Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar an imeall amach is amach totally on the edge
" Muna n-éiríonn leis an bpáirtí greim a fháil ar an bpobal in athuair beidh sé ar an imeall amach is amach faoin am a thiocfas an chéad olltoghchán eile.
ar imeall ár sochaí on the edge of our society
" Is ealaín í an Outsider Art a chruthaíonn dream atá ar imeall ár sochaí de bharr mhíbhuntáiste éigin, meabhairghalar nó mar go bhfuil siad difriúil.
ar imeall na sochaí on the edge of society
" Mhothaigh sé gur thosaigh na liobrálaigh nua-aoiseacha ag baint úsáid fhairsing as an chinsireach chun daoine a smachtú agus a choimeád ar imeall na sochaí agus, ar an drochuair, gur lean an polasaí lochtach seo ar aghaidh ar feadh blianta fada na coimhlinte.
ar imeall an Aigéin Atlantaigh on the edge of the Atlantic Ocean
" Is iariascaire é Mícheál Ua Ciarmhaic a chaith a shaol iomlán sa Ghaeltacht sin ar imeall an Aigéin Atlantaigh.
ar an imeall on the edge
" Tá suíomh álainn acu - tá an gleann mór agus leathan, agus tá na sléibhte maorga ar a dtugtar Am Monadh Ruadh ansin ar an imeall.
ar an imeall on the edge
" Mura mbíonn baint aici le teicneolaíocht na faisnéise, fágfaidh sin an teanga ar an imeall i réimse eile den saol; mar sin, caithfear a chinntiú go bhfásfaidh cultúr idirlín agus cultúr ríomhaireachta ina nglacfar leis an nGaeilge mar ghnáth-theanga úsáide.
ar an imeall on the edge
" Mura mbíonn baint aici le teicneolaíocht na faisnéise, fágfaidh sin an teanga ar an imeall i réimse eile den saol; mar sin, caithfear a chinntiú go bhfásfaidh cultúr idirlín agus cultúr ríomhaireachta ina nglacfar leis an nGaeilge mar ghnáth-theanga úsáide.
ar an imeall on the edge [of the city
" Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfaighidh tú seirbhís mhaith! Más mian leat do chomhlacht a aistriú ó lár na cathrach go dtí oifigí nua ar an imeall, cuimhnigh air seo: cé go mbeidh neart spásanna páirceála ann, is dócha go mbeidh sé deacair oibrithe sóisearacha a fháil, mar go minic ní bhíonn gluaisteán acu.
ar an imeall on the edge
" Tá radharc aoibhinn ann ar na hoileáin fhada chothroma atá ar an imeall.
imeall edge
" Fuarthas lámhdhéantúsáin ón Chré-umhaois anseo; tá iarsmaí de dhúnta ón Aois Iarainn ar imeall an locha; agus tá cloch snoite ón ré Luath-Chríostaí ar Oileán Mháirtín ag béal an locha.
imeall edge
" Ach is beag ábhar dóchais atá ansin, mar gur cheart nach mbeadh an teanga brúite amach ar an imeall nó i seilbh aicme amháin.
ar imeall na cathrach on the edge of the city
" Tá an ráschúrsa suite ar imeall na cathrach, ach níl sé ach míle go leith siúil ó Walton, an áit a bhfuil mé féin i mo chónaí agus áit a bhfuil fadhb mhór dífhostaíochta go fóill.
go himeall na habhann to the edge of the river
" Sna laethanta sin, shínigh na gairdíní go himeall na habhann, áit a raibh mórgheataí uisce, agus thagadh na daoine tábhachtacha ansin ar bháirsí.
ar imeall an cheantair on the edge of the area
" ” A óige Rugadh Risteard Mac Gabhann i ndeireadh na dtríochaidí, ar imeall an cheantair a dtugtar Taobh an Bhogaigh anois air.
in imeachtaí na Féile ar an Imeall. in the events of the Fringe Festival.
" Bíonn na mílte duine óga ann freisin, cuid mhaith acu ag glacadh páirte in imeachtaí na Féile ar an Imeall.
an Fhéile ar an Imeall the Fringe Festival
" Is í an Fhéile ar an Imeall an fhéile is mó i mí Lúnasa, agus tá clú agus cáil uirthi ar fud an domhain.
ar an imeall, on the edge,
" Ó am go ham, cuirim mé féin ar an imeall, nó taobh amuigh, agus dearcadh criticiúil agam.
ar imeall na ndumhcha. on the edge of the dunes.
" D’ainneoin seo, thug mé faoi deara an mhí seo go bhfuil duine éigin ag tógáil tí ar imeall na ndumhcha.
ar an imeall on the edge
" Bhraith mé ar an imeall i rith na tréimhse sin, i bhfírinne.
ar imeall an chórais. on the edge of the system.
" Ó tharla nach raibh mé istigh sa chóras, bhí mé ag iarraidh fanacht ar imeall an chórais.
ar imeall na hEorpa, on the edge of Europe,
" Ní bheadh Éire, tír bheag ar imeall na hEorpa, chomh tarraingteach céanna do thionsclóirí dá mbeadh an ráta céanna cánach i bhfeidhm anseo agus atá i dtíortha eile an AE.
ag maireachtáil ar an imeall. living on the fringes, i.e. he is isolated
" Tá sé an-dáiríre mar dhuine agus measaim go mbraitheann sé go bhfuil sé ag maireachtáil ar an imeall.
ar imeall an aicsin on the edge of the action
" Anseo agus ansiúd bhí grúpaí cruinnithe timpeall bhord *roulette*, agus ar imeall an aicsin bhí boird do chluichí "fiche a haon" agus *Poker* in aghaidh an tí.
imeall edge
" Mar a scríobh mé in *Beo!* anuraidh, thug mé faoi deara go raibh teach saoire á thógáil ag duine éigin ar imeall na ndumhcha.
imeall edge
" “Tá muid ar imeall an domhain!” a dúirt Anna Rudycheva, iníon léinn ón Rúis, agus í ina suí go sona sásta ar bharr Shliabh Liag, ag amharc amach trasna an Aigéin Atlantaigh.
dream atá ar an imeall those on the edge
" Seo scéal a fhiosraíonn aonaracht, scoiteacht agus coimhthíos an dream atá ar an imeall.
himeall a bpléascaithe the point of exploding
" Sochaí a thiomáineann Roman agus Maru, friothlaochra an scéilín áiféisigh seo, go himeall a bpléascaithe, agus, eirbeall in airde, thar aill a scriosta ar deireadh.
Ar imeall na gcathracha in city suburbs
" Ar imeall na gcathracha, agus uaireanta ina láir, bhí slumaí móra uafásacha.
imeall edge
" Leithscartar comhphobail Batwa ó ghrúpaí eile agus is ag maireachtáil ar an imeall atáid i ngach áit.
ar imeall next, beside
" Agus nárbh iontach, gaisciúil, lúfar, spleodrach, ócáideach an cluiche a bhí ann ó thús go deireadh, cluiche a bhain croitheadh as ardáin nua na seanpháirce ar imeall na Canálach Ríoga sa 125ú bliain i stair an Chumainn Lúthchleas Gael.
imeall edge
" Ar fud na tíre, ar imeall chuile bhaile, tá na heastáit fholamha mar a bheadh leachtanna cuimhneacháin don Tíogar Ceilteach.
Brú ón Dá Imeall pressure from both sides
" Brú ón Dá Imeall Cén fáth mar sin go bhfuil an bac nua seo tógtha ag Robinson ar fhuascailt fhadhb aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt?Freagra: An TUV, the True Unionist Voice de chuid Jim Allister.
imeall edge
" SMM: Mar bhean óg a d’fhás aníos ar imeall na hardchathrach, an mbraitheann tú deighilt de chineál idir tú féin agus muintir na Gaeltachta? CNC: Braithim ceangal iontach láidir le Tír Chonaill mar go raibh mé i mo chónaí go raibh mé ceithre bliana d’aois.
imeall edging on
" ’I léiriú Sam Taylor Wood agus i dtaispeántas Anne-Marie Duff tá smeadairín den ngaol ar imeall na mí-oiriúnachta idir John Lennon déagórach agus a Mham Julia.
imeall side(s)
" Le 20 bliana anuas tá ollmhargaí móra agus ionaid siopadóireachta tógtha ar imeall mórbhailte, ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá a lán síopaí áitiúil dúnta dá bhrí sin.
imeall edge
" Ní minic a sciobaim nath as an gceol diaga sa cholún seo, ach is lóchrann geal na n-aisteoirí iad an bheirt seo agus cluiche fichille na marthannachta thar an imeall á imirt acu lena chéile.
imeall na sochaí edge of society
" Leanfaidh mé orm fosta leis an obair a chuir mé romham an chéad lá riamh san oifig seo: droichid a thógáil, go háirithe chun teacht i gcabhair orthu siúd atá ar imeall na sochaí, nó a bhfuil sé deacair teacht orthu.
imeall na cathrach the suburbs
" Na chéad áiteanna a ndeachaigh mé nuair a bhog mé go Beirlin sna 1990aí ná Oberbaumbrücke i lár na Cathrach agus an Glienickebrücke ar imeall na cathrach.
imeall edge
" **BD: An nglacfá leis gur scríbhneoir thú atá ar an taobh amuigh nó ar an imeall? Is i dteanga mhionlaithe a scríobhann tú, agus go minic faoi théamaí a bhaineann leis an homaghnéasachas.
imeall edge
" Marach Buí na Léige ======== Mar cuid den iarracht siúlóirí a bhrú i dtreo Cosán an Oilithrigh, tá líne carraigeacha atá péinteáilte buí geal ón fhothrach séipéil go dtí imeall na haille, áit a bhfuil fógra nua ann.
imeall side, edge
" “Creideann siad gur féidir an stát a dhaonlathú agus go dtiocfaidh Éire Aontaithe mar thoradh ar sin, ar an mhéar fhada féin” arsa McAliskey, “ach ar leibhéal eile, na daoine ar an imeall, daoine atá ag streachailt bia a chur ar an tábla don teaghlach, daoine atá éagsúil ó thaobh eithneachta nó gnéasachta de, ar chruthaigh muid sochaí ina bhfuil cothrom na Féinne acu siúd? Measaim nár chruthaigh.
ar imeall an trí scór touching on 60
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
imill cathracha city limits
" Tógadh an chuid is mó de na siopalanna seo ar imill cathracha, áit a raibh talamh, slí tógála agus slí páirceála.
imeall edge
" Ní raibh meas ar an nGaeilge ná ar Ghaeilgeoirí agus chonacthas iad mar dhream bocht ar an imeall.
imeall edge
" Cé go mbaineann an scannán seo le pobal beag tuaithe ar imeall an Atlantaigh ar chósta iarthar na hÉireann, is scéal domhanda é an caidreamh atá ag pobail bheaga le tionscal an ola.
imeall na coiriúlachta sráide periphery of street crime
" Mionchoirpeach ar imeall na coiriúlachta sráide i mbruachbhailte Barcelona is ea é.
imeall edge
" Tiocfaidh macasamhla Ericsson nó Intel go dtí imeall Bhaile Átha Cliath, go hÁth Luain nó go Corcaigh, ach ní thiocfaidh siad go dtí An Cheathrú Rua nó go dtí Béal Átha Seanaidh.
imeall” na hEorpa the European periphery
" Ar an drochuair áfach, tá an fhadhb níos leithne ná “imeall” na hEorpa.
an imill alternative
" Chomh maith leo sin, cloisfidh tú cláir éagsúla ann faoin timpeallacht, le ceol agus caint an imill, cláir agallaimh agus fiú ceol as an bPólainn, an Afraic is as an Spáinn, chun cuid díobh a lua.
imeall periphery
" “Agus is mar sin a thitfidh sé amach ar an oileáinín beag seo ar imeall na hEorpa.
imeall periphery
" Bhí an tír seo i bhfad ar gcúl ar na tíortha eile cheana féin maidir le cur i bhfeidhm aontas Bharcelona, ach anois táimid dár ndíbirt féin chuig an imeall ar fad.
ar imeall na foirfeachta glan close to complete perfection
" Ach tá an baol ann an babhta seo gur éirigh le Von Trier, in éadan a chuid fealsúnachta féinig, píosa oibre atá ar imeall na foirfeachta glan a chruthú.
ar imeall a céille beside herself
" Altaímis an Ealaín ======= Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach, a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin, ar imeall a scriosta.
a fear chéile ar imeall a bhriste her husband almost broken
" Altaímis an Ealaín ======= Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach, a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin, ar imeall a scriosta.
ar imeall a scriosta about to be destroyed
" Altaímis an Ealaín ======= Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach, a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin, ar imeall a scriosta.
ar imeall na cathrach in the suburbs
" Saol sa gCeap Árasán ======== Dúirt sé go raibh sé féin, a bhean agus an iníon ina gcónaí in árasán beag aon seomra codlata ar an 21ú urlár i mbloc mór lom ar imeall na cathrach.
imeall na cathrach the edge of the city
" Bhog muid cóngarach go Baile Átha Cliath i 1965, ar imeall na cathrach.
thar imeall na foighne over the breaking point
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
imeall edge
" Gotach meánaosta milliúnaí, cónaí air lena bhean (Frances McDormund) i dTeach Chill an Ridire, áitreabh Iarla na Mí, mar atá, ar imeall Bhrí Chualann.
himeall na cathrach the edge of the city
" Is léir go fóill an dochar nuair a ghlacfas tú an tram ó thuaidh go himeall na cathrach, ach ná coinníodh an méid sin siar thú ó chuairt a thabhairt ar Nua-Orléans, ceann de na háiteanna is suimiúla i Meiriceá.
imeall edge
" Ach is fearr le lucht tráchtaireachta trí Ghaeilge, nó tráchtairí raidió/teilifíse áirithe darb ainm dóibh Mícheál ar chaoi ar bith, ómós a thabhairt don tsimplíocht agus don ghramadach (‘imeall na cearnóige bige’, ‘i dtreo na cearnóige móire’ agus araile) agus cearnóg seachas comhthreomharán nó dronuilleog a deir siad.
an t-imeall the edge
" Is iad na healaíona agus an t-imeall a fhulaingíonn le linn géarchéime.
ar an imeall leis on the edge also
" Iadsan atá ag cruthú seirbhísí idirlín is teicneolaíochtaí nua ar an imeall leis.
an cosán a choinneáil ar imeall na haille to keep the path on the cliff edge
" Mar shampla, mhol mé dóibh an cosán a choinneáil ar imeall na haille nuair a bheas siad á dheisiú, agus tugaim faoi deara go bhfuil na cipíní a chuir siad síos chun an tslí a leagan amach, go bhfuil siad san áit cheart, go dtí an t-ardchlár roimh Chosán an Aon Fhir agus an mullach.
Antoisceachas an Imill absolute extremism
" Antoisceachas an Imill ========= Scéal eile ar fad is ea Paul Ryan, iarrthóir leasuachtaránachta na bPoblachtach.
bruachbhailte ar imeall suburbs on the edge
" Mar shampla, tá na bruachbhailte ar imeall Chathair na Gaillimhe fágtha sa Ghaeltacht ‘nua-shainmhínithe’.
Ar imeall na himpireachta on the empire’s edge
" Ar imeall na himpireachta, is scéal eile é.
na foinsí ó imill na himpireachta the sources from the side of the empire
" Mo chomhairlese, léigh na foinsí ó imill na himpireachta, John Pilger agus eile.
Cártaí Poist ón Imeall postcards from the edge
" Cártaí Poist ón Imeall ====== Dhá bhliain ó shin, bhunaigh Enderson eagraíocht óige.
Meáin an Imill media on the periphery
" An aidhm atá ag Mídia Periférica – ‘Meáin an Imill’ – ná guth a thabhairt d’aos óg na gceantar bocht.
an dtírín ar imeall the little country on the edge
" Anuas ar sin thug an cúrsa tuiscint níos fearr dom ar an dtírín ar imeall na hEorpa, ina bhfuilim ag maireachtáil.
atá breactha ar an imeall ag státsheirbhísigh which are written by civil servants on the edges
" Bíonn ualach mór cáipéisí i nGaeilge amháin i measc na dtaifead seo – idir dhoiciméid iomlána agus nótaí atá breactha ar an imeall ag státsheirbhísigh.
ag saothrú go dícheallach ón imeall working away tirelessly on the edge
" Bhíodh na nuachtáin úd ag saothrú go dícheallach ón imeall i bhfad sular bhaistigh gúrú margaíochta éigin an téarma 'súil eile' ar a gcur chuige.
bhogadh ó imeall chur is cúiteamh mhuintir na hÉireann move from the edge of the national discourse
" Ar an bhonn sin, thiocfadh dearcadh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhogadh ó imeall chur is cúiteamh mhuintir na hÉireann go dtína chroílár.
ar imeall na Gaillimhe on the edge of G.
" D’fhág mé teach ar imeall na Gaillimhe tuairim 8.
lonnaithe ar imeall na hEorpa based in the European periphery
" Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge? Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge.
Ar an Imeall on the edge
" Ar an Imeall ====== Daoine Ar an Imeall atá le feiceáil sa taispeántas seo, gan rud ar bith fágtha acu ach a ndaonnacht agus instinn chun maireachtála.
mothódh an Taoiseach ar an imeall the T. would feel ostracised
" Ní hé go ndúirt Enda a leithéid, nó go ndéarfadh sé a leithéid riamh, ach níor mhaith le Balor go mothódh an Taoiseach ar an imeall faoi alt Bhaloir, anuas ar é a bheith ar an imeall i gcúrsaí go leor eile fosta.
anuas ar é a bheith ar an imeall on top of being edged out
" Ní hé go ndúirt Enda a leithéid, nó go ndéarfadh sé a leithéid riamh, ach níor mhaith le Balor go mothódh an Taoiseach ar an imeall faoi alt Bhaloir, anuas ar é a bheith ar an imeall i gcúrsaí go leor eile fosta.
Ag Taibhléiriú an Imill presenting the edge
" (Fuair sí post mar aisteoir ag an BBC leis an táille a íoc ach sin scéal eile!) Ag Taibhléiriú an Imill =========== Mar chuid den chúrsa, rinne Úna taighde ar imeallacha taibhléirithe de cheol traidisiúnta na hÉireann, (the boundaries of Irish Traditional Music Performance), go háirithe an tobchumadóireacht agus fuaimeanna beo leictreonacha (live electronics).
ar an imeall on the edge
" An Trad Noise Trio ======= Ach thar gach rud, is ceoltóir traidisiúnta í Úna cé gur maith léi bheith ar an imeall fosta.
daoine ón imeall a cháineadh to disappraise people on the edge(s)
" Mar a mhínigh Panti dúinn go snoite snasta ní haon ionadh é go bhfuil gach mac máthair homafóbach go pointe áirithe agus go mbíonn sé ionainn go léir daoine ón imeall a cháineadh agus a imeallú níos faide uainn.
imeall na mire the lunatic fringe
" I dtír ar bith forbartha, bheadh siad caite ar leataobh chuig imeall na mire.
imeall na Gaillimhe the edge of Galway
" Déanfaidh mise mo bhreithiúnas air chomh maith ach ní bheidh sé bunaithe ar chruinneas nó ar líofacht a chuid Ghaeilge ach ar an méid seo: an mbeidh sé de mhisneach aige moltaí a bhí déanta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a chur i bhfeidhm? Mar shampla, an mbeidh sé toilteanach glacadh leis na critéir theangeolaíocha a bhí molta sa staidéar sin? An mbeidh se sásta deireadh a chur leis an gcur i gcéill atá ar bun ag a Roinn, faoina gcuirfear airgead amú ar phleanáil teanga i gceantair sa nGaeltacht oifigiúil nach bhfuil rian ar bith den Ghaeilge fágtha iontu? An mbeidh sé sásta deireadh a chur le stádas Gaeltachta na n-eastát tithíochta ar imeall na Gaillimhe? Tuigtear do chuile dhuine nach bhfuil aon bhunús teangeolaíoch le stádas Gaeltachta a bheith ag eastáit tithíochta i dTír Oileáin agus i gCnoc na Cathrach.
ar imeall na ndumhcha on the edge of the dunes
" Ach i 2007 tógadh teach saoire ar imeall na ndumhcha.