Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag rith i ndiaidh a n-eireabaill chasing their tail
" Tá daoine ann a chaitheann an tseachtain ar fad ag rith i ndiaidh a n-eireabaill de bharr an dul amú intinne seo.
i ndiaidh a fhoilsithe after its publication
" Tá teangacha ag athrú chomh tapaidh anois (an Ghaeilge san áireamh) gur féidir linn glacadh leis go mbeidh foclóir ar bith as dáta bliain nó dhó i ndiaidh a fhoilsithe.
an tríú craobh i ndiaidh a chéile the third championship in a row
" Tá sprioc cinnte insroiste, dar leo: an tríú craobh i ndiaidh a chéile.
i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht after he had turned his back on architecture
" As Napoli ó dhúchas é Clemente agus tháinig sé chun cinn ar dtús sna seachtóidí i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht, a raibh sé ag déanamh staidéir uirthi sa Róimh, le díriú isteach ar an phéintéireacht agus ar an fhilíocht.
ag caitheamh i ndiaidh na laethanta a bhí hankering after the old days
" "Ní ag caitheamh tobac a bheas mé ach ag caitheamh i ndiaidh na laethanta a bhí, nuair a thiocfas an dlí úr seo isteach," a dúirt sé liom cúpla seachtain ó shin agus é i ndiaidh a bheith caite amach as teach tábhairne ag tábhairneoir nach raibh sé d'acmhainn aige fanacht leis na cumhachtaí úra a bheadh aige go luath.
liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe the grey of the ashes of the Celtic jersey after it has been burnt
" Agus Tír Eoghain – nach bhfuil an lámh dhearg mar shuaitheantas acu, mar atá againn féin? Nach muidne a bhí bródúil nuair a chonacthas an lámh dhearg in airde ar fud Pháirc an Chrócaigh lá an chraobhchluiche! Lámh Dhearg abú! Agus amharc ar na dathanna a chaitheann na himreoirí: dearg agus bán, agus dath gorm ar fhobhríste gach aon duine de na himreoirí – dearg, bán is gorm: dathanna na Ríochta Aontaithe – na dathanna is ansa le gach dílseoir beo nó marbh (seachas oráiste, dar ndóigh – agus ór bhonn an phuint sterling, agus dubh an Guinness, agus donn an ispín fhriochta, agus liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe.
Bhí sé díreach i ndiaidh a chuid a chaitheamh he had just had his dinner
" Bhí sé díreach i ndiaidh a chuid a chaitheamh agus shuigh sé síos os comhair an teilifíseáin agus é ag meilt ama go dtiocfadh Ellen chun na bhaile óna cuid oibre.
go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin that he had lost his wife the previous year
" “Fuair mé glao tamall ina dhiaidh sin ó fhear a mhínigh dom gurbh é a sheanathair marbh an seanduine cráite agus, nuair a chonaic mise é, go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin agus gurbh éigean dó bogadh isteach in áras seandaoine i mBré.
agus é i ndiaidh a shúil a chaochadh and he had just winked
" Bhí Cathal Beag Álainn Ó Searcaigh ag crúsáil leis agus é i ndiaidh a shúil a chaochadh leis *An Buachaill Caol Dubh*.
i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc after they had paid scores of euro
" (Cuimhnigh ar ár gcairde as deisceart Chill Chainnigh agus cé chomh háiféiseach is a bheadh sé dá gcaillfidís a gceadúnas de bharr iad a bheith beagán os cionn na sprice an mhaidin i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc le hiad a thabhairt cúpla míle slí abhaile!) Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag na Gardaí nósmhaireacht úr a chruthú – is é sin, go bhfágfadh daoine an carr sa bhaile nuair a bheadh fonn dí orthu.
díreach i ndiaidh do Páras a shroicheadh just after he had reached Paris
" 5 orlach) de cheantar Montmartre i samhradh na bliana 1886, díreach i ndiaidh do Páras a shroicheadh le stopadh lena dheartháir Theo.
deich n-uaire i ndiaidh a chéile. ten times in a row.
" “Chuireadh sí an cheist chéanna ort deich n-uaire i ndiaidh a chéile.
a bhí i ndiaidh a bheith clúdaithe which had been covered
" Cuireadh tús le tochailt seandálaíochta an bhliain ina dhiaidh sin, agus nochtadh an chuid eile den bhaile a bhí i ndiaidh a bheith clúdaithe faoin talamh ar feadh níos mó ná caoga bliain.
Tá ceithre olltoghchán i ndiaidh a chéile four consecutive elections
" Tá ceithre olltoghchán i ndiaidh a chéile buaite aige, agus tá a chomh-aireacht i mbun rialtais le beagnach dhá bhliain déag anuas.
bhí a fhios agam go raibh rud fíor-thromchúiseach i ndiaidh titim amach, I knew that something fatal had occured
" Ag an gcéim sin, bhí a fhios agam go raibh rud fíor-thromchúiseach i ndiaidh titim amach, rud nach bhféadfaí a chur ina cheart go deo.
tríú craobh i ndiaidh a cheile third championship in a row
" Cén fáth a bhfuil an tuairim seo agam? Tá deis iontach ag an dá chontae sin an tríú craobh i ndiaidh a cheile a bhuachan – deis agus spreagadh atá ann nach mbeidh ag na himreoirí sin go brách arís.
i ndiaidh a saortha, after they were freed,
" ” D'fhan na Gormaigh faoin tuath ar feadh trí scór bliain i ndiaidh a saortha, ach nuair a cuireadh tús le ré na déantúsaíochta sna cathracha – cathracha an tuaiscirt ach go háirithe – thaistil cuid mhaith de na Gormaigh chucu, iad ar thóir airgid agus ag iarraidh saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin.
i ndiaidh a bheith sa nuacht after being in the news
" Dar ndóigh, tá an scoil sin i ndiaidh a bheith sa nuacht cuid mhór le blianta beaga anuas.
i ndiaidh dó an tsraith a chur i gcrích. after he has completed the series
" Maidir le Des, tá sé ar intinn aige féin leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge i ndiaidh dó an tsraith a chur i gcrích.
i ndiaidh do líomhaintí a bheith curtha ina leith after allegations were made against him
" Sa bhliain 2002, cuireadh brú air eirí as a phost mar mhéara i ndiaidh do líomhaintí a bheith curtha ina leith go raibh sé bainteach le caimiléireacht agus breabaireacht.
i ndiaidh dom triail a bhaint as after I had tried it
" Chuir sé iontas orm ar dtús nach raibh rogha níos leithne crann agus plandaí ar fáil san fheidhmchlár, ach thuig mé i ndiaidh dom triail a bhaint as gur cabhair mhór don úsáideoir é go bhfuil sé socraithe ar an mbealach sin.
i ndiaidh dóibh a bheith treascartha ag gás nimhe. after they were gassed
" Maraíodh os cionn 100 duine mar gheall ar thaighde Beger i ndiaidh dóibh a bheith treascartha ag gás nimhe.
i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach after possession was taken of their house
" A gcoir? Lorg siad cead le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chúitimh shuaraigh a thug Rialtas na Síne dóibh cúpla bliain ó shin i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach le haghaidh forbartha uirbí.
i ndiaidh a saol a chaitheamh after spending their lives
" Taispeántar íomhánna de dhaoine atá i ndiaidh a saol a chaitheamh in institiúidí atá ann dóibh siúd a bhfuil an meabhairghalar orthu; de phian agus d’éadóchas; de dhaoine a bhfuil galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha orthu.
i ndiaidh d'agóidí móra i gcoinne an rialtais a bheith ar siúl. after big protests against the government were held
" AgóidíB’éigean do Edouard Shevardnadze eirí as oifig mar uachtarán na Seoirsia i Samhain na bliana 2003 i ndiaidh d'agóidí móra i gcoinne an rialtais a bheith ar siúl.
i ndiaidh a chéile after the other
" Is é sin, na sléibhte is airde in Albain a dhreapadh ceann i ndiaidh a chéile, gach ceann acu níos airde ná 3,000 troigh.
i ndiaidh a rubaill his tail
" Agus ní chasfar orthu ag teacht aniar ach Céasar Éamonus féin ar a bhealach abhaile ó Chorr na Móna agus an Rabbi Gearódius Denvirorum agus an Scríobaire Fearghas Mac Lochlannorum agus duine nó beirt eile ag casadh thart ar nós an mhadaidh i ndiaidh a rubaill, ag iarraidh cuimhneamh ar an áit sa domhan Gaeltachta a dtáinig siad as.
i nDiaidh a Chéile by and by
" Teanga i nDiaidh a Chéile Thug mé faoi deara go raibh Clare ag freastal ranganna Ghaeilge ag Oideas Gael i mbliana, chomh maith le siúl na sléibhte.
ceann i ndiaidh a chéile one after the other
" Lastar ocht gcoinneal, ceann i ndiaidh a chéile thar thréimhse ocht lá, i gcuimhne ar an gcogadh a chuir na Macabaeigh ar arm rí Shiria, Antiochus IV, chun seilbh a fháil ar an Teampall in Iarúsailéim.
i ndiaidh a chéile one after the other
" Theip orthu, gach feachtas i ndiaidh a chéile, agus nuair a d'fhág arm Shasana an tír dúirt an ceannaire, an Ginearál Sir Frederick Roberts leis an Phríomh-Aire Gladstone: "Dá laghad a fheicfeas fear na hAfganastáine sinn, is ea is lú a mhíshásamh linn.
i ndiaidh dom a bheith caite amach after I had been thrown out
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
plaic i ndiaidh a chéile bite after bite
" Leis an mblonag mealltach orthu, go feiceálach, bainfidh siad plaic i ndiaidh a chéile as an bhfeoil bhlasta.
i ndiaidh a cúil backwards
" An beart déanta, thug Banríon na Breataine trí choischéim bheaga i ndiaidh a cúil.
ceann i ndiaidh a chéile one after the other
" Ar chamchuaird san Astráil dom, thug Dylan - an chuach sa nead – bata agus bóthar do gach gearrcach ceolmhar eile, ceann i ndiaidh a chéile.
i ndiaidh an ceann is fearr a fháil ar bhréantas has overpowered the shitty smell
" Tá cumhrán na mbláthanna a leagadh in ómós dó ar fud phríomhchathair na hÉireann i ndiaidh an ceann is fearr a fháil ar bhréantas Bharra an Teampaill.
i ndiaidh a bhainte after being cut of
" D’ardaítí an cloigeann i ndiaidh a bhainte ag rá “Justice est faite”.
i ndiaidh a imirt has played
" Agus más beag neafaiseach féin é mar fhocal, is mór an tionchar atá sé i ndiaidh a imirt ar mhuintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann.
i ndiaidh a chónaithe having lived
" Is fánach an duine a bheidh de bhrabach aige uaireadóir galánta nó mála gáifeach de dhéantús clúiteach i ndiaidh a chónaithe in A Coruña.
i ndiaidh a chéile after another
" Tháinig mé dhá bhliain i ndiaidh a chéile ag teagasc ar chúrsaí deireadh seachtaine de Ghaeilg na hAlban.
i ndiaidh a anam a dhíol leis an Diabhal sold his soul to the devil
" Maithe & na Móruaisle Meallta Aige ============= Ós ag caint dúinn ar Leamh Ó Cuinneagáin, tá ceist mhór ag Balor na Súile Nimhe: cén draíocht atá ag fear Odious Gael a mheallann daoine clúiteacha go dtí an coláiste sin i nGleann Cholm Cille? Tá Balor den bharúil láidir go bhfuil Ó Cuinneagáin i ndiaidh a anam a dhíol leis an Diabhal.
i ndiaidh a ghealladh promised
" Tá Daniel i ndiaidh a ghealladh go mbeidh ar a laghad amhrán amháin i nGaeilge á cheol aige ar an chéad diosca eile dá chuid a eiseofar.
i ndiaidh dó ábhar na cainte a tharraingt as bocsa having drawn the subject of the speech from a box
" Beidh achan duine ag caint beagnach as a sheasamh i ndiaidh dó ábhar na cainte a tharraingt as bocsa.
i ndiaidh toirmeasc iomlán a chur ar after banning completely
" Cinnireacht nó Cinsireacht? ============= Mar aguisín leis an scéal sin, tá Patsaí Dan Mac Ruairí i ndiaidh toirmeasc iomlán a chur ar irisí Caitliceacha.
Amharcann siad i ndiaidh a mball féin they look after their own
" Amharcann siad i ndiaidh a mball féin.
i ndiaidh sraith choirmeacha rathúla a dhéanamh after doing a series of successful concerts
" 
Tá Julie i ndiaidh sraith choirmeacha rathúla a dhéanamh i Nua-Eabhrac agus na criticeoirí doirte di; tá sí i ndiaidh a bheith ag ceol le cóir i 10 n-ionad éagsúla; tá sí ag scríobh ceoldráma faoi láthair agus, idir eatarthu, rinne sí taighde ar a ginealach féin.
i ndiaidh thú a ruaigeadh after you’ve been evicted
" Ní drochshaol go dtí é, i ndiaidh thú a ruaigeadh as teach agus as tailte do shinsir le bheith i do sprioc ladrainn i gcampa teifeach.
i ndiaidh a bheith caite amach as has been thrown out
" Is cuma liom cén páipéar nó iris: Time Magazine nó an Boston Globe nó an Chicago Tribune fiú, fhad is nach gá dom fanacht le Beo Ar Éigean! Is í an deacracht atá agam, a Shanta, ná go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin i ndiaidh a bheith caite amach as a phost le hÚdarás na Galltachta.
i ndiaidh dílseoirí ionsaí a dhéanamh after loyalists had attacked
" Caitheadh buama peitril isteach i gcarr póilíní ina raibh garda mná faoi ionsaí ag 12 dílseoir, nó díleasóirí? Cad é dó? Bhí sé mar Kristallnacht eile ann, a dúirt póilín amháin agus é ag breathnú ar oifig de chuid Pháirtí an Alliance i mBéal Feirste an mhí seo caite i ndiaidh dílseoirí ionsaí a dhéanamh ar oifig Naomi Long, an bhean a bhain an suíochán Westminster ó cheannaire an DUP, Peter Robinson ag an olltoghchán deireanach agus ionsaíodh foirgnimh agus bhaill eile de chuid an pháirtí le linn seachtain de racáin.
i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach when they had fanned the flames
" Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.
i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis having listened to
" Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.
i ndiaidh éirí as a phost has retired
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
i ndiaidh an t-ualach seo a iompar has carried this burden
" Tá Joseph Aloisius Ratzinger, nó Benedictus XVI mar is fearr aithne air, i ndiaidh an t-ualach seo a iompar ar feadh ocht mbliana, chóir a bheith, agus ní beag an tionchar a bhí ag an tromualach seo ar a shláinte, deirtear.
I ndiaidh dá thuismitheoirí bás a fháil after his parents died
" Scéal Samplach ====== I ndiaidh dá thuismitheoirí bás a fháil, shocraigh Eric Tabo go dtréigfeadh sé a thír dhúchais ar son na hEorpa d’fhonn obair a fháil a ligfeadh dó soláthar dá dheartháireacha is deirfiúracha.
i ndiaidh dó dhá bhliain a thabhairt having received two years
" Ach in ainneoin na nasc doimhin seo leis an tír, tugadh ordú díbeartha do Jimmy Mubengan i ndiaidh dó dhá bhliain a thabhairt i bpríosún mar gheall ar throid i gclub oíche.
beagnach seasca bliain i ndiaidh dóibh a bheith scartha almost sixty years after they were separated
" Bhí deora i súile Luigi nuair a bhuail sé lena ghrá gheal beagnach seasca bliain i ndiaidh dóibh a bheith scartha óna chéile agus spreag an teacht le chéile tochtmhar seo na dealbhóirí, Oleksandr Morgatsky agus Gregory Kostjukov saothar a chruthú le comóradh a dhéanamh ar a gcaidreamh.
i ndiaidh brí nua a chur ina saol had given new life to her
" Ní raibh sláinte Mokryna láidir go leor le bheith i láthair ar an lá ach tháinig a beirt gariníonacha ina háit ag rá gur theastaigh óna mamó a bheith i láthair go mór agus go raibh an scéal grá seo i ndiaidh brí nua a chur ina saol.
cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile five weekends on the trot
" Bíonn bearnaí rófhada idir cuid de na cluichí faoin gcóras atá ann agus deifir rómhór le cluichí a imirt i gcomhthéacsanna eile – cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, b’éigean d’iománaithe Átha Cliath dul chun páirce de thoradh dhá chluiche comhscóir, agus gan mí an Mheithimh a bheith thart ach ar éigin! Lá tar éis chluiche úd Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, thug bainisteoir fhoireann Luimnigh, John Ó hAilín, le fios gur cheap sé sna laethanta roimh an gcluiche go mbuafadh Luimneach.
mhaígh sí i ndiaidh a buachana she claimed after her victory
" Bhí gach cosúlacht ar an scéal go raibh Gillard ina leascheannaire dílis agus mhaígh sí i ndiaidh a buachana nach raibh aon dúshlán ar intinn aici go dtí an oíche roimh ré.
i ndiaidh dó síob a thabhairt after he gave a lift
" An duine deireanach, Abdel Raouf de chuid Al-Ahram, scaoil saighdiúrí sa chloigeann é ag ionad seiceála in Beheira san Eigipt i ndiaidh dó síob a thabhairt d'iriseoirí eile.
I ndiaidh í iomarcaíocht dheonach a ghlacadh after accepting voluntary redundancy
"I ndiaidh í iomarcaíocht dheonach a ghlacadh ó RTÉ, chuir Róisín a comhlacht féin ar bun, Irelandreporter.
i ndiaidh an focal a scaipeadh has spread the word
" Tá sé i ndiaidh an focal a scaipeadh i measc cheannairí an domhain, a Bhaloir, a chroí.
a líonadh lá i ndiaidh lae which were filled day in day out
" Chomh maith le míle suíochán an Sala Grande i bPálás an Chineama agus an 1700 suíochán a líonadh lá i ndiaidh lae i Pala Biennale, foirgneamh a tógadh go sonraíoch i gcomhair na féile, bhí hallaí féachana eile a bhí níos lú is níos teolaí inar taispeánadh scannáin gan na réaltaí móra, nó gan réaltaí móra na linne seo pé scéal é.
I nDiaidh na Tubaiste a Thuigfear an Chontúirt after the disaster one understands the danger
" I nDiaidh na Tubaiste a Thuigfear an Chontúirt ==================== Ach ní féidir linn breithiúnas a thabhairt ar na tíortha atá faoi fhorbairt.
rugadh deichniúr fionnán i ndiaidh a chéile ten blond kids were born in a row
" Breis is fiche bliain i ndiaidh na tubaiste mhothaigh mé gur bhaist an dochtúir i mo shráidbhaile féin, ‘bliain na bhfionnán’ ar an bhliain i ndiaidh Searnóbail, cionn is gur rugadh deichniúr fionnán i ndiaidh a chéile san áit, a mhac féin san áireamh bíodh go raibh na tuismitheoirí ar fad chomh dubh leis an bhac.
i ndiaidh di a céim a bhaint after she graduated
" Amhráin Adele ===== Ceithre mhí i ndiaidh di a céim a bhaint, chroch a cara físeán di suas ar an suíomh idirlín ‘*MySpace*’ agus í ag canadh.
i ndiaidh a theacht i gcomharbas ar had succeeded
" B’in mar a chuala muid an nuacht go raibh an Pápa Proinsias i ndiaidh a theacht i gcomharbas ar an Phápa Benedict XVI.
i ndiaidh dó a bheith céasta bunoscionn after he was tortured upside down
" ar bharr seanreilig phágánach áit a gcreidtear gur cuireadh iarsmaí an Naoimh i ndiaidh dó a bheith céasta bunoscionn.
i ndiaidh an té a fhreagraíonn after the one who answers
" Fiú ag uathmheaisín bainc, bíonn ort ‘¿Quién es el/la último/a?’ (‘Cé hé/hí an duine deireanach?’) a fhiafraí den scata daoine, agus téann tú i ndiaidh an té a fhreagraíonn an cheist! Cinnte, tá nósanna deasa ann chomh maith.
I ndiaidh a bháis after his death
" Chomh Briotanach leat Fear =============== I ndiaidh a bháis, d'fhan sí cairdiúil le comharsan cineálta agus ball den lóiste a raibh a fear céile ann.
dhá bhliain i ndiaidh a chéile two years in succession
" Is imreoir cumasach é, chomh cumasach sin gur roghnaíodh é ar fhoireann mhionúr an chontae sa pheil agus san iomáint dhá bhliain i ndiaidh a chéile, go bhfuil sé anois ar phainéil pheile agus iomána an chontae sa ghrád faoi bhliain is fiche.
tonn i ndiaidh a chéile in waves
" Tá na comharthaí sóirt i ngach áit; an t-ollfhuadar tógála, an t-airgead scaoilte, an sruth leanúnach inimearceach ón Áis ag cur fúthu, iarrachtín míchompordach, b’fhéidir, le hais seanphór na hIodáile, na Gréige, na bhFilipíní, agus, ar ball, na Liobáine – iad siúd a tháinig anonn rompu, tonn i ndiaidh a chéile, ó na naoi déag tríochaidí ar aghaidh.
i ndiaidh mo dhianmhachnamh a dhéanamh ar having seriously considered
" Tá mé i ndiaidh mo dhianmhachnamh a dhéanamh ar an cheist seo, agus aon leasú a dhéanfaidh mé, nó aon dlí úr a cheapfaidh mé, is ar mhaithe le muintir na tuaithe in Éirinn a bheas siad.
i ndiaidh a chéile one after the other
" Ba léir san am sin féin, an chlisteacht sin a thug foireann chaide i ndiaidh a chéile chun tosaigh i gcomórtais ach lámh Mick O Dwyer a bheith ar stiúir a misnigh.
i ndiaidh feachtas fada a troideadh having fought a long battle
" Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge.
blianta i ndiaidh a chéile for many years
" Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú siar ar ardfhear caide Ard an Bhóthair, Páidí Ó Sé, agus an tslí ar bhris sé croí an fhreasúra ar pháirc na peile blianta i ndiaidh a chéile.
i ndiaidh bhronnadh a cairte after the presentation of its charter
" Na céadta bliain i ndiaidh bhronnadh a cairte ar Bhéal Feirste, míníonn Robert McMillen go bhfuil lucht na teanga mionlaithe ag cur in iúl go feidhmiúil gur cuid de fhíochán na cathrach iad féin fosta.
i ndiaidh forbairt turasóireachta a sheachaint has avoided tourist development
" Tá an Rialtas i ndiaidh forbairt turasóireachta a sheachaint nuair a bheartaigh siad Slí an Atlantaigh Fhiáin, dar le Tony Birtill.