Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i mbaol in danger
" In amanna mothaíonn muintir na háite i mbaol agus iad ag siúl ar an chosán.
i mbaol titim in danger of falling
" Cén fáth? An raibh an foirgneamh i mbaol titim? An raibh galar tógálach, marfach ag bagairt ar mhuintir na scoile? An raibh a bpáistí i gcontúirt? An raibh an áit ar snámh le francaigh? Ní raibh.
i mbaol báis in danger of dying
" San am sin, ní dóigh liom gur thuig daoine i gceart go ndearna na haltraí an obair leis na hothair a bhí i mbaol báis go deonach - ní raibh aon íocaíocht i gceist.
i mbaol in danger
" " Beatha daoine "i mbaol" ======= Má bhí Coiste Timpeallachta Ghaoth Dobhair, An Taisce agus an ATP sásta le breith an Bhoird Pleanála, ní raibh daoine agus grúpaí eile sa chontae ar aon fhocal leo.
i mbaol báite in danger of sinking
" D'iarr seirbhísí tarrthála na hAstráile ar an long lastais an Tampa as an Iorua, a bhí ar a bealach ó Fremantle go Singapore dul i gcabhair orthu mar go raibh an bád ag tógáil uisce go tréan agus i mbaol báite.
i mbaol in danger
" Braitheann tú gur duine é Ó Cuív a thuigeann an dóigh le maireachtáil taobh istigh den chóras polaitiúil agus nach mbeidh a shuíochán Dála i mbaol go deo.
i mbaol in danger
" Tá gearradh siar le déanamh ar an méid uaireanta gur féidir áis chraoltóireachta seachtraí an stáisiúin, An Ródaí, a úsáid, agus deirtear freisin, cé nach bhfuil deireadh le cur le haon phost buan go fóill, go bhfuil fostaíocht saoroibrithe agus fostaithe páirtaimseartha go mór i mbaol.
i mbaol in danger
" Is léir go bhfuil an *Irish Times* i mbaol de dheasca míbhainistíochta agus an cinneadh a ghlac siad clólann úrnua a thógáil ar £60m nuair nach raibh a leithéid ag teastáil.
i mbaol endangered
" Tá lachain ann atá an-álainn go deo, cuid acu i mbaol.
i mbaol in danger
" Bhí an tráth ann i dtús na seachtóidí nuair a bhí an rialtas i mbaol aon uair a ndeachaigh an ráta sin os cionn 2%.
i mbaol in danger
" Cé nach raibh an chathair i mbaol, bhí cuid de na bruachbhailte agus bailte beaga suas agus anuas le cósta agus sna Blue Mountains.
i mbaol báis le linn na breithe in danger of dying during the birth
" Beidh an ginmhilleadh ceadaithe fosta i gcás ban a bheas i mbaol báis le linn na breithe.
i mbaol endangered
" Is ainmhí é atá i mbaol anois de bharr scriosadh gnáthóige agus an sléacht a rinneadh orthu ag tús an chéid seo caite.
i mbaol in danger
" Tá an club an-tábhachtach ach an dtuigtear go bhfuil an club i mbaol? Sin ceist gur gá aghaidh a thabhairt uirthi i gcomhthéacs na béime a chuirtear ar fhoirne contae agus i gcomhthéacs na cainte faoi ghairmiúlacht agus airgead a íoc le himreoirí idirchontae.
i mbaol a mbáite in danger of drowning
" Is minic a bhíonn ar an Capitaneria di Porto (póilíní teorann na mara) teacht i dtarrtháil ar na daoine seo de bharr go mbíonn siad i mbaol a mbáite.
i mbaol in danger
" Faraor go gcaithfidh tú do ghnó a dhéanamh i mBéarla agus go dtí go dtig athrú air sin beidh Gaeltacht Ghleann Fhinne i mbaol.
i mbaol in danger
" Bheadh *ethos* an chumainn i mbaol ansin, dar liom, agus cá bhfios cén tionchar a bheadh ag a leithéid sin ar na gnáthbhaill agus na cumainn ar fud na tíre.
i mbaol báite in danger of being drowned
" Bhí sé i gcontúirt i 1998 nuair a bhuail gála é taobh thoirthuaidh den Astráil a d'fhág i mbaol báite sa bhfarraige é.
a chur i mbaol to endanger
" Mothaíonn go leor de bhunadh na tuaithe gur seo aicme ar leith cathrach atá ag iarraidh saol traidisiúnta na tuaithe a chur i mbaol agus gur ionsaí é ar a saol agus ar a nósanna maireachtála.
i mbaol a dúnta in danger of being closed
i mbaol in danger
" Nuair a bhíonn cluiche iontach iomána thart, áfach, is laoch é gach imreoir atá tar éis lámha agus cosa agus colainn a chur i mbaol, agus imirt le cur chuige agus paisean chun an bua a fháil.
i mbaol in danger
" Ní hamháin go bhfuil cinneadh an Rialtais seo cead a thabhairt d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile leas a bhaint as aerfoirt an stáit míbhunreachtúil, mídhaonlathach agus ag cur phobal na hÉireann i mbaol, d'fhéadfadh sé dochar buan a dhéanamh do thionscail áirithe sa tír chomh maith.
i mbaol in danger
" Ceapann sé go bhfuil an iomáint i mbaol áfach, fiú sna contaetha láidre, agus luann sé mar shampla de sin cás chathair Chorcaí.
i mbaol in danger
" Tá níos mó ná 4 mhilliún duine dífhostaithe, tá ag clis ar an gcóras sláinte agus tá na pinsin i mbaol chomh maith.
i mbaol a mbáis in danger of being killed
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
i mbaol in danger
" Tagann oibrithe chuig Áine agus chuig Séamus Mac Géidigh, léiritheoir an chláir, agus iad buartha go bhfuil a bpost i mbaol.
i mbaol in danger
" " "Agus nach í an chos mhallaithe úd a chiceáil m'fhear céile sna magairlí is a chuir ó rath é, a chiceáil isteach doirse siopaí, a bhasc is a chuir cor coise i ndaoine macánta, a bhí ar lata luais an chairr seo inniu is a tharraing an trioblóid go léir uirthi féin is a chuir pobal neamhurchóideach an eastáit seo i mbaol agus trína chéile.
i mbaol a bhuailte in danger of being beaten
" I mbeagnach gach babhta den chomórtas i mbliana bhí Ken i mbaol a bhuailte ach d'éirigh leis tarraingt ar spiorad agus ar mhisneach go domhain ina chnámha chun an bua a fháil agus an chraobh a bhaint amach.
i mbaol in danger
" Ní haon ionadh mar sin go bhfuil iascairí tíortha ar nós Senegal agus Mauritania ag gearán go bhfuil an Atlantic Dawn ag cur a slí bheatha traidisiúnta féin i mbaol.
i mbaol a bháis in danger of dying
" Is cuma leis má sheasann sé ar bharraicíní, mar a déarfá, agus is minic a cháineann sé oifigigh a chontae dhúchais féin, Loch Garman (chuir sé Coiste an Chontae i gcomparáid le hiasc lofa in alt amháin!) faoin easpa iarrachta, dar leis féin, maidir le cur chun cinn na hiománaíochta i Loch Garman, cluiche atá i mbaol a bháis, dar leis, sa chontae sin mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath.
i mbaol in danger
" Deir sé go bhfuil na rudaí a bhí fíor faoin phost roimh 9/11 fíor go fóill: "Am ar bith a théann tú amach le do chuid oibre a dhéanamh, cuireann tú do bheatha i mbaol," arsa Cole go suaimhneach.
shábhálfaí roinnt den dream a bheadh i mbaol some of those at risk would be saved
" Cinnte, ní éireoidh le haon chóras deireadh a chur leis an fhéinmharú, ach ar a laghad shábhálfaí roinnt den dream a bheadh i mbaol agus shábhálfaí teaghlaigh agus cairde ón bhriseadh croí.
i mbaol báis in danger of dying
" Fuair Kitty dhá glaoch gutháin ar an 6 Deireadh Fómhair seo caite, ceann acu ag rá go raibh Nia tagtha ar an saol, agus ceann eile ag rá go raibh Proinsias go dona tinn san ospidéal agus i mbaol báis.
i mbaol in danger
" Tá an ceart acu siúd nach gcaitheann tobac dul amach gan a sláinte a bheith i mbaol mar seo," a dúirt sé.
i mbaol in danger
" Ina tuairim féin, áfach, chuirfeadh an teicníc nua-aimseartha seo an chloch i mbaol.
i mbaol báis in danger of dying
" Cúpla bomaite roimh thús an chluiche a bhí ann agus bhí na mílte ag scairteadh leis na póilíní, ag rá go raibh siad i mbaol báis, ach níor thug siad aird ar bith orainn.
i mbaol in danger
" Ach, níos tromchúisí arís, cuirfidh an damba seo seanchultúr rúnda go mór i mbaol.
i mbaol a blaosc a scoitheadh in danger of having her head cut off
" ? geilleagareconomy ina dtuile amholain a flood of crude oil a rómhróinn fúmthat I would dig the ground under me i mbaol a blaosc a scoitheadhin danger of having her head cut off bantrachtwomen dallamullógdeception dá cumas ceaptha scéaltaher ability to make up stories bíogúilsprightly is gan a dhath agam dá bharrwith nothing to show for it maitheasgood mo dhícheannadhmy decapitation cúiscause mo dhianéagmy violent death anbhásviolent death babhta mionnaí móraa bout of cursing bómántaslow-witted
i mbaol báis in danger of being killed
" Cé go raibh Kilfoyle in aghaidh an chogaidh ón tús, agus gur cháin sé Tony Blair go láidir agus an dóigh a raibh sé ag sodar i ndiaidh George Bush, ní raibh sé ag iarraidh pointí polaitiúla a dhéanamh nuair a bhí Ken Bigley i mbaol báis.
i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt in danger of suffering long-term harm
" Sa chás seo, tá fear óg i mbaol - i mbaol gortaithe agus i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt.
i mbaol báis in danger of dying
" Thug Andy Hull "*a woolly compromise*" ar an Pháipéar Bán agus dúirt sé go mbeidh freastalaithe i dtithe tábhairne i mbaol báis go fóill mar gheall ar chaitheamh fulangach.
i mbaol in danger
" Ba é an t-aon ghuth aonair i bhFianna Fáil a chosain na PDs ná an tAire Seamus Brennan, duine nach raibh tuairim ar bith aige ag an am go raibh a phost féin i mbaol.
i mbaol in danger
" Níl iomrá ar bith ar Chathaoirleach buan a cheapadh ar an bhord, tá éiginnteacht ann i gcónaí faoi struchtúr úinéireachta na haerlíne agus d'fhéadfadh brabúsacht an chomhlachta a bheith i mbaol, de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú.
i mbaol in danger
" Ach cén costas atá i gceist? Nach cineál d’ocsamórón é sláinte do pháiste a chur i mbaol ar mhaithe le sábháilteacht? Agus, nuair a smaoiníonn tú air, bhí tuismitheoirí breá ábalta súil a choinneáil ar a bpáistí i bhfad sular tháinig gutháin phóca ar an saol.
i mbaol mo bháis in danger of dying
" MÁNAS: Bhí mé i mbaol mo bháis agus chonaic mé na peacaí uilig a bhí déanta agam.
i mbaol báis in mortal danger
" Theastaigh uaidh teacht i gcabhair ar na créatúir bhochta a bhí i mbaol báis sa túr, áfach, agus léim sé ar cheann de na hinnill dóiteáin a bhí ag dul ansin.
Bhriotánaigh i mbaol Bretons who were in danger
" Rud nach raibh súil leis san am, d’fheidhmigh an CC i rith an dara Cogadh Domhanda mar bhealach éalaithe do Bhriotánaigh i mbaol, agus leanadh dá nglacadh isteach ina dhiaidh sin.
ag cur a mbeatha i mbaol putting their lives at risk
" An t-am seo, ní bheadh siad “ag cur a mbeatha i mbaol mar óglaigh de chuid an IRA ach mar ghníomhaithe i ngluaiseacht náisiúnta i dtreo neamhspleáchais agus aontais.
i mbaol léirscriosta in danger of being destroyed
" Ach, murab ionann agus tithe Paul McCartney agus John Lennon atá i seilbh an National Trust (*Beo!*, eagrán 34, Feabhra 2004), tá teach Ringo i mbaol léirscriosta agus is é polasaí an rialtais is cúis leis seo.
i mbaol in danger
" Ní raibh na gnáthcheangail phleanála ar an phíblíne ón tús agus ní thagann sé faoi dhlínse an Údaráis um Shláinte agus Sábháilteacht, seachas sa chás go mbeadh sábhailteacht na n-oibrithe atá ag leagan na píblíne i mbaol.
agus mo shlí bheatha a chur i mbaol and to endanger my livelihood
" “Ní dhearna mé dochar ar bith dóibh ach rinne siadsan iarracht dochar a dhéanamh domsa agus mo shlí bheatha a chur i mbaol.
i mbaol in danger
" Anuas ar na scéalta suaracha seo, creidim go bhfuil sraith de scéalta bréagacha a foilsíodh ar na mallaibh ag cur inchreidteacht na nuachtán i mbaol.
i mbaol báis in mortal danger
" Thug Andy Hull ó Smoke Free Liverpool “a woolly compromise” ar an Pháipéar Bán agus dúirt sé go mbeidh freastalaithe i dtithe tábhairne i mbaol báis go fóill mar gheall ar chaitheamh fulangach.
a chuireann a bheatha i mbaol who puts his life in danger
" Tá cáil ar Robert Fisk go hidirnáisiúnta mar iriseoir a chuireann a bheatha i mbaol in áiteanna a bhfuil coimhlint ar siúl iontu ar mhaithe le léargas cruinn a thabhairt don domhan ar a bhfuil ag tarlú ansin.
ag cur an daonlathais i mbaol putting democracy in danger
" “Níl na hionadaithe a thogh muid ag déanamh ionadaíochta ar ár son agus tá sin ag cur an daonlathais i mbaol,” ar sé.
i mbaol in danger
" Cáil na hÉireann mar náisiún cothrom agus neamhspleách atá i mbaol.
i mbaol díbeartha in danger of getting thrown out
" Go deimhin, bheadh Corr na Móna – an ceantar ina bhfuil cónaí ar an Aire Ó Cuív – i mbaol díbeartha fosta.
i mbaol mo chaillte in danger of getting killed
" Chuaigh mise i mbaol mo chaillte, agus níos measa b’fhéidir: i mbaol mo choillte, chun agallamh eisiach a chur ar Chú Chulainn Cróga Mac an Uladh as Bearna an Tuaiscirt, *Fidei Defensor,* Cosantóir na Teorann, agus Urlabhraí DDT – Dílseoirí Dílse Truacánta.
i mbaol mo choillte in danger of getting castrated
" Chuaigh mise i mbaol mo chaillte, agus níos measa b’fhéidir: i mbaol mo choillte, chun agallamh eisiach a chur ar Chú Chulainn Cróga Mac an Uladh as Bearna an Tuaiscirt, *Fidei Defensor,* Cosantóir na Teorann, agus Urlabhraí DDT – Dílseoirí Dílse Truacánta.
i mbaol in danger
" Ní thógfaí aon ní a chuirfeadh an oidhreacht sin i mbaol.
i mbaol mór in great danger
" Is minic a d'fheicfeá deilfeanna, turtair, turtair mhara agus, corruair, an dugang, atá i mbaol mór anois, timpeall ar na hoileáin.
go mór i mbaol a báis in grave danger of dying
" Ach de réir mar a thosaigh an Ainu ag lorg cearta sibhialta agus aitheantais, thosaigh na scoláirí ag tabhairt faoi deara go raibh an teanga fós beo – í go mór i mbaol a báis ach beo.
Ar bhraith sí riamh go raibh sí i mbaol? Did she ever feel she was in danger?
" Ar bhraith sí riamh go raibh sí i mbaol? “Thosaigh mé ag obair sa Tuaisceart ag deireadh na n-ochtóidí ach ní rabhas ag tuairisciú chomh minic sin ón áit ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.
ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis. dealing with minority languages that are in danger of dying.
" Nuair a labhair mé le Kruass le gairid ar an ghuthán, mhínigh sé dom gur chaith sé suas le bliain in Inis Meáin ag deireadh na gcaogaidí ag déanamh staidéir ar chóras fuaime na Gaeilge agus ag foghlaim na teanga, agus gur spreag an tréimhse sin é lena shaol a chaitheamh ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis.
bheith i mbaol díothaithe in danger of extinction
" Cuireann sé iontas air go mbíonn daoine de shíor ag caint faoi ainmhithe mar na pandaí nó “feithid amaideach éigin” bheith i mbaol díothaithe ach gur beag trácht a bhíonn ar thragóid atá chomh holc céanna, dar leisean: bás teangacha.
i mbaol in danger
" Cuireadh in iúl do níos mó ná céad duine go raibh siad i mbaol, go raibh a gcuid mionsonraí pearsanta i seilbh an UVF.
i mbaol. in danger.
" Is léir fiú chomh luath seo san imirt go bhfuil suíochán Fiona O’Malley i mbaol.
i mbaol in danger
" Is cuma leis céard atá ar siúl ag na meáin, a fhad is nach bhfuil díspeagadh dlí i gceist nó a fhad is nach bhfuil an triail á cur i mbaol ag na tuairiscí.
i mbaol a suíocháin a chailleadh. in danger of losing their seats.
" Agus dealraíonn sé anois go bhfuil an príomh-aire é féin, agus cuid dá chomhghleacaithe sa chomh-aireacht, i mbaol a suíocháin a chailleadh.
curtha i mbaol endangered
" Ar an chéad lá den mhí sin bhíothas ag ceiliúradh 300 bliain ó síníodh Acht an Aontais ach trí lá ina dhiaidh sin bhí stádas an Achta chéanna curtha i mbaol ag bua an SNP i dtoghchán na Parlaiminte.
gan do bheatha féin a chur i mbaol. without putting your own life in danger
" Agus garchabhair á cleachtadh agat, is é an chéad rud a dtugann tú faoi ná measúnú a dhéanamh ar a bhfuil tarlaithe, gan do bheatha féin a chur i mbaol.
i mbaol in danger
" Caithfear a admháil freisin go raibh cúiseanna láidre ag na húdaráis maidir le cuid de na páistí a thógáil óna máithreacha toisc go raibh siad i mbaol sa bhaile.
a dhéanfadh damáiste do theanga a bhí i mbaol a báis. that would damage a language in danger of dying.
" I dtír ar bith eile is dócha ná a mhalairt nach mbronnfaí cead pleanála ar aon fhorbairt a dhéanfadh damáiste do theanga a bhí i mbaol a báis.
i mbaol in danger
" Agus beidh muidne ar fad i mbaol go dtí go réiteofar an fhadhb.
i mbaol in danger
" Ná déanaimis dearmad, mar shampla, gur de bharr rialacháin de chuid an AE atá rátaí uisce á ngearradh ar scoileanna na tíre faoi láthair! Bheadh neodracht na hÉireann i mbaol arís de bharr Chonradh Liospóin, in ainneoin gur cuireadh prótacal faoin neodracht le Conradh Nice.
go raibh a mbeatha i mbaol. that their lives were in danger
tá sí go mór i mbaol a spealta. it is in grave danger of being scythed
" Ach faoiseamh sealadach amháin atá ann – tá sí go mór i mbaol a spealta.
i mbaol a dhóite in danger of being burned
" Mo cheannín maol i mbaol a dhóite ag gathanna na gréine – aimsir Manhattan fíorthé go deo.
go mór i mbaol in grave danger
" Bunaíodh Ciste Fiadhúlra an Domhain ar an 11 Meán Fómhair 1961 i ndiaidh do Sir Julian Huxley sraith alt a scríobh sa nuachtán *The Observer *inar mhaígh sé go raibh fiadhúlra na hAfraice go mór i mbaol.
i mbaol. in danger
" Dá bharr sin, deir siad nach bhfuil siad i mbaol.
i mbaol endangered
" Maítear go bhfuil an maoiniú a dhéanann siad ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i mbaol dá dheasca.
i mbaol endangered
" Ní shamhlófá go mbeadh athréimniú teanga le háireamh ar cheann de phríomhthosaíochtaí aon cheannaire stáit le linn ré chomh éiginnte sin, ina raibh chan amháin slándáil is flaitheas na tíre faoi bhagairt mhór, ach ina raibh bunluachanna na sochaí i mbaol chomh maith.
i mbaol a mhillte endangered, in danger of being devastated
" Ach gu’b é inimirce ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus lucht critice, bhí an ceantar seo i mbaol a mhillte – bheadh sé leagtha go talamh agus bheadh na hilstóraigh a bhí a dtógáil ar fud an oileáin tógtha anseo fosta.
i mbaol endangered
" Tá seacht gcineál déag d’éin agus de mhamaigh farraige i mbaol ina gcónaí ar an oileán de réir thuarascáil na ranna thuas.
i mbaol endangered
" Cuireadh an tuilleamh coigríche seo i mbaol ar na mallaibh, ámh, mar gheall ar fhadhbanna áirithe leis an gcaidreamh taidhleoireachta idir an Astráil agus an India.
i mbaol in danger
" com/watch?v=kk8foQOQVk0&feature=related) Ach chuir an Tiogar Ceilteach (nach maireann) agus dlithe pleanála laga na seantithe i mbaol i dTír Conaill fosta.
i mBaol endangered
" Mionlach i mBaol Níl iontu seo ach na mórdhreamanna, ar ndóigh, agus tá roinnt mhaith mionlach beag sa tír a bhfuil an scéal glan díreach chomh riabhach acu.
i mbaol in danger
" Ós rud é go mbíonn na himircigh seo lasmuigh dá stáit féin, bíonn siad níos mó i mbaol na drochíde is an dúshaothraithe.
i mbaol endangered
" Nuair a tháinig muid chun na tíre seo beagnach ceathracha bliain ó shin, aisteach le rá, bhí an crogall inbhir ar liosta na gcineálacha i mbaol.
i mbaol in danger
" Léirigh sé a ráscánta is a bhí ceannairí na tíre i dtaobh an gheilleagair: chuir siad leas na tíre i mbaol ar mhaithe le dul chun cinn toghchánaíochta.
i mbaol in danger
" Caithfidh ceannaire gach pobal atá i mbaol, “socht” a rá, táimid ag dul síos le fána in ionad suas, beidh deireadh iomlán leis an teanga mura ndéanfa muid dianbhearta éigin”.
i mbaol endangered
" Dar ndóigh, bheadh sealbhaíocht na hEaglaise i mbaol dá mbeadh an sagart pósta.
i mbaol endanger
" Cuireadh ina leith go poiblí ag an am gur dream amadán iad a chuirfeadh tionscal mór seachadadh an ola i mbaol sa chuan.
i mbaol in danger
" Bhraith muid go raibh ár mbeatha i mbaol.
chur i mbaol to endanger
" Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta.
i mbaol in danger
" D’fhág tubaiste an olltoghcháin go bhfuil Fianna Fáil i mbaol mar pháirtí polaitiúil.
i mbaol a chaillte likely to lose it
" An Mhaith is an tOlc i dTóin an Choimhthígh! ======================= Maidir leis an Fhrainc, is léir gur mó an spéis atá ag Nicholas Sarkozy in olltoghchán na bliana seo chugainn (a bhfuil sé i mbaol a chaillte) ná mar atá aige i réiteach ar bith a fháil ar mhórfhadhbanna na hEorpa.
i mbaol in danger
" Feiceann baill an phobail iad ar na tránna go minic nuair atá siad i mbaol nó ag fulaingt agus cuireann siad fios orainn ionas gur féidir linn cuidiú leo.
i mbaol a chaillte in danger of losing
" Mura dtacódh Wilkie leis an rialtas bheadh olltoghchán ann agus bheadh an rialtas i mbaol a chaillte, de réir na bpobalbhreitheanna.
i mbaol in danger
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.