhfad ní ba shaoire ná an Meitreo agus, mar sin, ón mbliain 2010 amach ní raibh Baile Átha Cliath mar an t-aon mhórchathair Eorpach níos mó gan nasc iarnróid go dtí a aerfort.
i bhfad níos ísle a lot lower
" Níl aon amhras faoi: tá costas an bhia agus na dí i bhfad níos ísle sa Spáinn ná mar atá in Éirinn.
rogha i bhfad níos saoire a much cheaper choice
" Bhí siad ar fad ag léamh nuachtáin – rogha i bhfad níos saoire, caithfidh mé a admháil.
i bhfad ar shiúl far away
" Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den Impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.
i bhfad níos tromchúisí a lot more serious
" agus seans go bhfuil an ceart ag an té a déarfadh go bhfuil an iomarca seafóide sna meáin faoi chúrsaí spóirt nuair atá rudaí i bhfad níos tromchúisí ag tarlú sa saol.
i bhfad níos ísle a lot lower
" Níl aon amhras faoi: tá costas an bhia agus na dí i bhfad níos ísle sa Spáinn ná mar atá in Éirinn.
rogha i bhfad níos saoire a much cheaper choice
" Bhí siad ar fad ag léamh nuachtáin – rogha i bhfad níos saoire, caithfidh mé a admháil.
i bhfad níos aibí far more mature
" Tá na daoine óga atá ag teacht isteach anois ag déanamh trialacha scáileáin i bhfad níos aibí ná mar a bhí mise nuair a bhí mé á ndéanamh.
i bhfad níos soiléire a lot clearer
" Tá sé seo i bhfad níos soiléire nuair a bhreathnaíonn tú ar an Ord Oráisteach.
is líonmhaire i bhfad na tithe saoire holidays homes are a lot more numerous
" Dá bharr seo is líonmhaire i bhfad na tithe saoire i mbailte fearainn áirithe ná na tithe a bhfuil cónaí buan iontu i rith na bliana.
i bhfad róluachmhar far too valuable
" ‘Tá sé i bhfad róluachmhar le ligean amach ar cíos.
macalla na Gaolainne ag dul siar i bhfad the echo of Irish from way back
" ” Measann Ó Coileáin gurb é ba chúis leis gean a thabhairt do shaothar Uí Chriomhthain ná gur bhraith sé go raibh “macalla na Gaolainne ag dul siar i bhfad” le fáil sa leabhar.
i bhfad ní ba shubstaintiúla far more substantial
" Chaith na páipéir thablóideacha an oiread sin dua leis an ngáifeachas, gur tugadh an chluas bhodhar do chúrsaí i bhfad ní ba shubstaintiúla.
i bhfad barraíocht seomraí far too many rooms
" Ar an chéad dul síos, tá na mílte seomra breise curtha ar fáil ag na hóstáin timpeall na tíre le dornán blianta anuas; tá i bhfad barraíocht seomraí ar fáil i ndáiríre agus bíonn scéalta le cloisteáil go rialta faoi óstáin i mbailte tuaithe bheith ag díol a gcuid seomraí ar phraghas an-íseal – is cuma le go leor acu, a fhad is go dtig leo na leapacha a líonadh.
i bhfad níos príobháidí a lot more private
" Is dócha gur féidir a rá go bhfuil níos lú cumarsáide i measc daoine na laethanta seo; tá daoine i bhfad níos príobháidí ina saol agus, go minic, ní bhíonn fonn dá laghad orthu comhrá a dhéanamh le bean tí faoi cé as a bhfuil siad tar éis a theacht nó cá bhfuil a dtriall.
i bhfad ó dhorchlaí na cumhachta far from the corridors of power
" Tógadh í i bhfad ó dhorchlaí na cumhachta, áfach, i Maínis i gConamara, áit ar bhog an teaghlach ag deireadh na seascaidí.
i bhfad níos meallacaí much more attractive
" Tá ceantar Chois Fharraige i bhfad níos meallacaí don chineál seo duine ná mar atá a gceantair dúchais.
i bhfad ní ba ghlaine a lot cleaner
" Ní haon iontas é gur roghnaigh Angelina Jolie an tír seo mar áit bhreithe dá leanbh – bhí gach áit i bhfad ní ba ghlaine ná mar atá i mBaile Átha Cliath! Tá go leor le déanamh sa Namaib, agus go leor radharcanna iontacha sa tír.
cuma i bhfad níos deise a far nicer appearance
" Bíonn an prionsabal seo i gceist agus le feiceáil go soiléir nuair a leanann scannán an nuacht ar stáisiún teilifíse – bíonn cuma i bhfad níos deise ar an scannán de ghnáth toisc go raibh trealamh i bhfad níb fhearr in úsáid.
trealamh i bhfad níb fhearr far better equipment
" Bíonn an prionsabal seo i gceist agus le feiceáil go soiléir nuair a leanann scannán an nuacht ar stáisiún teilifíse – bíonn cuma i bhfad níos deise ar an scannán de ghnáth toisc go raibh trealamh i bhfad níb fhearr in úsáid.
go ceann i bhfad eile for a long time again
" Ní móide go dtarlóidh a leithéid arís in Éirinn go ceann i bhfad eile.
i mbruachbhailte i bhfad ó chathracha, in suburbs far from cities,
" Agus luachanna tithe ag titim, go háirithe i mbruachbhailte i bhfad ó chathracha, tá sciar níos mó de thuarastal na ndaoine á chaitheamh ar mhorgáistí gan dóchas ag na húinéirí céanna go bhfaighidh siad costas a dtithe ar ais nuair a dhíolfaidh siad arís iad.
go ndíolfadh muid i bhfad níos mó cóipeanna that we would sell a lot more copies
" Thug sí comhairle dom cloí leis an chur chuige sin agus go ndíolfadh muid i bhfad níos mó cóipeanna dá bharr.
i bhfad níos mó airgid a thuilleamh di féin to earn much more money for herself
" An fianaise é seo ar an eitic láidir atá ag Browne? "Oibríonn Emma go han-dian ar fad do *Village* agus is cinnte go bhféadfadh sí i bhfad níos mó airgid a thuilleamh di féin dá ndéanfadh sí an méid céanna oibre áit éigin eile.
i bhfad róbhog. far too soft.
i bhfad an iomarca bád far too many boats
" Ach, faraor, bhí i bhfad an iomarca bád amuigh ar an sceir – bheadh imní ort go ndéanfadh an ollturasóireacht seo an-damáiste don sceir.
gaol i bhfad amach far-out relationship
" Amhránaí ab ea mo mháthair, a raibh gaol i bhfad amach aici le Mary Anne Carolan.
i bhfad i gcéin far away
" Tá rún ag an Taisce bailiúcháin thánaisteacha a chur le chéile ina mbeidh ceol traidisiúnta ó thíortha eile, ní hamháin na tíortha is cóngaraí dúinn – Sasana, Alba agus an Bhreatain Bheag – ach tíortha i bhfad i gcéin fosta.
i bhfad níos deimhní much more positive
" Cuirfidh an DUP ceisteanna crua ar “Sinn Féin /PSNI” maidir le marú uafásach Robert McCartney agus airgead Bhanc an Tuaiscirt ach cá fhad a ghlacfaidh sé sula n-aithneoidh Paisley – agus Peter Robinson, atá i bhfad níos deimhní nó níos pragmataí ná bunús a chomhghleacaithe – a sean-namhaid, Gerry Adams, mar chéile rialtais? Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.
i bhfad níos saoire a lot cheaper
" Fuair mé amach go bhfuil sé i bhfad níos saoire dhá thicéad a fháil, ceann amháin ag an phort do na báid agus ceann eile ar an bhus, ná ticéad amháin don turas iomlán a cheannach ó chomhlacht taistil.
i bhfad Éireann níos slítheánta. far more sly.
" Ach tháinig ciníochas eile ina áit, ciníochas atá i bhfad Éireann níos slítheánta.