Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go rachaidh an tÚdarás seo i muinín that this Authority will resort to
" Tá sé molta go mbeadh aon Údarás Réigiúnda Straitéise amháin ann agus tá imní ar an cheardchumann go rachaidh an tÚdarás seo i muinín leithéidí PFI (*Private Finance Initiatives*).
i muinín do shamhlaíochta depending on your imagination
" Beidh tú in ann na rudaí beaga a fheiceáil i gceart gan a bheith i muinín do shamhlaíochta.
téann siad i muinín téacsleabhar tur they resort to using dull textbooks
" Ó tharla nach bhfuil labhairt na teanga ag go leor de na múinteoirí, téann siad i muinín téacsleabhar tur.
dul i muinín an fhóid mhóna chéanna to resort to using the same sod of turf
" Mar dhuine atá ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, is iomaí uair a bhí cathú orm féin dul i muinín an fhóid mhóna chéanna ach measaim go bhfuil iriseoirí na Gaeilge ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha mar atá.
dul i muinín an bhéarlagair acadúil. to recourse to academic jargon
" Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
dul i muinín Moon to resort to Moon
" Níor mhór don rialtas dul i muinín Moon arís.
dul i muinín an ghunna recourse to the gun
" Bíonn eagla a n-anama ar na póilíní chomh maith agus, mar sin, b’fhearr leo dul i muinín an ghunna ná dul sa tseans.
dul i muinín arm láithreach, to recourse to weapons immediately
" Deir daoine eile go gcruthódh a leithéid de bheart a lán deacrachtaí mar go mbeadh na Gardaí níos toilteanaí dul i muinín arm láithreach, seachas réiteach níos síochánta a aimsiú.
i muinín depending on
" An t-adhmad atá le baint as na haltanna seo uilig faoin chaiteachas ar an teanga ná go bhfuil an rialtas ag caitheamh airgead an cháiníocóra ar theanga atá marbh (nó ina hothar i muinín inneall tacaíochta beatha mar a déarfadh Kevin Myers) fad is atá deireadh á chur le seirbhísí riachtanacha sláinte is oideachais, de cheal maoinithe.
i muinín to bring up
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
i muinín depend on
" An rabhadar beirt comhpháirteach ina bás siúd? An féidir dul i muinín tráchtaireacht an Mhúinteora? Ceisteanna anuas ar a chéile.
dul i muinín to take to
" Ba thromchúiseach an líomhain é seo, cheap mé féin, agus mar sin bheartaigh mé dul i muinín an fhoclóra, nó na bhfoclóirí ba chirte a rá.
i muinín dependent
" An aineolas go dtí dearcadh faiteach sin Chumann na Múinteoirí? An bhfuil siad a dhath níos fearr ná liarlóga tráthnóna Shasana agus na hÉireann? Thit Éireannaigh siar i muinín na heagla dhá chéad bliain ó shin, ach bhí leithscéal 163 bliain den Ghéarleanúint ag cur isteach orthusan, agus chrap an Ghaeltacht amach as an chuid is mó d’Éirinn mar a bhainfeá smeach.
i muinín staidreamh accepting statistics
" Ba chúis mire é an chaoi a mbíodh daoine ag dul i muinín staidreamh ar an daonáireamh ar úsáid na Gaeilge chun cur i gcéill go raibh an teanga ag seasamh an fhóid lár an chéid seo caite.
i muinín an dlí resorted to law
" Mar a dhéantar go minic nuair a fhulaingítear éagóir, chuathas i muinín an dlí.
i muinín an dlí to law
" Chuathas i muinín an dlí, leis, agus ag deireadh na nóchaidí rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go gcaithfidh an comhlacht Urrá S.
théann i muinín resorts to
" Ní mór a rá, áfach, gur mionlach an-bheag a théann i muinín an fhoréigin mar mhodh lena bhfearg agus lena bhfuath do lucht na héagóra a chur in iúl.
dul i muinín to resort to
" D’éirigh coimhlint idir an dá bhuíon i dtaca le hacmhainn bia an cheantair agus ní raibh aon leisce ar na coilínigh dul i muinín an fhornirt lena ngabháltais agus a n-ainmhithe a chosaint.
i muinín resort to
" Déanta na fírinne, san am a chuaigh thart, b’annamh a théadh cainteoirí Gaeilge i muinín an tsloinne ar chor ar bith.
chuathas i muinín an fhornirt violence was resorted to
" Buaileadh í roinnt uaireanta agus chuathas i muinín an fhornirt chun a cuid gruaige a bhearradh.
i muinín availed
" Ach níor cuireadh táillí tís i bhfeidhm in athuair agus chuaigh an stát i muinín dleacht stampála feasta chun cáin a ghearradh ar réadmhaoin.
i muinín na paidreoireachta trust in prayer
" Agus cén moladh atá ag Éamo Ó Caoimhnis dúinn in am seo an ghátair, a léitheoirí dílse na páirte? Molann sé dúinn dul i muinín na paidreoireachta! Nach mór an trua nár ghlac sé lena chomhairle féin, agus b’fhéidir nach mbeimis sa riocht ina bhfuil muid anois.
mbíonn uirthi dul i muinín na she has to resort to
" Cloiseann sí an Bhriotáinis chuile lá, cé go mbíonn uirthi dul i muinín na Fraincise, toisc í a bheith chomh uileláithreach.
i muinín seanfhocail aitheanta resorts to the well-known proverb
" Téann Gurvan i muinín seanfhocail aitheanta chun tábhacht na Briotáinise a léiriú: "Hep brezhoneg, Breizh ebet" (gan Briotáinis, Briotáin ar bith).
Chuaigh mé i muinín I used
" Chuaigh mé i muinín an leabhair *“Barbarism and Civilisation: A History of Europe in Our Time”* le Bernard Wasserstein.
dul i muinín imeachtaí dála events like
" Sin an fáth go gcaithfidh lucht tacaíochta Diwan dul i muinín imeachtaí dála ar Redadeg chun airgead a fháil.
ní théann i muinín an ghrinn doesn’t resort to humour
" Chonacthas don lánúin go bhfanann fear na Polainne i mbun na feirge agus an mhíshásaimh agus ní théann i muinín an ghrinn ar chor ar bith, in am ar bith, dá fhaide an comhrá.
i muinín na rely on the
" Ní thugann siad cuairt ar an dochtúir nuair ba chóir dóibh, ní théann siad i muinín na ngardaí nuair a ghoidtear rudaí uathu, nuair a ionsaítear iad ar an tsráid, nuair a éignítear iad.
dul i muinín to resort to
" Bhí ar iarratasóirí a thaispeáint go raibh cónaí orthu go leanúnach sa Pholainn le breis is 6 bliana, go raibh post agus teideal dlí chuig áitreabh acu agus acmhainní a chuirfeadh ar a gcumas maireachtáil ar feadh bliana gan dul i muinín córas leasa shóisialaigh na Polainne.
ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin trusting my tent
" Le barr easpa airgid agus ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin, dhiúltaigh mé fanacht leo, ach ar son a bheith béasach, chruthaigh mé an leithscéal go raibh sé níos fearr dom siúl i rith na oíche, in ionad siúl faoi theas na gréine, scéal nach raibh iomlán bréagach.
le dul i muinín to resort to
" San am a chuaigh thart bhain breithiúna áirithe leas as an bhrollach mar leithscéal le dul i muinín shaothar mhórdhiagairí Críostúla ar nós Thomas Aquinas nuair a bhíothas i mbun rialaithe.
trí dul i muinín anmhéid foréigin by using extreme violence
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla not taking up professional boxing
" Mura bhfuil i gceist ach gur chinn Katie an Táilliúra fanacht ina dornálaí amaitéarach agus gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla nó gur ceapadh Pól Mac Fhionnlaoich ina chaptaen ar fhoireann ghailf na hEorpa nó gur fhógair Ciaran Mac Giolla Chainnigh go raibh sé le filleadh abhaile ón Astráil toisc go mb’fhearr leis a bheith i measc a mhuintire féin agus a bheith ag imirt peile agus iománaíochta lena chumann agus lena chontae dúchais.
ag dul i muinín resorting to
" Is cuid fhíorthábhachtach dár gcóras dlí é an t-athbhreithniú breithiúnach, ach tá an tuairim nochta ag beirt bhreithiúna de chuid na hArd-Chúirte le déanaí go bhfuil an iomarca daoine ag dul i muinín an réitigh seo chun athaontú teaghlaigh a bhaint amach.
fiú dá rachaidís i muinín na n-údarás even if they were to trust the authorities
" Agus fiú dá rachaidís i muinín na n-údarás tá gach seans go mba mheasaide iad é, mar a léiríonn an drochíde a fuair Eric Tabo ag teorainn Mhelilla.
a dhul i muinín na Rúisise resort to Russian
" “Meas tú,” adeirimse, “nach é an Béarla an Rúisís nua?” Bhí tost ann an uair sin agus nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal, b’éigean don náisiúntóir Moldávach a dhul i muinín na Rúisise.
i muinín na cruaiche resorted to steel
" B’é an rásúr an gléas airm ba choitianta a d’úsáididís, rud a mheas Breitheamh amháin a bheith ‘un-British’ ó tharla gur daoine dubha a ba mhó, dar leis, a chuaigh i muinín na cruaiche! Tá cur síos maith déanta sa leabhar seo (bunaithe ar thuairiscí cúirte don chuid is mó) ar an réimeas uafáis a bhí i bhfeidhm sa chathair a bhuíochas do na dronga seo, idir dhúnmharaithe, eachtraí sáite agus chambhrú cosanta.
gan dul i muinín without resorting to
" Ní minic gur féidir obair le foireann teilifíse gan dul i muinín na Fraincise agus thaitin sé amhlaidh go mór leo.
lánsásta dul i muinín content to resort to
" Chuir sé riamh iontas orm a mhéid atá na hÉireannaigh thar lear lánsásta dul i muinín an chultúir Éireannaigh mar a shamhlaítear dóibh é seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód.
I Muinín depending on
" I Muinín Toyota ======= Nuair a chuirfear deireadh le táirgeadh Holden ní bheidh ach monaróir gluaisteán amháin san Astráil, Toyota, agus tá tráchtairí áirithe ag tuar deireadh lena dhéantúsaíocht abhus luath nó mall.
dul i muinín gníomh éigin ní ba láidre to resort to some stronger action
" Tharraing feachtas an chumainn aird na meán ar an tseilg agus mhothaigh rialtas na hAstráile faoi bhrú dul i muinín gníomh éigin ní ba láidre in éadan na seilge.
dul i muinín an Bhéarla resort to English
" **CMacS: An gá do phobal na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla chun a gcás a chur in iúl do phobal uile na tíre?** AÓC: Nuair a bhíonn gnó le déanamh, caithfidh tú dul i muinín teanga an té a mbíonn tú ag plé leis.
caithfidh tú dul i muinín teanga you must resort to the language
" **CMacS: An gá do phobal na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla chun a gcás a chur in iúl do phobal uile na tíre?** AÓC: Nuair a bhíonn gnó le déanamh, caithfidh tú dul i muinín teanga an té a mbíonn tú ag plé leis.
Caithfear muinín a chur i one must trust
" Caithfear muinín a chur i lucht athbheochan na teangan chun an tsochaí nua seo a dhearadh as an gcloich.
nár cheart muinín a chur i trust shouldn’t be placed in
" Nuair a deir ceannairí d’aicme go bhfuil tú níos fearr ná dream ar bith eile agus nár cheart muinín a chur i ndream ar bith eile, ní fhéadfá a bheith oscailte do bhealaí eile smaointeoireachta ar an domhan.
i gcoinne muinín i dteicneolaíocht against trust in technology
" Mar sin is buille eile é seo i gcoinne muinín i dteicneolaíocht ach mar a mhíníonn Matthew J.
i muinín trust, take the risk
" Bás nó biseach a thabharfas an vacsaín ar ulpóg na muc duit? Tá do phosóid gléasta romhat má théann tú i muinín an vacsaín nár tástáladh i gceart, dar le Maidhc Ó Cathail.
gabháil i muinín to resort to
" Bhí cionsiocair mhaith ag Roseanne Smith le gabháil i muinín an fheidhmchláir ‘Labor Mate’ an mhí seo caite: saolú a tríú duine clainne! Tá dea-scéal eile le roinnt aici leat: Wordpress ag gabháil le Gaeilge.
ghabháil i muinín na bréige to resort to lie(s)
" Míníonn Maidhc Ó Cathail an obair eagrúcháin a thionscain 70 eagraíocht a ghabháil i muinín na bréige faoi Libia, nó a mharaigh c.
i muinín árasáin sa Bhulgáir dependent on a Bulgarian flat
" Tá cruatan na múinteoirí ag goilliúint ar Bhalor, iriseoir an chroí bhoig mhaoithnigh, óir tuigeann sé go maith gur i muinín árasáin sa Bhulgáir a bheas roinnt acu an samhradh suarach seo.