Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dtaca leis in regard to
" Ach tá ceist an-bhunúsach ar fad le cur i dtaca leis an ábhar seo.
i dtaca leis an chuideachta seo as regards this company
" Is é an t-aon aiféala atá ar Bhalor i dtaca leis an chuideachta seo nach raibh sé ábalta níos mó airgid a chur isteach ann (a bhuí sin le heagarthóir *Beo ar Éigean*, Éamonn Flúirsín Ó Doornail).
i dtaca leis an Ghaeilge as regards the Irish language
" Nach bhfuil sibh cúngaigeantach i dtaca leis an Ghaeilge?” “Shíl mé go raibh tusa níos tuisceanaí ná sin, a Bhaloir cháidh,” a d’fhreagair Súoráiste.
i dtaca leis na Sé Chontae as regards the Six Counties
" Luaigh Collins an “chothromaíocht bhréagach” atá á cothú le fada an lá ag na meáin chumarsáide i dtaca leis na Sé Chontae.
i dtaca leis an dá bhó sin. as regards those two cows.
" Éist liom go cúramach anois agus míneoidh mé duit polaitíocht na hÉireann i dtaca leis an dá bhó sin.
i dtaca leis with regard to
" In ionad an milleán a chur go róshimplíoch ar an bhfuath eitneach a bhí i gceist i dtíortha áirithe Afracacha, ar chóir “cinedhíothú” a thabhairt ar pholasaí na Stát Aontaithe i dtaca leis na corparáidí ilnáisiúnta i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice i rith na tréimhse millteanaí seo?*Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.
i dtaca leis in regard to
" Tá muintir na tíre i gcoitinne ar aon intinn leis na rialtais i dtaca leis an gcur chuige seo, de réir dealraimh.
I dtaca leis as to
" I dtaca leis an Guinness, is é a deir sé: “Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhímse in ann a cheannach ar an tuarastal suarach a fhaighim ó Beo Ar Éigean! ón am ar tháinig Sturmbanfuhrer Josef Mac Slua Muirí mar eagarthóir ar an liarlóg seo.
i dtaca leis as to
" Le scéal fada a ghiortú, de bharr an lagtrá eacnamaíochta, d’iarr Rialtas na hÉireann ar choiste eacnamaithe iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil airgead poiblí á chaitheamh agus moltaí a dhéanamh i dtaca leis an dóigh is fearr le gearradh siar a dhéanamh.
i dtaca leis in regards to
" Bím ag machnamh go minic mar sin, ar mo dhílseacht i dtaca leis an phróiseas seo, agus an bhfuil, díomaite den timpeallacht a shábháil, easpa dreasachta ann an iarracht seo a dhéanamh? Éadáil an Ghaoith Chuaigh mé ’na bhaile deireadh seachtaine amháin an samhradh seo agus, greannmhar go leor, níor thit mé isteach i mo ghnáthiompraíocht fhrithshóisialta –faisean atá agam nuair a phillim ar an teach s’againne – ag spadántacht thart fá’n teach ionas go bhfuil mé sé bliana déag arís le dearcadh duairc ar an saol, míchomhoibrithe, agus mé i mo chrá croí, an dóigh a bhíodh nuair a chónaigh mé sa teach fadó shin.
i dtaca leis in regards to
" Ba léir gur mheas na húdaráis sa dá thír go raibh ábhar ceiliúrtha ann, ach ba ríléir go raibh cúiseanna buartha – fiú náire - ann freisin i dtaca leis an méid a tharla sa Tíomór Thoir, ní hamháin deich mbliana ó shin ach le 34 bliain anuas.
i dtaca leis in regard to
" Ba léir ón tús go raibh deighilt i measc an fhreasúra i dtaca leis an idirbheartú.
i dtaca leis as to
" Agus i dtaca leis na heaspaig sin, déanfaidh siad siúd mar a deirim fosta, nó ní Dermo Martino is ainm domsa.
I dtaca leis in regards to
" I dtaca leis an gheilleagar, bhí an toradh céanna ag rialtas Lynch is a bhí ag rialtas Ahern: chuir siad an tír ar bhealach chun na tubaiste.
i dtaca leis as to
" Bhail, i dtaca leis na gléasanna frithghiniúna sin (na gléasanna friggin’ Úna, mar ba ghnách le Balor a thabhairt orthu sna seanlaethanta fadó) – na gléasanna a dtugtar coiscíní orthu – tá an Pápa i ndiaidh an doras a oscailt rud beag.
i dtaca leis towards
" Anois atá rialtas mionlaigh san Astráil, áfach, níl aon agó ach go bhfuil ar an rialtas náisiúnta a bheith níos freagraí don pharlaimint as a gcuid cinneadh, an dúnghaois i dtaca leis an gcogadh san Afganastáin san áireamh.
i dtaca leis in regards to
" ) Tá beartas sóisialta amháin, ámh, is é sin an pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach, go mór i mbéal an phobail ar na mallaibh, agus is léir nach bhfuil an Astráil chun tosaigh ar thíortha forbartha áirithe eile i dtaca leis an mbeartas seo.
i dtaca leis in relation to
" An Fhírinne Throm ========= D’eisigh an Dochtúir Lyn Roberts, príomhfheidhmeannach an Heart Foundation, ráiteas i dtaca leis an ngéarchéim seo le déanaí inar mhaígh sí go raibh fadhb an rómheáchain chomh dona i measc na glúine óige go raibh an chontúirt ann nach mairfidís chomh fada lena dtuismitheoirí.
i dtaca leis in regards to
" Tá deighilt i measc mhuintir na hAstráile i dtaca leis an gCeallach, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo (Eagrán 5, Meán Fómhair 2001).
i dtaca leis in regards to
" Cad tuige go bhfuil tú ag iarraidh bualadh leis? An mbeadh mórán le foghlaim agat ón bhoc sin?” “Ní bheadh, i ndáiríre, a Bhaloir, tá an bheirt againn ar chomhchaighdeán i dtaca leis an mhéid atá foghlamtha againn i rith ár saoil, a déarfainn, cé go bhfuil rud beag níos mó cumhachta ag Liam ná mar atá agam féin.
i dtaca leis pertaining to
" Ní raibh an rialtas náisiúnta in ann aon reachtaíocht a rith i dtaca leis an mhuintir dhúchais de réir an dara hailt.
i dtaca leis na concerning the
" Léiríonn an díospóireacht naimhdeach idir na páirtithe i dtaca leis na báid neamhúdaraithe nach mbeidh aon leisce orthu an deis a thapú “féith an chiníochais” a mhúscailt arís má tá sochar polaitiúil le baint aisti, beag beann ar fhulaingt na dteifeach bocht.
i dtaca leis an dearcadh atá ag in regard to the view held
" Tá deighilt ghéar le sonrú i dtaca leis an dearcadh atá ag muintir na tíre ar na ceithearnaigh coille.
i dtaca leis an talamh ard in regard to upland
" Ba ghéar an choimhlint a bhíodh idir na gabháltais teallaigh agus an comhlacht stáit Coillte, i dtaca leis an talamh ard go háirithe.
i dtaca leis in regard to
" Bhí deighilt ghéar idir na páirtithe forásacha, atá i gcomhrialtas san ACT, agus an Páirtí Liobrálach, an freasúra, i dtaca leis an mbille.
i dtaca leis na gealltanais in regard to promises
" Shíl Balor nárbh fhearr dó rud a dhéanamh ná moladh nó dhó a thabhairt do roinnt daoine atá i mbéal an phobail i dtaca leis na gealltanais a dhéanfaidh siad, nó ba chóir go ndéanfaidís, agus an bhliain úr buailte linn anois.
san alt seo i dtaca leis in this article regarding
" Tagann ceist eile chun solais san alt seo i dtaca leis an leagan Gaeilge ar chomharthaí turasóireachta an Stáit.
i dtaca leis na cáinaisnéisí bliantúla in regard to the annual budgets
" Ní bhíonn ach trí bliana ar a mhéad idir olltoghcháin san Astráil agus bíonn timthriall seanbhunaithe le sonrú i dtaca leis na cáinaisnéisí bliantúla mar gheall ar an tréimhse ghairid seo.