Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dundaláin fool/idiot
" Idir tháillí agus chíos agus a bheith ag cur amú airgid ar mhacasamhail an dundaláin a chuaigh amach, beidh pingin mhaith i gceist.
leathamadán inteacht some idiot
" Isteach le Balor sa bheár, agus iontas na n-iontas, ní raibh ach thart ar naoi míle go leith duine ann! Bhí spás trí troithe cearnach den urlár nach raibh duine ar bith ina sheasamh nó ina luí air! Níos amhrasaí fós, chonaic sé tábla nach raibh leathamadán inteacht in airde air, ag pocléimnigh thart ar nós bó ar dáir.
Breallán idiot
" Ón bhomaite sin ar aghaidh bhí Balor an Breallán smíochta; bhí sé prioctha ag an bheach Shasanach, agus ní raibh sí féin in ann mórán a dhéanamh as bealach de réir Laoch na Cealgaireachta.
ghamal idiot
" Ach cén seans atá acu siúd nuair a smaoiníonn muid ar an ghamal a cheap iad ar fad: Bertie Baoth an Bodhrán.
bodach ceart fir a really thick idiot
" D’réir a chéile, agus de réir mar a theipeann ar na cuairteoirí éaló as an árasán tar éis gach babhta slaide agus leath-athmhuintearais eile – iad ar an táirsigh imeachta nuair a fhreagraíonn Waltz (bodach ceart fir) an ‘sméar dubh’ póca arís eile, beag beann ar an treampán a chuireann sin ar an dtriúr eile.
a phleidhce idiot
" Cuireann Crumley i gcuimhne don léitheoir an mana a bhí ag Bill Clinton agus é i mbun toghchánaíochta i 1992: Is é an geilleagar an mhórcheist, a phleidhce! Má bhíonn tréimhse cúig bliana Sarkozy san Elysée le hiniúchadh go fuarchúiseach, dar le Crumley, tabharfar faoi deara go bhfuil méadú ollmhór tar éis teacht ar an bhfiachas náisiúnta ó 2007 i leith agus gur íslíodh rátáil chreidmheasa na Fraince ar na margaí airgeadais aon chéim i mí Eanáir seo caite.
hamadáin” anallód idiots long ago
" Léiríonn na cáipéisí staire go raibh ról suntasach ag lucht grinn, abhlóirí agus na “hamadáin” anallód agus ionad faoi leith acu sa chóras Ceilteach a bhí sa tír seo uair amháin.
na hamadáin a shlogann siar a theachtaireachtaí faitís the idiots who swallow their tale of fear
" A bhuíochas de thionscal na ngunnaí agus de na hamadáin a shlogann siar a theachtaireachtaí faitís, braitheann gach Meiriceánach anois gur thargaid é sa teach agus ar scoil.
an laoch/bómán the hero/ idiot
" Tá Willie Frazer, an laoch/bómán (déan do rogha féin) a bhí taobh thiar de Love Ulster, gníomhach san eachtra seafóideach seo.
thuigfeadh aon ghamal any idiot
" Is dócha gur beag duine a déarfadh gur cuid suntais é an fógra ann féin agus thuigfeadh aon ghamal gur grá de shaghas éigin a bhí i gceist leis an ‘*it*’ sa bhfógra úd.
foilsithe ag amadán published by an idiot
" Cuid den am, bím ag magadh; mar shampla, is maith liom an dóigh go gceannaíonn daoine sa tír seo leabhair atá foilsithe ag amadán!” Corca Dhuibhne ======= D’fhoghlaim Paul focal nó dhó óna mháthair, ach 25 bliana ó shin rinne sé suas a intinn ‘an Ghaelainn’ a fhoghlaim i gceart.
agus mise i mo leibide gan leabhar while I’m there like an idiot (not having brought …
" An lucht éisteachta ag teannadh isteach agus mise i mo leibide gan leabhar.
amadán éirimiúla gifted idiot(s)
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
amadán an bhaile the town idiot
" Níl ann ach amadán an bhaile a déarfadh a lán daoine leat.
ina ghealt into an idiot
" Ba í an fhearthain a d'iompaigh ina ghealt gach aon duine acu den slua daonna a thug aghaidh amach as an uaimh.