Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ilteangach multi-lingual
" Tá sí buailte linn arís agus í níos mó agus níos leithne ná má a bhí sí riamh! Tá sí méadaithe agus tá sí ag tarraingt airde ó chuile cheard! Tá sí gealgháireach, dána, machnamhach, ceolmhar, ealaíonta, gnéasach, bríomhar, spraíúil, ciúin, uasal, éirimiúil, drámatúil, fileata, sultmhar, scigiúil, cruthaitheach, dúchasach, ilteangach, uileghabhálach, scléipeach, deisbhéalach agus beo! Cé hí an aisling seo ar a bhfuil mé ag trácht? Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh! Ag tarlú, mar a bhíonn sí i gcónaí, idir 10 Márta-17 Márta, déanfaidh an fhéile seo réimse leathan d'imeachtaí spraoi a sholáthar do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear.
Ilteangach multi-lingual
" Tá súil ag Balor an tÍoltóir Ilteangach nach mbeidh an rud céanna le rá aige i mbliana agus a bhí le rá aige anuraidh agus é ar a bhealach bacánach bachallach abhaile ón Daingean ina charbad: "Bhí an tErectus sin ina cockup!" Nóta ón eagarthóir: Bhí an t-alt seo dhá uair chomh fada go dtí go ndeachaigh *highlighter *buí an phóicín cúil i mbun oibre.
ilteangach multi-lingual
" " In ainneoin na conspóide ar fad faoi Wikipedia, tá sé deacair an dearcadh dearfach atá i gceist i leith na rannpháirtithe a lochtú, gan trácht ar an leagan amach inrochtana, an ghné ilteangach, agus an bhéim ar an daonlathas.
chomh hilteangach as multilingual
" Bíonn na céadta teanga le cluinstin ar na sráideanna i Sydney agus b’fhéidir go raibh rud beag éada orm fosta nach rabhas chomh hilteangach le mo chairde ó thíortha eile sa bhaile.
ilteangaí polyglot
" Is ilteangaí sinn mar Éireannaigh thar mar a bhíodh, ní a chiallaíos gur fearr i bhfad i mbun díol is ceannach le tíortha thar lear feasta sinn.
ilteangacha polyglot
" Ciallaíonn sé sin teaghlaigh ilteangacha sa todhchaí, agus beidh muinín acu dul amach sa saol agus tuilleadh teangacha a fhoghlaim, mar beidh siad solúbtha ar an gcaoi sin -- beidh an intinn acu solúbtha.
seanfhocal ilteangach multilingual proverb
" ‘Insíonn fíon fírinne’ a deir an seanfhocal ilteangach, nath atá chomh fíor inniu is bhí riamh, óir léirímid tréithe sainiúla ár gcroí don saol mór nuair a bhíos an braon sa ghrágán againn.
go hilteangach in a multi-lingual fashion
" Is gairid go mbeidh céimithe sa tír seo, a bhreathnós orthu féin ina gcroí is ina gcnámha mar Éireannaigh, ag tabhairt aghaidh ar an saol go hilteangach agus iad ag saothrú i mbun gach cineál gnó.
Tionscnamh ilteangach scríbhneoireachta a multilingual writing project
" An Duais ==== **Cóip den leabhar 'Gonta’ le Alex Hijmans** Gonta: ==== Tionscnamh ilteangach scríbhneoireachta é gearrscéalta Gonta a saothraíodh i nGaeilge, in Ollainnis agus i mBéarla.
Chreid cara ilteangach liom a polyglot friend of mine
" Chreid cara ilteangach liom go bhféadfadh sé maireachtáil in Éirinn na linne seo gan Bhéarla.
tuairim mo charad ilteangaigh thuas my polyglot friend’s opinion above(mentioned)
" Braithim go bhfuil an Pholainnis go háirithe chomh coitianta is go nglacaim anois le tuairim mo charad ilteangaigh thuas a mhaígh go bhféadfadh sé maireachtáil d’uireasa Béarla in Éirinn inniu.
ilteangach polyglot
" Tá Roseanne Smith den tuairim go gcaithfidh tú intinn agus amhras an chustaiméara a shocrú agus a bheith ilteangach, más mian leat do chomhlacht a chur ar bonn brabúis.