Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níor imigh seo ar Chaitríona this didn't escape Caitríona's notice
" Níor imigh seo ar Chaitríona a bhí ina suí i ndeas do Rita agus rinne sí tarrtháil uirthi sula raibh de pháipéar sa teach úsáidte aici.
cad a imeoidh ar na striapacha what will happen to the prostitutes
" Má fhillim ar an óstán seo i gceann deich mbliana, áfach, agus má fheicim mo dhuine romham, an mbeidh sé gafa? An mbeidh lúidín a choise ag corraíl oiread na fríde? Agus cad a imeoidh ar na striapacha nuair a thógfaidh cailíní níos óige a n-áit? Caithfidh mé teacht ar ais anseo lá níos faide anonn i mo choirnéal in Arm an tSlánaithe dom.
char imigh sin ar Shiobhán Siobhán didn't miss that
" Bhí scéal ag dul ó bhéal go béal le cúpla mí anuas nach raibh Ruth agus Mark ag tarraingt an tsnáithe agus char imigh sin ar Shiobhán.
níor imigh an méid sin ar Nuala that didn't escape Nuala's attention
" Ar ndóighe, níor imigh an méid sin ar Nuala agus dúirt sí le Stiofán, "Nach tusa atá mór le hAisling.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Tá Séamas, Mícheál agus Proinséas imithe ar shlí na fírinne.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Bíonn na deiseanna ar fáil uaireanta é seo a dhéanamh agus iad beo ach más imithe ar shlí na fírinne atá siad is beag é ár suim go minic.
d'fhan sé ar a ghogaidí gur imigh an mearbhallán he stayed on his hunkers until the dizziness eased
" Chroith Ciarán a cheann ach d'fhan sé ar a ghogaidí gur imigh an mearbhallán.
d’imigh sí ar chos in airde she took off
" “*Cult*,” arsa Aoife agus d’imigh sí ar chos in airde i dtreo an dorais.
a d’imigh ar shlí na fírinne who died
" * Sin é an véarsa deireanach den amhrán “The Wounded Hussar”, a chum Thomas Campbell, amhrán a fuair mé ó mo chara Frank Harte, amhránaí traidisiúnta cáiliúil Bhaile Átha Cliath a d’imigh ar shlí na fírinne ar an 27 Meitheamh.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Cá raibh an t-agallamh le leithéidí Sean Sherwin, nó Lorcan Allen, nó seanagallaimh ón chartlann le Paudge Brennan, Kevin Boland agus Neil Blaney, atá imithe ar shlí na fírinne ach a bhí lárnach i gcúrsaí ag an am.
a d’imigh ar shlí na fírinne who died
" * Sin é an véarsa deireanach den amhrán “The Wounded Hussar”, a chum Thomas Campbell, amhrán a fuair mé ó mo chara Frank Harte, amhránaí traidisiúnta cáiliúil Bhaile Átha Cliath a d’imigh ar shlí na fírinne ar an 27 Meitheamh.
a d’imigh ar shlí na fírinne who died
" * Sin é an véarsa deireanach den amhrán “The Wounded Hussar”, a chum Thomas Campbell, amhrán a fuair mé ó mo chara Frank Harte, amhránaí traidisiúnta cáiliúil Bhaile Átha Cliath a d’imigh ar shlí na fírinne ar an 27 Meitheamh.
Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre. I've gotten used to this part of the country.
" Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre.
imithe ó smacht ar fad gone totally out of control
" Dúirt Tony Abbott, an tAire Sláinte in Canberra, go raibh cuid mhaith de na pobail dhúchasacha imithe ó smacht ar fad agus gur chóir riarthóirí a cheapadh agus “paternalism” nua a chur i bhfeidhm.
atá imithe ar shlí na fírinne deceased
" AÓF: Dá gcuirfinn an cheist chéanna ort ach cead a bheith agat ceoltóirí nó amhránaithe atá imithe ar shlí na fírinne a thógáil ar ais ón mbás le bheith ag an seisiún, cé bheadh leat ansin? TM: Bheadh Willie Clancy ar mo liosta, Johnny O' Leary, Denis Murphy, Julia Clifford.
na glúnta atá imithe ar shlí na firinne the generations which have died
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
Tá Bergman imithe ar shlí na fírinne. Bergman has died.
" Tá Bergman imithe ar shlí na fírinne.
a bhí imithe ar scor who had retired
" Ag an am céanna, mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, thosaigh daoine a bhí imithe ar scor ag cur fúthu ansin, chun an seal deireanach dá saol a chaitheamh cois farraige.
imithe ar gcúl, lagging behind, disimproved
" Tá Corcaigh imithe ar gcúl, beagán, ó 2005 agus tá a n-aird ar rudaí eile faoi láthair.
dá n-imeodh canúintí agus blasanna áitiúla ar fad, if dialects and local accents dissappeared altogether
" Bhuel, anois is mo sciolladh déanta agam, caithfidh mé a rá gur mhór an trua dá n-imeodh canúintí agus blasanna áitiúla ar fad, mar sin féin.
dá n-imeodh sé ar seachrán if it strayed
" Thairis sin, deir sé go dtiocfadh leis an eolas sin a bheith fíorthábhachtach – dá gcaillfí Phoenix nó dá n-imeodh sé ar seachrán, cuir i gcás.
imithe ar ruathar aonair gone on a solo run
" Fós féin, tháinig a chuid cainte aniar aduaidh ar dhíograiseoirí Gaeilge de chuid an pháirtí, ar nós Dinny McGinley agus an chosúlacht ar an scéal go raibh ceannaire an pháirtí imithe ar ruathar aonair ar an cheist.
imithe anonn ar gone over to
" Tá folús uafásach ar fud na hEorpa ó thaobh ionadaíocht lucht oibre mar go bhfuil na páirtí uilig a bhí uair amháin ar an eite chlé imithe anonn ar an eite dheis.
d’imigh siad ar an imirce they emigrated
" ” Chuaigh cúigear nó seisear ó bhliain Uí Uiginn sa Mheánscoil chuig institiúidí tríú leibhéal; cuid eile chuaigh siad isteach sa Státsheirbhís ach bunús acu, d’imigh siad ar an imirce.
atá imithe soir ar fad fán dtráth seo who’s gone completely mad by now
" Más crann taca í an deirfiúr chiallmhar le linn na bainise, nuair a cheaptar go dtiocfaidh an domhan slán, ’sí Justine (atá imithe soir ar fad fán dtráth seo) is fearr atá in ann deighleáil leis an mbagairt ar ball nuair is léir nach ‘ar eitilt tharainn’ ach ar chonar ár scriosta atá Melancholia chugainn ar ardluas.
imithe amach ar féarach retired
" Tá bhur bhflaitheas féin caillte agaibh le bliain anois, agus nach maith mar atá sibh imithe i dtaithí air? Nach bhfuil sibh i bhfad níos fearr as faoin Troika? Nach fearr i bhfad an saol atá agaibh anois ná mar a bhí agaibh cheana? Féach anois, beidh leath na seirbhíse poiblí imithe amach ar féarach faoi dheireadh na míosa seo – an leath is sine agus is sinsearaí – agus tá airgead mór de dhíth chun na cnapshuimeanna ar fad a íoc, gan trácht ar na pinsin.
imithe ar a seachaint gone on the run
" Gabhadh triúr den ghrúpa agus cuireadh “amhasóireacht” ina leith – coir is deacair a shainmhíniú - agus tá na baill eile, a bhí páirteach san eachtra, imithe ar a seachaint.
imithe ar shiúl have gone away
" An Nimh san Fheoil ====== Agus seo chugainn anois sampla eile nach bhfuil naimhde na teanga sa chóras oideachais imithe ar shiúl bíodh a fhios agat, ná baol air.
ní imeoidh siad riamh arís ar fán ná ar fuaidreamh they shall never stray from
" Bóthar na fíréantachta a shiúlfaidh siad feasta, agus ní imeoidh siad riamh arís ar fán ná ar fuaidreamh ón bhealach cas geal sin atá siad i ndiaidh a chur rompu féin.
d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne your daughter who died
" An Chiotrainn ====== Abair liom mar gheall ar Dherval, d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne? Bhí Derval saghas cosúil liomsa i slí mar ba mhaith léi an stíl agus ba mhaith léi a bheith ag dathadóireacht chomh maith.
imithe ar gcúl de réir cosúlachta regressed apparently
" Measaim go mbuafaidh Maigh Eo ar Dhún na nGall toisc go bhfuil siad níos fearr ag aimsiú na scóranna agus go bhfuil siad gafa chun cinn mar fhoireann i mbliana fad is atá Dún na nGall imithe ar gcúl de réir cosúlachta.
a d'imigh ar shlí na fírinne who died
" Mhol siad do Rialtas Éireannach na hÉireann go dtabharfaí vóta dom le caitheamh i dtoghchán na huachtaránachta mar Éireannach agus mar Ghael, cionn is, dar liom, dalta an fhile a d'imigh ar shlí na fírinne an mhí seo caite, "tá mo phas glas" - cé go bhfuil mé i mo chónaí i Leath Choinn.
imithe ar shlí na fírinne died off
" Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge? Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge.
tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad you’re gone to blazes entirely
" Bhí ocht mbliana imithe is gan aon chraobh buaite ag Ciarraí, mar sin n’a’ héinne a bhuailfeá leo ar thaobh na sráide, déaraidís “tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad, “níl aon mhaith ionaibh”, “ní bhuafadh sibh ar éinne” is mar sin de.
An fáth ar imigh siad uainn the reason they left us
" An fáth ar imigh siad uainn ar an gcéad dul síos, nach raibh siad ag cloí leis an gcaighdeán gluaisteáin a bhí de dhíth sa tír seo.
a d’imigh uainn ar shlí na fírinne who died
" ” Tuaisceartach Ó Ciaráin ========= Beidh cóisir sna flaithis um Nollaig agus beidh cuireadh acu siúd ar fad a d’imigh uainn ar shlí na fírinne i mbliana.
faoin aisling atá imithe ar strae about the vision gone astray
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
cromann agus imíonn ar lár becomes aged and dies
" Cuidíonn duine thall is abhus le gné éigin de chultúr daoine, cromann agus imíonn ar lár.