Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
n-iarchéim postgraduate degree
" Feicimidne i bhFiontar difríocht an-mhór sa réimse seo idir ár bhfochéimithe féin agus na céimithe a thagann ó na hollscoileanna traidisiúnta le freastal ar ár n-iarchéim.
iarchéim post-graduate (course)
" Chinn sí ar chúrsa iarchéime sa mhargaíocht a dhéanamh sa Choláiste Náisiúnta um Chaidreamh Tionsclaíoch i Ranalach ach fiú leis an cháilíocht sin bhí deacrachtaí aici fostaíocht a fháil.
iarchéim postgraduate course
" Tá Fios Feasa bainteach leis an iarchéim MSc i nGnó agus Teicneolaíocht an Eolais a sholáthraíonn Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - is sinne a mhúineann modúl na n-ilmheán sa chúrsa san.
ag críochnú iarchéime finishing a post-graduate degree
" Bhíos díreach ag críochnú iarchéime i gColáiste na Tríonóide nuair a ghabh an *wanderlust* seo mé.
líon na mac léinn iarchéime the number of post-graduate students
" Tá an tAire Éadóchais, Noelle Ó Díomásaigh, ag iarraidh comhchoibhneas a chruthú idir feabhas naíonraí áirithe agus líon na mac léinn iarchéime a fhaigheann céad onóracha sa chéim dochtúireachta.
Dioplóma Iarchéime i Léiriúchán Scannán Postgraduate Diploma in Film Production
" Chuir mé iarratas isteach chomh maith leis an Dioplóma Iarchéime i Léiriúchán Scannán a dhéanamh in DIT (Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath) agus ghnóthaigh mé áit.
iarchéim postgraduate degree
" " Chaith sí sé bliana sa Fhrainc ar fad - in Bordeaux, Brest agus Rennes - mar mhac léinn iarchéime i dtús báire, agus mar léachtóir ina dhiaidh sin.
mac léinn iarchéime post-graduate student
" Ach, nuair a d'fhill mé ar an choláiste, in Ollscoil Berkeley, d’fhreastail mé ar rang Gaeilge arís – agus, de bharr gur mac léinn iarchéime a bhí ionam, bhí deontas ar fáil dom le teanga a fhoghlaim i rith an tsamhraidh.
mac léinn iarchéime post-graduate student
" Ach, nuair a d'fhill mé ar an choláiste, in Ollscoil Berkeley, d’fhreastail mé ar rang Gaeilge arís – agus, de bharr gur mac léinn iarchéime a bhí ionam, bhí deontas ar fáil dom le teanga a fhoghlaim i rith an tsamhraidh.
ar fáil do mhic léinn iarchéime available to post-graduate students
" ” Ní haon ionadh, mar sin, go ndeir an Coileánach go mbeidh sé fós ar fáil do mhic léinn iarchéime, fiú agus é éirithe as.
ag déanamh iarchéime sa gceol doing a postgraduate degree in music
" Bhí muid ar fad ag déanamh iarchéime sa gceol ansin agus bhíodh muid ag casadh ceoil le chéile go sóisialta.
vótóirí iarchéime post-graduate voters
" Cuid acu trí liosta vótóirí iarchéime ollscoile; cuid eile ó phainéil éagsúla atá in ainm is a bheith ionadaíoch ar shochaí na hÉireann; agus aon duine dhéag a roghnaíonn Taoiseach an lae.
iarchéimeanna post-graduate degrees
"iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
iarchéime post-grad
" Bhíos im’ mhac léinn iarchéime i mBleá Cliath i 1972, nuair a rinne Arm na Breataine an marú mór i nDoire Colmcille an 30 Eanáir.
iarchéime post-grad
" I mbliana, is í Madeleine Ní Ghallchobhair, Maigh Eoch atá i scoláire iarchéime as Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, atá ag déanamh cúraim de phobal Nua-Eabhrac.
iarchéim eitneolaíochta a post-grad degree in ethnology
" Tá Klervi ag déanamh iarchéim eitneolaíochta anois agus ag iarraidh breathnú ar thurasóireacht sa Bhriotáin.
iarchéime a post-grad degree
" Bhí m’athair i gCeanada ag an am, ag déanamh iarchéime le hOllscoil Ontario in Innealtóireacht Cheimiceach.
bunchéime agus iarchéime primary degrees and postgrad
" Tá sé oiriúnach do mhic léinn bunchéime agus iarchéime.
cláracha nuálaíocha iarchéime innovative postgraduate programmes
" San alt seo, déanann Emer Ní Bhrádaigh cur síos ar na cláracha nuálaíocha iarchéime atá á dtairiscint aige.