Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
imeartha playing
" Ach de réir na dtuairiscí, de bharr an oiread imeartha agus traenála agus cleachtaidh a dhéanann siad, tá cnámha, ailt agus meatáin na n-imreoirí gairmiúla leadóige faoi bhrú an-mhór agus i mbaol a bheith gortaithe sa bhfadtéarma.
rialacha imeartha playing rules
" Má dhéantar comparáid idir an dá shaghas peile, is féidir a rá nach bhfuil an chuma chéanna ar an liathróid, ar an bpáirc, ar na cuaillí, ar an scóráil ná ar na rialacha imeartha.
a chéile imeartha his playing partner
" Cuireadh as an gcomórtas é dá bharr (tá rialacha aisteacha ag baint le galf ar uairibh) ach in áit an milleán a chur ar a chéile imeartha (a raibh baint aige leis an mbotún ar bhealach nach cuimhin liom anois) nó ar a ghiolla ghlac sé leis gurb é féin a rinne an botún gan chabhair ó éinne.
modhanna imeartha playing methods
" Scoláireachtaí agus scéimeanna a chur ar bun chun ógánaigh a chur chun na "Gaeltachta" (Tiobrad Árann, Cill Chainnigh, is araile) ar feadh coicíse nó trí seachtainí chun go bhfoghlaimeoidís scileanna agus cultúr an chluiche (an camán ceart a roghnú, camán briste a dheisiú, cuir i gcás) agus, tré imirt le foirne áitiúla, dea-thréithe agus modhanna imeartha a fhoghlaim.
dóthain dea-imeartha enough good play
" Cé nach sárchluiche clasaiceach iomána a bhí ann, bhí dóthain dea-imeartha agus cur chuige ag baint leis go dtí an deireadh ar fad chun cuid againn a choinneáil sásta.
ar son imeartha for playing
" Ach, bí cinnte gurb é aidhm fhírinneach an GPA ná cineál éigin gairmiúlachta a bhaint amach a mbeidh íocaíocht nó pá ar son imeartha mar chuid den mhargadh.
gan trácht ar an bpáirc imeartha not to mention the playing field
" Mar a dúirt urlabhraí Corcaíoch amháin, ní hamháin nach nglacfaidís le sacar ná rugbaí i bPáirc an Chrócaigh ach, dá mbeadh a bhealach féin aigesan, ní ligfeadh sé fiú a leithéid isteach sa charrchlós, gan trácht ar an bpáirc imeartha.
rialacha imeartha playing rules
" Tá athruithe suntasacha déanta i rialacha imeartha na gcluichí le hiad a dhéanamh níos gaiste agus níos tarraingtí don lucht féachana.
ról-imeartha role-playing
" Ag an bhomaite seo, tá cuma an-dearfach ar chúrsaí, ainneoin na ról-imeartha atá ag dul ar aghaidh.
páirc imeartha playing field
" Ghlac gach duine páirt sna sraithchomórtais pheile agus tógadh páirc imeartha dúinn.
páirc imeartha playground
" Agus cé acu captaen ar stáisiún póilíní aitiúil tú nó ball de choiste scoile nó de choiste áitreabhach nó duine atá ag iarraidh páirc imeartha a thógáil i do chomharsanacht do do pháistí, caithfidh tú féachaint níos faide ná d’uaillmhianta pearsanta agus caithfidh tú do pháirt a imirt.
de bharr fheabhas a gcuid imeartha because of the excellence of their play
" Cé is moite de líon beag imreoirí in imeacht na mblianta, daoine mar Chriostóir Ó Rinn, DJ Carey, Mick Mackey agus Mícheál Ó Conaill, imreoirí a mheall na sluaite daoine de bharr fheabhas a gcuid imeartha, nílim cinnte gur féidir a rá gurb iad na himreoirí iontu féin faoi deara na mílte duine a bheith i láthair ag cluichí CLG.
pháirceanna imeartha playing fields
" Tá an bealach céanna á thógáil anois ag daoine a bhfuil buillí mailíseacha tugtha dóibh ar pháirceanna imeartha na tíre agus gan sásamh ceart á fháil acu, dar leo féin, ó údaráis CLG.
cead imeartha permission ot play
" Is mar gheall ar an moill sin a bhain imreoirí leas as cúirteanna na tíre chun iachall a chur ar CLG cead imeartha a thabhairt dóibh sula raibh an gnáthphróiseas curtha i gcrích.
a ré imeartha his playing era
" Caithfidh gach imreoir an tréimhse sin a fhulaingt nuair atá sé ag teacht go deireadh a ré imeartha agus nuair a thuigeann sé nach bhfuil an corp ábalta na treoracha a chuireann an inchinn chuige a leanacht níos mó agus go bhfuil lads óga níos sciobtha agus níos lúfaire ná iad.
páirc imeartha playing field
" Níl páirc imeartha ag breis is 45% de bhunscoileanna na tíre.
íocaíocht ar son imeartha payment for playing
" Tuigeann an GPA nach féidir íocaíocht ar son imeartha a éileamh faoi láthair ach tá siad ag obair i dtreo na sprice sin.
ar mhaithe leis an gcaighdeán imeartha for the sake of the standard of playing
" Beidh mé féin ag an gcluiche, geallaim duit, cé nach ar mhaithe leis an gcaighdeán imeartha a bheidh mé ann.
an limistéar imeartha laghdaithe the reduced playing area
" Do bhaill agus do lucht leanúna CLG, b’aisteach agus ba choimhthíoch an radharc iad na cuaillí difriúla a bhaineann le rugbaí agus an limistéar imeartha laghdaithe a fheiceáil.
tréimhsí fada imeartha gan briseadh de bharr calaoise. long periods of play without a break due to fouling.
" Bhí na scileanna ar fheabhas, bhí luas lasrach san imirt agus bhí tréimhsí fada imeartha gan briseadh de bharr calaoise.
tromlach de lucht imeartha an dá chluiche sin a majority of those who play those two sports
" I gcás sacair agus peile Gaelaí, mar shampla, samhlaítear go minic go mbaineann na cluichí sin le haicmí áirithe daoine atá ar ioncam íseal ach de réir na tuarascála tá ioncam níos airde ag tromlach de lucht imeartha an dá chluiche sin agus tá cáilíocht 3ú leibhéal ag 40% dá líon.
tréimhse imeartha playing period
" Má fhéachaimid ar fhoireann mar ghrúpa d’fhiche imreoir nó mar sin agus má scrúdaímid torthaí na foirne thar tréimhse imeartha an ghrúpa sin, d’fheadfaí teacht ar mhalairt tuairime i dtaobh na foirne ab fhearr.
imeartha played
" Measaim gur féidir leis seasamh siar agus bheith bródúil as an bpáirt atá imeartha aige féin i múnlú na todhchaí sin.
an fhaiche imeartha the playing field
" Bhí an fhaiche imeartha plódaithe an chéad mhaidin agus idir bhuachaillí agus thuismitheoirí ansin.
ceithre bhabhta imeartha. four bouts of play.
" Sna trí chomórtas, theip air an bua a ghnóthú taobh istigh de na ceithre bhabhta imeartha.
tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís. American footballers are out on the playing fields again.
" Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, agus tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís.
páirceanna imeartha playing fields
" (Rudyard Kipling, *The Islanders, *1902) Tá séasúr an chruicéid faoi lán seoil – anois ar theacht an tsamhraidh sna Fritíortha! Tá “pleidhcí an fhlainín” – nó na *flannelled fools* mar a thug Kipling orthu – le feiceáil ar na páirceanna imeartha ar fud na hAstráile.
Ba léir tar éis cuid ghearr a bheith imeartha it was clear after a short piece of play
" Ba léir tar éis cuid ghearr a bheith imeartha go mbeadh an bua ag foireann Chiarraí, a bhuíochas sin ar lag-imirt fhoireann Chorcaí níos mó ná ar shár-imirt na gCiarraíoch.
foirne imeartha the playing teams
" Ba dhearmad é an chéad lá foireann bhainistíochta a bhrú isteach nuair ba léir nach raibh na foirne imeartha sásta.
dá sheal imeartha féin his own playing career
" Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
ar an bpáirc imeartha, on the playing field,
" Is é an spás is tábhachtaí ar an bpáirc imeartha, a deirtear, ná an spás idir dhá chluas an imreora.
mórán scóipe imeartha much playing scope
" Beidh fómhar gann ann agus ní bheidh ar a chumas mórán scóipe imeartha a thabhairt dá fhoireann thosaithe.
Tá meath tagtha ar a cuid imeartha her playing has declined
" ***Míbhuntáistí:* **Tá meath tagtha ar a cuid imeartha ar an mallaibh.
chionta imeartha playing transgressions
" Maidir leis na réiteoirí bochta, cráite, tá sé thar am tacaíocht chuí a bheith ar fáil dóibh i gcás cluichí idirchontae (bheadh sé deacair dóthain daoine a fháil i gcás cluichí club) i bhfoirm maoir líne agus maoir chúil a bheadh forghníomhach agus a mbeadh údarás acu agus dualgas orthu aird an réiteora a dhíriú ar mhí-iompar agus ar rógaireacht imreoirí agus ar chionta imeartha.
imeartha of play
" Tá mórán athruithe ar chluichí feicthe ó bunaíodh an CLG, athruithe ar rialacha ballraíochta agus imeartha cuid acu, athruithe ar mhodhanna traenála agus ar stíleanna imeartha agus mar sin de.
imeartha played
" Anois, agus dhá chraobhchluiche na hÉireann imeartha, craobhacha na céachtaíola thart, na laethanta ag dul i ngiorracht agus na hoícheanta ag dul i bhfad, is fadálach agus is leadránach an mhí atá romhainn amach.
imeartha of play
" Is mar sin a bhí Dé Sathairn, 9 Deireadh Fómhair, ar Pháirc an Chnoic, páirc imeartha Chumann Mhícheáil Bhreathnaigh in Indreabhán, Co.
páirc imeartha playing field
" ”* Imeachtaí deireanach? Fír gnó ag baint úsáid as CP Learphoill ar a son féin, argóint faoi bhogadh go páirc imeartha úr, cáin faoi cheangal le grúdlann, conspóid faoi bhainisteoir agus faoi imreoirí as tíortha eile.
imeartha used
" - Muinín: Ceann de na deacrachtaí is mó le *Google*, go háirithe anois ó tá sé go hiomlán “imeartha” ag na saineolaí optamú inneall cuardaigh ná nach féidir leat a bheith cinnte gurb iad na torthaí a fhaigheann tú na torthaí is fearr.
bpáirc imeartha playing field
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil faitíos ar a lucht láimhseála é a scaoileadh amach ar an bpáirc imeartha róluath, ar eagla na heagla go ndéanfadh sé níos mó dochar ná maitheas do chás a pháirtí.
imeartha orthu they have been dealt
" An Stair Radacach a Léiriú ============= Agus leis an géarchéim baincéireachta, agus na baincéirí fós ag íoc dúthrachta leo féin agus an lucht oibre ag cailleadh a bpost agus a bpá, chítear do a lán daoine go bhfuil cleas mór airgid imeartha orthu.
pháirc imeartha playing field
" Fear chomh ramhar le rón a bheadh i gceist, ach ní bheadh sé ar an trá, ná ar aon pháirc imeartha.
a gcuid imeartha their playing
" Gortaithe iad seo a chránn imreoirí agus a chuireann srian ar a gcuid imeartha ar feadh tréimhsí fada go minic.
rannóga imeartha playing sectors
" Leagan amach nua maidir le himirt agus rannóga imeartha a thionscnamh.
pháirceanna imeartha playing fields
" Tá ionad ar leith i sochaí an lae inniu ag laochra spóirt, daoine a rinne agus a dhéanann ar bhonn rialta gaisce mór ar pháirceanna imeartha, i gcróite dornálaíochta, ar shléibhte rothaíochta, i linnte snámha, ar dhroim capaill agus mar sin de.
am imeartha fanta playing time left
" Mar is Cóir a Bheith =========== Ní féidir a rá go bhfuilimid slán mar go ndeir an réiteoir go bhfuil ocht nóiméad am imeartha fanta.
cos ar bolg imeartha orthu experienced oppression
" Gach uair a éistim leis an amhrán ‘Galupa’, logainm a dhúiche, ón albam cáiliúil thuasluaite buaileann an smaoineamh mé go bhfuil an mianach ceart i Gurrumul le liricí deasa a scríobh a d’oirfeadh d’amhrán náisiúnta, mar a léiríonn an sliocht thíos: Go nilimurru nhina yarrarrayun Yolnu Bandirriya dharwulnurana wana marrkapmirri wana marrapmirri narrakunu bonal nherranhara gapany gopulu (Tagaigí agus suígí i líne le chéile ár sinsir ag Bandirriya faoi scáth an chrainn dharwul dúiche dhilghrách, dúiche dhilghrách ar thalamh mo threibhe, ar shuíomh a ghlan mé féin) Tá saothar mór déanta ag Gurrumul ar son a mhuintire, daoine a bhfuil cos ar bolg imeartha orthu ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus.
comhghleacaí imeartha fellow player
" De réir na stíle ‘nua’ áfach, ba cheart don imreoir a bhí i seilbh na liathróide í a chur chuig comhghleacaí imeartha dá bhféadfadh sé sin a dhéanamh ar chor ar bith.
lucht imeartha players
" Ón uair sin i leith dar ndóigh, tá dul chun cinn an-mhór déanta ag lucht imeartha na gcluichí Gaelacha maidir le traenáil, aclaíocht, forbairt scileanna, cur chuige is araile, ach tá buntáiste i gcónaí ag imreoirí gairmiúla ón taobh sin de.
deis imeartha chance to play
" I measc na dtéamaí a scagann siad tá a leithéidí seo: frustrachas an imreora atá gortaithe; easpa féinsmachta; caint gharbh, ghránna le céilí comhraic; cultúr an ólacháin i measc imreoirí; easaontas le bainisteoirí; frustrachas an imreora nach bhfaigheann deis imeartha in ainneoin a chuid iarrachtaí; imreoirí ag teacht chuig deireadh a dtréimhse imeartha – an ceart imeacht nó fanacht?; íobairtí a dhéanann imreoirí chun a bheith aclaí; taicticí gránna – foréigean, imeaglú, falcaireacht; cur síos ar chluichí, scóranna, eachtraí calaoiseach.
rialacha imeartha fadbhunaithe longestablished playing rules
" Chinn Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael ceann de rialacha imeartha fadbhunaithe na peile a leasú.
d’fhir uaisle imeartha ag bithiúnaigh for gentlemen played by scoundrels
" Deirtear gur cluiche d’fhir uaisle imeartha ag bithiúnaigh atá sa sacar agus gur cluiche é an rugbaí atá á imirt ag fir uaisle ach ainneoin go raibh na tithe tábhairne lán ó Stáisiún Uí Chonghaile go dtí an *Aviva* níor chuala mé focal nó amhrán seicteach a cheol.
a gcuid imeartha the playing (skills)
" Beidh foireann peil ghaelach na scoile ag feabhsú a gcuid imeartha i gcluichí nuair a chasfaidh siad i gcoinne foirne óga i Sord agus i mBaile an Chaistil.
dhá modh imeartha two ways to play
"dhá modh imeartha sa chluiche: cruthaitheacht nó modh an mharthanais.
ar ghort imeartha on a playing field
" Níorbh é an chéad uair ag Suárez a leithéid de ghnímh a dhéanamh ar ghort imeartha ach in ainneoin sin, bhí saineolaithe sacair á rá go mbeadh éileamh mór agus praghas ard air má shocraíonn club peile Learphoill é a dhíol.
sa bhliain imeartha in the football season
" Ach, d’athraigh cúrsaí Manchester United ó bhonn, agus cúrsaí sacair i Sasana trí chéile d’fhéadfaí a rá, sa bhliain imeartha 1992/1993.
an caighdeán imeartha the playing standard
" Níorbh é an bua sa chluiche dúshláin sin ann féin ba thábhachtaí dar leis, ach an chaoi a raibh na himreoirí ag imirt, an caighdeán imeartha agus eile a bhain leis.
bpáirc imeartha pitch
" Bíonn coimhlint fhíochmhar ar siúl ar an bpáirc imeartha le linn na sraithe, leoga, ach bíonn comórtas barrúil cairdiúil idir an dá lucht taca sna seastáin ag na cluichí.
le linn a laethanta imeartha during his years playing
" Inniu, tá Dónal an-bhacach de thoradh na ngortaithe a bhain dó le linn a laethanta imeartha.
an talamh imeartha the playing ground
" Ina theannta seo tá na gnéithe seachtracha: cúrsaí aimsire, an cineál bróige nó buataisí, an talamh imeartha agus an cineál spóirt - spórt teagmhála agus spórt neamhtheagmhála san áireamh” a deir sé.
fhiacha imeartha gambling debts
" Ach nuair a dhéantar cíoradh ar fhiacha pearsanta na gcliant, is minic go n-aimsítear fadhb i bhfad níos casta le hiasachtaí agus fiacha a bhaineann le soláthróirí éagsúla idir fhiacha fóntais, fhiacha ó chártaí creidmheasa, iasachtóirí airgid, fhiacha imeartha agus mhorgáistí.
scileanna imeartha playing skills
" Tá an leabhar seo scríofa don ghnáthphobal, don duine óg nach bhfuil eolas ar bith aige faoin gcluiche, don imreoir géar cumasach gur maith leis snas a chur ar a scileanna imeartha chun buachan ar a chairde agus don duine uaillmhianach a dteastaíonn uaidh pairt a ghlacadh i gcomórtais fichille.
a mbíonn taithí a imeartha acu which they experience playing
" Ní mó ná sásta a bhí an dochtúir agus í ag caint faoin saol teicneolaíochta ag cur bac orthu a bheith amuigh faoin aer ó mhaidin go faoithin áfach: “Bíonn gasúir ag féachaint ar an iomarca teilifíse nó ar an ríomhaire agus an t-aon saghas spóirt a mbíonn taithí a imeartha acu ná ceann nach gcaithfidh siad bogadh as an chathaoir.
imeartha of playing
" Tagann athruithe ar nósanna agus ar chaighdeán maireachtála, ar shlite beatha daoine, ar an gcaighdeán oideachais, ar chineál agus ar chaighdeán bia, ar chúrsaí leighis, ar an saineolas agus ar an tuiscint ar mhodhanna agus ar theicnící traenála agus imeartha, ar chur chuige, ar rialacha, ar eagrú na gcluichí (córas an chúldorais, fágaim), ar fhearas agus ar theicneolaíocht an spóirt agus mar sin de.
leagann an bhéim ina modh imeartha stress their playing method
" Dream peileadóirí fíorchumasacha iad a leagann an bhéim ina modh imeartha ar luas imeartha ó cheann ceann na páirce, ar chiceáil na liathróide seachas ar iliomad seachadadh láimhe mar atá in uachtar sa chluiche le roinnt blianta anuas, ar an ionsaí mear, rialta seachas ar an gcosaint dhúr, agus ar dheiseanna scórála a chruthú chomh minic agus is féidir.
luas imeartha speed of play
" Dream peileadóirí fíorchumasacha iad a leagann an bhéim ina modh imeartha ar luas imeartha ó cheann ceann na páirce, ar chiceáil na liathróide seachas ar iliomad seachadadh láimhe mar atá in uachtar sa chluiche le roinnt blianta anuas, ar an ionsaí mear, rialta seachas ar an gcosaint dhúr, agus ar dheiseanna scórála a chruthú chomh minic agus is féidir.
páirc imeartha nua a fhorbairt the development of a new playing pitch
" ” Athrú ar Chois Fharraige ó Shoin ============== Baineadh amach go leor sna blianta sin: uisce reatha a chur sna tithe; páirc imeartha nua a fhorbairt don chlub áitiúil Chumann Lúthchleas Gael; nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú ar feadh roinnt blianta.
príomheachtraí imeartha main highlights
" Tá cuid bheag de na cluichí feicthe agam ó thús deireadh agus príomheachtraí imeartha i gcás go leor eile acu chomh maith.
eachtraí imeartha eile other incidents of action/play
" Seans gurb iad na cluichí Gaelacha, an iománaíocht go mór mór, faoi deara mo dhearcadh toisc gur orthu is mó atá mo thaithí agus go dtarlaíonn scóranna agus eachtraí imeartha eile chomh tiubh te agus chomh rialta le linn na gcluichí sin.
bpáirc imeartha playing field
" Measann Colm Mac Séalaigh nach bhfuil an toil i gCumann Lúthchleas Gael le déileáil le foréigean agus drochiompar ar an bpáirc imeartha.
páirc imeartha. playing field.
" Caitheann sé a shúil siar ar a óige féin agus an bhéim a cuireadh ar rannpháirtíocht agus ar thaitneamh ar an bpáirc imeartha.
ceann eile na páirce imeartha the far end of the pitch
" Ní féidir a bheith ceart i gcónaí i mbreithiúnas ar eachtra agus tú ag ceann eile na páirce imeartha nuair a thit sé amach.
imeartha playing
" Chruthaíodar páirc bhreá imeartha as an gcriathrach féin agus bhí cuma bhreá ar an bpáirc do Chomórtas Peile na Gaeltachta
an gcith a d’fhliuch saol imeartha the universal failing in the world of playing
" D’amharc Colm Mac Séalaigh le deireanas ar an gcith a d’fhliuch saol imeartha na spórt páirce, an gortú fadtréimhse.
in ord feabhas a n-imeartha according to their playing prowess
" Tá foirne iomána na hÉireann i mbliana curtha in ord feabhas a n-imeartha ag Colm Mac Séalaigh agus is cosúil iad lenar chruthaigh siad anuraidh.
roinnt imeartha some playing
" Tharla ann is níor tharla as é, chonaic sé roinnt imeartha.