Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idir dhá thine Bhealtaine in a dilemma
" Ná bígí idir dhá thine Bhealtaine - tiocfaidh bhur mí.
idir dhá thine Bhealtaine in a dilemma
" Idir dhá cheann na meá atá sé, idir dhá stól, agus cé gur mí Lúnasa atá ann, tá sé idir dhá thine Bhealtaine.
idir dhá thine Bhealtaine in a dilemma
" Bhí an SDLP idir dhá thine Bhealtaine – tacaíocht a thabhairt d’éilimh na bpríosúnach ainneoin go raibh siad go daingean in éadan fhoréigean an IRA agus an INLA, nó bheith i bhfách le polasaí Margaret Thatcher.
gafa idir dhá thine Bhealtaine caught in the horns of a dilemma
" Bhí fir “dheasa” Fhianna Fáil – Desmond-in-the-national-interest-O’Malley, Seamus Brennan, Ben Briscoe, agus ó am go chéile, Charlie McCreevy – gafa idir dhá thine Bhealtaine.
idir dhá thine Bhealtaine in a dilemma
" D’fhág an dá chás seo rialtas na hAstráile idir dhá thine Bhealtaine.
idir dhá thine Bhealtaine in a catch 22
" Tá Haru gafa idir dhá thine Bhealtaine – an grá aonghnéis atá fuascailteach di, ach gur sárú sóisialta é an grá céanna, fiú sa lá atá inniu ann, sa tsochaí thraidisiúnta ina mairid.
idir dhá thine Bhealtaine in dire straits
" Idir dhá cheann na meá atá sé, idir dhá stól; agus cé gur mí Mheán an Fhómhair atá ann, tá sé idir dhá thine Bhealtaine.
gafa idir dhá thine Bealtaine caught in a predicament
" Í gafa idir dhá thine Bealtaine, cliseann Mija ar Mr.
idir dhá thine Bhealtaine in a quandary
" Tá dhá leibhéal sa scannán seo: ríomhann an scannán scéal beirt bhan óga agus iad idir dhá thine Bhealtaine: bealach na himirce a roghnú agus slán a fhágáil lena dtír dhúchais dála na mílte eile sa lá atá inniu ann ar mhaithe le saol eile a d’fhéadfadh a bheith níos fearr? Ar leibhéal eile, leibhéal a bhfuil uilíochas níos mó ag roinnt leis, baineann an scéal seo leo siúd a sheasann an fód i gcoinne an mhaorlathais agus iad siúd a bhfuil an t-údarás gan réasún acu.