Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iachall obligation
" Is é an príomh-mholadh a rinne Abid Hussain ná go n-athrófaí an dlí le go mbeadh ar an gcúiseoir a chruthú gur bréag an méid a foilsíodh faoi, seachas go mbeadh iachall ar an bhfoilsitheoir a chruthú go raibh an méid a foilsíodh fíor.
iachall a chur ar RTÉ to force RTÉ
" Anois an t-am le brú a chur ar na polaiteoirí iachall a chur ar RTÉ rud éigin fónta a dhéanamh, ní hamháin maidir le fógraíocht, ach maidir le hábhar na gcláracha féin.
iachall compulsion
" Cuireadh iachall ar Aire páirtaimseartha na Mara, Dermot Ahern, an socrú a shlogadh i ndiaidh roinnt de na seisiúin idirbheartaíochta ba theasaí riamh.
iachall compulsion
" I gcás fiosrúcháin tá de chumhacht ag an Choimisiún iachall a chur ar dhaoine freastal nó iachall a chur ar dhaoine doiciméidí ar leith a chur ar fáil.
go raibh iachall orm that I was compelled
" Nuair a tháinig Valentia ar an bhfód, le tairiscint nárbh fhéidir a dhiúltú, fuair mé amach go raibh iachall orm mo chuidse scaireanna a dhíol leo, ar phraghas níos lú ná mar a d'íoc mé.
agus a chuir iachall ar Joe and which compelled Joe
" ) Tá cur síos ag Maier chomh maith ar an bhiogóideacht a chuir an ruaig ar feadh tamaill ghearr ar an teaghlach as Bostún, agus a chuir iachall ar Joe a ghaol leis an Vatacáin a choinneáil faoi cheilt.
iachall compulsion
" D'inis fir eile go gcuireadh sé iachall orthu é a shásamh lena lámha - nó lena mbéal - cúpla uair in aghaidh an lae.
iachall compulsion
" Samhlaigh dá mbeadh iachall orthu anois leithreas eile a chur ar fáil do na mná.
iachall compulsion
" Nuair a bhí George Bush ina ghobharnóir ar Texas sna nóchaidí chuir sé iachall ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus béim a chur ar staonadh ó ghnéas.
iachall compulsion
" Nuair a bhí George Bush ina ghobharnóir ar Texas sna nóchaidí chuir sé iachall ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus béim a chur ar staonadh ó ghnéas.
iachall compulsion
" Chuir sí iachall uirthi féin féachaint arís ina threo.
iachall compulsion
" " Ach gan spreagadh ar bith a bheith ag Eircom infheistíocht a dhéanamh; gan fonn a bheith ar na rialtóirí iachall a chur ar Eircom páirc imeartha chothrom a chruthú agus gan é bheith ar chumas an Rialtais dul i ngleic leis an bhfadhb seo go héifeachtach, is féidir dhá rud a thuar: beidh post deacair ag Noel Dempsey idir seo agus an chéad toghchán eile agus beidh go leor de mhuintir na tuaithe fós ag feitheamh ar an leathanbhanda.
iachall compulsion
" Mar shampla, cuirimid iachall ar na comhlachtaí fóin a dtáillí agus coinníollacha a fhoilsiú agus is gá dóibh cloí go daingean leo.
a chuireann iachall ort which compels you
" AÓF: An mbíonn íomhánna nó línte nó gnéithe eile a bhaineann le hamhrán a fhaigheann greim ort agus a chuireann iachall ort é a fhoghlaim? LÓL: Íomhánna na n-amhrán grá, gan amhras.
iachall compulsion
" “Níor cuireadh iachall ar dhuine ar bith an dath oráiste a chaitheamh,” a dúirt urlabhraí de chuid an DOE ina dhiaidh sin.
iachall compulsion
" Is mar gheall ar an moill sin a bhain imreoirí leas as cúirteanna na tíre chun iachall a chur ar CLG cead imeartha a thabhairt dóibh sula raibh an gnáthphróiseas curtha i gcrích.
iachall compulsion
" Ní mar sin a pleanáladh cúrsaí: bhí rúidbhealach eile á thógáil ag Aerfort Átha Cliath, ach i rith na n-oibreacha aimsíodh iarsmaí seandálaíochta gan choinne, cosúil leis na cinn i gCarraig Mhaighin, rud a chuir cosc ar an obair agus a chuir iachall ar an Rialtas réiteach eile a fháil chun an t-éileamh a shásamh.
iachall compulsion
" ” D’fhoilsigh an scríbhneoir as Baile Átha Cliath Hugo Hamilton cuimhní cinn roinnt blianta ó shin, *The Speckled People*, inár chuir sé síos ar an athair brúidiúil a bhí aige a chuir cosc ar an Bhéarla sa bhaile agus a chuir iachall ar a chlann Gaeilge agus Gearmáinis (teanga a máthar) a labhairt (tá cur síos air seo i leabhar nua Hamilton, *The Sailor in the Wardrobe*, chomh maith).
iachall compulsion
" Ar ndóigh, tuigim anois gurbh í an easpa oibre a chuir iachall air féin agus ar na mílte cosúil leis an Bád Bán a thógáil go Sasana, Meiriceá agus áiteacha eile ar fud an domhain.
iachall compulsion
" Tá fearg ar Cholmán mar gheall ar an tslí ar thug Aire Fuinnimh Fhianna Fáil sna hochtóidí, Ray Burke, ceantar gáis na Coiribe ar lámh do Shell agus nár chuir sé iachall orthu fiú dleachtanna a íoc leis an stát.
iachall compulsion
" RNicD: Cé aige nach mbíodh! Bhíodh an-rath ar an bhFeis Cheoil i gCarna nuair a bhí mé ag fás suas agus, i ndáiríre, cuireadh iachall ar ghasúir ag an am dul ar an ardán agus triail a bhaint as chuile chomórtas.
iachall compulsion
" Dúirt Tommy Kirkham, ar comhairleoir i Newtownabbey é, nach gcuirfeadh rialtais na Breataine agus na hÉireann iachall air bheith ina Éireannach “thar oíche”.
iachall ar forced to
" Bheadh iachall ar na comhlachtaí árachais daoine a ghlacadh beag beann ar a sláinte, agus bheadh iachall ar na hotharlanna agus ar na comhlachtaí leighis seirbhísí agus táirgí a dhíol ar chonarthaí réasúnta.
iachall ar forces
" A bhFuil i gCeist Céard atá sa bhille seo? Ar an gcéad dul síos, cuireann sé iachall ar dhaoine árachas a cheannach, mar atá sé sa Ghearmáin faoi láthair.
cuireadh iachall were forced
" Fuaireamar an deis dráma den scoth a fheiceáil ar an teilifís le déanaí nuair a cuireadh iachall ar ghníomhairí Goldman Sachs, an príomhfheidhmeannach Lloyd Blankfein ina measc, labhairt go poiblí os comhair coiste Seanaid faoinar thit amach ina chomhlucht i dtaobh infheistíocht agus caimiléireacht i 2007 and 2008.
iachall compulsion
" Ach an riail ba shuimiúla a bhí ag an Assange óg ná go raibh iachall air agus ar a chomrádaithe aon eolas ar tháinig siad trasna air a roinnt le chéile, go hoscailte.
cuirfidh sé iachall ar he’ll force
" Muna dtiocfaidh siad ar ais, a deir sé, cuirfidh sé iachall ar sheirbhís póilíneachta an stáit breith orthu agus iad a tharraingt ar ais dá ndeoin nó dá n-ainneoin.
chuir ár gcúirt iachall ar our court forced
" “Thosnaíos ag gol nuair a chuir ár gcúirt iachall ar Rialtas na hAfraice Theas drugaí frith-HIV a thabhairt do leanaí nuabheirthe.
cuireadh iachall air he was forced
" Feictear mothúcháin as riocht i mbreithiúnais Sachs, ach go háirithe nuair a cuireadh iachall air teorainn bhunreachtúil a chur ar chearta an chreidimh.
iachall ar enforcement
" Ar an 13 Feabhra i mbliana, d’inis Muammar Qaddafi do dhídeanaithe Palaistíneacha gur chóir dóibh teacht i dtír ar na muirthéachtaí sa Mheánoirthear agus cruinniú ar theorainneacha Iosrael ag léirsiú go síochánta go ngéillfeadh Tel Aviv dá gcearta filleadh ar a bhfód dúchais don chéad uair ó chuir fórsaí na nIosraelach iachall ar thart ar 750,000 acu imeacht i 1948.
bhíodh iachall ar na cimí eile breathnú air the prisoners were forced to look on
" Maraíodh cimí go mion is go minic san áit, agus bhíodh iachall ar na cimí eile breathnú air.
Bhí iachall uirthi fanacht she had to wait
" Bhí iachall uirthi fanacht ansin as radharc ar feadh trí lá na bainise.
ar cuireadh iachall air nó uirthi who were forced to
" I bhfocail eile, is beag duine faoi bhun 35 bliain d'aois ar cuireadh iachall air nó uirthi an leabhar a léamh ar scoil.
mbeadh iachall feasta ar na páirtithe parties ought henceforth to be compelled
" Ar ndóigh, b'aighneas thar a bheith binibeach a bhí i gceist i gcás Áth na Sceire agus mhol an Breitheamh John McMenamin gur cheart go mbeadh iachall feasta ar na páirtithe dul i mbun eadrána i gcaingin dá leithéid.
ré chaillte a chuireann iachall orainn a lost era which forces us
" Agus sinn ag iomrascáil leis an dtraidisiún ársa caillte seo, scríobh sé mar gheall ar “coimcne” nó *“a shared universe of Irish cultural discourse and identification”*, ré chaillte a chuireann iachall orainn *“selective construction”* a dhéanamh d’fhonn tús a chur leis an staidéar stairiúil ex post facto.
mbeadh iachall á chur ar to enforce
" Má tá siad diúltach faoi, nach acu atá an fhadhb! Níor mhaith liom go mbeadh iachall á chur ar aon chraoltóir go gcaithfidís an ‘cúpla focal’ a úsáid ó am go ham sa gclár, nuair a théann sé ina n-aghaidh, ach an oiread is gur maith liom go bhfuil sé mar dhúnghaois sa mBBC go gcaithfidh na láithreoirí an Poppy a chaitheamh mí na Samhna.
iachall a chur ar bhreitheamh to force the judge
" Ní raibh aon chead ag cosantóir mar sin iachall a chur ar bhreitheamh gan ateangaire a cheapadh, ar an bhonn gur cheart go dtuigfeadh daoine eile an fhianaise a bhí á tabhairt.
iachall a chur ar force
" Bhí ar Aontas na hEorpa iachall a chur ar rialtas na hÉireann na portaigh a chosaint, ón scrios a bhí á ndéanamh orthu ag tionscail baint na móna.
cuirtear iachall ar is forced
" Nuair a dhéanann duine achainí ar chúirt reacht éigin a chrosadh ina iomlán, tugtar ‘*facial challenge*’ nó “gearán ginearálta” ar sin agus cuirtear iachall ar an nduine a dhéanann an gearán a thaispeánt ná féidir an reacht sin a chur i bhfeidhm riamh gan dochar éigin a dhéanamh.
minic a chuirtear iachall ar dhreamanna groups are often forced
" Dúradh nach raibh baint ar bith ag an bhfírinne leis an scéal áfach, agus dúradh ina leith chomh maith go ndéanfar iniúchadh ar chuntais an Chéid Náisiúin i bhfad níos minice ná cuntais aon dream eile, agus gur minic a chuirtear iachall ar dhreamanna an t-airgead a chaitheamh go fánach, cé nach dteastaíonn uathu féin a leithéid a dhéanamh i gcónaí.
chuirfí iachall ar gach stát every state shall be forced
" Dá scriosfaí an dlí úd, chuirfí iachall ar gach stát sa tír póstaí aeracha a aithint, cuma cá dtarla siad.
a chuireann iachall ar an lucht féachana which forces the audience
" Úsáideann Simon ceol mar bhac eile freisin, bac a chuireann iachall ar an lucht féachana díriú isteach ar a chuid íomhánna go sollúnta.
bíonn iachall orthu treoir a thógáil they’re forced to take a lead
" (Chonaic mé le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta Seanadóir ón bhfreasúra ag iarraidh córam agus é ag siúl amach é féin, tar éis dhó córam a iarraidh!) Ach ’sé an fhadhb is mó leis an Seanad ná go bhfuil an iomarca de na Seanadóirí faoi cheangal ag na páirtithe, agus in áit a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi reachtaíocht nó leasú ar reachtaíocht, bíonn iachall orthu treoir a thógáil ón bpáirtí.
toisc go gcuireann sé iachall ar because it forces
" Ba chóir an Bunreacht a cheiliúradh, dar le Hogan, toisc go gcuireann sé iachall ar: *“the citizenry to engage in robust political debate so that the forces of deliberation will prevail over the arbitrary and irrational so that, in this civic democracy, reasoned argument would prevail in this triumph of discourse.
dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol if she was forced to bear the child
" 3 a iompú droim ar ais nuair a rialaíodh sa bhliain 1992 go raibh ceart ginmhillte faoin mbunreacht ag an gcailín óg 14 bhliana d’aois i gcás X, mar go raibh baol ann go bhféadfadh sí í féin a mharú, dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol.
cuireann sé seo iachall ar this forces
" com/news/transparent-workplace-everyone-knows-what-you-make-6C10945710> Dar leo, cuireann sé seo iachall ar gach aon duine tabhairt faoina gcuid oibre go macánta.
chuir sí iachall orthu she forced them
" Ba chuma léi gur cheap formhór státseirbhíseach na hÉireann go raibh sí as a meabhair i 1981 nuair a chuir sí iachall orthu an focal “*alienation*” a bhaint de cháipéis oifigiúil.
chuir sé iachall orm it forced me
" ná Gaeilge! Ar bhealach, rud dearfach a bhí ann toisc gur chuir sé iachall orm an Spáinnis a fhoglaim.
cuireann sí iachall orainn it forces us
" Ag an am céanna, áfach, tugann an diabhal géarchéime in Éirinn deis taistil dúinn mar cuireann sí iachall orainn dul thar lear ar thóir na hoibre agus an deis chun aithne a chur ar chultúr iomlán éagsúil lenár gcultúr féin.
an mbeidh aon iachall orthu shall they be compelled
" Má tá an Conradh le bheith freagrach as ‘ardú feasachta, cosaint teanga’ mar atá leagtha síos dóibh ag an bhForas, an mbeidh aon iachall orthu struchtúr na heagraíochta a dhéanamh níos feidhmiúla, nó an bhfágfar é mar atá sé, le neart craobhacha ar pháipéir ach fíorbheagán acu gníomhach? Tá súil agam go mbeidh an Conradh sách tuisceanach le leanúint leis an obair fíorthábhachtach a bhí ar bun ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an tIontaobhas Ultach, go sonrach.
cuireann iachall orthu forces them
" Briseann seisean seift cham na beirte, agus cuireann iachall orthu camscéim ‘oifigiúil’ a chur i gcrích.
raibh iachall uirthi ráiteas she had to (issue) a statement
" Shíl Panti go raibh iachall uirthi ráiteas a eisiúint chun plé a dhéanamh ar an homafóbachas.
iachall a chur ar to compel
" Bhí ar an AE iachall a chur ar rialtas Bhleá Cliath cuid de na portaigh chéanna a chaomhnú is a chosaint agus caithfidh an tAire Jimmy Deenihan gníomhú dá réir.
chuir iachall ar they forced
" Nuair a ghlac Meiriceá seilbh ar an Iaráic, scoir siad an t-arm uilig agus chuir iachall ar na saighdiúirí cur isteach ar phostanna ann as an nua.
iachall compulsion
" Nuair a bhí George Bush ina ghobharnóir ar Texas sna nóchaidí chuir sé iachall ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus béim a chur ar staonadh ó ghnéas.
iachall compulsion
" Ní thiocfaidh feabhas ar an scéal go dtí go gcuirfear iachall ar dhaoine a meon a athrú, go háirithe an t-aos óg.
iachall compulsion
" Cuirfidh moltaí Státrúnaí Thuaisceart Éireann maidir leis an chóras rialtais áitiúil iachall ar pholaiteoirí ón dá thaobh bheith ag obair as lámh a chéile agus tá Robert McMillen dóchasach go mbeidh tionchar dearfach aige seo ar chúrsaí polaitíochta go fadtéarmach.